Athrughadh (athrú)
—briathar
—iolraidh athruighthe, athruightheachaí, athrúintí. Athrúintí is minicí mar uimhir iolraidh air. Is ionann's gurab é 'bhíos ann uiliog anois
—
a.
malrait, claochmú, sinseáil.
+–
Is mór a d'athruigh an saoghal ó shoin.
Nach hé an saoghal a d'athruigh, ó'n uair nach mbíodh tae 'bith ann.
TUILLEADH (26) ▼
Nach mór a d'athruigh an saoghal, ó'n uair a chaithfeá a dhul Gaillimh d'aistear do chos.
Nímé ab é an saoghal nó na daoine a d'athruigh.
D'athruigh na daoine go mór le goirid: níor fhan nádúr ná carthannas a' bith ionnta(b) mar bhíodh fadó.
Tá'n saoghal ag athrughadh 'chuile lá.
Má d'athruigh an saoghal fhéin, is fearrde na daoine é.
Tá'n saoghal athruighthe go mór sa tír seo le cupla bliadhain, a's is fearrde cuid de na daoine an t-athrú, ach ní fearrde cuid eile.
D'athruigh béasaí na h-áite seo go mór, le tamall.
Tá chuile rud ag athrú anois, ach a' ghealach 'sa ghrian.
Mara bhfuil indán's go n-athrócha an saoghal go goirid, ní sheasfa na daoine é.
Mara n-athruighe an saoghal, ní bhfuighe tusa aon-ghéilleamhaint = ní thiubharfaidhear aon-áird ortsa ná ar do chuid cainnte.
Is mór athróchas an saoghal, má tá indán's go bhfaighidh an dream sin aon-áird go bráth.
Ní athró(chth)ar an saoghal [in] aon lá amháin. Bíodh foighid agad. I leaba a chéile déantar na caisleáin.
Shíl cuid de na daoine go n-athróchadh sé an saoghal de rith a's de léim = d'aon-iarraidh amháin.
Ní athróchtar in imtheacht bliadhna, ar dearnadh d'éagcóir a's de chréatúlacht igcaith(eamh) na gcéadta bliadhain.
Is mór a' t-athrú é.
Athrú mór é.
Is mór a' t-athrú a tháinic ar a' saoghal ó'n uair sin.
Tá athrú a' teacht ar a' saoghal 'chuile lá.
Tháinic athrú mór ar na daoine ó shoin.
Cé shílfeadh go dtiocfadh athrú chomh mór sin ar a' saoghal in imtheacht fiche bliadhain.
Sin é an t-athrú is mó fós.
Tá athrú ar a' saoghal 'chuile sheachtmhain.
Chuir a' cogadh athrú mór ar a' saoghal.
Theastuigh an t-athrú sin.
Is iomdha athrúintí ar a' saoghal le scath(amh) fhéin.
Tá athrúintí móra ar a' tír seo, le scór bliadhain anuas.
+–
Tá an oiread d'athrú air anois, a's nach n-aithneochadh aon-duine beo é = malrait gotha ar dhuine.
Ar chuir Meriocá aon-athrú uirre; a' ndearna Meriocá aon-athrú uirre? Freagra — athrú fánach é; rinne, a's an-athrú.
TUILLEADH (5) ▼
Ní donaide é an t-athrú 'tháinic air, ó d'imthigh sé.
Níor chuir Meriocá aon-athrú ar a chuid cainnte.
Tá na daoine ag athrú ar a' nGaedhilge go mór le goirid = a' labhairt na Gaedhilge in áit an Bhéarla.
Is beag adubhairt sé inGaedhilge, gur athruigh sé ar a' mBéarla.
Labhair mise Béarla leis, ach d'athruigh sé fhéin ar a' nGaedhilge ar a' bpuínnte.
+–
Ní fhaca tú aon-duine ariamh a dtagann an oiread athrúintí air leis = athruigheann sé intinn go minic, nó, buaileann taghdannaí é, agus annsin teigheann sé ar lághaigheacht aríst.
Bhí an oiread athrúintí 'teacht air, (bhí sé cur an oiread athrúintí dhe) a's nach mbeadh fhios agad, cé'n nóiméad a mbuailfeadh sé thú.
TUILLEADH (2) ▼
Is iomdha athrúintí a chuirea(nn)s a' tinneas sin fhéin de = ní mara chéile bhuaile(ann)s sé duine nó bhío(nn)s sé ar dhuine i gcomhnuidhe. Bíonn biseach ag duine amanntaí a's é air, a's amanntaí eile is donacht bhíos air.
Chuir sé cuid mhaith athrúintí dhe le dhá lá; tháinic cuid mhaith athrúintí air le dhá lá = bhíodh árdú air amanntaí a's biseach amanntaí eile (othar).
+–
Mara n-athruighe tú béasa, níl mórán gna(ithe) annseo agad = mara n-eirighe tú as a' bhfaisean atá ort etc.
Mara n-athruighe sé béasa, agus eirigh in am ar maidin, ní choinneo(cha) mise é (buachaill aimsire).
TUILLEADH (16) ▼
Mara n-athruighe sé béasa agus leigean de'n ól, is beag a' ghna(ithe) atá de theach aige.
Níl cuimniú 'bith féin aige béasa 'athrú.
Mara n-athruighe béasa dhíot, a bhfuil tú 'ceapadh go nglac(f)ar i dteach a' bith thú.
Mara n-athruighe sé béasa, tá gna(ithe) mhór de theach aige go deimhin.
Má athruigheann sé béasa, b'fhéidir go dtiubhraí áird eicínt air, ach dheamhan fhios agam.
D'athruigh sé 'béasa go mór, ó'n uair a bhíodh sé ag ól.
Athrócha tú béasa, nó fágfa tú an áit seo = athrócha tú t'fhaisean nó do chleachta, sin nó caithfe tú imtheacht as seo.
Baol ar siúd go deimhin béasa 'athrú: tá'n iomarca dúil 'san ól anois aige le eirigh as.
Is beag an baol air, béasa 'athrú: beidh sé ar a' gcóir céadna an fhad's mhairfeas sé.
Dubhairt sé liom mara n-athruighinn béasa go dtiubhradh sé bóthar na muice báine dhom
Ná taobhuigheadh sí mise níos mó, mara n-athruighe sí béasa agus í 'fhéin 'iomchur go caoitheamhail.
Mara n-athruighe tú béasa aige siúd, ní thiubharfa sé mórán ceathramhadh anama dhuit = ní thiubharfa sé móran áirleacain nó ionbhadh duit (ag obair dó etc).
Nach bhféadfá béasa 'athrú uair eicínt, agus gan a bheith ar a' táirm chéadna igcomhnuidhe.
Chuir mé aithne air, mara n-athruigheadh sé béasa, agus buille maitheasa eicínt a dhéanamh, nach gcoinneochainn lá ná leiceann thar a' lá cáirde é = chuir mé pearbhúl nó fainic air, mara n-eirigheadh sé as a' leaduidheacht a's as a' spreallaireacht, nach gcoinneochainn lá é, níos fuide ná'n uair a bheidheas a aimsir istigh.
Mara n-athruighe sí béasa, a's fanacht in éadan a cuid leabhar 'san oidhche, fharrus a bheith ag imtheacht a' guairdeall ar bhóithrí, ní dhéanfa sí aon-mhaith.
Mara n-athruighe tú bealaighe, (béasa), ní ghlac(f)aidhear in aon-áit thú.
+–
Caithfe tú athrú béasa a dhéanamh = caithfe tú do chuid béas athrú; caithfe tú eirghe as a' gceird atá ort (deirtear le duine olc, caithmheach, achrannach, leisceamhail etc é.)
Tá sé ar athrú béasa anois.
TUILLEADH (2) ▼
Bhí sé in am aige athrú béasa 'dhéanamh.
Ní dhéanfa sé sin aon-athrú béasa fharrus mar atá sé, go h-éag.
+–
Is gearr ó d'athruigh sé = ó tháinic malrait intinne nó baramhla dhó nó ó d'fhág sé dream amháin poiliteachta le dhul indream eile etc.
Tá sé athruighthe ar fad le bliadhain (in a bharamhlachaí)
TUILLEADH (2) ▼
Is deacair cuid de na daoine 'athrú, ó chaithfeas siad rud in a gceann.
Ní féidir é 'athrú, ó thug sé faoi deara dhó fhéin an faisean sin a' chéad uair.
+–
Tháinic athrú intinne aríst air; tháinic athrú intinne dhó aríst = tháinic malrait íntinne dhó.
Bíonn athrú íntinne air chuile phuínnte.
TUILLEADH (2) ▼
Ó chaithea(nn)s sé rud ina cheann uair amháin, ní thagann athrú intinne dhó, uaidh sin amach
Bhuail athrú intinne aríst é.
+–
Cuirfe mise athrú puirt ort; fágfa mise athrú scéal agad = ní bheidh tú ar a' gcóir a bhfuil tú de mo bharr-sa.
B'éidir go dtiubhradh sin athrú puirt dó (nó athrú scéil)
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh sé sásta, mí ó shoin leis a' gcaoi 'raibh an saoghal ag imtheacht, ach tá athrú puirt aríst anois air.
+–
Ba mhór a phráidhinn asta(b) anuraidh; ach tá athrú scéil aige, i mbliadhna.
Ní féidir cuid de na daoine a shású. Bíonn athrú scéil aca(b) chuile phuínnte sa ló.
TUILLEADH (3) ▼
Is minic leis athrú scéil 'bheith aige = is minic leis a intinn athrú nó a scéal athrú. Ní hé an scéal amháin bhíos aige maidin a's trathnóna.
Dubhairt sé indé gurb é Pádraic se'aghainne ba 'scionntaighe, ach tá athrú scéil (nó puirt) indiu aige.
Bíonn athrú scéil aige sin 'chaon dárna lá.
+–
D'athruigh a dhath (a shnuadh) nuair adubhairt mé é sin leis = shinseáil a dhath nó a shnuadh.
Bhí sé ag athrú dathannaí = dreach caillte 'toidheacht air.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé ag athrú a chuid éadaighe = a' cur éadaighe eile air, a's a' baint an éadaigh atá air dhe.
+–
Chuir sé athrú éadaigh air fhéin = malrait éadaigh.
Chuir sé athrú bróg air fhéin etc = malrait bróg.
TUILLEADH (2) ▼
Má's leat a dhul chuig an spraoi, cuir athrú éadaighe ort fhéin.
Má tá tú fliuch, cuir athrú éadaighe ort fhéin.
+–
B'fhearr dhuit a dhul ar athrú beatha = malrait beatha a chaitheamh; eirghe as a' mbeatha a chaithea(nn)s tú faoi láthair, agus a dhul ar bheatha eicínt eile.
B'fhéidir go ndéanfadh athrú beatha aon-mhaith dhuit.
TUILLEADH (3) ▼
Mara ndéana athrú beatha aon-mhaith dhuit, caithfe tú 'dhul chuig an dochtúr.
Chuir an dochtúr ar athrú beatha mé; d'ordaigh an dochtúr dhom a dhul ar athrú beatha.
Ní fhéadaim mo leath-dhóthain 'ithe ó b'éigean dom a dhul ar athrú beatha.
+–
Is gearr uainn athrú aimsire (nó uaire).
Tá sé in am ag athrú eicínt a theacht ar an uair feasta = tá sé in am ag an aimsir athrú eicínt a dheanamh feasta.
TUILLEADH (16) ▼
Ach grásta Dé ní dhéanfa sé aon-athrú imbliadhna.
Shílfeá go dtiocfadh athrú eicínt air ó'n mbáisti(gh) i lár an Earra(igh) thall
Tá athrú eicínt ar an aer anocht.
Déarfainn gur gearr uainn athrú.
Tá athrú air = athrú aimsire.
Níl aon-chosamhlacht (ghotha) athrú ar an uair.
Níor tháinic aon-athrú ar an uair anois le dhá mhí i mbéal a chéile.
Athrú 'un uaire móire ('un báistighe, 'un gairbhshin etc) atá air anocht = uair mhór nó glas-aimsir (báisteach, gairbhshion etc) a thiocfas ar an oidhche anocht.
Cé'n t-athrú meastú 'thiocfas as an oidhche anocht?
Níl aon-rath ormsa a' faithlidheacht, ach má tá athrú 'bith air, athrú báistighe é = níl mórán meabhair agham idtuartha na h-uaire, ach má tá indán's go n-athrócha an aimsir chor a' bith, báisteach a thiocfas as.
Ná bí súil le aon-athrú 'ríst go dtaga urú (urdhubhú) ar a' ngeala(igh) (urú = cúlú).
Tá aige (air) athrú eicínt a dhéanamh feasta a's gan a' bhliadhain a bhaint as an uair mhóir.
Ní mheasaim go ndeanfa sé aon-athrú go dtaga gealach aríst.
Is míllteach na h-athrúintí atá 'teacht ar an aimsir, an t-am seo 'bhliadhain.
Ní fhaca mé leithide d'athrúintí 'teacht ariamh, sa samhradh.
Is mór adéarfá leis a' ngeímhreadh, ach dhá dhonacht é, is corr-uair, a d'fheicfeá athrúintí mar seo air.
b.
athnuadhchan, deisiú.
+–
Tá sé le athrú 'chuir ar a' teach = é athnuadhchan, é dheisiú etc.
Ar chuir sé mórán athrú ar a' teach = athnuadhchan, deisiú, malrait caoi.
TUILLEADH (3) ▼
Níl call duit mórán athrú dhéanamh ar a' seomra sin. Tá sé sáthach maith mar atá sé.
Ná cuir aon-athrú ar a' ngúna sin anois, nó míllfe tú é.
Chuir sé an-athrú ar an áit.
c.
imirce.
+–
Is olc a chuaidh an t-athrú dhó = imirce.
Ní smais mhór a chuir a' t'athrú air.
TUILLEADH (5) ▼
Chuaidh an t-athrú go maith dhó. D'imthigh an snuadh caillte bhí air, dhe.
Is mór a' mhaith de mo shláinte an méid sin fhéin athrú.
Tá athrú go maith ag fear eitinne = athrú aeir.
Dhá laghad é an méid sin fhéin athrú, chuir sé maith mhór orm.
Dhéanfadh athrú aeir maith dhó; thiocfadh athrú aeir go maith dhó (féach aer)
+–
Tiocfa mé ar athrú lóistín (beatha, oibre etc) go goirid = gheobha mé lóistín eile, nó tiocfa mé 'mo chomhnuidhe i dteach lóistín eile.
Ta mé 'tóruigheacht athrú lóistín.
TUILLEADH (2) ▼
'Bhfuil fhios agad cá bhfuighinn athrú lóistín?
Tá muid ar athrú oibre an tseachtmhain seo.
+–
Athrú an chor ó'n tuaithbhil(?) ort! (eascainidhe) = deirtear le duine é bhíos i gcomhnuidhe a' cainnt ar athrú nó ar imirce a dheanamh. Ní droch-eascainidhe é.
Athrú an chor ó'n tuaithbhil ort, maran ort atá an t-athrú 'chuile ré soluis!
TUILLEADH (1) ▼
Athrú an chor ó'n tuaithbhil ort! Breagh nach n-athruigheann, má tá an oiread sin dá fhonn ort.
d.
+–
Ní féidir 'athrú 'rádh = ní féidir tada eile ach sin a rádh (ní malrait).
'Buachaillín deas óg mé, a's ní féidir 'athrú 'rádh; de chloinn Donnchadha na Céise mé a's de thogha na nGaedheal is fhearr' (as "Rosamhíl")
TUILLEADH (1) ▼
Cé'n chaoi 's féidir liom athrú 'rádh leat, a's a' chaoi atá ort.
+–
Scaibhtéara 'thug sé ort, a's ní fhéadfadh sé 'athrú thabhairt ort.
Má thug fhéin, ní fhéadfadh sé 'athrú thabhairt ort, a's a' bhail a bhío(nn)s ort.
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhéadfainn athrú d'ainm a thabhairt air, ach diabhal.
+–
'Sí do leas-mháthair a thóigfeadh sin ort, mar cé'n chaoi bhféadfá 'athrú a dheanamh = aon-cheo eile ach sin a dhéanamh.
Ní raibh aon-ghoir agam 'athrú 'dhéanamh, bídís sa mullach orm nó ná bíodh.
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé réidh go leor ag daoine rádh, go mbadh cheart dom seo siúd a dheanamh, ach 'bhí fhios agham fhéin, nach bhféadfainn 'athrú a dhéanamh leis.
Bhí sé fánach agham athrú an rud a rinne mé 'dhéanamh.
+–
'Sé Seán a ghoid a' mhóin — dheamhan athrú ariamh = ní duine 'bith eile ach Seán a ghoid an mhóin.
'Sé Seumaisín a d'innis dhi é — dheamhan 'athrú!
TUILLEADH (2) ▼
Dheamhan t'athrú ariamh a rinne é = is tusa 'rinne é go cinnte.
Dheamhan 'athrú ariamh a d'innis é, ach é féin. D'aithin mé luighe na bréige air, an oidhche 'raibh sé annseo.
+–
Dheamhan a h-athrú ariamh a bhí ann, ach 'Mag'. Chuala mé go raibh sí le cuireadh 'fhaghail.
Ní chreidfinn gurab é t'athrú fhéin ariamh a rinne é = ní chreidfinn nach tusa a rinne é.
TUILLEADH (7) ▼
D'eile cé thug leis é, ach Pádraig. Cé 'chaoi mbeadh fhios ag 'athrú, cá raibh sé idtaisce agam?
Má fhaghaimse amach nach hé t'athrú a rinne é, íocfa tú ann = má fhaghaimse amach gur tú fhéin a rinne é ídeocha mé ort é.
Ní chuirfe thar t'athrú féin é. Is tú a rinne é = tá mé dhá leagan ortsa, gur tú 'rinne é.
Is deacair liom a leigean in mo ghoire, go bhféadfadh t'athrú 'bheith ann.
Is mór a' t-íongnadh liom go mbeadh 'athrú amuigh an tráth seo d'oidhche.
Dheamhan ab é 'athrú ariamh 'bhí ann.
Dheamhan thiomanta t'athrú fhéin ariamh, a raibh láimh ná cois aige ann = níor chuir aonduine eile lámh ná cos ann cé's moite dhuit fhéin.
+–
Scaibhtéara críochnuighthe thú, a's ní hé athrú de chosamhlacht atá ort = cosamhlacht a' scaibhtéara atá ort.
Déanfa sé báisteach anois. Ní hé 'athrú de chosamhlacht atá air.
TUILLEADH (8) ▼
Príosún a gheobhfas tú as a dheire. Ní hé 'athrú de chosamhlacht atá ort.
Báithte bheidheas tú ar ball. Ní hé athrú de chosamhlacht atá ort, a's an tóir atá ar shnámh agad.
Ag iarraidh achrainn atá sé. Ní hé athrú de chosamhlacht atá air.
Aimsir bhriste í anois go cheann píosa. Ní hé athrú de chosamhlacht atá ar a' spéir, anocht.
Rachmall pósta atá air. Ní hé athrú d'fhuadar atá faoi, ar an aimsir seo.
Fear tolgtha é. Ní hé athrú de shnuaidh atá air.
Bó fhabhtach í sin. Ní hé 'athrú de chuma atá uirre.
Loiceadh a dhéanfas an cur sin. Ní hé athrú de ghotha atá air.
+–
Ní fhéadfa mé an cóta seo 'thabhairt dhuit mar níl athrú agam fhéin = níl aon-chóta eile agam fhéin ach é.
Fágfa mé orm na bróga seo, mar dheamhan a n-athrú agam.
TUILLEADH (8) ▼
Cé'n chaoi a dtiubharfainn a' ceann sin dó, a's gan 'athrú gabhail liom = gan ceann eile agam, ach é.
Bídís maith nó olc anois, caithfe mé mo ghaisneas 'bhaint asta(b) mar dheamhan a n-athrú agam.
Déan réidhteach leis a' máilín mine sin anois, mar ní bheidh athrú le faghail agaibh go dtí mí ó indiu.
Má thugann tú leat a' lampa sin, níl athrú sa teach anocht.
Bí aireach ar na stocaí sin anois, a's ná stiall iad, mar níl a n-athrú le faghail aghad, go cheann píosa.
Má's beag, mór anois é, níl 'athrú sa teach, go bhféada duine eicínt sroicheachtáil go dtí'n siopa imbáireach.
Má's mín garbh anois é, níl 'athrú agamsa le t'aghaidh.
Níl aon-neart agamsa ort, mara ndeana an léine seo thú, mar níl a' h-athrú agam dhuit faoi láthair.
Féach freisin
→
aer