athraigh
—briathar
—ainm briathartha: athruithe, athruíochaí, athrúintí. athrúintí is minicí mar uimhir iolra air, is ionann is gurb é a bhíos ann uileag anois
—
a.
malrait, claochmú, sinseáil.
+–
Is mór a d'athraigh an saol ó shin
Nach é an saol a d'athraigh ón uair nach mbíodh tae ar bith ann
TUILLEADH (26) ▼
Nach mór a d'athraigh an saol ón uair a chaithfeá a dhul Gaillimh d'aistear do chos
Ní mé ab é an saol nó na daoine a d'athraigh
D'athraigh na daoine go mór le gairid: níor fhan nádúr ná carthanas ar bith iontub mar a bhíodh fadó
Tá an saol ag athrú chuile lá
Má d'athraigh an saol fhéin, is fearrde na daoine é
Tá an saol athraithe go mór sa tír seo le cupla bliain, agus is fearrde cuid de na daoine an t-athrú, ach ní fearrde cuid eile
D'athraigh béasaí na háite seo go mór le tamall
Tá chuile rud ag athrú anois ach an ghealach is an ghrian
Mura bhfuil i ndán is go n-athróidh an saol go gairid, ní sheasfaidh na daoine é
Mura n-athraí an saol, ní bhfaighidh tusa aon ghéilliúint — ní thabharfar aon aird ortsa ná ar do chuid cainte
Is mór a athrós an saol má tá i ndán is go bhfaighidh an dream sin aon aird go brách
Ní athrófar an saol in aon lá amháin. Bíodh foighid agat. I leaba a chéile a déantar na caisleáin
Shíl cuid de na daoine go n-athródh sé an saol de rith is de léim — d'aon iarraidh amháin
Ní athrófar in imeacht bliana ar dearnadh d'éagóir agus de chréatúlacht i gcaitheamh na gcéadta bliain
Is mór an t-athrú é.
Athrú mór é
Is mór an t-athrú a tháinig ar an saol ón uair sin
Tá athrú ag teacht ar an saol chuile lá
Tháinig athrú mór ar na daoine ó shin
Cé shílfeadh go dtiocfadh athrú chomh mór sin ar an saol in imeacht fiche bliain
Sin é an t-athrú is mó fós
Tá athrú ar an saol chuile sheachtain
Chuir an cogadh athrú mór ar an saol
Theastaigh an t-athrú sin
Is iomaí athrúintí ar an saol le scaitheamh fhéin
Tá athrúintí móra ar an tír seo le scór bliain anuas
+–
Tá an oiread d'athrú air anois agus nach n-aithneodh aon duine beo é — malrait gotha ar dhuine
Ar chuir Meiriceá aon athrú uirthi; an ndearna Meiriceá aon athrú uirthi? Freagra — athrú fánach é; rinne, agus an-athrú.
TUILLEADH (5) ▼
Ní donaide é an t-athrú a tháinig air ó d'imigh sé
Níor chuir Meiriceá aon athrú ar a chuid cainte
Tá na daoine ag athrú ar an nGaeilge go mór le gairid — ag labhairt na Gaeilge in áit an Bhéarla
Is beag adúirt sé i nGaeilge gur athraigh sé ar an mBéarla
Labhair mise Béarla leis, ach d'athraigh sé fhéin ar an nGaeilge ar an bpointe
+–
Ní fhaca tú aon duine ariamh a dtagann an oiread athrúintí air leis — athraíonn sé intinn go minic nó buaileann taghdannaí é, agus ansin téann sé ar láíocht aríst
Bhí an oiread athrúintí ag teacht air (bhí sé cur an oiread athrúintí dhe), agus nach mbeadh a fhios agat cén nóiméad a mbuailfeadh sé thú
TUILLEADH (2) ▼
Is iomaí athrúintí a chuireanns an tinneas sin fhéin de — ní mar a chéile bhuaileanns sé duine nó a bhíonns sé ar dhuine i gcónaí. Bíonn biseach ag duine amantaí agus é air, agus amantaí eile, is donacht a bhíos air
Chuir sé cuid mhaith athrúintí dhe le dhá lá; tháinig cuid mhaith athrúintí air le dhá lá — bhíodh ardú air amantaí agus biseach amantaí eile (othar)
+–
Mura n-athraí tú béasa, níl mórán gnaithe anseo agat — mura n-éirí tú as an bhfaisean atá ort srl.
Mura n-athraí sé béasa agus éirí in am ar maidin, ní choinneoidh mise é (buachaill aimsire)
TUILLEADH (16) ▼
Mura n-athraí sé béasa agus ligean den ól, is beag an ghnaithe atá do theach aige
Níl cuimhniú ar bith féin aige béasa a athrú
Mura n-athraí béasa dhíot, an bhfuil tú ag ceapadh go nglacfar i dteach ar bith thú
Mura n-athraí sé béasa, tá gnaithe mhór de theach aige go deimhin
Má athraíonn sé béasa, b'fhéidir go dtabharfaí aird eicínt air ach dheamhan a fhios agam
D'athraigh sé béasa go mór ón uair a bhíodh sé ag ól
Athróidh tú béasa nó fágfaidh tú an áit seo — athróidh tú t'fhaisean nó do chleachta sin nó caithfidh tú imeacht as seo
Baol ar siúd go deimhin béasa a athrú: tá an iomarca dúil san ól anois aige le éirí as
Is beag an baol air béasa a athrú: beidh sé ar an gcóir céanna an fhad is a mhairfeas sé
Dúirt sé liom mura n-athraínn béasa go dtabharfadh sé bóthar na muice báine dhom
Ná taobhaíodh sí mise níos mó mura n-athraí sí béasa agus í fhéin a iompar go caoithiúil
Mura n-athraí tú béasa aige siúd, ní thabharfaidh sé mórán ceathrú anama dhuit — ní thabharfaidh sé móran airleacain nó ionú duit (ag obair dó srl.)
Nach bhféadfá béasa a athrú uair eicínt agus gan a bheith ar an táirm chéanna i gcónaí
Chuir mé aithne air mura n-athraíodh sé béasa, agus buille maitheasa eicínt a dhéanamh, nach gcoinneoinn lá ná leiceann thar an lá cairde é — chuir mé pearúl nó fainic air mura n-éiríodh sé as an leadaíocht agus as an spreallaireacht, nach gcoinneoinn lá é níos faide ná an uair a bheas a aimsir istigh
Mura n-athraí sí béasa agus fanacht in éadan a cuid leabhar san oíche, tharas a bheith ag imeacht ag guairdeall ar bhóithrí, ní dhéanfaidh sí aon mhaith
Mura n-athraí tú bealaí (béasa), ní ghlacfar in aon áit thú.
+–
Caithfidh tú athrú béasa a dhéanamh — caithfidh tú do chuid béas a athrú; caithfidh tú éirí as an gceird atá ort (deirtear le duine olc, caifeach, achrannach, leisciúil srl. é.)
Tá sé ar athrú béasa anois.
TUILLEADH (2) ▼
Bhí sé in am aige athrú béasa a dhéanamh.
Ní dhéanfaidh sé sin aon athrú béasa tharas mar atá sé go héag.
+–
Is gearr ó d'athraigh sé — ó tháinig malrait intinne nó barúla dhó nó ó d'fhág sé dream amháin polaitíochta le dhul i ndream eile srl.
Tá sé athraithe ar fad le bliain (in a bharúlachaí)
TUILLEADH (2) ▼
Is deacair cuid de na daoine a athrú ó chaithfeas siad rud ina gceann
Ní féidir é a athrú ó thug sé faoi deara dhó fhéin an faisean sin an chéad uair.
+–
Tháinig athrú intinne aríst air; tháinig athrú intinne dhó aríst — tháinig malrait intinne dhó
Bíonn athrú intinne air chuile phointe.
TUILLEADH (2) ▼
Ó chaitheanns sé rud ina cheann uair amháin, ní thagann athrú intinne dhó uaidh sin amach
Bhuail athrú intinne aríst é.
+–
Cuirfidh mise athrú poirt ort; fágfaidh mise athrú scéal agat — ní bheidh tú ar an gcóir a bhfuil tú de mo bharrsa
B'fhéidir go dtabharfadh sin athrú poirt dó (nó athrú scéil)
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh sé sásta mí ó shin leis an gcaoi a raibh an saol ag imeacht, ach tá athrú poirt aríst anois air
+–
Ba mhór a phráinn astub anuraidh, ach tá athrú scéil aige i mbliana
Ní féidir cuid de na daoine a shásamh. Bíonn athrú scéil acub chuile phointe sa ló
TUILLEADH (3) ▼
Is minic leis athrú scéil a bheith aige — is minic leis a intinn a athrú nó a scéal a athrú. Ní hé an scéal amháin a bhíos aige maidin is tráthnóna.
Dúirt sé inné gurb é Pádraic s'againne ba is ciontaí ach tá athrú scéil (nó poirt) inniu aige
Bíonn athrú scéil aige sin chaon darna lá.
+–
D'athraigh a dhath (a shnua) nuair adúirt mé é sin leis — shinseáil a dhath nó a shnua
Bhí sé ag athrú dathannaí — dreach caillte ag teacht air
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé ag athrú a chuid éadaí — ag cur éadaí eile air, agus ag baint an éadaigh atá air dhe
+–
Chuir sé athrú éadaigh air fhéin — malrait éadaigh
Chuir sé athrú bróg air fhéin srl. — malrait bróg
TUILLEADH (2) ▼
Más leat a dhul chuig an spraoi, cuir athrú éadaí ort fhéin.
Má tá tú fliuch, cuir athrú éadaí ort fhéin.
+–
B'fhearr dhuit a dhul ar athrú beatha — malrait beatha a chaitheamh; éirí as an mbeatha a chaitheanns tú faoi láthair, agus a dhul ar bheatha eicínt eile
B'fhéidir go ndéanfadh athrú beatha aon mhaith dhuit
TUILLEADH (3) ▼
Mura ndéana athrú beatha aon mhaith dhuit, caithfidh tú a dhul chuig an dochtúr
Chuir an dochtúr ar athrú beatha mé; d'ordaigh an dochtúr dhom a dhul ar athrú beatha
Ní fhéadaim mo leathdhóthain a ithe ó b'éigean dom a dhul ar athrú beatha.
+–
Is gearr uainn athrú aimsire (nó uaire)
Tá sé in am ag athrú eicínt a theacht ar an uair feasta — tá sé in am ag an aimsir athrú eicínt a dhéanamh feasta
TUILLEADH (16) ▼
Ach grásta Dé, ní dhéanfaidh sé aon athrú i mbliana
Shílfeá go dtiocfadh athrú eicínt air ón mbáistigh i lár an earraigh thall
Tá athrú eicínt ar an aer anocht
Déarfainn gur gearr uainn athrú
Tá athrú air — athrú aimsire
Níl aon chosúlacht (ghotha) athrú ar an uair
Níor tháinig aon athrú ar an uair anois le dhá mhí i mbéal a chéile
Athrú chun uaire móire (chun báistí, chun gairfin srl.) atá air anocht — uair mhór nó glasaimsir (báisteach, gairfean srl.) a thiocfas ar an oíche anocht
Cén t-athrú meas tú a thiocfas as an oíche anocht?
Níl aon rath ormsa ag fáidhlíocht, ach má tá athrú ar bith air, athrú báistí é — níl mórán meabhair agam i dtuartha na huaire, ach má tá i ndán is go n-athróidh an aimsir chor ar bith, báisteach a thiocfas as
Ná bí ag súil le aon athrú aríst go dtaga urú ar an ngealaigh (urú = cúlú)
Tá aige (air) athrú eicínt a dhéanamh feasta agus gan an bhliain a bhaint as an uair mhóir.
Ní mheasaim go ndéanfaidh sé aon athrú go dtaga gealach aríst.
Is millteach na hathrúintí atá ag teacht ar an aimsir an t-am seo bhliain.
Ní fhaca mé leithide d'athrúintí ag teacht ariamh sa samhradh
Is mór adéarfá leis an ngeimhreadh, ach dhá dhonacht é, is corruair a d'fheicfeá athrúintí mar seo air
b.
athnuachan, deisiú.
+–
Tá sé le athrú a chur ar an teach — é a athnuachan, é a dheisiú srl.
Ar chuir sé mórán athrú ar an teach — athnuachan, deisiú, malrait caoi
TUILLEADH (3) ▼
Níl call duit mórán athrú a dhéanamh ar an seomra sin. Tá sé sách maith mar atá sé.
Ná cuir aon athrú ar an ngúna sin anois nó millfidh tú é
Chuir sé an-athrú ar an áit
c.
imirce
+–
Is olc a chuaigh an t-athrú dhó — imirce
Ní smais mhór a chuir an t-athrú air.
TUILLEADH (5) ▼
Chuaigh an t-athrú go maith dhó. D'imigh an snua caillte a bhí air dhe
Is mór an mhaith do mo shláinte an méid sin fhéin athrú
Tá athrú go maith ag fear eitinne — athrú aeir
Dhá laghad é an méid sin fhéin athrú, chuir sé maith mhór orm
Dhéanfadh athrú aeir maith dhó; thiocfadh athrú aeir go maith dhó (fc. aer)
+–
Tiocfaidh mé ar athrú lóistín (beatha, oibre srl.) go gairid — gheobhaidh mé lóistín eile nó tiocfaidh mé i mo chónaí i dteach lóistín eile.
Ta mé ag tóraíocht athrú lóistín.
TUILLEADH (2) ▼
An bhfuil a fhios agat cá bhfaighinn athrú lóistín?
Tá muid ar athrú oibre an tseachtain seo.
+–
Athrú an chor ón tuaifil (?) ort! (eascainí) — deirtear le duine é bhíos i gcónaí ag caint ar athrú nó ar imirce a dhéanamh. Ní drocheascainí é
Athrú an chor ón tuaifil ort muran ort atá an t-athrú chuile ré solais!
TUILLEADH (1) ▼
Athrú an chor ón tuaifil ort! Breá nach n-athraíonn má tá an oiread sin dá fhonn ort.
d.
+–
Ní féidir a athrú a rá — ní féidir tada eile ach sin a rá (ní malrait)
"Buachaillín deas óg mé, agus ní féidir a athrú a rá; de Chlainn Donnchadha na Céise mé agus de thogha na nGael is fhearr" (as Ros an Mhíl)
TUILLEADH (1) ▼
Cén chaoi is féidir liom a athrú a rá leat agus an chaoi atá ort.
+–
Scabhaitéara a thug sé ort agus ní fhéadfadh sé a athrú thabhairt ort.
Má thug fhéin, ní fhéadfadh sé a athrú thabhairt ort agus an bhail a bhíonns ort
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhéadfainn a athrú d'ainm a thabhairt air ach diabhal
+–
'Sí do leasmháthair a thógfadh sin ort, mar cén chaoi a bhféadfá a athrú a dhéanamh — aon cheo eile ach sin a dhéanamh
Ní raibh aon ghair agam a athrú a dhéanamh, bídís sa mullach orm nó ná bíodh
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé réidh go leor ag daoine rá go mba cheart dom seo siúd a dhéanamh, ach 'bhí a fhios agam fhéin nach bhféadfainn a athrú a dhéanamh leis
Bhí sé fánach agam athrú an rud a rinne mé a dhéanamh
+–
'Sé Seán a ghoid an mhóin — dheamhan a athrú ariamh — ní duine ar bith eile ach Seán a ghoid an mhóin
'Sé Séamaisín a d'inis dhi é — dheamhan a athrú!
TUILLEADH (2) ▼
Dheamhan t'athrú ariamh a rinne é — is tusa a rinne é go cinnte
Dheamhan a athrú ariamh a d'inis é ach é féin. D'aithin mé luí na bréige air an oíche a raibh sé anseo
+–
Dheamhan a hathrú ariamh a bhí ann ach Mag. Chuala mé go raibh sí le cuireadh a fháil
Ní chreidfinn gurb é t'athrú fhéin ariamh a rinne é — ní chreidfinn nach tusa a rinne é
TUILLEADH (7) ▼
Deile cé thug leis é ach Pádraig. Cén chaoi a mbeadh a fhios ag a athrú cá raibh sé i dtaisce agam?
Má fhaighimse amach nach é t'athrú a rinne é, íocfaidh tú ann — má fhaighimse amach gur tú fhéin a rinne é ídeoidh mé ort é
Ní chuirfidh thar t'athrú féin é. Is tú a rinne é — tá mé dhá leagan ortsa gur tú a rinne é
Is deacair liom a ligean in mo ghaire go bhféadfadh t'athrú a bheith ann
Is mór an t-ionadh liom go mbeadh a athrú amuigh an tráth seo d'oíche.
Dheamhan ab é a athrú ariamh a bhí ann.
Dheamhan thiomanta t'athrú fhéin ariamh a raibh láimh ná cois aige ann — níor chuir aon duine eile lámh ná cos ann cé is moite dhuit fhéin
+–
Scabhaitéara críochnaithe thú agus ní hé a athrú de chosúlacht atá ort — cosúlacht an scabhaitéara atá ort
Déanfaidh sé báisteach anois. Ní hé a athrú de chosúlacht atá air
TUILLEADH (8) ▼
Príosún a gheobhas tú as a dheireadh. Ní hé a athrú de chosúlacht atá ort
Báite a bheas tú ar ball. Ní hé a athrú de chosúlacht atá ort agus an tóir atá ar shnámh agat
Ag iarraidh achrainn atá sé. Ní hé a athrú de chosúlacht atá air
Aimsir bhriste í anois go cheann píosa. Ní hé a athrú de chosúlacht atá ar an spéir anocht
Rachmall pósta atá air. Ní hé a athrú d'fhuadar atá faoi ar an aimsir seo
Fear tolgtha é. Ní hé a athrú de shnua atá air
Bó fhabhtach í sin. Ní hé a athrú de chuma atá uirthi
Loiceadh a dhéanfas an cur sin. Ní hé a athrú de ghotha atá air
+–
Ní fhéadfaidh mé an cóta seo a thabhairt dhuit mar níl a athrú agam fhéin — níl aon chóta eile agam fhéin ach é
Fágfaidh mé orm na bróga seo, mar dheamhan a n-athrú agam
TUILLEADH (8) ▼
Cén chaoi a dtabharfainn an ceann sin dó agus gan a athrú ag gabháil liom — gan ceann eile agam ach é
Bídís maith nó olc anois, caithfidh mé mo ghaisneas a bhaint astub mar dheamhan a n-athrú agam
Déan réiteach leis an máilín mine sin anois mar ní bheidh a athrú le fáil agaibh go dtí mí ó inniu
Má thugann tú leat an lampa sin, níl a athrú sa teach anocht
Bí aireach ar na stocaí sin anois agus ná stiall iad, mar níl a n-athrú le fáil agat go cheann píosa
Más beag mór anois é, níl a athrú sa teach go bhféada duine eicínt sroicheachtáil go dtí an siopa amárach
Más mín garbh anois é, níl a athrú agamsa le t'aghaidh
Níl aon neart agamsa ort mura ndéana an léine seo thú, mar níl a hathrú agam dhuit faoi láthair
Féach freisin
→
aer
athraigh in iontrálacha eile (50+)
+
→
focal
Níor chuir mé cor an fhocail air; níor chuir mé iontú an fhocail air; níor chuir mé athrú an fhocail air — ceo ar bith bréige ach mar a bhí an scéal; an scéal a inseacht amach gan frapa gan taca mar a bhí sé; gan agús ar bith a chur sa scéal, ná bréag ná áibhéil a dhéanamh faoi
TUILLEADH (1) ▼
Bhuel chuir sé athrú an fhocail air thar mar a chuala sé agamsa é. Séard adúirt mise … Tá sin chomh siúráilte leis an lá beannaithe
→
fág
Sin ní fhágfainn le mo ló murach go raibh lón ar iompar agam. Sliabh gortach a tháinig orm. Ní hé a athrú a bhí ann. B'fhurasta a aithinte dhom é
→
comaoin
Má tá i ndán is gur caitheadh comaoin le aon duine sa teach sin muis, tá athrú mór ar an saol.
Má tá comhar na gcomharsan as gnás, tá cothromacan síne na haimsire fós ann, agus beidh go dté an saol ar suíochan. Níl aon duine in ann an aimsir a athrú ach Dia, moladh go deo leis.
Talamh stalcánta é, agus dheamhan moill ar bith a bheadh air go mbeadh sé ina chíb ar éigean mura bhfaigheadh sé an-iongabháil — rud nach bhfaighidh sé uaidh siúd nó d'athraigh sé.
→
bannaí 1
I nDomhnach is beag dhá fhonn atá ormsa a dhul i mbannaí air, mar is olc an díolaí é murar athraigh sé. Ach ó d'iarr sé mé, ba deacair dhom é a eiteachtáil.
→
beart
Sin beart eile atá sé a chur ina shuí anois, an cneámhaire, le é fhéin a dhaingniú isteach tuilleadh. Dheamhan a athrú ariamh! An féidir a bheith suas lena chuid gleacaíochta chor ar bith?
→
béalóg
D'athraíomar leath bealaigh abhaile: fuaidh mise ar cúlóig agus eisean in m'áitse ar béalóg.
Is maith a rinne siad é agus athrú síos Contae na Mí. Níorbh áit buaile ná seanbhaile dóibh an tamhnach sin thiar.
→
beo 2
Dúirt cailleach na clúide nár bheo léithe a beo ó b'éigean di athrú as an mbaile. Ach dheamhan mórán clóice a bhí uirthi ina dhiaidh sin i gcosúlacht.
Diachta dhuit má fuair tú deis athrú nár athraigh dhuit fhéin, tharas do chuid allais a bheith tugtha chuile lá sa mbliain ag breaclachaí bradacha an bhaile seo.
→
bruach
Murar athraigh sé, beidh greim aige ar an dá bhruach — liomsa agus leatsa agus liomsa aríst — sin é an chaoi a bhfuil sé sin.
+
→
aer
Níor mhór dhuit a dhul ar athrú aeir — athrú go dtí áit eile. Ceaptar go gcuideodh sin le sláinte dhuine
TUILLEADH (4) ▼
Má tá míshláinte air, b'fhearr dhó a dhul ar athrú aeir
Mura dtéiteá ach síos Gaillimh coicís nó mí, is mór an t-athrú aeir dhuit é.
D'íosfainn an t-sáith Mhuimhneach anois muran athrú aeir a rinne dhom é
Tá athrú ar an aer ann ina dhiaidh sin tharas an áit seo
Tá athrú eicínt le theacht ar an saol muis, má tá i ndán is go raibh an oiread bog shíne i J. M. agus gur sheas sé leathghalún!
+
→
amuigh
Tá an oiread amuigh orm tigh J. F. agus níl aon ghair agam athrú as go n-íoca mé roinnt dhe.
TUILLEADH (1) ▼
Mura dtaga aon athrú ar an saol, cinnfidh orainn leath dhá bhfuil amuigh orainn a ghlanadh.
→
fleaim
Is fadó an lá nach raibh fleaim ar bith ann. B'fhéidir go ndeachaigh sé ar athrú béasaí. Ní bhíodh seachtain ar bith roimhe seo nach gcloisfeadh duine go mbíodh sé ag troid — duine tucarach d'achrann; é ligthe faoi anois
→
fuagair
Bíonn na mulláin sin ag fuagairt le athrú uaire — nuair a bhíos an uair ar thí athraithe, bíonn torann ag na mulláin sin
→
fás 1
Tá fás ar mo roinnse i mbliana. Athrú anuraidh a baineadh go deireanach í. Ní bheadh bord go deo agat le fáisín
→
fómhar
Ní bheadh a fhios agat cén tsinseáil a bheadh air. Ní dóigh ar bith oíche fhómhair. D'athródh sí le iontú do bhoise
Mífhollántas na háite thoir ba chiontach léithe, adeir an dochtúr. Chuir sé aithne uirthi a dhul ar athrú aeir
+
Ní mór dhuit t'ainm a chur isteach anois má tá fút athrú go Contae na Mí
TUILLEADH (1) ▼
Shíl mise nach raibh cuimhne ar bith athrú aige, ach chuala mé gur chuir sé isteach a ainm le Contae na Mí ina dhiaidh sin — chuir sé isteach ar thalamh ann
→
imigh
Níl athrú ná imeacht dá dtáinig ar an saol le ceithre fichead bliain nach n-inseodh sé dhuit
→
feothan
B'fhéidir gur ag athrú na haimsire atá na léasáin sin. Ach m'anam go sílim nach ngabhfaidh sé ar dhea-uair go ceann scaithimh eile. Tá "seo" scaltrachaí feothain dhá chaitheamh aige
→
fód
Níor mhór únfairt mhaith fheamainne ansin faoi go raibh sé faoi fhataí athrú anuraidh cheana. Níl ann ach talamh aon fhód, agus ní dhéanfaidh sé aon chúis gan an leasú
→
fuaraigh
Bhí an-chaint aige athrú na chéad laethanta ach tá sé fuaraithe as anois. B'fhéidir go bhfuil sé ar a sháimhín só san áit a bhfuil sé
→
abair le
Bhí an gamhainín sin an-truaillithe fadó i mbliana, ach ó chuir sé ar athrú cimín é, tá sé ag teacht aige féin mar adéarfá leis é
→
daba
Ná bac le tuiscint a bheith ag muintir na háite seo a dheartháir. Ní athróidh siad go brách fhad is choinneos an government daba leo
Is aisteach í an toirneach. Tugann sí athrú: aimsir bhriste nó aimsir dhaingnithe — dhá mbeadh an uair go breá, í ag fanacht go breá
Mura bhfuil uirthi ach dallamullóg, tiocfaidh sí uaidh. Má chuireann tú ar athrú áite í, mise i mbannaí gur gearr a bheas aon cheo dhó sin uirthi. Bhí na híochtair sin rófhliuch aici
→
daor 3
Tá bullán anseo thíos agam agus níl aon gharraí gabhann in Éirinn in ann é a chuibhriú. Tá a bhfuil de chlaíochaí ag gabháil liom leagtha go talamh aige. Níl a fhios agam faoi sheacht ranna an domhain cén súnás atá air. Dhá mbeadh sé ag fáil ocrais is mór adéarfainn, ach tá sé go bolg i bhféar chuile lá dá n-éiríonn ar a shúil. Ach déanfaidh mise cleas leis: cuirfidh mé ceangal na naoi ndaora air, go mbuaile mé a smut ar a chrúib agus a chrúib ar an talamh, agus sin ní fhágfaidh sé nó go n-athraí sé béasa
Mura n-athraí tú béasa, tá faitíos orm, sábhála Dia sinn, nach í an dea-chríoch a bheas ort. Ná bac le inín ar bith a ghabhfas thar chomhairle a hathar agus a máthar. Ní hé bara a leasa atá fúithi
→
dea-rún
Tá rún aige rud eicínt a dhéanamh agus ní hé an dea-rún é nó d'athraigh sé. Tá an diabhal croite air sin
+
→
deachma
Tá cheithre pholl (fataí) clúdaithe aige agus glac eile le claí. Meas tú an fataí síl iad siúd le claí, nó an brath ar a dtabhairt don deachma atá sé. Ar ndóigh mo léan ní hea. Is beag an néal atá air siúd. Cat bradach a gheobhadh brabach air, murar athraigh sé ó anuraidh, ó d'fhéach sé le banbh fireann a chur ormsa, mar dhóigh dhe go mba ceann baineann é
TUILLEADH (1) ▼
Anois atá sé ag íoc deachma na sláinte. Thug sé sin drochthónáiste dhó fhéin as a óige, agus ní fhéadfadh sé rith leis. Chaithfeadh sé a dhul roimhe uair eicínt. Dheamhan fear dhá bhfaighidh an tónáiste nach bhfágfaidh sí a shéala air luath nó mall. Is olc an rud í an chois fhliuch, agus an ghail bhruite as do chuid éadaigh thuas ar do chraiceann. Ba in é a fhaisean sin muis. Ní bheadh géilliúint ar bith aige d'athrú éadaigh ná stocaí. 'Sé an chaoi a dtosódh sé ag flithmhagadh fút faoi. 'Níl siad ag cur tada asam dhom,' adéarfadh sé. Ar ndóigh bhí an scéal sin ceart go leor, go dtí leis an aimsir. Sin é an buille
→
dearg 1
Cén uair ar hathraíodh na pluideogaí ar an bpáiste seo go deireanach. Dheamhan é le dhá lá! Tá sé dearg uileag an créatúr. Nach é an náire bhruite é