Árdú
—
barr; donacht (i dtinneas).
+–
Tháinic árdú air ó indé = tháinic barr air, nó donacht.
Cá'ide ó' tháinic a' t-árdú aríst air.
TUILLEADH (19) ▼
Mara n-imthighe sé as an árdú seo, tá leis = mara bhfagha sé bás as an donacht seo, srianfa sé thríd.
B'fhéidir dhá dtagadh ionntú bisigh aige as an árdú seo, go dtéaltóchadh sé as.
Níl aon-mheas agam air anois, ó bhuail a' t-árdú aríst é = níl aon-mhuinghnín agam, go srianfa sé thríd etc.
Ó bhuail a' t'árdú faoi dheire é, tá ualaighe a' teacht air (féach ualaighe).
Sé'n ruainnín a d'ith sé 'chuir a' t'árdú air.
Níl goir aige greím 'ithe nach dtagann árdú air, agus shílfeá go n-imtheochadh sé ar a' bpuínnte.
Níl siar ná aniar ionnam ó tháinic a' t-árdú mór orm indé.
Tá cliar ann anois, ó bhuail a' t-árdú go deireannach é.
Níl aon-cheo indon duine a chlaoidhe, ach árdú mar sin.
Bhí árdú uirre i gcaitheamh na h-oidhche, a's b'éigin dom fanacht in mo shuidhe dhá cúmhdach.
Bíonn biseach air i gcomhnuidhe sa ló, ach ó thuitfeas oidhche, tagann árdú air, a's ní bheadh fhios agad an teacht nó imtheacht dó scaithtí.
Tháinic scannradh mo chroidhe orm, mar ní rabh fhios agam, an teacht nó imtheacht dhó, nuair a bhí an t-árdú mór, aréir air.
Shílfeá gurab é clochar a' bháis a bhí ann, a's an t-árdú mór air, indiu.
'Siad na fataí a d'ith mé, a chuir an méid sin árdú orm.
Níl aon-ghoir agam drannadh le na fataí chor a' bith, nach gcuireann siad árdú orm, a's cé'n bhrigh, ach chomh dúlaidhe a's tá mé ionnta(b).
Scannruigh mé, 'sábhála dia sinn, a's an srunnán (srannán?) a bhí ann, 'san árdú mór a bhuail trathnóna é.
Ní móide le congnamh dé, go dtiocfadh aon árdú mar sin air níos mó.
Má thagann árdú eile mar sin air, is furasta cuir (ch)uige in a dhiaidh.
Níor fhan focal de'n chainnt aige (níor fhan aon-fhocal cainnte aige) a's a' t-árdú air.
+–
Biseach an Domhnaigh, a's árdú na Céadaoine = deireadh na sean-daoine, nar dóichide rud dóib seo, ná bás a thabhairt do dhuine.
Níl biseach a' Domhnaigh ná árdú na Céadaoine go maith.
TUILLEADH (12) ▼
B'fhurast aithne nach ndéanfadh sé aon-mhaith. Tháinic biseach a' Domhnaigh air, a's árdú na Céadaoine, a's ní mórán a thaga(nn)s uatha(b).
Is corr-dhuine a (gh)nío(nn)s aon-rath indiaidh biseach a' Domhnaigh, a's árdú na Céadaoine.
Bhí fhios agham go mbadh gearr uaidh: bhí biseach aige Dia Domhnaigh, a's árdú air Dia Céadaoin, a's sé ar mhair sé go dtí trathnóna Diardaoin.
Is olc é biseach a' Domhnaigh, mar ní minic uaidh 'theacht gan árdú na Céadaoine 'theacht 'na dhiaidh.
Chloisinn na sean-daoine ariamh a' rádh dhá mbeadh a' t-imtheacht ar dhuine, go ngiorróchadh árdú na Céadaoine leis.
Ní raibh daor-bhasctha chor a' bith dhe, go dtí an Chéadaoin ach níor fhan smeámh a' bith ann ó shoin. Ní maith é árdú na Céadaoine. Chuala mé ariamh é.
Imtheocha sé as sin anois — árdú na Céadaoine.
Ní minic a tháinic biseach as árdú na Céadaoine.
Sí'n Chéadaoin a' lá is measa le árdú 'theacht ar dhuine adeir siad.
Tá a chnaipe déanta, má bhuail árdú na Céadaoine é; tá sé ar a' leabhar ag a' bhfiach dubh, má tháinic árdú na Céadaoine air.
Cé'n gheis atá ar a' gCéadaoin ach an oiread le lá 'bith eile le árdú a theacht ar dhuine. Má tá'n bás ort, tiocfa sé 'chuile lá chomh maith leis a' gCéadaoin.
Níl in árdú na Céadaoine ach comhráidhtí daoine. Níl aon-lá áithrid, ag a' mbás, ach a theacht, nuair atá do shaoghal caithte.
Féach freisin
→
ardaigh
Árdú in iontrálacha eile (50+)
→
foirgthe
Dar diagaí tá chuile fhear dhá árdú (i bpáighe) ach go bhfoiridh Dia ar an talmhaí bocht. Tá sé foirghe ar fad
→
fág i
Fágfamuid in a dhearmad é. Níor mhaith liom a rá gurb é a ghoid d'aon-uaim a rinne sé. Marab é fearacht an fhear fadó leis an ngáirleóig aige é: "ní do do ghoid atá mé a gháirleóg ach dot' árdú liom".
→
carraera
Chuala mé go raibh na carraeraí atá ar na bóithrí a' ceasacht páighe an tseachtmhain seo (gha)bh thart, a's go raibh siad a' brath air tabhairt suas, mara bhfaghaidís árdú. Tá siad réidh leis déarfainn. 'Séard a dhéanfar na bóithrí a chaitheamh suas ar fad.
→
cleite
Tá E. chomh láidir le tarbh. Chonnaic mise é lá an t-am a raibh an 'motor-bicycle' aige. Buaileadh suas air é thoir ag tigh D. a's bhí sé dhá sháthadh anoir chomh fada leis a' teach seo. Ba mheathta leis an sáthadh, a's dheamhan ceo a rinne sé, ach é 'árdú faoi'n ascaill, idir chorp, chleite a's sciathán, gur leag sé istigh ar an urlár annseo é!
InDomhnach tá siad dhá h-árdú leo(b) anois, ingan fhios a's i gcoimhfhios. Maidir le go bhfuil suím aca(b) duine dhá bhfeiceál, dheamhan a dhath, ach an oiread a's dá mbadh leo(b) fhéin í. Múinfe sin mise aríst, gan mo chuid móna a chuir (chur) amach ann.
→
cíos
Is olc a' ceart é go mbeadh cíos a's camhlach ar bhreaclachaí, a's ar chriathraigh a shaothruigh daoine go cruadh le allus a gcnámh, a's togha na talmhana dhá fhágáil bán. 'Séard a bhí a dhéanamh an cíos a mhaith ar fad dhúinne, a's árdú dhá réir a chur ar na bitheamhnaigh a bhfuil na feilmneachaí bána sin aca(b). Badh é an deasú orra(b) é.
+
→
bealach
Marach an chloch sin a bheith sa mbealach orainn, b'fhurasta an leac a árdú.
TUILLEADH (1) ▼
Tá fir oibre as bealach, má's a' ceasacht páighe atá siad aríst. Is gearr ó cheana, bhain siad árdú amach.
+
→
beann
Dhá gcuirtheá cupla cúrsa eile d'árdú ar na beanna, d'fhéadfa ceann slinne 'chuir air.
TUILLEADH (1) ▼
Is maith a bhíodar ar a maidí má d’eirigh leo(b) an bhínn sin a árdú (a dhul go dtí na círín).
+
→
borradh
Dhá gcaithinn a' lá 'cur borraidheachaí fúithe, chinnfeadh orm í árdú 'na dheidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Ní mór borradh a chuir faoi, len' árdú = fear a bhí tuithte ar meisce.
→
boscaed
Ba dheas iad na boscaeid a bhíodh fadó ann. Ní bheadh aon-chall dhuit duine le na n-árdú ort.
→
bruach
Má thagann árdú eile air, mar tháinic aréir, dheamhan a chos nach mbeidh ar bhruach na h-uaighe.
→
adhartha
Nach sib a shílea(nn)s mé a bheith adharthaí, go scarfainn le mo ghiodán talmhana, ar scáth scilling 'árdú (sean-duine a gheobhfadh an pinsean iomlán — scilling thar mar bhí sé a fhaghail cheana — dá dtugadh sé suas a chuid talmhan' amach a's amach dá mhac).
→
buail ar
Sin é nach raibh i bhfad a' faghail mná sa gcruinniú. Dheamhan a' ndearna sé ach siubhal suas go dtí an chéad cheann a chas leis, a's bleid a bhualadh uirre, a's í a árdú leis. Sin é ar chuma ar bith 'bualim ort, a's tigim leat'. Is fada go ndéanfadh fear na h-áite seo é in áit strainséara, ná a leigfeadh an faitchíos dó 'dhéanamh.
→
buille
Thosuigh na fir oibre a' ceasacht páighe, a's mhionnuigheadar a's mhóidigheadar, dheamhan a' buille (dheamhan oiread a's an buille) a dhéanfaidís go bhfaghaidís árdú.
+
→
airde 1
Ba chóra dhaoib na beárnaidheachaí 'árdú, a's gan an áit fhágáil uiliog béal in áirde mar d'fhága sib é.
TUILLEADH (1) ▼
D'fhága sé a 'bhicycle' ina bhéal in áirde taobh amuigh, a's a fhusacht dhá rogha duine é 'árdú leis = d'fhága sé go sleamchúiseach taobh amuigh é, agus d'fhéadfadh duine 'bith é thabhairt leis go réidh.
→
aire
Ní mór dhuit a bheith fíor aireach ag árdú an strapa sin, mar tá boidhléir mhóra ar forbhás ann = caithfidh tú 'bheith áirdeallach ag dul suas in aghaidh an strapa sin (féach strapa), mar tá daigéid mhóra cloch ann, agus is furasta leo sciorradh le fánadh.
+
Tabhair congnamh dhom leis a' gcléibhín seo árdú orm.
TUILLEADH (10) ▼
Thárla nach raibh aon-duine agam leis a' mála árdú orm, b'éigin dom eirghe faoi.
Bhain mé stangadh as mo dhruím ag iarraidh an bhirt 'árdú orm fhéin.
Ní bhfuair mé mo sháith le deanamh ariamh, ach a' máilín sin árdú orm fhéin.
Tá mná le faghail ann 'ar árdú orm' = tá mná i mbarr bachall ann; is éasca bean 'fhaghail ann.
Caithfe sé go bhfuil mná i gConamara ar árdú orm, agus é sin a' faghail mná ann.
Bhí spailpíní le faghail ar a' bhFaithche Mhóir indiu 'ar árdú orm' = bhí go leor aca(b) ann, agus b'fhurasta margadh a dhéanamh leo(b).
Gheobhfá muca ar an aonach indiu 'ar árdú orm'.
Má's talamh atá sé iarraidh, gheobha sé taobh soir anois é, ar árdú orm, mar tá sé 'cínnt orra(b) an cíos íoc air.
Tá'n oiread 'bicycles' annseo anois, a's go bhfaightheá ceann 'ar árdú orm'.
Tá teach le faghail in Gaillimh anois ar árdú orm, agus is beag a' dochar dhóib, a's a ndearnadh aca(b) le goirid.
+
'Ní do do ghoid atá mé 'gháirleog, ach do t'árdú liom' = sin é an rud adubhairt a' fear a ghoid a' gháirleog. Tá leigheas sa ngáirleoig ach níl aon-mhaith í ghoid. Cialluigheann a' leagan sin go minic, nach maith leis a' duine a rádh go bhfuil sé a' déanamh rud as a' mbealach, cuir igcás goid. (Uaireannta — 'ní do do ghoid atá mé 'gháirleog, ach do do thárlú liom')
TUILLEADH (8) ▼
Sé fearacht an fhir fadó agadsa é — 'ní do do ghoid atá mé 'gháirleog, ach do t'árdú liom'.
Nach é an dá mhara 'chéile é sin a's é 'ghoid. Sin é — 'ní do do ghoid atá mé 'gháirleog, ach do t'árdú liom'.
Bhain sé amach é, agus ina dheidh sin bhí sé 'g iarraidh an dubh a chur ina gheal ort — 'ní do do ghoid atá mé 'gháirleog, ach do t'árdú liom'.
Dubhairt sé nach raibh sé dhá iarraidh ach ar iasacht, ach níor tháinic sé ar ais ariamh leis. Tá sé fearacht fear na gáirleoige — 'ní do do ghoid atá mé 'gháirleog, ach do t'árdú liom'.
Nach bhféadfa tú an 'bicycle' árdú leat chomh fada le ceann a' bhóthair, agus cé'n stróbh atá ort a dhul an t'aithgiorra annsin.
B'fhurasta do dhuine bean 'árdú leis roimhe seo — 'imtheacht' léithe — ach caitheadh in aer an faisean sin.
Ní éileochadh Pádraig se'aghainne imtheacht chor a' bith, marach a' t-ealadhantóir eile 'bheith dhá árdú leis.
Hébrí (pé'r bith) cá bhfuair tú an phaicle sin anois, b'fhearr dhuit iad, árdú leat ann, mar níl gnaoi a' bith annseo orra(b).
+
→
ardaigh
Níor fhéad mé mo chloigeann árdú as a' gcreafóig ariamh = cuibhrigheadh leis an obair ariamh mé. Ní bhfuair mé aon eolus ar a' saoghal.
TUILLEADH (2) ▼
Ní fhéadfa mé mo cheann árdú aríst go bráthach le náire, faoi'n méid sin.
Dá ba dhomsa d'eireochadh sé, ní bheadh aon-ghoir agam mo chloigeann árdú go h-éag aríst, ach dheamhan lá mairge airsean.