Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
anuas
1.
ón taobh thuas nó ón taobh ó thuaidh (nó an taobh ó dheas). Le farraige i gConamara, is ionann anuas agus ón taobh ó thuaidh, ón taobh amach. Anuas as Uachtar Ard, as Maigh Cuillinn, as Leamhchoill srl. Dhá mbeadh cladóir i Maigh Cuilinn, déarfadh sé go dtáinig sé aníos as an Spidéal nó ó Chois Fharraige, ach déarfadh fear an tsléibhe a mhalrait .i. go dtáinig an cladóir anuas ón Spidéal nó ó Chois Fharraige. Déarfadh fear Leamhchoille, cuirim i gcás, go dtáinig sé aníos as Maigh Cuilinn (ó thuaidh de) agus anuas ón Spidéal (ó dheas dhe). Séard adéarfadh an cladóir, dhá mbeadh sé i Leamhchoill agus é ag déanamh an rud céanna, go dtáinig sé anuas as Maigh Cuilinn nó aníos ón Spidéal. 'Sé gnás na sléibhte atá ar an Achréidh. Déarfadh fear Bhaile an Chláir go dtáinig sé aníos as Tuaim (ó thuaidh dhe) agus anuas as Órán (ó dheas dhe). 'Sé a fhearacht sin ag thíos, thuas, síos, suas é, chomh fada agus a bhaineas siad le gluaiseacht go dtí aird nó uaidh. Is coitianta thríd is thríd ar fud Chonnacht anuas a thabhairt ar ghluaiseacht ón taobh ó dheas, agus aníos ar ghluaiseacht ón taobh ó thuaidh. 'Sé atá ag na Béarlóirí freisin le up and down. Sna bailtí atá leath bealaigh idir Cois Fharraige agus Maigh Cuilinn agus Uachtar Ard, cuirim i gcás, na Cnoic, Cnoc ar Eas Thoir, Tulach na nUan, Sliabh an Aonaigh, an Poll, Doire Thoirc, leanann siad gnás na "sléibhte" ach imíonn na bailte sléibhte níos faide ó dheas — Seanadh Gharráin, Both Loiscthe, Leitir Fir, agus tamhnaigh mar iad — le Cois Fharraige. Mar sin fhéin, tá gnás na "sléibhte" ag cuid de na seanfhonndúirí sna tamhnaigh sin fhéin atá ar ghort an bhaile ag an gcladach.
a.
+
Tháinig sé anuas ar cuairt (ón taobh ó thuaidh — ó shléibhte)
Diachta dhó a tháinig anuas chor ar bith inniu.
TUILLEADH (2) ▼
Ag teacht anuas Seanadh Dhraighin dom, bhí sé ina oíche dhubh — bhí an oíche tite, nuair a shroich mé anuas chomh fada le Seanadh Dhraighin
Bhí sé ag teacht anuas le claí, le colbha le balla srl.
+
Bhí mé anuas thar Ard Throscaigh na gCapall shul má rug an oíche orm — bhí mé níos gaire ná srl. níos gaire don taobh ó dheas
Tá sé scaitheamh anuas ó Dhroichead na gCnoc.
TUILLEADH (14) ▼
Ní raibh mé tada le anuas thar tigh Mh. Uí Dh. nuair a tháinig sé ina ghleadhradh báistí.
Bhí airdín an bhóthair caite anuas agam shular shéid sé — bhí mé anuas thairis shular tháinig sé ina bháistigh
Ní raibh baol orm a bheith anuas chomh fada leis an bhFeadán Mór ó ló.
Bhí teannadh liom anuas an t-ard — le fána an aird
Bhí sé cúnamh maith den aistir anuas an uair sin — bhí an chuid is mó den aistir (ag teacht ón taobh ó thuaidh a bhí sé) abhaile déanta aige
Is gearr anuas a bhí mé nuair a scoith sé mé.
Bhí mé anuas go maith an t-ard nuair a leagadh mé — go maith le fána an aird
Is fada anuas a thug a chosa é.
Bíonn sé suas is anuas ar an bportach go hacht is go háirid.
Ba gearr thuas é nuair a bhí sé anuas ar ais.
Seo anuas an bóithrín é sna caoir thinte.
Is gearr a bhí mé anuas (sa mbaile) den phortach nuair a thit oíche.
Ag cur anuas mhóna (den phortach) atá sé na laethantaí seo
Ní raibh mé ach anuas den chruaich, nuair a d'iontaigh sí — bhí mé ar an talamh ar éigean
+
Má thugann sé a aghaidh anuas chor ar bith, is linn é go ceann seachtaine.
Tá muintir L. tarraingthe anuas orainn i gcónaí — tagann siad ar cuairt chugainn go minic (ón taobh ó thuaidh a thaganns siad)
TUILLEADH (4) ▼
Tarraingeann siad anuas chugainn rómhinic ar fad.
Chuir mé bóthar dhíom anuas — tháinig mé anuas go tréan
Tarraingeoidh sé anuas le farraige ar athrú aeir.
Níor thaobhaigh sé anuas muid le saol is aimsir
+
Tá siad anuas agus aníos ann — ó chuile thaobh
Bhí an fear anuas agus an fear aníos ann.
TUILLEADH (10) ▼
Phós sé bean anuas — ó shléibhte, ó cheantar Maigh Cuilinn nó Ghnó Mhóir
Bean anuas atá pósta aige.
Fear anuas a cheannaigh an capall uaidh.
Níor dhúirt an fear anuas tada.
Bhí go leor den mhuintir anuas ann — daoine ó cheantar an tsléibhe
'Pós bean anuas agus pós a bhfuil thuas uileag' — pós bean aniar agus pós a bhfuil thiar uileag; pós bean ó shléibhte agus pós na sléibhte uileag (seanfhocal — má phósann tú bean ó shléibhte, beidh an sliabh ar fad tarraingthe ort. Tiocfaidh a cuid comharsan agus a cuid daoine muintreach ar fad ar cuairt agat acht is áirid. Bíonn a mbíonn faoi shléibhte uile ag brú gaoil ar a chéile, agus má phósann tú duine acu, is leat uilig iad.)
Cén cruóg anuas a bhí anois air?
Níl ceart ar bith le baint den dream anuas nuair a thosaíonns siad (.i. ag troid)
Ní sa gcarthanas a chaill an fear anuas ariamh é (deir muintir an chladaigh gur carthanaí iad muintir an tsléibhe ná iad fhéin)
Fear ón taobh anuas a chas liom ar mhargadh na slat i nGaillimh a bhí dhá rá liom.
+
Anuas ó shléibhte é (ón taobh ó thuaidh)
Anuas as Maigh Cuilinn nó as Gnó Mhór é (Gnó Mhór — tugann muintir an chladaigh Gnó Mhór ar chuile áit — taobh ó thuaidh de Mhaigh Cuilinn. Fear anuas as Gnó Mhór = fear ón taobh ó thuaidh de Mhaigh Cuilinn, fc. Iar-Chonnacht (Roderick O'Flaherty) a chuir James Hardiman in eagar le míniú a fháil ar theorainneacha an tseancheantair seo)
TUILLEADH (3) ▼
Fear anuas as Cúige Uladh é (ach fear aníos as Íochtar Tíre adéarfaí)
Fear anuas as Baile Átha Cliath é.
Bhí bean anuas as Baile Átha Cliath anseo againn ag foghlaim Gaeilge tá cupla bliain ó shin.
+ anuas amach: an-fhada suas, nó ó thuaidh.
Anuas amach as Uachtar Ard é — tá Uachtar Ard — an áit ar b'as é — an-fhada suas (nó ó thuaidh) as seo
Ar tháinig tú anuas amach inniu?
TUILLEADH (5) ▼
Is maith a shaothraigh tú é má b'éigean duit a theacht anuas amach.
Tháinig mé anuas amach as Gleann an Fhia.
Bhí go leor daoine anuas amach ann — i bhfad as láthair (ó thuaidh)
Is mó a tháinig anuas amach ná a bhí de dhaoine aitheantais ann.
Ní fhéadfá gan ocras a bheith ort má tháinig tú anuas amach anois.
+
Bhí a aghaidh anuas orm — duine a bheadh scaitheamh uait agus é breathnú chugat
Tá aghaidh an tí anuas ar an mbóthar (ar an taobh ó thuaidh de bhóthar a bhí an teach)
TUILLEADH (1) ▼
Bhí a aghaidh anuas ar an ngleann — bhí sé os cionn an ghleanna
b.
+
Meastú an dtaitneoidh an áit seo anuas le cladach leat (adéarfaí le bean ó shléibhte a phósfadh le cladach)
Is beag an somhaoine a bhfuil d'fhéar anuas le íochtar.
TUILLEADH (4) ▼
Bhí an teach scaitheamh anuas uaim.
Bhí sé ag siúl anuas uaim an cnoc.
Tá sé réidh anuas go dtí lár an gharraí anois.
Tá a bhfuil de choirce i mbarr an bhaile anuas anois.
c.
ón taobh atá os do chionn.
+
Tá braon anuas air — braoinín 'báisteach anuas'
Ní bheidh aon deoir anuas ormsa feicfidh tú fhéin, feadh is an tuí seo a bheith curtha agam.
TUILLEADH (2) ▼
Stopfaidh an stráca sin fhéin an braon anuas.
Bhí cuileogaí súí anuas ann i chuile áit — práibeannaí súí ag titim ón gceann
+
Tá aghaidh anuas uirthi — báisteach throm ann
Tá sé ag cur anuas anois — ag báisteach go daingean
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé ag cur anuas anois — ag caitheamh báistí, sneachta srl
Is gearr go dtaga sé anuas ina dhórtadh (báistí)
Caithfidh sé í anois, mar tá an t-aer anuas ar an talamh ar fad — cuirfidh sé báisteach már tá sé an-dúnta
·
Shílfeá gur anuas as na flaithis a tharla mé aige, bhí an oiread sin fáilte aige romham — shílfeá gur anuas as mullach an aeir a thit mé aige, chuir sé an oiread sin fáilte romham (fc. aer)
Thit sé anuas den teach, den chapall, den rothar, den chlaí, den chathaoir srl.
d.
·
Thug sé anuas an t-éan gan stró ar bith — mharaigh sé an t-éan a bhí san aer
Thug sé anuas an naoscach ar an gcéad urchar in Éirinn — abair go raibh urchar aige sin.
·
Dar príosta, tá sé anuas aige — leagtha
Nuair a bhí sé sa reacht ab fhearr dhá shaol, ní raibh duine ar bith ag dul uaidh nach raibh anuas aige — nuair a bhí sé ina mhaith, leagadh sé chuile dhuine
e.
+
Bhí a chuid fola anuas leis — ag titim síos lena chraiceann
Bhí sruth pislíní anuas lena bhéal.
TUILLEADH (4) ▼
Bhí an sruthán anuas as (cóta nó ball éadaigh fliuch)
Bhí claibín anuas ar an mbacús — leagtha ar a bhéal
Bhí an hata anuas ar a shúile
Bhí a chuid gruaige anuas ina shúile.
f.
+
Buaileadh anuas faoin mbóthar é (le farasbarr dúthrachta a chur sa gcaint adeirtear anuas i ráití den tsórt seo)
Thit sé anuas faoi mo chosa ar meisce.
TUILLEADH (6) ▼
Rug sé isteach agus bhuail sé anuas faoin urlár é gan anró ar bith.
Brisfidh mé do smut anuas faoin teallach mura n-éirí tú as do chuid sceaimhínteachta.
Leagadh mé agus fhóbair gur baineadh na fiacla asam anuas faoi lom an bhóthair.
Buaileadh a chloigeann anuas faoin tinteán agus shíl mé dheamhan snig a bhí ina chluais.
Is mó an dúil atá agam do straois a bhriseadh anuas faoin leic.
Thit sé anuas faoin mbóthar mar bhí sé ina chiseach críochnaithe le ól.
g.
+
Bhí cóta dearg anuas faoina mullach — cóta a gcaithfeadh sí a cloigeann a chur isteach ann lena chur uirthi
Chuir sí seal cloth anuas faoina mullach ar a dhul amach di.
TUILLEADH (2) ▼
Anuas faoina mullach agus aniar faoina bráid a bhí an fhallaing uirthi.
Cuir anuas faoi do mhullach é (ball éadaigh). Is amhlaidh is fearr dhuit é.
·
Anuas faoi do mhullach féin é (adéarfaí le duine a bheadh ag eascainí ort)
Anuas faoi do mhullach fhéin do chuid eascainí, gan dochar gan díobháil dhúinne!
h.
gluaiseacht chugat.
+
Doirt anuas chuig an tine — duine a bheadh i bhfad ón tine
Doirt anuas leis an tine — duine a bheadh i bhfad ón tine
TUILLEADH (4) ▼
Doirt anuas ón doras — teann anuas in aici na tine
Doirt anuas ón mballa i lár na leabthan.
Teann anuas sa gclúid.
Bhí seanrothar tarraingthe anuas i lár an tí aige agus é dhá dheasú.
+
Leagadh buidéal fuisce anuas againn — tugadh buidéal fuisce dúinn
Leag sí anuas bord agus béilí breá beatha.
TUILLEADH (3) ▼
Leag sé anuas paca cárta agus d'ionsaigh orainn ag imirt go raibh sí ionann is ina lá gheal.
"Leagadh anuas chugainn bord a raibh gloiní agus cárt air; agus cúilín fáinneach le m'ais ina suí" (Máire Ní Eidhin — Raiftearaí)
Leag sí anuas pláta mór feola ina fhianaise.
2.
a.
ón am anall; ó d'imigh, in imeacht.
+
Le bliain anuas, a thug sé uaidh ar fad — in imeacht na bliana seo caite, a chuaigh sé chun deiridh ar fad
Is iomaí cor sa saol le gairid anuas
TUILLEADH (20) ▼
Níl mé ar fónamh chor ar bith le seal (le scaitheamh, le tamall srl.) anuas.
Le blianta beaga anuas, is mór an mhaith a tháinig ar an saol.
Chónaigh sé ansin le suim achair blianta anuas.
Le suim achair anuas, is mór a bochtaíodh iad.
Níor cuireadh aon duine sa reilig sin le na cianta anuas anois.
Ba mhór i gceist buailíocha tamall, ach héiríodh as ar fad le mo chuimhnese anuas.
Ón am sin anuas, níor tugadh aon turas san áit sin.
Le mo chuimhnese anuas, ní raibh cead a gcinn ag tiarnaí mar a bhí roimhe sin.
Ó shin anuas, níor imir mé fhéin aon chárta ó bhainfeadh sé an dó dhéag.
Ní raibh aon imeacht ann anois le saol is aimsir anuas (fc. imeacht)
Caitheadh an cheird sin de leithrigh le fada an lá anuas.
Níor facthas aon chúlógaí ag bainseachaí anois le achar anuas.
Tá sé buailte síos aríst le ceathair nó cúig de laethanta anuas.
Ní dheachaigh mé ag cuartaíocht anois chor ar bith le cupla oíche anuas.
Ní raibh na Caitlicigh faoi mheirse anois ó aimsir O'Connell anuas.
Tá siad ag cónú san áit sin, anuas ó aimsir Chromail — ó aimsir Chromail
Tá an mianach sin sa tír seo ó Éabha anuas (nó anall) — tá an dream sin daoine sa tír seo ariamh sa saol
Níor tháinig aon fhear mar é ó Pharnell anuas
Tá an creideamh Caitliceach in Éirinn anuas ó aimsir an Naomh Pádraig.
Tá an talamh ag na daoine ón Land League anuas.
b.
amach, ó shin.
·
Níl aon Sasanach ó Chromail anuas nach mar a chéile atá
Tá chuile dhuine sa teach ón athair anuas mar a chéile — ón athair amach
+
Níl a fhios agam ó Dhia anuas (ó fhlaitheas anuas, ó neamh anuas), céard atá orm — níl a fhios agam faoin mbogha bán, céard atá orm
Níl a fhios agam ó Dhia anuas, cén dearmad a bhain dom agus é a leagan ansin.
TUILLEADH (5) ▼
Ní feasach mé ó fhlaitheas anuas cár chuir mé i dtaisce é.
Ní raibh a fhios agam ó neamh anuas, cá raibh aon duine sa teach imithe an oíche chéanna.
Níl a fhios agam ó Dhia anuas, céard a dhéananns sé lena chuid airgid ach is beag de a fheicimse ar aon chor.
An mbeadh a fhios agat ó Dhia anuas, cá'il sé ag fáil na báistí chor ar bith (deirtear ar dhrochaimsir é)
Chinnfeadh ort a thuiscint ó fhlaitheas anuas, cén fáth nach mbeadh déantús maitheasa eicínt ann
3.
ísliú.
a.
+
Tá an abhainn anuas — traoite
Tá an tuile anuas — íslithe, traoite
TUILLEADH (4) ▼
Is mór a tháinig an loch anuas le seachtain — a thraoith sí
Tá do chois anuas go mór ó chonaic mise cheana í, bail ó Dhia agus ó Mhuire uirthi — tá an t-at traoite inti
Fág mar sin í go dtaga sí anuas uaithi féin — go dtraoithe an t-at uaidh fhéin (cos ata, lámh ata srl.)
Tá an fhuinneog anuas — íslithe
b.
íslithe, saoirsithe
+
Tá plúr anuas, chuala mé inniu — saoirsithe
Tá muca anuas punt an céad ón aonach deireanach.
TUILLEADH (2) ▼
Chuala mé go mbeadh an t-airgead acraí anuas i mbliana thar mar a bhí sé anuraidh.
Tá an mhin bhuí anuas tigh Sh— — tá sí saoirsithe ann
c.
bochtaithe; a chuid agus a dheis ídithe, imithe.
+
Tá sé anuas go mór le scaitheamh — bochtaithe
Is mór atá sé anuas sa saol ó bhí a athair beo; is mór a tháinig sé anuas ó bhí a athair beo
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé anuas thar mar a bhíodh sé, ach níl aon údar clamhsáin fós aige — níl sé chomh saibhir agus a bhíodh sé, ach tá riar maith fós aige
Is mór atá sé anuas thar mar a bhíodh sé agus fágfaidh an bhliain seo bánaithe uileag (uilig) é.
Tá sé tite anuas uileag — bochtaithe
Ní raibh aon cheapadh agam gur thit sé anuas chomh mór sin sa saol.
Is gearr an mhoill ar dhuine titim anuas ó thosós an saol ag dul ina aghaidh chor ar bith.
4.
ag cur milleáin; milleán ag sroicheadh; milleán ag teacht ort; sa mullach.
a.
+
Tá chuile dhuine anuas ormsa — tá chuile dhuine sa mullach ormsa ; tá chuile dhuine ag casaoid orm; ag fáil loicht orm; ag cur milleáin orm; ag coiriúint orm
Tá an máistir anuas air faoi nach dtéann sé chun na scoile chuile lá
TUILLEADH (13) ▼
Níl aon lá ó tháinig sé don pharóiste nach bhfuil an sagart anuas air, agus shílfeá nach dtugann sé údar ar bith dhó.
Beidh siad anuas orm mura dtuga mé cuireadh chun bainse dóibh.
Tá siad anuas ar an mbaile seo ón am ar hionsaíodh iad ag Bóthar na Coille.
Níor chomaoin dó a bheith anuas ormsa mar ní dhearna mise oirille ar bith air ach an oiread is a rinne mé ar aon duine eile
Tá Seán P. anuas orainn nuair nár thug muid lá seirsí (r leathan) dhó san earrach (seirsí = seisrí)
Níl aon lá ó tháinig cuimhne dhom nach bhfuil sé ar an mbealach céanna, anuas ar mhuintir na sráide seo.
Is deacair milleán a thabhairt dó faoi bheith anuas ar an ngrifisc sin agus an bhail a shíleadar fhéin a chur air cheana.
Sin é an sórt duine é — má ghlacann sé fuath dhuit aon uair amháin, beidh sé anuas ort go brách aríst.
Is mór atá sí anuas ar an muintir s'againne faoi nár iarradar chuig an damhsa í.
Bíonn chuile dhuine anuas air, agus ní hé is measa go minic.
Ní bheadh an tír anuas air murach go bhfuil fáth eicínt leis.
Bhí siad scaitheamh ina dhá gcuid déag, ach tá siad fhéin anuas ar a chéile anois — ba dhoiligh cur eatarthub scaitheamh, ach tá an brachán dóirtithe anois
Cén chiall daoibh a bheith anuas ormsa — níor chuir mise tada as daoibh?
b.
de bheith; ag fearadh; ag teacht, ag titim.
+
Tá an mí-ádh anuas air — tá an díleá nó an tubaiste de bheith air
Tá an tubaiste anuas air, ní dhá roinnt leis é.
TUILLEADH (6) ▼
'Sé an cat mara atá anuas air.
'Sé an cat mara fhéin atá anuas orainn nach bhfuil tada ag éirí linn, ní ag ceasacht ar Dhia é.
Is fada an lá an clampar anuas faoi mhullach an cheann céanna — is fada an lá an mí-ádh nó an cat mara de bheith air
Tá an ball séire críochnaithe anuas ort.
Tá an mí-ádh anuas anois ar an duine bocht.
Is fada an lá an díleá sin anuas orainn agus gan aon neart againn air.
5.
a.
suas is anuas (fc. na céad shamplaí): ag iascach; ag maraíocht leis; ag tarraingt a bheart go maith, in ann bleán.
+
Tá sé suas is anuas le chuile dhuine — tá aithne agus eolas aige ar chuile dhuine; tá sé in ann chuile dhuine a bhleán; tá sé in ann an saol a bharraíocht, iascach a dhéanamh leis, agus a bheart a tharraingt.
Cá'il an té nach bhfuil sé sin suas is anuas leis?
TUILLEADH (8) ▼
Pé ar bith cén cor a thiocfas sa saol, beidh sé sin suas is anuas le chuile dhuine
Tá sé suas is anuas leis an saol.
Shílfeá nuair a bheadh sé ag caint leatsa gur leat ar fad é, ach tá sé suas is anuas le chuile dhuine chomh maith céanna
Ba in é a mbealach sin chuile lá ariamh — a bheith suas is anuas leis an bhfear mór.
Beidh sé suas is anuas le na strainséaraí nó is cinniúint críochnaithe air é.
Tarraing do bheart chomh maith agus a fhéadfas tú, agus bí suas is anuas le chaon dream acub chomh maith le chéile.
Is deacair a bheith suas is anuas le chuile dhuine, arae ní shásódh Dia fhéin cuid de na daoine.
Fear é atá in ann a bheith suas is anuas leis an saol, deirimse leat.
b.
bordáil, tarraingt air, ionann is, i ngeall le; ag síneadh suas le, tuairim is, timpeall is, beagnach.
+
Tá sé suas is anuas le dhá scór ó cailleadh Parnell.
Tá sé suas is anuas le chúig bhliana fichead anois ó phós mé.
TUILLEADH (10) ▼
Níl sé an scór curtha fós, ach tá sé suas is anuas leis.
D'fhéadfadh sé a bheith suas is anuas le leithchéad bliain anois ó chuirtí an líon.
Tá sé suas is anuas le fiche cloch mheáchain.
I ndar liom fhéin, go bhfuil Luimneach suas is anuas le trí fichead míle as Gaillimh.
Cheapfainn go bhfuil sé suas is anuas le ráithe anois ó leag aon duine acub cois taobh istigh den tairsigh seo.
Níl sé an céad amach is amach déarfainn, ach tá sé suas is anuas leis.
Tá sé suas is anuas le bliain ó bhí mé thiar anois.
Mura raibh an céad sáraithe aige, bhí sé suas is anuas leis, agus dheamhan pian ná tinneas a bhí air gur bhuail tinneas an bháis é.
Tá sé suas is anuas le deich mbliana fichead ó caitheadh cleis in aer ar thórraíochaí san áit seo, agus dheamhan an fearr ar siúl iad.
Deir siad go bhfuil fear i Meiriceá agus é suas is anuas le naoi dtroithe.
6.
+
Tá báisteach anuas ann — an bháisteach ag teacht thrí chíor nó thrí dhíon an tí agus ag titim istigh sa teach nó sa scioból
Ní raibh aon deoir bháisteach anuas ann, ó chuir mé é go deireanach — ó chuir mé tuí air
TUILLEADH (3) ▼
Is gránna í an bháisteach anuas
Tá báisteach anuas le balla.
Buaileadh braon báisteach anuas idir an gob is an tsúil orm.
7.
(mar bhriathar)
+
Anuas leat as sin! — teara anuas as sin
Anuasaidh libh (anuasaigí) go beo — tagaidh anuas
TUILLEADH (2) ▼
Anuas leis an bóithrín agus teannadh leis.
Anuasaidh libh chuig an tine, chuig an dinnéar srl.

Féach freisin

aer

anuas in iontrálacha eile (50+)

 
Tá an chliath fágtha ar an gceannfhearann thuas sa ngort. Ba chóir dhuit í a thabhairt anuas
 
Ná fág an buicéad uisce ar forbhás ansin faitíos na timpiste. Tá an cat mara ar na gasúir sin. Ba gearr orthu a dhóirteadh anuas ar fud an tí
 
Bhí an t-urlár chomh fliuch sin aige agus go mb'éigean dó a bhaint cúig nó sé de chuarta. Chuir sé líméar faoi, ach dheamhan maith a bhí ann. Bhí an ceann le fána ag an uisce anuas ansiúd air. Thosaigh P. N. ag flithmhagadh faoi agus ag rá go mba cheart dó a chrochadh agus farúch a chur faoi mar a chuireas muintir an Achréidh faoi na cruacha. Ba bheag nár speir sé é.
 
Tabhair anuas feadhnach uisce agam. Tá íota orm i ndiaidh an éisc sin. Dá mbeinn d'uireasa anlainn le mo ló, ní íosfaidh mé aríst chomh goirt sin é
 
Nuair a scaoil mé an feadhnach (feadhnóg; feadhnac; cleitheog) tháinig leatroma san ualach agus chuaigh an tsrathair agus a raibh ann anuas droim ar ais. B'fhada go dtáinig mé isteach ar an bpéire a scaoileadh in éindí
 
Níl áireamh ar bith ar ar chaith sé d'fhearthainn agus d'fhearadh gráin le coicís anuas. Duine ar bith a bhí ag obair ar bhóithrí ar chuma ar bith, fuair sé faoi na foraí é
+
fios
Níl aon bhlas d'fhios do labhartha agat ach an oiread le mo thóin! Ba deas an scéal a tharraing tú anuas! Cuirfidh sí sin do cháil faoin tír
TUILLEADH (1) ▼
Níl a fhios agam ó Dhia anuas (ó sheacht ranna an domhain; ó sheacht ranna na néal; ó neamh ná néal; ó neamh ná néal; ó Dhia go talamh; ó Dhia; ó Fhlaitheas Dé na ngrást; bruite ná fuar srl.) céard a dhéanfas mé
 
Bíonn féar agus fothair ansin mar is mínleach ar fónamh é, ní hé sin don spíontán bradach atá anuas anseo. An bhfeiceann tú an baile sin thiar. Dheamhan dhá sheamaide istigh ar a fhuaid. Go deimhin ní talamh féir atá ann
+
Chuirtí froigisí breá ar na léinteachaí fadó. Bhídís faoi phléataí anuas ar fad ar an taobh abhus ach sleamhain atá siad uilig anois, mar is léinteachaí siopa is mó atá ann. D'fheicfeá na seanfhroigisí ann i gcónaí ar léine T. Mh. Tá a bhean sin in ann a ndéanamh. 'Sí atá deas air!
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhéanann sé buille maitheasa ach ag cur caoi ar an mbicycle atá aige, ag cur iongáis agus freigisí air. Agus ní túisce thuas aige iad ná anuas aríst
 
Ní fhágfadh sé cloch sa gclaí gan caitheamh anuas murach gur bagraíodh air
 
fága
Tá an fharraige ag míniú anuas aríst. Is furasta a aithinte é, agus a bhfuil de na fágaí sin inti. Rinne an bádóir seol inniu, ach ní dheachaigh sé thar bharr na C. D'fhill sé ar ais aríst. B'oibrithe leis a bhí sí déarfainn. Tá sé saothraithe go maith ag an duine bocht agus fuiríocht calaidh air ansin le seachtain.
 
fág
Teannaidh anuas. Déanaigí áit díbh fhéin ansin chomh maith agus a fhéadfas sibh. Má tá muid cúng níl muid doicheallach. Ar ndóigh an té is cúng leis fágadh
+
fána
Thit sé anuas le fána an chlochair
TUILLEADH (2) ▼
Bhí sé thuas ag deasú an tsimléir agus thit sé anuas le fána an tí. Nach maith a chuaigh sé as?
Thit sé anuas le fána an chrainn
 
Buail isteach ann go fánach mar dhóigh dhe gur soir chuig an S. atá tú ag dul, agus má fhaigheann tú deis ar bith tarraing anuas é
 
fánaí 1
Fir fánaí a rinne a raibh d'obair ansin ariamh. Murab ea, ní hiad fhéin é. Ní ligfeadh an spreallaireacht dóibh mórán a dhéanamh. Ní raibh d'fhear fánaí ach scilling sa ló an uair sin. Deich bpínne ag baint fhataí, agus chuirfí anuas ar dhá thoistiún thú ó bhaileodh sé Lá Fhéil Mártan. Is deacair a rá nach mba suarach an saol é
 
Seachain an capall sin anois sna fánáin. Is furasta léithe a theacht anuas. Tá truisle inti
 
Théadh mná ar cúlóig an uair sin (fadó) chomh maith le fir. Bhíodh pillín acub a chuiridís fúthub fhéin thiar ar chairín an chapaill. Cén bhrí go dtosaíodh an choimhlint. An té a cuirfí anuas an uair sin, d'fhéadfása a rá go mbeadh a shraith ar lár ar chuma ar bith.
+
Tá an-chruas sa sliabh atá ag síneadh le L. F., ach maidir leis an íochtar anuas anseo, caochphoill agus cíocraí agus caothachaí fré chéile é.
TUILLEADH (1) ▼
I nDomhnach muise, bhí cleachtadh mhór ar bhóithrí aici, ag spágaireacht thrí chaothachaí agus lathachaí Ch. L. Imeóidh sí as a cranna cumhachta ar fad anois ó theann sí anuas ar an míneadas.
 
An bhfuil a fhios agat an moghlaeir mór a bhí ar forbhás ar stuaic an charracáin sin thiar i Leic an Rí (garraí)? Thit sí anuas le fána agus tá sí caite thíos sa log fliuch siúd anois. Is maith an t-ádh a bhí orainn nach raibh aon bhó againn ann nó bheidís craptha isteach faoi ghiall an charracáin ar an bhfarra gaoithe sin a bhí ann le dhá lá, agus dhéanfadh an daigéad siúd cuailín cnámh díobh.
 
Baineann sé an lá as chuile shórt, agus dheamhan ceartú a bhíonns aige ar aon scéal ina dhiaidh sin. Tharraingeodh sé anuas míle scéal agat in éindí, agus dheamhan adhmad a bheifeá in ann a bhaint as aon cheann acub.
 
ciste
Tá ciste aige in áit eicínt lena mbíonn d'airgead aige, agus shílfeá é gan slí ar bith ó Dhia anuas.
+
cleite
Ní cleite deas é sin le tarraingt anuas i láthair comhluadair. Agus ní abrófá fiú is i gcead don chomhluadar, agus fios agat na daoine gnaíúla a bhí ann!
TUILLEADH (6) ▼
Ní minic cleite gnaíúil tarraingthe anuas ag an gceann céanna. Bheadh sé sin beo ag gráiscínteacht agus ag radaireacht mar sin.
Cén cleite cainte atá tarraingthe anuas anocht? — cén scéal atá dhá phlé.
Bheannaíomar dhá chéile agus tharraingeamar anuas cleite comhrá, agus níor airíomar an tráthnóna dhá chaitheamh mar sin.
Sin é an cleite cainte muise, ab áil leis a tharraingt anuas chugam i lár mo chruóige.
Caithidh tharaibh é, agus tarraingidh cleite cainte eicínt eile anuas — caint eicínt a mbeidh éirim inti.
Nach é an saol a d'imigh agus a liachtaí cleite comhrá a tarraingeadh anuas ariamh istigh ann (i dteach). Is fuar na ballaí atá ann anois.
 
Díol cam ort, le áit do chláirseach de smugairle a chaitheamh, anuas ar ucht mo choise!
 
cobha
Is furasta a aithinte an chaora a mbeidh an cobha uirthi. Bíonn na súile marbhánta aici, agus scamall anuas orthub. Déanann sí cónú freisin mórán in aon gheadán amháin.
 
colg
Ar an dá luath is a chonaic an madadh é, chuir sé colg air fhéin agus thug sé abhóg lena fhostú. Ach níor leisean (cat) ab fhaillí é, chuaigh sé de léim ghlanoscartha sa gcrann, agus anuas as sin ní thiocfadh sé dhá gcaiteá leis go maidin.
 
Níor mhór don chorcán sin leaba faoi fhéin ar fad. Mura bhfuil sé suas is anuas ann, tá sé siar is aniar ann. Agus nach é atá craosach dearg as a cheann aghaidh!
 
Go deimhin is beag a bheadh le déanamh agam a dhul suas in m'éan chuideáin go Contae na Mí, san áit nach bhfuil aithne ná eolas orm, ná fios ó Dhia anuas agam céard a dhéanfainn ann. Fuireoidh mé scaitheamh eile sa tseanghráinsigh seo, pé ar bith céard a dhéanfas Dia liom.
 
Fanadh sí fhéin agus a cóisir thuas san áit a bhfuil sí. Níl guth ar bith againne uirthi anuas — duine a bhí in ainm is a theacht ar cuairt ó áit eile. Dhá dteagadh an duine sin, bheadh tuilleadh ina teannta ag teacht.
+
bannaí 1
Ní bheadh drogall ar bith orm faoina dhul i mbannaí air, ach ní fheicim go bhfuil slí nó fáltas ó neamh anuas aige lena íoc ar ais aríst.
TUILLEADH (2) ▼
Tiocfaidh an bainc anuas ar na bannaíocha mura n-íoca seisean é. Deirimse leat go gcaithfidh an bainc a gcuid fhéin a fháil, pé ar bith cén súisín a íocfas é.
Tá sí sin chomh cabach agus gur fada léithe go gcasfaidh duine eicínt uirthi lena tharraingt anuas chuige. Cén mhaith bannaí béil a chur ar a leithide sin?
+
Is iomaí áit a mbíonn a bhealach. Dheamhan a fhios cén áit anuas ó Bhaile Átha Cliath a mbíonn sé laethantaí (duine a bhí ag dul thart ag díolachán le gluaisteán)
TUILLEADH (1) ▼
Murach gurb é Cóil atá as bealach, ní bheadh chuile dhuine anuas air mar atá.
 
beann
Tá braon anuas leis an mbinn thiar.
+
Deasaigh anuas ar aghaidh na béalóige (sa tine)
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan feanc a baineadh as Pádraig a bhí ar cúlóig, ach cuireadh an té a bhí ar béalóg glanoscartha anuas as ascar na diallaite. Níl aon rath ina mharcach leis.
 
crinn
Caithigí anuas na cnámha a d'fhan d'fhuílleach an dinnéir chuige, agus má tá aon scioltar orthub, tugaigí cead dó iad a chrinneadh. Má tá is scioltar fánach é, sílim. Crinneadh go maith iad dhá uireasa.
 
'Sé an scéal é, níl foscadh in aon áit ón gcramhar báistí sin, mar 'sé an chaoi a bhfuil sé dhá caitheamh anuas díreach. Is mó an bhrath atá agam ligean liom fhéin abhaile agus an giota fataí sin a fhágáil go ndéana sé aiteall: meas tú nár mhaith an beart é?
 
Dheamhan baile a mbeidh an bhean sin istigh air nach baile reicthe é. Tá sí in ann Crígh Mhuire a chur thrína chéile, ag seadú scéalta agus ag tarraingt anuas seansíomálachaí a bhí fadó an lá ann. Dheamhan beirt ar an mbaile seo nach ag maslú a chéile atá, chuile ré solais, agus is ise is ciontach leis ó thús deireadh go tosaigh.