Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
ardú
barr, donacht (i dtinneas).
+
Tháinig ardú air ó inné — tháinig barr air, nó donacht
Cáide ó tháinig an t-ardú aríst air
TUILLEADH (19) ▼
Mura n-imí sé as an ardú seo, tá leis — mura bhfaighe sé bás as an donacht seo, srianfaidh sé thríd
B'fhéidir dhá dtagadh iontú bisigh aige as an ardú seo go dtéaltódh sé as
Níl aon mheas agam air anois ó bhuail an t-ardú aríst é — níl aon mhuinín agam go srianfaidh sé thríd srl.
Ó bhuail an t-ardú faoi dheireadh é, tá ualaí ag teacht air (fc. ualaí)
'Sé an ruainnín a d'ith sé a chuir an t-ardú air.
Níl gair aige greim a ithe nach dtagann ardú air, agus shílfeá go n-imeodh sé ar an bpointe
Níl siar ná aniar ionam ó tháinig an t-ardú mór orm inné.
Tá cliar ann anois ó bhuail an t-ardú go deireanach é.
Níl aon cheo in ann duine a chloí ach ardú mar sin
Bhí ardú uirthi i gcaitheamh na hoíche agus b'éigean dom fanacht in mo shuí dhá cumhdach
Bíonn biseach air i gcónaí sa ló, ach ó thitfeas oíche, tagann ardú air agus ní bheadh a fhios agat an teacht nó imeacht dó scaití
Tháinig scanradh mo chroí orm, mar ní raibh a fhios agam an teacht nó imeacht dhó nuair a bhí an t-ardú mór aréir air
Shílfeá gurb é clochar an bháis a bhí ann agus an t-ardú mór air inniu
'Siad na fataí a d'ith mé a chuir an méid sin ardú orm
Níl aon ghair agam drannadh le na fataí chor ar bith nach gcuireann siad ardú orm, agus cén bhrí, ach chomh dúlaí agus atá mé iontub
Scanraigh mé, go sábhála Dia sinn, agus an srunnán (srannán) a bhí ann san ardú mór a bhuail tráthnóna é.
Ní móide le cúnamh Dé go dtiocfadh aon ardú mar sin air níos mó
Má thagann ardú eile mar sin air, is furasta cur chuige ina dhiaidh
Níor fhan focal den chaint aige (níor fhan aon fhocal cainte aige) agus an t-ardú air.
+
Biseach an Domhnaigh agus ardú na Céadaoine — deireadh na seandaoine nár dóichíde rud dóibh seo ná bás a thabhairt do dhuine
Níl biseach an Domhnaigh ná ardú na Céadaoine go maith
TUILLEADH (12) ▼
B'fhurasta aithne nach ndéanfadh sé aon mhaith. Tháinig biseach an Domhnaigh air agus ardú na Céadaoine, agus ní mórán a thaganns uathub
Is corrdhuine a (gh)níonns aon rath i ndiaidh biseach an Domhnaigh agus ardú na Céadaoine
Bhí a fhios agam go mba gearr uaidh: bhí biseach aige Dia Domhnaigh agus ardú air Dia Céadaoin agus sé ar mhair sé go dtí tráthnóna Déardaoin
Is olc é biseach an Domhnaigh, mar ní minic uaidh a theacht gan ardú na Céadaoine a theacht ina dhiaidh
Chloisinn na seandaoine ariamh ag rá dhá mbeadh an t-imeacht ar dhuine go ngiorródh ardú na Céadaoine leis
Ní raibh daorbhasctha chor ar bith dhe go dtí an Chéadaoin ach níor fhan smeámh ar bith ann ó shin. Ní maith é ardú na Céadaoine. Chuala mé ariamh é
Imeoidh sé as sin anois — ardú na Céadaoine
Ní minic a tháinig biseach as ardú na Céadaoine
'Sí an Chéadaoin an lá is measa le ardú a theacht ar dhuine adeir siad
Tá a chnaipe déanta má bhuail ardú na Céadaoine é; tá sé ar an leabhar ag an bhfiach dubh má tháinig ardú na Céadaoine air
Cén gheis atá ar an gCéadaoin ach an oiread le lá ar bith eile le ardú a theacht ar dhuine. Má tá an bás ort, tiocfaidh sé chuile lá chomh maith leis an gCéadaoin
Níl in ardú na Céadaoine ach comhráití daoine. Níl aon lá áirid ag an mbás ach a theacht nuair atá do shaol caite

Féach freisin

ardú in iontrálacha eile (50+)

 
Tharasbarr cuthach a bhuail é nuair a chonaic sé fear na foghla ag ardú an chlaí
 
Thart soir, cuireann siad farúch faoi na cruacha nó na stácaí, mar adeir siad fhéin. Fráma adhmad é. Bíonn an chruach ardaithe den talamh uileag acu. Ní theagann fúthu nuair a bhíos siad ar fharúch. Is deacair do na luchain a dhul suas iontu ach oiread
 
In a bhfiolladóirí mar sin a chaith S. Ph. Sh. agus a mhuintir ag imeacht ariamh. Rud ar bith a gheobhaidís ar sliobarna — agus mura mbeadh sé te nó trom — bhí sé ardaithe leo acu. Is leitheadaí a labhróidís ná duine ar fónamh ina dhiaidh sin
 
fios
Níor chóir d'aon duine rud mar sin a ardú leis agus fios aige nach leis fhéin é
 
Dar diagaí tá chuile fhear dhá ardú (i bpáí) ach go bhfóire Dia ar an talmhaí bocht. Tá sé foirgthe ar fad
 
fág i
Fágfaidh muid ina dhearmad é. Níor mhaith liom a rá gurb é a ghoid d'aon uaim a rinne sé. Murab é fearacht an fhear fadó leis an ngairleoig aige é: "ní do do ghoid atá mé a ghairleog ach do t'ardú liom".
 
carn
Is beag an dochar dhá mhuineál a bheith carnaithe fhéin agus an bhís chainte atá air ó thosaigh an election seo. Diabhal aithne air nach aige atá iad (na teachtaí Dála) a chur isteach ar fad. Tá sé ardaithe uileag!
 
Chuala mé go raibh na carraeraí atá ar na bóithrí ag ceasacht páí an tseachtain seo ghabh thart, agus go raibh siad ag brath ar tabhairt suas mura bhfaighidís ardú. Tá siad réidh leis déarfainn. Séard a dhéanfar, na bóithrí a chaitheamh suas ar fad.
 
cleite
Tá E. chomh láidir le tarbh. Chonaic mise é lá an t-am a raibh an motorbicycle aige. Buaileadh suas air é thoir ag tigh D. agus bhí sé dhá shá anoir chomh fada leis an teach seo. Ba mheata leis an sá, agus dheamhan ceo a rinne sé, ach é a ardú faoin ascaill, idir chorp chleite is sciathán, gur leag sé istigh ar an urlár anseo é!
 
cíos
Is olc an ceart é go mbeadh cíos agus cabhlach ar bhreaclachaí agus ar chriathraigh a shaothraigh daoine go crua le allas a gcnámh, agus togha na talúna dhá fhágáil bán. Séard a bhí a dhéanamh, an cíos a mhaitheamh ar fad dhúinne, agus ardú dhá réir a chur ar na bithiúnaigh a bhfuil na feilmneachaí bána sin acub. Ba é an deasú orthub é.
 
Ní fhaca tú a leithide de bhail ariamh dhá chur ar dhuine. Bhí an bicycle ardaithe uaidh ag S., agus b'éigean dó siúl aníos, ainneoin gur gearr a bhí le dhul aige. Marcaíocht go Gaillimh agus cead siúl abhaile a bhí ann.
+
Murach an chloch sin a bheith sa mbealach orainn, b'fhurasta an leac a ardú.
TUILLEADH (2) ▼
Tá fir oibre as bealach más ag ceasacht páí atá siad aríst. Is gearr ó cheana a bhain siad ardú amach.
Tá an gnaíúlacht agus an chórtas ann ceart go leor, ach tá an bealach eile leis freisin. Mura bhfuil sé trom nó te, tá sé ardaithe leis aige.
+
beann
Dhá gcuirtheá cupla cúrsa eile d'ardú ar na beanna, d'fhéadfá ceann slinne a chur air.
TUILLEADH (1) ▼
Is maith a bhíodar ar a maidí má d'éirigh leob an bhinn sin a ardú (a dhul go dtí n-a círín)
+
Dhá gcaithinn an lá ag cur borraíochaí fúithi, chinnfeadh orm í a ardú ina dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Ní mór borradh a chur faoi lena ardú — fear a bhí tite ar meisce
 
Ba dheas iad na boscaeid a bhíodh fadó ann. Ní bheadh aon chall dhuit duine lena n-ardú ort.
 
bruach
Má thagann ardú eile air mar tháinig aréir, dheamhan a chos nach mbeidh ar bhruach na huaighe.
 
Nach sibh a shíleanns mé a bheith adhartha go scarfainn le mo gheadán talúna ar scáth scilling a ardú (seanduine a gheobhadh an pinsean iomlán — scilling thar mar a bhí sé a fháil cheana — dá dtugadh sé suas a chuid talúna amach is amach dá mhac)
 
Sin é nach raibh i bhfad ag fáil mná sa gcruinniú. Dheamhan a ndearna sé ach siúl suas go dtí an chéad cheann a chas leis agus bleid a bhualadh uirthi agus í a ardú leis. Sin é ar chuma ar bith buailim ort agus tigim leat. Is fada go ndéanfadh fear na háite seo é in áit strainséara, ná a ligfeadh an faitíos dó a dhéanamh.
+
buille
Ní aireoidh lucht airgid an tae bheith ardaithe, ach i nDomhnach fhéin, is mór an buille ar an duine bocht é.
TUILLEADH (1) ▼
Thosaigh na fir oibre ag ceasacht páí agus mhionnaíodar agus mhóidíodar dheamhan an buille (dheamhan oiread is an buille) a dhéanfaidís go bhfaighidís ardú.
 
buta
Go bhfóire Dia ort mura bhfuil tú in ann an buitín sin a ardú air fós?
 
ailím
Nach beag an náire a bhí air é a ardú leis mar sin, idir ailím ’is mhádar.
+
airde 1
Ba chóra dhaoibh na bearnaíochaí a ardú agus gan an áit a fhágáil uileag béal in airde mar a d'fhága sibh é.
TUILLEADH (1) ▼
D'fhága sé a bhicycle ina bhéal in airde taobh amuigh agus a fhusacht dhá rogha duine é a ardú leis — d'fhága sé go sleamchúiseach taobh amuigh é agus d'fhéadfadh duine ar bith é thabhairt leis go réidh
 
aire
Ní mór dhuit a bheith fíor-aireach ag ardú an strapa sin, mar tá boghlaeir mhóra ar forbhás ann — caithfidh tú a bheith airdeallach ag dul suas in aghaidh an strapa sin (fc. strapa) mar tá daigéid mhóra cloch ann agus is furasta leo sciorradh le fána
 
airigh
An airíonn tú aon ardú — aon donacht
 
anam
Inné a tháinig an t-ardú mór air agus tá sé in achar an anama anois.
+
Tabhair cúnamh dhom leis an gcléibhín seo a ardú orm.
TUILLEADH (10) ▼
Tharla nach raibh aon duine agam leis an mála a ardú orm, b'éigean dom éirí faoi.
Bhain mé stangadh as mo dhroim ag iarraidh an bhirt a ardú orm fhéin.
Ní bhfuair mé mo sháith le déanamh ariamh ach an máilín sin a ardú orm fhéin.
Tá mná le fáil ann ar ardú orm — tá mná i mbarr bachall ann; is éasca bean a fháil ann
Caithfidh sé go bhfuil mná i gConamara ar ardú orm agus é sin ag fáil mná ann.
Bhí spailpíní le fáil ar an bhFaiche Mhóir inniu ar ardú orm — bhí go leor acub ann, agus b'fhurasta margadh a dhéanamh leob
Gheofá muca ar an aonach inniu ar ardú orm.
Más talamh atá sé a iarraidh, gheobhaidh sé taobh soir anois é ar ardú orm, mar tá sé ag cinnt orthub an cíos a íoc air
Tá an oiread bicycles anseo anois agus go bhfaightheá ceann ar ardú orm.
Tá teach le fáil i nGaillimh anois ar ardú orm, agus is beag an dochar dhóibh agus a ndearnadh acub le gairid.
+
'Ní do do ghoid atá mé a ghairleog, ach do t'ardú liom' — sin é an rud adúirt an fear a ghoid an ghairleog. Tá leigheas sa ngairleoig ach níl aon mhaith í a ghoid. Ciallaíonn an leagan sin go minic nach maith leis an duine a rá go bhfuil sé ag déanamh rud as an mbealach, cuir i gcás, goid; uaireanta — ní do do ghoid atá mé a ghairleog, ach do do tharlú liom
TUILLEADH (7) ▼
Sé fearacht an fhir fadó agatsa é — ní do do ghoid atá mé a ghairleog, ach do t'ardú liom.
Nach é an dá mhar a chéile é sin agus é a ghoid. Sin é — ní do do ghoid atá mé a ghairleog, ach do t'ardú liom.
Bhain sé amach é, agus ina dhiaidh sin, bhí sé ag iarraidh an dubh a chur ina gheal ort — ní do do ghoid atá mé a ghairleog, ach do t'ardú liom.
Dúirt sé nach raibh sé dhá iarraidh ach ar iasacht ach níor tháinig sé ar ais ariamh leis. Tá sé fearacht fear na gáirleoige — ní do do ghoid atá mé a ghairleog, ach do t'ardú liom'.
Nach bhféadfaidh tú an bicycle a ardú leat chomh fada le ceann an bhóthair agus cén stró atá ort a dhul an t-aicearra ansin.
Má fhéadann tú é a ardú leat as réiteach, is amhlaidh is fhearr.
B'fhurasta do dhuine bean a ardú leis roimhe seo — imeacht léithe — ach caitheadh in aer an faisean sin.