Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
aníos
1.
ó íochtar, ón talamh, ón taobh ó dheas (fc. nóta le anuas).
+
Shiúil sé aníos an bóithrín (ón taobh ó dheas, ach 'sé a mhalrait faoi shléibhte agus ar an Achréidh é)
Sin é a mhaith is a mhaoin — ag dhul síos is aníos ar an mbóthar.
TUILLEADH (6) ▼
Tá sé síos is aníos chuig an gcladach ó mhaidin.
Thug mé bord feamainne aníos ón gcladach.
Duine eicínt aníos as íochtar an bhaile a bhí ann.
Cáide aníos a bhí tú ó ló
Teara aníos ón tine
Coinnigh aníos ón tine nó is dóite a bheas tú.
+
Tá mé stromptha go corróig aníos
Fliuchadh mé aníos go glúine.
TUILLEADH (7) ▼
Bhí an tuile aníos go dtí mo lár.
Thug sí an crann aníos ó thalamh íochtair.
Tharraing sé an crann as na fréamhrachaí aníos.
Bhain sé ó leic aníos é.
Tá sé rómhraithe aige ón ngaineamh aníos.
Tá brúchtaíl aníos orm as béal mó chléibh.
Tóg an pota aníos den tine.
+
Bhí mé ag teacht aníos as Gaillimh inné agus chas sé liom — ag teacht anoir anseo, ach samhlaítear don chainteoir gur ísle Gaillimh ná é féin, agus gur ag teacht in aghaidh aird a bhíos sé ag teacht as Gaillimh dó. An cainteoir céanna cuirim i gcás, déarfadh sé go dtáinig sé anuas as Baile Átha Cliath, ainneoin gur anoir a bheadh sé ag teacht i chaon chás. Deirtear anuas agus aníos le lár na hÉireann "fear anuas nó aníos as Contae na Mí". Anall nó aníos as Contae Chláir, aníos as Corcaigh, Luimneach, Ciarraí, nó áit ar bith ó dheas (anuas adéarfaí ar an Achréidh anseo). Aníos freisin as Contae Mhaigh Eo ach anuas as Dúiche Sheoigheach, ainneoin gurb ar aon taobh amháin atá siad. Aníos go minic adeirtear freisin le Cúige Uladh.
Bhí mé scaitheamh aníos ó Ghaillimh nuair a thosaigh sé ag dórtadh.
TUILLEADH (4) ▼
Bíonn sé síos is aníos Gaillimh go hacht is go háirid.
Tháinig sé aníos as Luimneach, as Corcaigh, as Contae Mhaigh Eo, as Contae na Mí srl.
Tháinig sé aníos (anuas) ar ais aríst as Contae na Mí.
Aníos as Contae an diabhail bhuí é — aníos as áit eicínt strainséara
2.
ón taobh ó thuaidh, ó áit i bhfad ó láthair.
+
Tháinig sé aníos amach — ó thaobh ó thuaidh na hÉireann nó ó Íochtar Tíre go hiondúil, ach bheadh lár na tíre freisin i gceist. Ní abrófaí é le Cúige Mumhan nó áit ó dheas.
Fear aníos as Íochtar Tíre é — as Cúige Uladh. Aníos adeirtear le Íochtar Tíre i gcónaí
TUILLEADH (1) ▼
Tháinig sé aníos as Íochtar Tíre, an áit a bhfuair sé talamh anseo tá fadó an lá (ann)
·
Is fada aníos a tháinig sé anseo (adéarfaí le strainséara nach mbeadh aon ghnaoi air in áit)
Is fada aníos a thug do chosa tú. Ní raibh muid do d'iarraidh.
+
Fear aníos amach é.
Phós sí fear aníos amach agus tá siad ina gcónaí i nGaillimh mar seo
TUILLEADH (2) ▼
Daoine aníos amach is mó atá ann.
Fear i bhfad aníos é — i bhfad ó láthair
3.
os cionn talún nó uisce.
a.
+
Níl na fataí aníos fós.
Níl seamaide (foithnín) féir aníos ann.
TUILLEADH (9) ▼
Is fada a bhíonns cur óg gan teacht aníos.
Tá an talamh cur aníos anois — ag fás, ag cur aníos an bhairr
Níl fata aníos thrí thalamh fós agam.
Ní mórán aníos atá siad fós (fataí, tornapaí, coirce srl.)
Níl féar ar bith ag teacht aníos ann — ag fás
An bhfuil na tornapaí aníos fós agat?
Loiceadh a rinne siad agus gan iad a bheith aníos feasta (fataí srl.)
Níl cosúlacht aníos ar bith orthu — cosúlacht fáis
Bhí siad aníos thrí thalamh murach an glasrú (glasreo) seaca sin a dhóigh a mullaí.
+
Bhí an mullán aníos ar éigean — a barr le feiceáil os cionn uisce
Tá gob an bhranra aníos inniu — leis, le feiceáil
TUILLEADH (2) ▼
Tá cloigeann an róin aníos — leis
Bíonn a chloigeann aníos i gcónaí ag an rón; bíonn cloigeann aníos ar an rón i gcónaí — bíonn a cheann leis
b.
+
Cineál chloigeann aníos — sin forainm a tugtar ar Chlainn Mhac Confhaola, ag déanamh amach go bhfuil gaol nó dáimh acub leis an rón
De chineál chloigeann aníos é — de Chlainn Mhac Confhaola é
TUILLEADH (6) ▼
A chineál chloigeann aníos!
Is fhearr mé ná de do chineálsa — a chineál chloigeann aníos.
Ní de chineál chloigeann aníos mise chor ar bith, ní hé t'fhearacht fhéin é.
Tá chuile dhream go maith ach cineál chloigeann aníos.
Ní mise cine chloigeann aníos chor ar bith
Níl gaol ná dáimh agamsa le cine chloigeann aníos
4.
(mar bhriathar, fc. anuas).
+
Aníos leis an bóithrín
Aníosaígí (aníosaidh) libh ón tine.
TUILLEADH (1) ▼
Aníos leat as sin go beo deifreach

Féach freisin

aníos in iontrálacha eile (50+)

 
faoisc
Tá siad sách faoiscthe má tá an cúr bán orthu. Caith aníos iad
 
An gcuimhníonn tú ar an Lá Nollag a raibh muid ag ól thoir tigh Ph. Sh.? Tháinig M. P. Th. isteach agus d'ól sé buidéal pórtair. Chuaigh an láimh síos sa mbrollach, agus go deimhin tháinig sí aníos (le) sparán a raibh ceangal air! D'iontaigh sé a chúl linn gur thug sé an t-airgead aníos as agus gur chuir sé taisce aríst ar an sparán faoin gcích. An dara buidéal a d'ól sé, chuaigh sé siar sa sáinn siúd ar chúla an tsiopa leis an sparán a bhaint aníos aríst. Le earasbarr a chur ar an gcuibhiúlacht. Deile? — chuaigh sé ar cúlráid i riocht is go mbeadh cuibhiúlacht ní b'fhearr aige le luach na dí a fháil
 
Ag líonadh feadhnach móna ar an asal a bhí mé nuair a bhuail sé chugam aníos. 'Tá fire agus gríosach dhá dhéanamh ar mo chuid mónasa,' adeir sé. 'Dheamhan fód dhá fhágáil agam. Beidh a shliocht orthu muis. Gabhfaidh mise ag faire, agus an té a mbéarfaidh mé istigh air i mbéal na cruaiche, sin ní fhágfaidh sé'
 
fiar
Cén diabhal ná deamhan a d'fhága an carr sin amuigh ar fiar ar an mbóithrín? An bhfeiceann sibh nach féidir le duine a dhul síos ná aníos aige?
 
fios
Tá fios an scéil aige seo aníos; tá fios fáth an scéil aige — gach tuairisc nó fairnéis faoi
 
Bhí mise ag teacht aníos an Daingean lá agus chonaic an fear fobhairne a bhí agam — S. Gh. — na breilleogaí léin sin. Ba bheag nár thit sé as a sheasamh. Ba é búm an tseoil mhóir a choinnigh ar a chosa é. Ara diabhal aird ar bith a thug mise orthu!
 
Ní ghabhfá fód na láí sa talamh sin nuair a gheofá an leic ag freagairt aníos. Áit mhaoilscreamhach mar sin é
 
Bádh ansin thoir í (bád). Chuaigh sí go frídeoir i bhfarraige ann. Ní raibh aníos ach cuid den chrann
 
fíóg
Síos leat agus tabhair aníos fíóigín agam ón tine. Tá an diabhlánach de phíopa seo as aríst. Múchadh agus báthadh air. Ní choinneodh do cheann fine dearg é
 
cab
Tá an fánán aníos líonta (le clocha) aníos cab ar chab le ucht an aird. Is beag an caitheamh le fána a bheas ann ach iad siúd a bheith réidh leis.
 
Ara a mhic ó, tháinig sí aníos agus í gróigthe thiar ar chairín an chapaill mar a bheadh staic d'fhear ann.
 
carn
Tá mé carnaithe uileag ag an slaghdán le seachtain. Dhá bhféadainn na réama atá calcaithe in mo phíobán a chur aníos, bheinn ceart, ach ní fhéadaim.
 
Tá snáth deas feamainne istigh thiar ag an gcarracáinín atá aníos ó Charraig Mhurchaidh.
 
Tá ealaín ar an ioncás sin a chinnireacht aníos ar an mballa (fear i dtaispeántas a théadh aníos balla ar ghluaisrothar)
+
cliar
Tá cliar aníos i mbéal mo chléibh.
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan crochaillí ná réama atá mé a chur aníos, ach tá cliar orm go hacht is go háirid.
D'airigh mé clochar ag teacht aníos i mbéal mo chléibh aréir agus bhuail cliar mé, agus dheamhan bréag nár shaothraigh mise an oíche. Bhí sé ina hóró lae shul ó thit mo dhá shúil ar a chéile.
Tá cliar aníos in mo mhuineál agus níl m'anáil ag teacht liom chor ar bith aici.
 
Bhí sí ar siúl ariamh ariamh, go ndeachaigh sí i ndiaidh a mullaigh síos i gclaise an tsrutha,agus ní raibh aon ghair aici a theacht aníos i ngeall ar na cosacáin.
 
I nDomhnach bhí mé chomh cuideáin acub agus dá ba aníos as Cúige Uladh a thiocfainn. Ach chreidim nach údar milleáin dóibh é, arae cén aithne a d'fhéadfadh a bheith acub orm ach an oiread le scéal.
+
Ba tútach an rud dó thú a thabhairt síos mura raibh sé de rún aige thú a thabhairt aníos aríst. Marcaíocht go Gaillimh agus cead siúl abhaile, mar adeir an ceann eile.
TUILLEADH (2) ▼
Ná raibh ann murar imigh an bus i ngan fhios dom, agus b'éigean dom é a shiúl aníos. Sin é an 'marcaíocht go Gaillimh agus cead siúl abhaile' agat.
Ní fhaca tú a leithide de bhail ariamh dhá chur ar dhuine. Bhí an bicycle ardaithe uaidh ag S., agus b'éigean dó siúl aníos, ainneoin gur gearr a bhí le dhul aige. Marcaíocht go Gaillimh agus cead siúl abhaile a bhí ann.
+
Ní fhéadfaidh duine a dhul síos ná aníos an bóithrín nach bhfuil a charr tarraingthe i lár an bhealaigh aige roimhe. Shílfeá gur leis fhéin an bóithrín ar fad.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé ar a bhealach aníos faoi seo.
 
Cuireadh ar a bhéal agus ar a fhiacla sa bportach é an áit ar sciorr sé ar an mbruach bealaithe a raibh siad ag cur aníos na móna air.
+
beart
'Caith aníos coirce go beo agam,' adeir P. Sh. Ph. N. leis an mbean agus é spréachta nach raibh sé ag fáil rud le déanamh thuas ar an gcruaich. 'Ní fhéadfaidh mé,' adeir sí, 'go leaga mé an beart de mo ghualainn'. (Scéal barrúil a insítear faoi fhear áirid a raibh an-uafás oibre air)
TUILLEADH (1) ▼
Má lig sé scíth, lig sé míle scíth faoin mbeart ó cheann an bhóithrín aníos.
 
Ná teagadh sé aníos in mo bhéalbhachaíse má tá an t-ádh air.
 
Tá béalóigín — cuisle bheag uisce aníos ann — agus is ait an dóigh iascaigh í ar thaoille tuile — scáine uisce nó sáile ar chladach; rithfeadh an t-uisce ann ar an tuile níos túisce ná sna geadáin faoi gcuairt.
 
Lig de do chuid cniogaidí anois. Dhá gcuirtheása aníos gacha le cliabh feamainne liomsa ó mhaidin, deirimse leatsa, go mb'fhurasta cur chugat anois.
 
Tá coigéilín farraige aníos idir an chorach agus an talamh ann, agus d'fhéadfá rith cladaigh a thabhairt di (don bhád) suas ann.
+
Airím mo mhuineál chomh ceanglaithe lena bhfaca tú ariamh, agus cinneann orm thar corrchrochaille a chur aníos ina dhiaidh sin.
TUILLEADH (4) ▼
Tá sé an-tslóchtaithe, agus é ag cur aníos chrochaillí móra righne chuile phointe.
Ní fhéadaim labhairt chor ar bith lena bhfuil de chrochaillí agus de réama calcaithe thíos in mo scóig. Shílfeá go mbeidís aníos in éineacht agat, agus bheadh an sos céanna aríst ann ar an bpointe.
Bím plúchtaithe ar fad amantaí, nuair a bhuaileanns an racht mé, agus tagann an oiread crochaillí aníos as mo mhuineál, agus bíonn cliar in mo phíobán, ach dheamhan cailleadh ar bith a bhíonns aríst orm nuair a fhaighim réidh an achair.
Déanann na crochaillí cnap thíos in mo mhuineál agus bíonn siad chomh righin agus gur deacair iad a chur aníos. Ní fhaighim an chaint liom acub go ceann fada scaití.
 
Is dhó is fusa a bheith ina chráisiléad: is maith í a ghreim agus a dheoch. Dhá gcaitheadh sé seachtain sa gCaladh Mór, ag cur aníos fheamainne ar a dhroim, deirimse leatsa go mb'fhurasta cur chuige. Sin é a bhainfeadh cuid den tsaill dhó.
 
Chaithfeá na crúbáin sin a fhágáil ann, arae tá íochtar an chúil rófhliuch, agus mura bhfágtar neart bealaigh ag an uisce aníos ó chlaise an tsrutha, d'éireodh an fuarlach ar na híochtair as éadan agus bheadh an cur ó mhaith.
 
Dheamhan fear ar an talamh chomh cuntasach leis. Thug mé cion cupla iomaire síol tornapaí dhó anuraidh an áit ar tháinig sé gearr, agus meas tú nár chuir sé aníos oiread agam an lá faoi dheireadh.
+
beo 1
Dheamhan a bhfuil beo den sagart nó sin é aníos é — sin é aníos an sagart go cinnte
TUILLEADH (5) ▼
Imigh leat go beo agus glaoigh aníos air.
Cuir aníos an fód beo.
'Sé an fód beo a chuireanns tú aníos agus thú ag lánú: tá a shliocht air: an bhfeiceann tú an barr a chuireanns sé ar an talamh in imeacht achar gearr.
Chomh luath agus a tháinig siad isteach ó shnámh, tháinig siad aníos i mbun na duirlinge agus thosaigh dhá n-únfairt fhéin sa ngaineamh beo. Dheamhan snáth a bhí orthub ach an oiread leis an oíche a (ar) rugadh iad.
Bhí mé craptha suas mar sin ar feadh na hoíche, ach nuair a fuair mé faill iontú ar an taobh eile, d'airigh mé éasc beo ag teacht aníos thrí mo chorróig agus shíl mé go dtiocfadh sé amach thríd mo chraiceann, bhí an oiread sin léimní aige.
+
bruach
Chuir sé snáth (feamainne) uileag go léireach aníos ar bruach.
TUILLEADH (1) ▼
Líon an portach aníos bruach ar bhruach leis an darna barr.
 
burla
Tharraing sé aníos burla nótaí a bhí lioctha ar a chéile thíos ina phóca aige.
 
Murach gur chas Dia aníos thú, bheinn in mo bhúilleach ag na cupla uan sin. Tá mé ag iarraidh breithe orthub lena gcoisceadh (fc. coisceadh)