Beo
—aidiacht, do-bhriathar.
1.
gan a bheith marbh; splannc nó dé na beatha a bheith ionnad; a bheith ar a' saoghal seo, nó ar shlighe na bréige.
a.
+–
Tá sé beo fós.
Níl ann ach go bhfuil mé beo.
TUILLEADH (8) ▼
'Bhfuil tú beo chor a' bith th'éis na h-oidhche?
Is mór a' saothruidhe thú a's a bheith beo chor a' bith, th'éis a ndeacha tú thríd!
Ní cás do dhuine é, fhad's bheidheas sé beo chor a' bith.
Níl beo anois de'n mhuirghín, ach inghean amháin.
Bhí an díleághadh ar na créatúir. 'Sé a bhfuil beo ar a' bhfeádhain anois aca(b), mac amháin.
Má tá sé beo fós, mairfe sé choidhchin.
Is diabhluidhe an saoghal atá sé a fhaghail, má tá sé beo fós.
'Sé atá beo, a's beo go maith. = 'sé atá, a's sean-bheo.
+–
Níl mé ach beo ar éigin {{= dith-bheo.}
Dheamhan ann ach go bhfuil mé beo ar éigin, th'éis a' ruaig sin.
TUILLEADH (3) ▼
T.: Cé'n chaoi 'bhfuil tú? S.: Beo ar éigin, leisce bás a fhaghail (níl ann ach modh focail. Ní móide go mbeadh clóic a' bith ar a' té adéarfadh é).
Beo ar éigin leisce bás 'fhaghail, a mhic ó. Is maith an mhaise dhuit fhéin é, bail ó Dhia ort.
Beo ar éigin, a's ní mórán leis.
+–
Go dtuga Dia do na daoine a bheith beo! (nuair a thráchtfaidhe ar an Nodlaig, ar fhéile ar bith, nó ar rud sunntasach ar bith a bheadh chugad).
Go dtuga Dia dhuinn a bheith beo in ar saoghal a's in ar slainte, len' fheiceál.
TUILLEADH (4) ▼
Go dtuga Dia dhuinn a bheith beo, as ab uil a chéile aríst oidhche chinn bhliadhna! (beannacht adéarfadh duine i gcomhluadar oidhche chinn féile).
Go dtuga dia dhuinn a bheith beo, an t-am seo aríst!
Go mbeireamuid beo ar an am seo aríst! (beannacht ar nuaidheacht eicínt a fheiceál i.e. uan óg idtús bliadhna, biadh nuadh, nó mar ghuidhe).
A Dhia dhá thárrtháil! Go mbeireamuid beo ar an am seo aríst! (Rud a chuirfeadh iongantas ort, nó nuaidheacht).
+–
Beidh spré-mhóin ann, an té a bheidheas beo aríst = beidh spré-mhóin ag a' té a bheidheas beo, an t-am seo aríst (an t-am seo an chéad bhliadhain eile)
Cá bhfios duit go mbeitheá beo aríst, ach súil le Dia.
TUILLEADH (3) ▼
'Racha mé faoi do'n té a bheidheas beo aríst; go bhfuighe 'Rebelmen' luach a slainte (Rafteri — Na Buachaillí Bána)
Beidh pósaidheachaí ann, an té a mhairfeas beo aríst, má tá an oiread sin Punncán a' teacht.
An té a bheidheas beo aríst, beidh neart oibre le faghail aige, má tá indán's go bhfuil an dug sin le deanamh.
+–
Is aoibhinn do'n té a bheidheas beo indiaidh an choga adeir siad.
Naoi lá a sheasfas a' cogadh adeir a' tar(n)gaireacht. Ní mór do chuile dhuine trí mhaingín min' choirce a thabhairt leis, a's a dhul síos in ua(mh)ain thalmhana go mbeidh sé thart. Ach is aoibhinn do'n té a bheidheas beo. Beidh saoghal na bhfuigheall aige.
TUILLEADH (2) ▼
'Tiocfa luing an óir; tiocfa an tóir 'na diaidh; Tiocfa coga an dá Ghall go h-Éirinn, agus is aoibhinn do'n té; 'bheidheas beo ina dhiaidh' (Rann tarngaireachta)
Má thagann cogadh, ní bheidh aon-duine beo 'na dhiaidh, ach grásta Dé.
+–
Chomh uain's 'bheidheas tú beo aríst, ná déan a leithide sin.
Ní fheicfe tú mise dhá thaobhachtáil chomh uain's bheidheas mé beo aríst.
TUILLEADH (2) ▼
Chomh uain's 'bheidheas tú beo aríst, ná leag méirín fhliuch air sin, má tá do leas ar Dhia.
Múinfe sin thú aríst, gan aon-araoid a chuir air sin, chomh uain's 'bheidheas tú beo aríst.
+–
An dá lá a's 'bheidheas mise beo aríst, ní bheidh mo phlé leis; an dá [lá] is beo mise aríst, ní bheidh mo phlé leis.
An dá lá is beo thú aríst, ná cuir chuige ná uaidh.
TUILLEADH (4) ▼
Múinfe sin thú, gan drúcht ná báisteach a rádh le aon-duine de'n dream sin, an dá lá is beo thú aríst.
Tá mo chomhairleachan faighte agam anois, a's ní in aisce é, ach an oiread. An dá lá is beo mise aríst, ní bhlaisfe mé d'aon deoir óil.
An dá lá a's 'bheidheas mise beo aríst, dheamhan isteach in aon-teach ósta a ghabhfas mé
Ó'n lá sin go dtí an lá atá indiu ann, níor labhair mise focal arrannta le S. ná ní labhrócha an dá lá is beo mé.
+–
Chomh cínnte (nó chomh 'siúráilte') a's atá tú beo, sé 'bhí ann.
Chomh siúráilte a's tá mé beo, sin é a dhéanfas sé. Dheamhan a mhaltraid.
TUILLEADH (3) ▼
Chomh 'siúráilte' a's atá beo dhó, sin é an áit a raibh sé ag gabhail.
Chomh cínnte a's tá mé beo, ag iarraidh mná a bhí sé ag gabhail.
Chomh cínnte a's tá sé beo, 'sé a casadh do Mháire mar sin.
+–
Dheamhan a bhfuil beo dhó, nó sé 'bhí ann = 'sé 'bhí ann go cinnte.
Dheamhan a bhfuil beo dhíot, nó's tú a rinne é. D'aithneochainn ar do dhá shúil é. A's thú ag iarraidh é 'leagan ar dhaoine eile annsin!
TUILLEADH (10) ▼
Dheamhan a bhfuil beo de Learuidhe, nó sin é anoir é.
Dheamhan a bhfuil beo de Phádraic, nó tiocfa sé ann = tiocfa sé ann, go cínnte.
Dheamhan a bhfuil beo de'n sagart, nó sin é aníos é. = sin é aníos a' sagart go cinnte.
Dheamhan a 'bhfuil beo de T. Mh. nó 'sé a d'innis dóib é.
Chonnaic mé an strainséara ag gabhail soir ann aréir, a's dheamhan a bhfuil beo dhó, nó sin é a bhí ann.
Dheamhan a bhfuil beo de Nóra, nó 'sí a chuir suas le bean Sh. Mh. N an méid sin a rádh. Tá cúl a cainnte go maith leis a' gceann sin.
Dheamhan a bhfuil beo dhó mar sin, nó 'sé a d'airigh mé a' rúpáil ar fud na sráide deireannach aréir.
Dheamhan a bhfuil beo de 'Phateen', nó imtheocha sé fhéin anois, chomh maith le duine.
Dheamhan a bhfuil beo dhíot, nó's tú a chum do Mh. Bh., go raibh M. A. ag gabhail a' pósadh. Dubhairt sé liomsa gur cuireadh pearbhúl air, gan cainntiú air.
Dheamhan a bhfuil beo dhíot, nó's tú a ghoid mo chuid tobac.
+–
A bhfuil beo ar thalamh an domhain, a's ní chuirfeadh chuig a' scoil é.
A' bhfuil beo a's, ní bhainfeadh ceart di — ní bhainfeadh sin.
TUILLEADH (2) ▼
Dheamhan a bhfuil beo a chuirfeadh aon-chomhairle air, nuair a chaithfeas sé in a cheann rud a' bith a dheanamh.
Dhá mbeadh a bhfuil beo istigh, sé'n rud céadna a dhéanfad sé.
+–
B'fhearr liom beo idtalamh ná a' plé leat = d'fhuilingeochainn rud a' bith, ach gan aon-bhaint a bheith agam leat.
B'fhearr do dhuine beo idtalamh, ná ag éisteacht leis an amhlóir sin ó mhaidin go faoithin.
TUILLEADH (7) ▼
B'fhearr dhó go mór beo i dtalamh, ná ar a' gceird atá air. A' mbeadh fhios ag aon duine beo, cé'n chaoi a maireann sé chor a' bith.
Dar liom fhéin, go mb'fhearr do dhuine beo i dtalamh, ná a bheith ag iarraidh a' bheith coinneál chocaireachta leis a' gcailleach is máthair dó.
B'fhearr liom beo i dtalamh ná a' breathnú air. Scrúdfadh sé na clocha glasa — scrúdfadh sin.
B'fhearr liom beo i dtalamh ná a' breathnú ar do leithide ag obair. Chuirfeá múisc ar ghadhar.
B'fhearr dhó beo i dtalamh, nó a bheith ag iarraidh a bheith baint ceart de'n raibiléara mná atá aige.
Cheapfainn fhéin ar aon-chor, go mb'fhearr do dhuine beo i dtalamh, ná a bheith ag dul trí mhíle a' deanamh bóthair, ar an aimsir seo.
B'fhearr liom beo i dtalamh nó a' gabhailt de chlocha ar mo chuid ceirteachaí, ná a bheith sa gcruth a bhfuil Séamus — reicthe ag paca ban.
+–
Ní beo é gan a bheith a' déanamh rud eicínt as bealach; ní bheadh sé beo gan a bheith a' déanamh contráilteachta eicínt. (Is iondamhla an chéad leagan — "ní beo é")
Ní beo thú gan a bheith corruighe a's do do lúbadh fhéin.
TUILLEADH (11) ▼
Ní beo é gan a bheith imthighthe, a's nuair a bhíonn sé imthighthe, dheamhan a' beo é, gan a bheith sa mbaile aríst, a's dheamhan fhios agham fhéin cé'n scéal é! Bíonn cuid de na daoine an-luath-íntinneach.
Tá mé 'ceapadh nar bheo thú, mara mbeitheá a' coireamhaint ar dhuine eicínt.
Ní beo é, gan a dhul a' cuartaidheacht go h-acht a's go h-áithrid.
Ní beo, an ceann céadna, mara bhfagha sé cead bóithreoireacht' agus is olc a theighea(nn)s sé dhó go minic — is olc sin.
Is cosamhail nach beo thú, mara leigtear a' déanamh púicín thú. Well, caithfe tú déanamh dhá uireasbha anocht ar aon-chor.
Níor bheo é, go dteigheadh sé a' (de?) charruidheacht liom, a's nuair a chuaidh muid a' charruidheacht, ba gearr go ndearna mé cleas a' tradhaill leis. Ní bheidh an oiread fonn air aríst déarfainn.
Níor bheo é Seán, go dteighead sé ag ól, agus is beag a bhí ólta aige, 'san am a raibh sé ar meisce. Sílim gur beag an acmhúinn atá ar aon-ól aige — gur beag sin.
Ní beo é an diabhlánach céadna, mara mbeidh sé a' déanamh míllteanais eicínt, hébrí cé'n smál atá air, fharras duine 'bith dhá aois ar a' mbaile.
Níor bheo na gearrchaileadha, go bhfaghaidís cead a dhul chuig an gcéilidhe, ach sílim dhá mhéad fonn a bhí orra(b) a dhul ann, go raibh a dhá oiread fonn orrab a theacht as. Chuala mé nach damhsa a bhí ann, ach achrann
Ní beo thú gan a bheith 'spochadh leis an ainnle bhradach sin, a's fios aghad cé'n bealach atá leis.
Níorbh bheo thú ariamh fhéin, mara mbeadh duine eicínt agad, le dóigh mhagadh a dhéanamh dhe.
+–
Ní fearr dhó beo.
Dheamhan a' fearr dhó beo an duine bocht, a's fheabhas a's 'bhí sé a' saothrú an tsaoghail.
TUILLEADH (3) ▼
Ní fearr beo an ceann céadna. B'olc é, 'ndeana Dia grásta air!
Ní fearr dhó beo, má bhí sé chomh dona sin.
Má mharbhuighthear fhéin muid, cé fearr do na daoine beo.
+–
Má's beo mé, tiocfad (freagra ar dhuine a d'fhiafróchadh díot a' dtiocfá in áit eicínt).
Má's beo mé beidh mé ann.
TUILLEADH (1) ▼
Impidhim ar a' Domhnach maran beo mé ach mí; seal fada a bheith a' gabhail leat ar thórainn Bhéal Átha an Ríogh.
+–
Dhá fhuideacht (nó dhá fhada) beo mise, ní fhaca mé a leithide de chleas dhá dhéanamh ag aonduine.
Is fada beo mé, ach ní fhaca mé a leithide d'aimsir ariamh a's atá ann, le sé seachtmhainí.
TUILLEADH (1) ▼
Is maith an scathamh beo mise, ach ní fhaca mé fós ariamh grabairín chomh mío-mhúinte leis.
+–
Beo ní bheidh tú in mo dhiaidh.
Beo, ní fhágfa mé thú, má ionnsuighim thú.
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan do chos a fhágfas mé beo, má fheicim ar an ámhuilleacht sin aríst thú.
Mara leige tú de do chuid gársamhlacht' ní fhágfa mé a dhath dhíot beo (ní fhágfa mé aon-cheo beo dhíot etc).
Beidh saoghal maith ann fós, an té a mhairfeas beó (a bheidheas beo) len' fheiceál.
+–
Ó tháinic mé beo as a' ngábhadh sin, tá Dia in m'fhabhar.
Níor tháinic beo as a' mbriseadh (cath, cogadh) ach duine nó beirt.
TUILLEADH (5) ▼
'Sé a dtáinic beo é fhéin.
Ní bhíonn cath a' bith nach dtagann duine eicínt beo as.
Bhí an tSeamair Mhuire aige a's a theacht beo as.
Ó tháinic mise beo ó'n oidhche aréir, dheamhan mo chos ná mo chnáimh a thaobhóchas an áit sin aríst, le mo shaoghal.
Níl ann, ach go dtáinic muid beo.
·
Is deas a' chainnt atá ort, a's gan fhios aghad a n-eireochthá beo ar maidin, ach toil Dé.
Ní bhíonn fhios ag aon-duine ag dul a' luighe dhó 'san oidhche a n-eireocha sé beo ar maidin, ach toil dé.
+–
Mara ndéana tú deifir, ní bhéarfa tú beo air = beidh sé caillte romhat.
Dhá mhéad deifir dhá ndearna an mac, níor rug sé beo uirre ina dheidh sin.
TUILLEADH (5) ▼
D'imthigh sí de ghort a' gharta 'sábhála Dia sinn! An té a bheadh thíos ag a' gC. Mh. ní bhéarfadh sé beo uirre, ní áirmhighim a mhaltraid = bás tobann.
Ar éigin a's ar arach a rug mé beo air
Teirigh faoi (dh)éint a' tsagairt, agus is maith an deifir a dhéanfas tú má bheireann sé beo air.
Má's leat breith beo air, níl noiméad moille le deanamh agad. Tá sé ar a chailleadh ó mhaidin indiu.
Nach gearr a' cháirde a thug a' bás dó, a's nach rug mé beo air!
+–
Slán beo leis a' sean-saoghal = céad slán do'n tsean-saoghal!
S. Ph. a bhí in mo bhuil, slán beo leis! (Bhí sé imthighthe go Ameriocá nó as baile anois).
TUILLEADH (2) ▼
'Slán leat a stóirín! Slán beo leat go bhfille mé aríst' (líne as "An Abhainn Mhór").
Slán beo leo(b) ar fad! Tá 'chuile mhíle duine acab i Meriocá anois!
+–
'Fan beo a chapaill a's gheobha tú féar' (sean-fhocal) = má bhíonn tú indon an ganntanas nó'n t-ocras a mharuidheacht idir an dá linn, beidh greadadh beatha le faghail agad fós. (A' cur coimhlíonadh an deagh-ghealladh ar a' méir is fuide igcomhnuidhe)
Tá an chainnt sin ceart go leor — 'fan beo a chapaill a's gheobha tú féar' — ach ar chuala tusa ariamh 'go bhfaghann na ba bás 'fhad's bhío(nn)s a' féar a' fás'.
TUILLEADH (4) ▼
Sin é an leath-rann atá acab sin igcomhnuidhe, go mbeidh saoghal maith ann, a' chéad bhliadhain [eile]. Tá siad 'fhearacht ag a' bhfear fadó adeireadh: 'fan beo a chapaill a's gheobha tú féar'.
Chuala muid na geallamhantais sin cheana uaibh: 'fan beo a chapaill is gheobha tú féar'. Is fada an fanacht ag a' gcapall é, 'nDomhnach.
Cuirfe siad sin 'chuile shórt ar a' méir is fuide, a's dheamhan ar mhiste leob dhá bhfaghadh créatúir bhochta bás, chomhuain's bheidís a' fanacht leis a' gcabhair. 'Fan beo a chapaill, a's gheobha tú féar' dar ndóigh.
Is fada an capall a' fanacht beo, a's tá sí chomh fada ó'n bhféar anois, a's bhí sí an chéad uair ar gealladh dhi é.
b.
+–
Leágha na bhFíonn ní dhéanfadh beo aríst é; ní dheanfadh dochtúirí na h-araidhe beo aríst é.
Má chailltear tú aon-uair amháin, leágha na bhFíonn ní dhéanfadh beo aríst thú.
TUILLEADH (7) ▼
Cé'n mhaith dhi a cuid airgid anois. Ní dhéanfa sé beo aríst í.
Tá dochtúirí dhá coinneál beo leis an fhad seo.
'Siad buidéil a' dochtúra a choinnigh beo í.
An leabhar Eoin a thug a' sagart dó a choinnigh beo é.
Chaith sí a saoghal a' pléidhe le 'luibheannaí', a's dhá dtabhairt do dhaoine eile. Feiceamuist coinnigheadh siad beo í fhéin anois.
'Sé'n 'dole' atá dhá choinneál beo. Dheamhan slighe ná fághaltas eile aige.
Céard a choinneochadh beo muid (céard a choinneochadh beatha linn), marach na cupla punt sin a tháinic as Ameriocá?
2.
druidthe; le ponnt a chéile; breac ballach le …
+–
Tá'n áit beo leo(b) = druidthe; breac-ballach; iad le ponnt a chéile ann; iad thar a chéile ann; iad an-tréan ann.
Tá na breaclachaí sin siar beo le coiníní.
TUILLEADH (14) ▼
Tá'n seomra seo beo le luchain.
'Bhfaca tú aon-áit ariamh atá beo le franncaigh mar é?
Bhí an seomra beo le ciarógaí.
Siúd í an leaba a bhí beo le dreanncaidí.
Tá na crícheannaí sin suas beo ar fad le bruic le goirid anuas. Is iongantas é, a's laghad aca(b) a's bhíodh ann roimhe seo.
Tá na girr-fhiadhachaí an-taithighthe anois imbarr a' bhaile. Is gearr go mbeidh an áit beo leo(b). Airigheann siad nach bhfuil aon-chú aghamsa, nó gheobhaidís garbh é.
Má mhaireann dóib, is gearr go mbeidh an teach beo le luchain bheaga. Is mór a' babhta orainn gan aon-chut a bheith againn. Deirimse leatsa gur maith ann na cuit ina dheidh sin, aindeoin go mbíonn casaoid orrab amanntaí.
Is diabhaltuidhe an lear gasúir as Baile Átha Cliath atá siar annsin. Níl aon-áit dá dtiocfa tú nach bhfuil beo leob, a's iad chomh h-ámhuilleach mioscasach le na bhfaca tú ariamh.
Bhí na criathraigh sin suas beo le póilíos le cupla lá, ach dhá fheabhas dhár shaothruigh siad é, chinn orra(b) aon-deoir phoitín a fhaghail in a dheidh sin.
D'fheicfeá na garrdhantaí beo le philipíní an tráth seo bhliadhain i gcomhnuidhe.
Tá'n cladach beo le mná riaghalta indiu ar snámh ann. Shíl mé nach raibh an oiread siúd aca(b) uileag in Éirinn.
Eirigh as sin a dhiabhail! Tá'n cnocán beo le siogáin (seangáin)
Tá'n tuighe seo beo le cnuimhe. Airighim a' snámh orm péin iad.
Bhí mo chuid éadaighe a's mo chraiceann beo le sciortáin (sceartáin) de bharr a bheith in mo luighe 'sna raithneachaí. Tharraing mé ceann mór as mo cheathramha le strócántacht mhór.
3.
scioptha, aigeanta, éascaidh ar do chois, in t-imtheacht, in t'iomchur; storramhail, spreamhsach; mear; ar a' bpuinnte. bruideamhail; bíodhgamhail; scafánta; súnásach; teas an aithinne a bheith ionnad.
a.
+–
Tara uait go beo abhaile = go scioptha, deifreach.
Imthigh leat go beo, a's glaoidh aníos air.
TUILLEADH (11) ▼
Déan deifir go beo, a's ná caith an lá leis.
Amach leat ar a' bportach go beo, a's ná leig an oidhche ort fhéin.
Siar leat go beo, a's fuagair air a theacht aniar.
Corruigh leat go beo, nó ní bheidh tú sa mbaile ó ló.
Eirigh go beo, nó ní bhéarfa tú ar an Aifreann.
Mara n-imthighe tú go beo, beidh sé thar am ort ag a' mbus.
Fág seo go beo, nó báithfidhear go craiceann muid.
Fág mo bhealach go beo. A' síleann tú nach bhfuil tada ar m'aire, ach an oiread leat féin?
Ith do bhéilí go beo, a's bí amuigh.
Mara bhfeistighe tú amach thú fhéin go beo, ní bheidh aon-ghoir agham fuirtheacht leat.
Déan deifir go beo, má's leat a bheith in am.
+–
Tá sé beo ar a chois = sciobtha, éasca.
Bí beo ar do chois thairis sin.
TUILLEADH (13) ▼
Tá sé an-bheo ar a chois.
Tá sé beo ar a choisméig.
Bí beo.
Shílfeá go mbeitheá beo thairis sin. Ní fhaca mé aon-roighineadóir ariamh go dtí thú.
Breagh nach bhféadfá a bheith beo leis a' rud a bheitheá a dheanamh, a's gan a bheith a' faghail bháis as a chionn?
Siúd é atá beo in éadan a ghna(ithe).
Breagh nach mbeitheá beo thairis sin?
Duine beo é.
Is maith beo uaidh imtheacht! = is deifreach a imthighea(nn)s sé.
Is breagh beo uaidh siubhal.
Is maith beo uait do ghnaithe a dhéanamh.
Ba mhaith beo í ar fud a' tighe.
'Sé atá beo a' damh(n)sa.
+–
Tá súile beo aige = súile friochanta (freochanta, freachanta); ní súile marbha atá aige; leagan súl a bheadh luaithneach nó grinn.
Níl a shúile siúd marbh. 'Siad atá beo!
TUILLEADH (4) ▼
'Bhfaca tú na súile beaga beo atá aige.
Is maith beo an tsúil atá aice.
Is aige atá na súile beo, friochanta.
Is beag a bheidheas in aon-áit ingan fhios dó siúd. Tá dhá shúilín bheaga bheo aige.
+–
Tá siad beo fós = dream a bheadh ag dul ar gcúl, nó a' leigean fútha i bhfeirg, in achrann etc, nó a' claochmhú in a neart, ach nach mbeadh claochmuighthe amach a's amach.
Dar príosta tá sé beo fós. Is fadó an lá nar chuala mé aon-ucht uaidh anois.
TUILLEADH (5) ▼
Tá muinntir Sh. Mh. beo fós. Shíl mé go raibh siad leigthe fútha(b) ar fad go dtí sin.
Is maith é C. tá sé beo fós muis, má tharraing sé achrann aríst.
Is fadó cheana nachar chuala mé ucht ná acht ná éagcaoine ó'n dream sin go dtí sin, ach is cosamhail inDomhnach go bhfuil siad beo igcomhnuidhe
Is maith é S. a's a bheith beo chor a' bith, th'éis a' bhail a cuireadh air.
Tá sí beo fós = coinneal nach mbeadh ídighthe ar fad.
+–
Níl aon-aithinne beo sa teine = tá sí uilig as.
Má tá aithinne 'bith beo innte, b'fhéidir go ndeargfadh sí fós, ach í 'shéideadh a's réidh an achair a thabhairt di.
TUILLEADH (6) ▼
Tá aithinne bheag bhídeach beo istigh in a lár, ach níl sí ach beo ar éigin.
Má tá aon-dé chor a' bith beo innte, deargfa an choinneal a's an siúcra í.
Ní raibh aon-aithinne beo sa gcoigilt ar maidin, arae níor chuir sib aon-chuma choigilte uirre aréir, ach na fóide a chaitheamh ar a rogha caoi.
'Bhfuil fód a' bith beo innte?
Séid a' fód beo sin, a's b'fhéidir dhi lasadh.
Dhá mbeadh caorán a' bith beo sa teine, b'fhéidir gur gearr a' mhoill a bheadh uirre, ach sílim dheamhan é.
b.
Cuirtear "beo" go minic roimh aidiacht eile, le céill an aidiachta eile sin a neartú: "Beo beithidheach", "beo scafánta", beo bíodhgamhail etc. (Sonnruigh an t-idir-dhealú atá idir "beo beitheadhach", a's "fuar beithidheach").
+–
Tá sé beo beithidheach fós = níl baoghal a' bith air a bheith caillte; tá sé sean-bheo fós.
'Sé atá, a's beo beithidheach.
TUILLEADH (15) ▼
Tá sí beo beithidheach fós, aindeoin go bhfuil an céad sáruighthe aice.
Dheamhan a dhath mairg' uirre. 'Sí atá beo beithidheach fós.
Is maith an mhaise dhó é, a bheith beo, beithidheach fós, a's an aois atá aige.
M'anam go bhfuil T. Mh. beo beithidheach fós, má's sin é do scéal.
Tá sé beo beithidheach fós, aindeoin gur comh-aois é fhéin a's Páidín se'aghainne 'ndéana Dia grásta air.
Dhá mbeadh sé dhá chéad, tá sé beo, beithidheach
Cé'n chainnt sin ort? Nach bhfuil Beartla beo beithidheach fós?
Níor mhaith dhuit a' bás a shamhailt leis siúd — fear atá beo, beithidheach fós.
Dheamhan cuimne 'bith báis ag Seán. 'Sé atá beo beithidheach, a's chomh maith a's 'chonnaic tú ariamh é.
Aindeoin gur chuir sé triúr ban, tá sé féin beo, beithidheach fós.
Mara mbí na gliomaigh beo beithidheach, a's thú a' dul dhá mbruith, níl aon-mhaith ionnta(b).
Sé'n fáth a gcuirtear na gliomaigh sa bpota taisce, i riocht's go mbeidís beo, beithidheach, nuair a thiocfaidhe dhá ndíol.
Deir siad gur cuireadh beo, beithidheach igconra í sin. Bhíodh na céad éaga, nó rud eicínt mar sin uirre, a's shíl siad go raibh sí séaluighthe.
Fritheadh páiste caithte sa gcladach ann, imbosca, an bhliadhain cheana, a's bhí sé beo beithidheach. Mhair sé freisin, sílim.
Rugadh a' páiste, beo, beithidheach, ach níor mhair sé ach cupla uair. Cailleadh a' mháthair ar a' bpuínnte.
+–
Íosfa mé beo, beithidheach, thú.
Is beag nar ith sí beo, beithidheach mé, faoi imtheacht.
TUILLEADH (4) ▼
Mara n-eirighe tú as do chuid ealadhaine, íosfa mé beo beithidheach [thú].
Rug a' fathach air, a's shíl sé é ithe beo beithidheach.
Tá amhuis amach 'sna réigiúin choimhthigheacha sin, a's d'íosfaidís beo, beithidheach thú, dhá bhfaghaidís aon-leigean ort.
Ní bhfaighead sé sásamh 'bith thú 'bhualadh. B'fhearr leis thú 'ithe beo beithidheach.
+–
Cuirfe mé beo, beithidheach síos sa talamh thú, mara leige tú dhom.
Tá mé thíos sa talamh beo, beithidheach aice, a' troid, a's a sciolladóireacht orm = ní beo mo bheo aice, ach éag.
TUILLEADH (5) ▼
Is bocht dom a bheith thíos sa talamh fhéin, beo, beithidheach agaibh, a's an cheird atá oraibh, maidin a's trathnóna = ní iongantas a' bith, go bhfuil mé ionann's marbhuighthe agaibh, a's an cheird atá oraibh maidin is trathnóna (scoimhléaracht, sciolladóireacht etc).
Is beag a' dochar dhom a bheith beo, beithidheach thíos sa talamh agaibh, a's an chaoi a bhfuil sibh i m'éadan.
Chuirfeadh sibh beo beithidheach síos sa talamh mé dhá bhféadadh sibh. Is fada lib fanacht go gcuirfe Dia fios orm.
Nach mé atá thíos 'sa talamh beo, beithidheach agad!
Chuirfeadh sé beo beithidheach idtalamh duine, dhá gcaithead sé i bhfad in aoinfheacht leis.
+–
Tarraingeocha mé ó 'chéile beo, beithidheach thú.
Tá mé sceannta beo, beithidheach aige ag iarraidh airgid orm, a's gan aon-phighinn agam, le tabhairt dó.
TUILLEADH (1) ▼
Mara n-eirighe tú as do chuid gnaithí, m'anam ná raibh ag a' diabhal, go stiallfa mé ó chéile beo, beithidheach thú.
+–
'Sé atá beo, bíodhgamhail = áirdeallach; aireach; sciobtha; ní imthigheann tada ingan-fhios dó; níl aon-chlaoidhteacht ná aon-mhearbhall fós air.
Tá sí chomh beo, bíodhgamhail le coinín sa gclúid.
TUILLEADH (11) ▼
Ar a' dá luath a's ar dhubhairt mé fhéin an méid sin, d'eirigh sí aniar beo, bíodhgamhail sa leaba chugam, a's chuir sí na súile thríom.
Is beag a' chlóic atá fós uirre, ach beo, bíodhgamhail.
Duine beo, bíodhgamhail é. Ní a' tuitim in a chodladh a bhío(nn)s sé, fearacht tuille.
Beainín bheo, bhíodhgamhail í, mara bhfuil a' téagar fhéin innte.
Is beag a chorróchas ar fud a' tighe ingan-fhios dó. 'Sé atá beo, bíodhgamhail, sé sin.
B'fhiú ór duitse, dhá mbeitheá, chomh beo, chomh bíodhgamhail leis a' ngasúr sin thíos ag S. D.
Putach meabhrach é. 'Sé atá beo, bíodhgamhail, ag a' scoil.
Is ait a chruthóchas sib, tada a thabhairt lib, ingan-fhios di siúd. Tá sé beo, bíodhgamhail, a's bíonn súil aice is chuile áit ar fud a' tighe.
Ní mór dhuit a bheith beo, bíodhgamhail thairis sin. Leig tú an cut ar a' drisiúr, nó gur dhóirt sé an bainne.
Is deacair imeartas ar siúd! Tá sé beo, bíodhgamhail — tá sé sin!
Ní a' faghail bháis chor a' bith atá sí sin, ní hé t'fhearacht fhéin é. Cailín beo, bíodhgamhail í sin, deirimse leat.
+–
Tá sé beo, bruideamhail = an-bhruideamhail, nó an-sciobtha, nó an-díocasach i gcíonn a chuid oibre.
Duine beo, bruideamhail é. Níl fhios agham nach hé an iomarca uathbháis a bhío(nn)s air, ag obair amanntaí.
TUILLEADH (9) ▼
Sin é an buachaill atá beo bruideamhail, le na chuid oibre. Tá'n foghmhar craptha cheana aige.
Sílim go gcaithfe tú a bheith beo, bruideamhail thairis sin, maran leat an oidhche a leigean ort fhéin.
Duine 'bith a bheidheas ag obair in a thimcheall siúd, ní mór dhó a bheith beo, bruideamhail, deirimse leat.
Chaith mé an trathnóna ag obair go beo, bruideamhail, a's má chaitheas fhéin, is beag dhá bhuidheachas a bhí orm.
Bí beo, bruideamhail anois, a's b'fhéidir go mbeitheá ar ais, ó ló.
Gearrchaile beo, bruideamhail í, agus an-bhean tighe.
Diabhal bréag, nach beo, bruideamhail a d'imthigh sé th'éis a' méid sin.
Nach bhféadfá a bheith beo, bruideamhail, mar tá 'chuile scurach ar a' mbaile, a's gan a bheith ar a' roighineadóireacht sin.
Hébrí cé'n bhean a thiocfas isteach annsiúd sí, a chaithfeas a bheith beo, bruideamhail, le freastal a dhéanamh ar 'chuile shórt. Tá an-lear oibre ann, a' réidhteach muc a's beithidheach.
+–
Tá sé beo sciobtha, beo tapa, beo éascaidh, beo scafánta, beo mear, beo lúthmhar, beo meanmnach, beo fíreamhail, beo fuinneamhail, etc. (baintear leas astu seo go rí-mhinic).
Bí beo sciobtha anois.
TUILLEADH (35) ▼
Tá sé beo sciobtha ar a chois.
Duine beo sciobtha é.
'Sé atá beo, sciobtha, th'éis an aois atá aige.
Capall beo sciobtha í.
Is beo sciobtha uaithe (capall etc.) imtheacht.
Is beo sciobtha a tháinic tú.
Is beo sciobtha an mhaise dhó fós é, aindeoin go bhfuil sé seacht mbliadhna a' faghail an phinsean.
Deirimse leat, má fhaghaimse leigean air, gur beo sciobtha 'imtheochas sé
Imthigh leat anois go beo tapa, a's ná leig a' deireannas ort fhéin.
Mara nglana tú go beo tapa, cuirfe mise deifir ag imtheacht ort.
Lasc leat anois go beo tapa, i gcoinne tobac dhom.
Is beo tapa uaidh criathrach a ghearradh.
Mara leige tú cead mo chinn domsa go beo tapa, beidh raic ann.
Nuair a chuala sé an méid sin leig sé leis fhéin go beo, tapa, deirimse leat.
Spréidh amach anois é, go beo tapa, a's ná caith an lá leis a' gcaolóidín sin.
Breagh nach n-íosfá do bhéilí go beo tapa, mar dheanfadh fear, a's gan a bheith 'blaismínteacht dhi, mar sin.
Fear beo tapa ar a chois é.
M'anam muise mara gcuire tú i bhfocal anois go beo, tapa í, go mbeidh tú réidh léithe. Chuala mé go raibh sí ídighthe aige, go dtí mála amháin.
Roínn amach cártaí go beo, tapa a's ná caitheadh muid an oidhche annseo.
Chuaidh sé abhaile go beo tapa th'éis a' méid sin. Ba mhaith an aghaidh air, a' gob a fuair sé. Ní hé a mhaltraid a thuíll sé dhó fhéin.
Is áidhbhéil a' ghairmeach mná í, a's má seadh fhéin, tá sí beo, tapa ar a cois.
Tá sé beo éasca(idh).
Is beo éasca(idh) uaidh a theacht 'na bhéilí, ach níl sé chomh beo sin ag (dh)ul 'un a chuid oibre.
Is beo éasca uaidh, tarraingt 'na tighe ósta trathnóna.
Tá sé beo scafánta.
Is beo scolbánta uaidh bóthar a ghearradh.
Ní bheidh tusa chomh beo, scafánta leis go deo, ar chuma'r bith. Is fada uait é.
Fear beo scolbánta a bhí ann, nuair a bhí sé óg.
Diabhal bean in do thír, chomh beo, chomh scolbánta léithe fós. Chonnaic mé ag dul thar chlaidhe annsin thiar í, an lá faoi dheire, a's dar mo choinsias, ba mhaith an dicheall dhom a dhul thairis, má's agam atá an óige.
Tá sé beo meanmnach (féach "meanmnach").
Duine beo fíreamhail é (féach fíreamhail).
'Sé atá beo fuinneamhail, slán a bheidheas sé.
Siubhail uait anois go beo mear, nó beidh siad siúd ag (d)ul le cuthach.
Tá siad beo croidhtheamhail.
Beo bocht (féach "bocht").
+–
Tá sé beo droch-mhúinte = bhíodhgfad sé agad 'un droch-mhúineadh go h-éasca.
D'eirigh sé suas beo droch-mhúinte, a's rún aige a raibh' sa teach a chaith(eamh) amach.
TUILLEADH (11) ▼
Sin é an stolcáinín atá beo droch-mhúinte.
Mara raibh sé sin beo droch-mhúinte castar leis é!
Duinín beo droch-mhúinte é M. Sh. G., ach is beag a bhío(nn)s de bharr a chuid droch-mhúineadh aige, go minic.
Shílfeá le bheith 'cainnt mar sin léithe, nach leaghfadh a' t-im in a béal, ach déarfadh a' dream a bhfuil eolus aca(b) uirre, gurb í atá beo, droch-mhúinte.
Amach leis ar a' tsráid go beo droch-mhúinte, a's shílfeá gur mó an fonn a bhí air, tosuighe a' cur a chraicinn di amuigh.
Dheamhan duine a chonnaic tú ariamh in do shaoghal chomh beo droch-mhúinte leis sin, má fhaghann sé aon-ughdar.
Ní raibh aon-duine dhá dhreám, nach beo droch-mhúinte a bhí, a's ní dheacha seisean in aghaidh duthchais, ach an oiread le duine.
M'anamsa muise gurb sheo í an áit deire ag duine beo droch-mhúinte mar é. Is gearr a d'éistfídhe annseo leis, nó go ndaithtí (ndathuightí) an smut aige.
Duine sásta é shílfeá, nó go mbaintí as é, ach indomhnach nuair a bhainfí, tá sé beo droch-mhúinte.
Is olc an éadáil do dhuine 'bith atá beo droch-mhúinte é 'chasadh isteach ar a' mbaile sin, áit a bhfuil seála amhus cheana.
Dar mo choinsias duit, is beo droch-mhúinte, adubhairt sé liom mo bhéal a dhúnadh, a's eirghe as an ngráiscínteacht!
+–
Chuaidh sé abhaile go beo deifreach.
Corruigh leat anois go beo deifreach, a's ná bí moilleadóireacht annsin tíos (níos) fuide.
TUILLEADH (14) ▼
Mara dteighe tú siar a chodhladh go beo deifreach, roínnfe mise an tslat leat.
Bí beo deifreach leis anois.
Is beo deifreach uaidh é fhéin a ghléas.
Mara 'ndán's go n-imthighe, tú anois go beo deifreach, imtheocha tú ar ball, a's thú in aithmhéala.
Fág seo go beo deifreach go dteigheamuid abhaile.
B'fhearr dhuit thú fhéin a réidhteach go beo, deifreach má's leat a dhul 'na scoile indiu.
Cuir a' teach faoi réir go beo deifreach anois, nó beidh na strainséaraí isteach orainn.
D'iagcóir (d'éagcóir Dé?) dhuit nach dteidheann amach in do gharrdha go beo, deifreach as sin, ach is cosamhail gur beag a' fonn maitheasa atá ort.
Teirigh síos faoi (dh)éint na mbeithidheach go beo, deifreach. Fainic a' ndéanfa aon-mhoill faoi bhealach anois, nó beidh sé in a n-oidhche ort.
Caith siar a' méid sin go beo deifreach, go mbeidheamuid a' baint coisméig' as.
Deasuigh an rothar sin go beo deifreach, nó beidh sé thar am orainn.
Siubhail uait go beo, deifreach anois, maran leat an oidhche a chaith annseo.
Ara a fhleasca(igh) beir air, go beo deifreach, nó beidh sé imthighthe uait.
Amach leat annseo go beo bruithte in éadan do ghna(ithe) (is ionann go "beo bruithte" a's go "beo deifreach").
·
Is beo te uaidh rud a dhéanamh = sciobtha, nó faoi fheirg
Is beo te adeirigh sé suas ag dul do mo bhualadh. = beo drochmhúinte.
+–
Tá sé beo slán = in a shláinte, gan aon-mhairg ná aon-chlóic air.
'Sé atá beo slán fós.
TUILLEADH (2) ▼
InDomhnach níl tada air: ta sé beo slán.
Ní fiú dhó a rádh gur eirigh tada dhó: tá sé beo, slán.
4.
a.
Duine beo = duine ar marthainn; aon-duine.
+–
Níl duine 'bith beo chomh h-olc leis = níl aon-duine faoi'n saoghal chomh h-olc leis; sé'n duine is uilce faoi'n mbogha bán é.
Níl duine bith beo chomh cabach leis.
TUILLEADH (33) ▼
Ní fhaca mé aon-duine beo atá chomh gortach leis, faoi'n rud a bhío(nn)s aige
Níl fear a' bith beo a dhéanfadh a leithide sin de chleas, nar mhaith an aghaidh air é 'chrochadh.
Níl aon-bhean beo, is béalráidighe ná í.
Ní raibh aon-mhac beo ab fhearr dhá athair a's dhá mháthair ná é.
Níl aon-chailín beo is lughar liom ná í — níl sin = sí'n cailín is lughar liom beo í.
Níl aon-bhó beo, is fhearr a' tál bhainne ná í.
'Sé'n duine is fhearr beo é do'n chomhursa.
'Tairg biadh do dhuine bheo, a's mara n-ithe sé [é], leigfeadh sé dhó' (sean-fhocal).
Dheamhan neart aghamsa ort, mara n-ithe tú é. Ar chuala tú ariamh é: 'tairg biadh do dhuine bheo, a's mara n-ithe sé é, leigeadh sé dhó'
Sé'n fear is fiuntaighe beo é.
Sí'n ropaire is droch-mhúinte beo í.
'Sé'n sagart is lághaighe beo é.
'Sé'n duine is soighleasaighe beo é, do'n té a mbeidh aon-bheann aige air.
'Sí'n gearrchaile is barrainnighe beo í, i gceann tighe.
Deirimse duine cruadh leat, ach siúd é is cruaidhchte beo.
'Sé is anglánta beo, má chuireann tú caidéis a' bith air.
'Sé'n fear is stuama beo é, aindeoin nar chuir sé a théarma isteach ariamh le ceird.
'Bhfuil créatúr a' bith beo chomh taghdach leis?
Níl aon-chréatúr beo is mó a mbeadh truaighe agad dó anois leis. Dheamhan fata ná meacan aige le n-ithe ná le cur i dtalamh.
Níl créatúr a' bith beo, is fhearr atá a' saothrú an tsaoghail leis — an duine bocht.
Níl aon-dithreabhach beo, is mó díol truaighe ná é anois.
'Bhfuil dithreabhach a' bith beo, is mo faitchís ná í. Ní mheasaim go bhfuil.
Níl aon-anglóir beo go dtí é.
Má tá amhlóir a' bith beo, is measa ná é, is truagh do'n áit a bhfuil sé ann.
Níl gaduidhe beo ionchurtha síos leis. Ghoidfeadh sé an ubh ó'n gcorr a's an chorr 'na diaidh.
Níl aon-sclaibéara beo, is measa ná é.
Níl aon-duine beo de'n dream céadna, nach mara chéile atá = níl duine ar bith.
Dheamhan póilidhe beo sa mbearraic, nach raibh thuas ann a' tóruigheacht, ach má bhí fhéin, níor eirigh tada leo(b).
Dheamhan gasúr beo ar a' mbaile, nach ann a bhí.
Dheamhan thiomanta bó beo a díoladh ar an aonach.
Níl aon-chearc beo, is mó a rug uibheachaí ná í sin.
Dheamhan laogh beo is fhearr a fuair cinnireacht ná'n laogh sin, a's má seadh fhéin, is beag (dh)e smais atá air.
'Chuile fhear beo a's a bhean fhéin aige. 'Níl go dona ann ach a' té atá gan corrán' mar deir a' fear fadó. = 'chuile fhear ariamh aca(b) etc.
b.
+–
Tagann sé annseo 'chuile lá beo.
Níl aon-lá beo nach mbíonn sé ag a' scoil.
TUILLEADH (14) ▼
Sin í a cheird anois, 'chuile mhaidin beo.
'Chuile oidhche [beo] is ann a bhío(nn)s sé ar cuairt
Sin í a cheird — ag imirt chártaí — 'chuile oidhche beo.
Níl aon-tseachtmhain beo nach bhfaghaim leitir uaithe = níl aon-tseachtmhain 'san aer nach bhfaghaim leitir uaithe.
Is ann siar atá a tharraingt, 'chuile Dhomhnach beo.
Níl aon-bhliadhain beo, nach gcuireann sí chúig phunt chuige as Ameriocá. Nach hí atá go maith dó 'na dheidh sin?
Dheamhan ráithe beo, nach dtarraingeann sé a dheich bpunt pinsean, a's má tharraingeann fhéin, is olc a' rath a chuirea(nn)s sé air.
Níl aon-trathnóna beo, nach teigheann sé ag ól a phionnta. Amanntaí teigheann sé chuig a' teach ósta dhá cheann de ló.
Dheamhan maidin beo, nach n-eirigheann sé ag a' sé a chlog — samhradh a's geimhreadh.
Níl aon-uair beo ab fhearr liom fataí ná ag dul a chodladh dhom.
'Chuile uair beo dhár labhair mé leis faoi, badh é an freagra céadna a fuair mé.
Níl aon-tseachtmhain beo, nach gcaitheann sé coróin ar 'fags' (tuitíní) = níl aon-tseachtmhain dá n-eirigheann air etc.
Dheamhan lá beo, nach shin é an leath-rann atá aige.
Ní bhíodh bliadhain beo roimhe seo, nach mbíodh ceapach oinniún curtha aghainn, ach tá'n dream óg ag eirghe asta(b) ar fad. An iomarca leisce, is dóigh!
+–
Dheamhan áit beo nar thóruigh mé, a's chinn orm é fhaghail 'na dheidh sin.
Níl sé le faghail in aon-áit beo.
TUILLEADH (6) ▼
Chuaidh sé is 'chuile áit beo, a's ní raibh tuairisc le faghail aige, in aon-áit.
Tóruigh 'chuile áit beo, a's b'fhéidir dhuit é 'fhaghail as a dheire.
Má tá aon-áit eile beo mar an áit seo, is iongantas é. Ní chomhairim go bhfuil.
Meastú 'bhfuil aon-áit beo nar shiubhail sé?
Má tá aon-deor le faghail in áit a' bith beo, gheobha sé siúd é, nó ní cheal a shaothruighthe é, 'chuma 'r bith.
'Bhfuil áit a' bith beo is duibhe ná'n áit seo.
+–
Chaith sé 'chuile phighinn beo dhá raibh aige. Tháinic sé abhaile a's gan an oiread aige a's a dhéanfadh torann ar leic.
Dheamhan pighinn beo, ná cuid de phighinn a' gabhail liom anois.
TUILLEADH (12) ▼
Thug mé 'chuile phighinn beo dhá raibh agam dó. Bhí mé a' ceapadh go mbadh mhó an scéal é ná mé fhéin.
Bhí chuile phighinn beo dhá raibh aige tugtha uaidh aige. Cailleadh é, a's gan luach a bhéilí aige.
'Bhfaca tú aon-teach beo, is mó fraighfhliuchais ná é!
Níl aon-teach beo ba ghnaoidheamhla le dhul isteach ann, leis a' teach sin tamall.
Ní fhanócha [siad] in aon-gharrdha beo ar a' mbaile, nó 'mbeadh fhios aghad cé'n smál atá orra chor a' bith?
Dheamhan teach beo istigh ar a' mbaile nar shiubhail sé, ach badh é an cás céadna dhó é.
Níl aon-teine beo is teocha na teine mhóna, má bhíonn móin cheart ann, ach maidir leis a' spaidealach atá suas annsin, ní fiú anró 'bith a fhaghail uaithe.
Dheamhan éadach beo is buaine ná'n ceann-asna, a's in a dhiaidh sin fhéin, nach beag a' mheas atá anois air?
Níl aon-bhróig beo, is lugha a dhéana(nn)s caitheamh ná'n cineál sin, agus is mór a tóir atá ag daoine 'na dhiaidh sin orra(b).
Tá 'chuile leabhar beo dá bhfuil aige stróicthe.
Níl cearc beo a' gabhail liom = níl cearc ariamh agam.
Níl cathaoir beo sa teach nach bhfuil briste ([is] féidir é chuir le ainm-fhocal a' bith mar seo).
·
Dheamhan caoi beo is fhearr le na dhéanamh, ná mar sin.
Níl caoi beo is fhearr duit, ná é 'ghlacadh go réidh: má theigheann tú 'un droch-mhúineadh leis, ní bhainfe tú ceart a' bith dhe.
5.
a.
+–
Ní fhágfa mé iall bheo ionnad = marbhócha mé amach a's amach thú; giorrócha mé leat; déanfa mé aon-lá amháin díot; déanfa mé do chreach.
Mara leige tú de do chuid gnaithí, ní fhágfa mé iall bheo ionnad. Sin é an chaoi a mbeidh sé aghad.
TUILLEADH (14) ▼
Má tharraingeann tú ort é siúd, dheamhan iall bheo a fhágfas sé ionnad.
Siúd é an droch-éadáil le caidéis a' bith a chuir air. Dheamhan iall bheo a d'fhágfad sé induine, dhá dtugadh sé faoi chor a' bith.
Bhí sé a' gabhailt air, nó nar fhága sé aon-iall bheo ann.
Siúd é nach bhfágfadh aon-iall bheo ionnad, dhá mbeadh a' taghd cheart air. Is measa é na ubhall na h-aithne.
Bhí rún aige gan aon-iall bheo a fhágáil i Seáinín, marach an chaoi ar eirigh le M. T. G. é 'thárrtháil air.
Fhobair ar fhága an máighistir iall a' bith beo indé ann, a's mara bhfágadh fhéin, ní dhéanfad sé leath 'chirt leis. Peaitín ámhuilleach é sin!
Ní fhágfa mé iall beo dhíot, mara ndéana tú comhairle t'athar a's do mháthar.
Faraor ar fhága sé iall a' bith beo ionnad, mara beag a theastuigh uait a dhul isteach in a chrann spíonáin.
Níl aon-iall bheo ionnam leis an ocras = tá mé igcruth an bháis leis an ocras.
Is gearr nach mbeidh iall bheo ionnam, le neart ocrais.
Dheamhan iall bheo ionnam ag a' slaghdán. Tá mé tugtha ceart aige.
Buaileadh an oiread air, a's nar fágadh aon-iall bheo ann. Shíl 'chuile dhuine nach dtiocfadh sé as, a's breagh go dtáinic 'na dheidh sin.
'Má fheicim amuigh aríst choidhchin thú, an tráth seo d'oidhche' adeir a' t-athair léithe, 'ní fhágfa mé iall bheo ionnad'. Brúisc cheart é siúd.
Má fhaghann a' máighistir amach orainn é, ní fhágfa sé iall bheo ionainn. Ach ní bhfuighe, mara n-innsighe aon-duine de na gasúir bheaga dhó é.
b.
an fód beo: fód an-fhada síos sa talamh: an fód fiadháin; fód nar corruigheadh cheana; fód nach mbeadh spíonta de bharr cuir.
+–
Cuir aníos an fód beo.
Chuaidh sé go fód beo leis a' gclaise.
TUILLEADH (8) ▼
Is maith é an fód beo sin. Tá tabhairt ann.
Ná bac leis a' bhfód beo a dhuine! Chuaidh sé go talamh iochtair.
Cuir isteach a' fód beo i lar a' bhuird.
Is leasú ann fhéin é an fód beo sin, má theigheann tú sáthach fada síos leis.
Is beag a' mhaith é an fód beo fhéin 'sna taltaí tanuidhthe seo. Bíonn sé spíonta chomh maith leis an uachtar.
Sé'n fód beo a chuirea(nn)s tú aníos a's thú a' lánú: tá a shliocht air: 'bhfeiceann tú an barr a chuirea(nn)s sé ar a' talamh in imtheacht achar gearr.
Cuirfe an fód beo sin anois a shean-eire dasachaí (gasachaí) orra(b). Sin é an buachaill aca(b).
Dhá dteightheá sáthach domhain leis a' bhfód beo, mise imbannaí, nach mórán láin a d'iarrfaidís, ach níor chuir tú isteach a' chlaise sáthach maith chor ar bith.
c.
airgead beo: cineál lachta ar dhath a's ar chruth an airgid, ach go sciorradh sé ó do mhéarachaí. (quicksilver).
d.
gaineamh beo: gaineamh téalta: gaineamh meath-gharbh a bhíos ar cholbhthachaí trághann[a], nó i meath-dhúirlingeacha. Théaltóchad sé nó sciorrfadh sé ó do chosa nó thríd do chrúba.
+–
Tá gaineamh beo annseo.
Bhí sé chomh maith dhuit ladhar gainimh bheo a bheith agad leis sin. Ní féidir aon-ghreim a choinneál air.
TUILLEADH (11) ▼
Tá go leor gainimh beo sa dúirling sin thíos.
Dhá mbeadh cupla mála gaineamh bheo caithte ar a' tsráid sin, ba mhór a' slacht a's a' ghlaineacht uirre é
Tá sé fánach agad a dhul dhá thóruigheacht sa ngaineamh beo sin anois, nuair nar choinnigh tú greim air, a's é agad.
Bhí an gaineamh beo atá annsiúd, a' sciorradh ó mo chosa.
Chinnfeadh ort an gaineamh beo sin a thárlú leat ar bhealach a' bith ach le máilín. Ar a' gcaoi sin fhéin, is deacair é 'líonadh sa máilín fhéin.
Dhéanfadh an gaineamh beo sin muirtéal maith, dá dtóigtí 'san áit cheart é.
Ní fheicfeá gráinne 'bith gaineamh beo 'sna trághannaí sin siar anois, a's feicthear dhom go raibh sé ann fadó, mara bhfuil mé ag dul amudha.
Chuaidh gaineamh beo, faoi na shúil an lá faoi dheire, a's iad a' déanamh spraoi ar a' tráigh, a's shílfeá go bhfuil sí dúinte aige ó shoin. Is olc an éadáil é an gaineamh beo sin le dhul faoi shúil duine. Tá sé cruadh géar.
Seachain, dia aithnighthear, a' gcuirfeá an gaineamh beo sin faoi shúil a' chinn eile! Ná bí dhá chaitheamh chor a' bith leis.
Chomh luath a's a tháinic siad isteach ó shnámh, tháinic siad aníos i mbun na dúirlinge, a's thosuigh dhá n-ionnfairt fhéin sa ngaineamh beo. Dheamhan snáth a bhí orra(b) ach an oiread leis an oidhche a (ar) rugadh iad.
Tá'n gaineamh beo te bruithte indiu.
e.
Iasc beo = drithlíní a d'aireochthá anois a's aríst a' preabadh nó a' giolcáil idir fheoil a's leathar ionnad. Is iomdha ball dhíot a mbeadh sé.
+–
Tá iasc beo ionnam.
Airighim iasc beo a' giolcáil in mo cheathramha.
TUILLEADH (12) ▼
Meastú cé'n fáth an t-iasc beo seo a bheith a' léimneach i mo chois?
Ní iasc beo é sin chor a' bith ach pianta fáis.
Deir siad dhá sáiththí biorán ionnad 'san áit a mbeadh a' t-iasc beo, go dtiocfadh do chuid fola as éadan. Ní thiocfad sí mara mbeadh a' t-iasc beo ann faoi láthair.
Airighim drithlíní eicínt i mo chorróig, maran iasc beo a bheadh ann, ach feicthear dhom nach h-eadh.
Is aisteach a' rud é an t-iasc beo sin fhéin. Ar airigh tú ionnad fhéin ariamh é?
Bhí mé cruptha suas mar sin ar feadh na h-oidhche, ach nuair a fuair mé fáill ionntú ar a' taobh eile, d'airigh mé iasc beo a' teacht aníos thrídh mo chorróig, a's shíl mé go dtiocfad sé amach thríd mo chraiceann, bhí an oiread sin léimnighe aige.
Níl dochar a' bith annsin a leain(bh)ín. Iasc beo é sin. Bíonn sé ar chuile dhuine beo, uair eicínt.
Iasc beo! Chaithfead sé gur ionnadsa atá an t-iasc beo ar fad, a's nach bhfuil tada dhe in aon-duine eile.
Cé'n mhaith dhuit a bheith dhá scríobadh. Ní dhíbreocha sin a' t-iasc beo.
Is diabhaltaidhe an tóir atá ag an iasc beo ortsa fharras aonduine. Níl de leathrann agad ó mhaidin go faoithin ach iasc beo. Ó thárla nach bhfuil aon-dochar ann, tuige a mbíonn tú a' bodhrú na ndaoine a' cainnt air! Nach thú an sean-pháiste againn!
Níor chodail mé néal ar feadh na h-oidhche aréir. Bhí iasc beo liom ar feadh na h-oidhche, aindeoin go sílfeá nach gcoinneochadh sin duine ó chodladh
Seachain dia aithnighthear! Deir siad, dá gcuirtheá biorán thríd an áit a mbeadh a' t-iasc beo ionnad, nach bhfanfadh deoir fhola ionnad nach dtiocfadh.
f.
Feoil bheo = beithidhigh, muca, caoirigh, nó aon-chineál eallaigh (a's iad ag eirghe leat)
+–
Go méaduighidh Dia feoil bheo a's daoine slána aghainn (agaibh etc). = beannacht nó guidhe adeirtear th'réis feola a ithe idteach comharsan, nó dhá mbeithí a' cainnt ar eallach, nó ar bhris a d'eireochadh do dhuine eile idtaobh eallaigh. Ach le béilí feola a altú é, go h-áithrid.
Go méaduighe dia feoil bheo a's daoine slána [againn], a's nar fheice Dia feoil anachain aghainn.
TUILLEADH (7) ▼
Is fadó an lá cheana nar ith mé béilí feola chomh deas sin. Go méaduighe Dia feoil bheo a's daoine slána agaibh, a's ag 'chuile dhuine eile.
Ba mhaith iad 'chuile lá ariamh faoi'n a gcuid feola. Go méaduighe Dia feoil bheo, a's daoine slána aca(b), a's ag chuile chréatúr eile.
Is fhearr do dhuine í 'mharbhú (muc) dhá dheoin fhéin, ná caitheachtáil í 'mharbhú (le tinneas). 'Go méaduighe dia feoil bheo, a's daoine slána aghainn'.
Ó thárla í bheith de bhiseach orainn, mharbhuigh muid caora do Mhártan (in omós na Féile Mártan) imbliadhna. 'Sé'n ceart é, má bhíonn do chuid ag eirghe leat. 'Go méaduighe Dia feoil bheo a's daoine slána againn fhéin, a's ag 'chuile dhuine eile'.
'Ní sheo í an fheoil ab fhearr linn dá mbeadh neart air. Ach céard tá le rádh aghainn, ach 'go méaduighe dia feoil bheo a's daoine slána [againn]', a's go bhfága Dia a chuid fhéin ag 'chuile chréatúr'. (B'éigean an mhuc a bhíothas 'ithe a mharbhú, arae facthas go raibh tinneas na muc a' teacht uirre).
Níor mharbhuigh sé muc ná mart ná caora ariamh, nach roínnfeadh sé le 'chuile dhuine ar a' mbaile í. Bhí sé an-chóir ar a' mbealach in. Ro-chóir, go minic, b'fhéidir, arae is iondamhail go mbíodh sé fhéin ar deire. 'Go méaduighe dia feoil bheo a's daoine slána' aige, arae is maith an aghaidh sin air.
Má mharbhuigh muid muc do Mhártan fhéin, tiubharfa dia muc eile dhuinn in a leaba, le congnamh dé. 'Go méaduighe dia feoil bheo, a's daoine slána againn.
g.
Béal beo = béal nach mbeadh in a chomhnuidhe; béal nach mbeadh marbh; béal a mbeadh ruibh na cainnte air; béal nach mbeadh in a thost. Geinealach an bhéil bheo; mac an bhéil bheo; mac an aoin bheo; mac na sceiche; críostuidhe an bhéil bheo; firnéad an bhéil bheo; firnéad an aoin bheo. (Faoi Chonamara siar is mó a baintear leas as "geinealach an bhéil bheo". Tá'n chuid eile coitchiannta ar fud Chonamara fré chéile).
+–
Ní raibh geinealach an bhéil bheo ann = ní raibh duine ná deoruidhe ann; ní raibh mac na sceiche ann; ní raibh aon-duine ann. (Measaim gur "sceithche" nó "sceithighe" an leitriú ceart air seo, as nach bhfuil baint ar bith aige le "sceach". "Mac na sceithighe" = duine a sceithfeadh nó a d'innseochadh rún, nó mbeadh cainnt aige, nó é beo, le rud a innseacht. Tá sé a' luighe le réasún. Cuir i gcoimmeas é le "geinealach an bhéil bheo", "críostuidhe an bhéil bheo etc.").
Dheamhan geinealach a' bhéil bheo a bhí ann, cé's moite dhom fhéin.
TUILLEADH (13) ▼
Ní raibh geinealach a' bhéil bheo agam, le blas a dheanamh dhom.
Dhá mbeadh duine 'bith ann, ach dheamhan geinealach a' bhéil bheo a bhí ann, le dhul in éindigh liom.
Ná h-innis é sin anois do gheinealach a' bhéil bheo; fainic a' labhróchthá le geinealach a' bhéil bheo, ar a' méid sin.
Dheamhan geinealach a' bhéil bheo anois aige, le fad méire 'dhéanamh dhó, ach 'réir mar gheobhfas sé fear ar a lá páighe.
Ní raibh an oiread uaignis ariamh orm, arae dheamhan geinealach a' bhéil bheo a bhí ar a mbóthar, a's shílfeá nar cheart dó a bheith an-deireannach.
Dheamhan geinealach a' bhéil bheo as d. l. a bhí ann, a's b'annamh leob, nach a' seasamh ar a chéile a bheidís, in áit de'n tsórt sin.
Chaith mé seachtmhain ar a' luighe chuig ("heig" an fhuaim. chuige?) istigh 'san ospuidéal, a's dheamhan geinealach a' bhéil bheo (ó'n mbaile) a thaobhuigh mé ar a' bhfad sin. = bhí mé seachtmhain in mo luighe tinn ann, a's níor tháinic deoruidhe ó'n mbaile dom' fhéachaint an t-achar sin.
Dheamhan geinealach a' bhéil bheo istigh ar a' mbaile a bheannóchadh dó, ná a thaobhóchadh é anois. Tá 'chuile dhuine gránuighthe air anois, a's ní h-iongnadh dhóib.
Ní bhfuigheadh sé geinealach an bhéil bheo anois, le comhluadar a thabhairt dó. Tá fhios ag 'chuile dhuine cé hé fhéin.
Ar a' dá luath a's ar bhain a' bheirt amach 'un achrainn, bánuigheadh a' teach. Geinealach a' bhéil beo fhéin, níor fhan istigh, cé's moite de'n chúpla aca(b) fhéin.
Is furasta dhó sin a bheith a' cainnt, a's nach bhfuil geinealach an bhéil bheo le beathú aige, ach é fhéin.
Bhí mé in an-chaoi chríochnuighthe, a's gan geinealach an bhéil bheo, fhoisceacht fáir na freagra dhom.
Ní raibh geinealach a' bhéil beo ag a' scoil indiu, cé's moite de'n mháighistir a's de'n mháighistreás. Dheamhan a raibh sé ionrásta ag aon-ghasúr a theacht ar aon-chor, le na raibh de shneachta ann.
+–
Ní thiocfadh críostuidhe an bhéil bheo amach anocht. Ní oidhche in eolta í.
Níor casadh críostuidhe an bhéil bheo liom i mbóthar ná imbealach, go dtáinic mé abhaile aríst.
TUILLEADH (18) ▼
Ní bhfuigheadh críostuidhe an bhéil bheo ina chlaonta a leithide de chleas a dhéanamh ar dhílleachta bhocht lag, ach níl scruball a' bith in a chroidhe siúd.
Ní raibh críostuidhe an bhéil bheo ar a' tórradh, ach iad fhéin fhéin.
Dheamhan críostuidhe an bhéil bheo ag dul isteach ná amach in a shiopa anois. Sin é an gléas air!
Ní bhfuair sé críostuidhe an bhéil bheo le dhul in aoinfheacht leis. B'éigean dó fhéin bóthar a bhualadh!
Dheamhan críostuidhe an bhéil bheo a bhí ar phortaigh indiu, cé's moite dhuinn fhéin le féar a bhí 'chuile dhuine indiu is cosamhail.
Ní fhágfa mé críostuidhe an bhéil bheo agaibh beo, mara n-eirighe sib as 'ur gcuid míoladóireacht.
Dheamhan críostuidhe an bhéil bheo aca(b), nar thug sé an tsráid amach dhó. Bánuigheadh a' teach d'aon-iarraidh.
Dheamhan críostuidhe an bhéil bheo a chonnaic mé le dhá lá. Bhí mé ag obair annsiúd ingan-fhios de'n tsaoghal.
A thighearna, nach uaigneach an áit a bhfuil sé, amuigh ar an oileán sin, a's gan críostuidhe an bhéil bheo a fheiceál ó bhliadhain go bliadhain.
Tá sé in a chomhnuidhe idteach maoir isteach faoi'n sliabh, a's dheamhan críostuidhe an bhéil bheo a fheicea(nn)s sé ó sheachtmhain go seachtmhain.
'Amuigh ar shliabh uaigneach, a' buachailleacht beithidheach a bhíodh buachaill bó Shliabh Luachra. Dheamhan's móide críostuidhe an bhéil bheo a d'fheiceadh sé ó bhliadhain go bliadhain. Annsin lá amháin, chonnaic sé seala ag dul thairis … etc. ("Buachaill Bó Shliabh Luachra").
Is bocht a' rud do dhuine a shaoghal a chaitheamh mar sin, a's gan críostuidhe an bhéil bheo a fheiceál, ó mhaidin go faoithin ná ó oidhche go maidin.
Ní theigheann críostuidhe an bhéil bheo amach 'sna bólaí siúd, mara dteigheadh lucht caorach go díreach, a's tá mé 'ceapadh gur annamh a theighea(nn)s siad sin fhéin, chomh domhain sin faoi shliabh.
Ní fheicfeá críostuidhe an bhéil bheo ar a' tsráid ann Dia Domhnaigh. Dheamhan corruighe amach ar bith a dhéana(nn)s siad ar a' Domhnach. Sin cuid dhá gcreidimh, chomh maith le 'chuile shórt eile.
InDomhnach bhí an áit bánuighthe romhainn. Ní raibh an oiread a's críostuidhe an bhéil bheo ann.
Ar a dhul isteach sa séipéal dhom indiu, ní raibh críostuidhe an bhéil bheo istigh romham, a's maidineachaí eile, bheadh sé lán. An droch-mhaidin a rinne é, is dóigh.
Dhá mbeadh críostuidhe an bhéil bheo fhéin ann, ach ní raibh!
Ní raibh críostuidhe an bhéil bheo aca(b), nach mara 'chéile 'bhí.
+–
Níl firnéad a' bhéil bheo istigh romhat.
Dheamhan firnéad a' bhéil bheo ó Chois Fhairrge a chuaidh soir indiu, a's b'annamh leo(b).
TUILLEADH (8) ▼
Má chloisimse go dtiocfa firnéad a' bhéil bheo agaibh a (do?) chongnamh dhó, gheobha sib garbh é, feicfe sib fhéin air.
Níor fhan firnéad a' bhéil bheo aca(b) liom. B'éigean dom a theacht abhaile asam fhéin, trí mhíle bealaigh. Ach beidh a shliocht orra(b): déanfa mise an cleas céadna leo(b), uair eicínt eile.
Má fheicimse go dtaobhócha firnéad a' bhéil bheo agaibh an teach sin aríst, níl aon-ghnaithe aige a theacht abhaile. Fanadh sé ann má's breagh leis é.
Níl firnéad a' bhéil bheo agaibh, nach mara chéile atá. Dheamhan ceachtar agaibh le baint as margadh, hébrí cé leis a ndeacha sib chor a' bith.
Dheamhan firnéad an bhéil bheo aca(b) a fuair obair ar an mbóthar, a's tá beirt a's triúr as a' teach as a' mbaile seo thoir ag obair ann. Neart fabhair a mhic ó! Is maith é an fabhar!
Níl firnéad an bhéil bheo díob le baint as margadh. 'Aon-mhuinntir amháin iad muinntir Árd-Raithin' mar adeireadh P. Mh. fadó, a's é a' sciolladóireacht ar na cliamhaineachaí.
Ní raibh firnéad a' bhéil bheo acab, ó dhuine liath go leanbh, nach raibh amuigh in mo dhiaidh. Deir tú gurb ait a chruthaigh mé a's na h-aodha a thabhairt uatha(b) chor a' bith.
Dheamhan firnéad an bhéil bheo sa mbaile anois, nach bhfuil le gliomadóireacht. Is cosamhail go bhfuil iarmhuis mhóra le baint aisti, marach a' sclábhuidheacht atá léithe.
+–
Níor labhair mac an bhéil bheo aca(b). Shílfeá gur faitchíos a bhí orra(b) labhairt.
Dheamhan mac a' bhéil bheo ar a' mbaile, nach bhfuil bacach nó caoch nó éalang eicínt air. 'Sé'n baile is baramhla beo é — 'sé sin.
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan mac a' bhéil bheo, istigh ar a' mbaile sin, a fuair aon-fhoghluim ariamh. Bhí an scoil ro-fhada uatha(b) — ceithre mhíle bealaigh.
Dheamhan mac an bhéil bheo aca(b) a labhróchadh, nó cuid de labhairt, a dhéanfaidís.
Ní feasach mé go ndeacha mac an bhéil bheo, as a' tamhna(igh) chéadna ariamh go Ameriocá. B'fhearr leo(b) fanacht sa mbaile, a' mucaireacht leo(b).
Beo in iontrálacha eile (50+)
→
cadhail
Shoraidh dhíot nar fhan mar bhí tú, a's gan a dhul i gcleitheamhnas thú 'bheith do do chaidhleadh le sneachta mar sin. (D)ar ndóigh, ní chorróchadh aon-fheithideach beo amach a leithide d'oidhche.
→
caidéis
Nach diabhaltaidhe mór a' smál atá oraibh a's caidéis a' bith a chuir uirre sin. Is maith atá 'fhios agaibh gurb shin í ubhall na h-aithne a's ní beo sib, 'na dheidh sin gan a bheith a' saghdadh fúithe.
Ba dhual dó a bheith caidéiseach. Ní raibh aon-cheo sa tír ingan-fhios dá athair. Sin é an sórt duine a bhí ann, nach mbeadh sé beo, gan 'chuile fhios a bheith aige.
+
Chuaidh fear thart annseo an bhliadhain cheana, a's é gléasta mar bheadh tinncéara ann. Ar a chaomhamhaint a bhí sé ingeall ar bhean bhocht eicínt a rubáil a's a mharbhú, thart síos. Dheamhan duine beo, nach gcuirfeadh sé dalladh púicín air. Siar faoi Chonamara in áit eicínt a rugthas air as a dheire, a's cuireadh príosúntacht le na ló air. Má cuireadh fhéin ba mhaith an aghaidh sin air, ná ar aon-duine eile a dhéanfadh a leithide de chleas.
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan gna(ithe) aghad tada a mbeidh aon-chás aghad ann, a innseacht dó sin, arae níl caomhamhaint a' bith ann. D'innseochadh sé an rud ba mheasa leat beo, do'n té nach bhfaca sé ariamh.
Fuair tú amach 'muis an té a mbeadh caomhamhaint ann. Nach bhfuil fhios agad nach mbeadh sé sin beo gan a bheith a' cíbleadh cainnte.
Bíodh caomhamhaint ionnad anois, a's na labhair le aonduine beo faoi sin, go bhfeiceamuid linn.
→
carcair
'Sé díol a' diabhail aon-cheart a bhaint de'n charcair sin. Tá sé beo droch-mhúinte, a's ar bheagán spleadhchais le chuile dhuine.
→
ceal 1
Mara bhfuil feamuinn dearg aige ní cheal a shaothruighthe é, arae dheamhan lá beo, nach gcaitheann sé stráisiún thíos ar bharr na curraighe.
Ní fhéadfadh sé rud a' bith a cheartú duit — go fiú's an rud is fánaighe beo — gan na goithtí sin. Goithtí ar fad é.
→
ceasúil
Sé'n tanálach bradach é. Tá sé chomh h-éiseallach a's nach féidir a bhéilídhe a leagan chuige. Bíonn locht aige ar a' bhfeoil go mbíonn sé ro-cheasamhail, a's an t-arán go mbíonn an iomarca 'soda' ann. B'fhearr dhuit beo idtalamh ná a' freastal air.
Tá cainnt aige — cipiléaracht a's cainnt ar sraith. Dheinfead sé ballséire d'aonduine beo a bheith ag éisteacht leis.
→
ciseach
Tá'n áit in a chiseach ag a' mbrothtuinn ghasúr sin as Baile Átha Cliath. Dheamhan fhios ag aonduine beo, cé'n ámhuilleacht atá ionnta(b).
→
cleite
Ní minic cleite gnaoidheamhail tarraingthe anuas ag a' gceann céadna. Bheadh sé sin beo a' gráiscínteacht, a's a' radaireacht mar sin.
Fainic do mhéir (mhéar) ar a' sceannadóir de phortán sin. Ceadh nach bhfuil fhios agad, gurab shin é an rud is coilgnighe beo. Má bhaineann sé ailp asad, comhairleocha sin thú b'fhéidir.
+
Dhá gcastaí isteach 'sna coillte coimhightheacha sin thú, ba mhaith a bheitheá ar do mhaidí, a's a theacht asta(b) beo. Tá siad lom-lán le beithidhigh éigcéille.
TUILLEADH (2) ▼
Ní feasach mé beirthe ná beo cé'n fáth atá aige a bheith chomh coimhightheach leis a' teach seo a's atá sé. Shílfeá nach araoid ná múisiam a' bith a chuir muid ariamh air, mara bhfuil indán's gurb é a bhealach é.
Dheamhan mac an éin bheo in do thír nach bhfuil a' casaoid (ar shlaghdán, nó tinneas) a's ughdar aca(b). Ach is suarach a' t-iongnadh sin, a's an aimsear a' cothú chomh coimhightheach a's tá sí.
Tá na breaclachaí sin siar beo le coiníní anois, a's gan blas coimhighthis aca(b) le aonduine. Airigheann siad nach bhfuil aon-mhadadh de rath ar a' mbaile.
Dhá mbeadh firéad againn, dheamhan coinicéar beo aca(b) sin, nach dtiocfadh sé innte, a's nach gcuirfeadh sé na coiníní asta(b) amach a's deifir orra(b).
→
coirigh
Ní choireocha sé ar aon-duine in mo láthair-sa, nó má choirigheann, cuirfe mise in a thost é, gan mórán achair. 'Sén rud is lughar liom beo, duine a chloisteáil a' caitheamh a's a' cáineadh ar a chomhursa mar sin gan ughdar a' bith.
Ní beag dhó chomh coitchiannta a's bhíos sé ag ól. Dheamhan fhios agham beirthe ná beo, cé'n chaoi a seasann a' t-airgead dhó, chor a' bith.
+
→
comaoin
Má tá cion aige ar a' tsean-mháthair fhéin, is cumaoin dó. Marach an oileamhaint a thug sí sin dó, a's é 'na pháiste, dheamhan a' mbeadh beo indiu dhó. Chuaidh sé sáthach righte leis mar 'bhí sé fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan firnéad a' bhéil bheo istigh in do phobal nach bhfuil faoi chumaoin dó sin, ingeall ar é 'bheith 'na dhochtúr beithidheach.
Bhí sé chomh maith dhuit a dhul a's é a dhéanamh i gcoimhfhios le 'bheith ag imtheacht i ngan fhios mar sin, arae dheamhan mac an éin bheo sa tír nach bhfuil fhios aige go bhfuil tú ar a' gceird.
→
conán
Dheamhan duine beo a thiocfadh a' cur aon-araoid ar a' gconán sin, mara mbeadh a' catmara ar fad air — créatúr bocht nach mbíonn idtroid ná imbruighin, ná nach raibh ariamh.
+
Ó'n gcosamhlacht atá ar an áit, ní shílfeadh aon-duine beo, go bhféad(f)aí sagart a dhéanamh as.
TUILLEADH (1) ▼
Bheadh fhios ag aon-duine beo gurb é a ghoid an coirce. Nach bhfuil a chosamhlacht le na chois! Cé eile a mbeadh fhios aige go raibh an mála sin amuigh sa scioból, a's gur indé roimhe sin a chuir mé ann é?
Má chothuigheann sé an ghlas-aimsir seo i bhfad eile, dheamhan 'fhios beo cé'n aimsear bhreagh a thiocfas na diaidh. Deir siad nach bhfuil rud a' bith is siúráilte na cothromacan síne na h-uaire.
Ní bheadh Tom Sh. contanásach i láthair sagairt ná easbuig. Dá mbadh é an té ba mheasa leat beo é, leigfead sé amach a chuid droch-éisc in a láthair.
Má tá sé beo, tá féith ó Chéadtach ann. Marach go bhfuil, ní bheadh aon-ghoir aige gaisce de'n tsórt sin a dhéanamh.
→
cíos
Ní chuimnigheann aon-duine dhá bhfuil beo anois ar a' gcíos cléire. Is beag le go gcuimneochadh a n-aithreachaí air, tada leis.
Níor bheo é sin, mara mbeadh sé a' deanamh cithréabachaí de rud eicínt. Níl billeog fágtha in a leabhar aige, nach bhfuil stróicthe, stiallta. Is deas a' chaoi é sin, a's a ghoirdeacht a's ó cheannuigh sé an leabhar sin.
+
→
baile
A' mbeadh fhios aghad beo ná baistighe, cé'n catmara a bhí uirre, an chéad lá ariamh a ndeacha sí isteach ar bhaile na gortan céadna (bean a phós indroch-bhaile).
TUILLEADH (2) ▼
Má tá mise beo, sin fear a chaith tamall in a stucaire coirnéil imbaile mór.
Ní beo í indiaidh an bhaile = tá an-chaitheamh in a dhiaidh aice.
+
→
bannaí 1
'Sé an rud is luath (lughar) liom beo, duine 'iarraidh orm a dhul imbannaidhe air, faoi airgead. Ní bheadh fhios agad, nach thú fhéin a chaithfeadh díol (íoc) a dhéanamh indeire na cúise.
TUILLEADH (4) ▼
Ní bannuidhe bliadhna 'bhí 'chuir air, ach bannuidhe an fhad's bheadh sé beo. Cá'ide air bliadhain, go mbí sé ar a tháirm aríst, a' troid 's a' bruighin.
Diabhal a' miste leis siúd bannaidhe air nó dhó — ní bheadh sé beo gan a bheith a' troid.
Mise imbannaidhe go gcaithfeá do ladar a bheith ann! Ní beo thú mara mbí tú in éadan duine eicínt
Tiubharfa mé bannaidhe béil duit, nach gcainnteocha mé le mac an aoin bheo air.
+
→
bealach
Bhí sé 'strócántacht ag iarraidh imtheacht ó mhaidin, a's thug mé cead a' bhealaigh dhó ar báillín. Nach raibh sé chomh maith dhom: d'íosfadh sé beo beithidheach istigh sa teach mé, mara dtugainn cead dó imtheacht.
TUILLEADH (3) ▼
Sé'n rud is luath (lughar) liom beo, duine a bheith imbéal a' bhealaigh rómham, a' súil le tuairisc.
Fág seo go beo! Tá sé in am a bheith ag giorrú an bheala(igh).
Fág mo bhealach go beo. Tá deifir orm.
→
beanna
Níl fhios agham beo cé'n chaoi ar thug mé mo bheanna liom aréir ó na póilíos. Rugthas ar chuile dhuine cé's moite dhom fhéin, faoi sholus.
→
beart
'Caith aníos coirce go beo agham' adeir P. Sh. Ph. N. leis a' mbean, a's é spréachta nach raibh sé faghail rud le déanamh thuas ar a' gcruaich. 'Ní fhéadfa mé' adeir sí 'go leaga mé an beart de mo ghualainn'. (Scéal baramhail a innsighthear faoi fhear áithrid a raibh an-uathbhás oibre air).
→
crinn
Mhionnuigh sé a's theastuigh sé dhom, nach raibh i bhfocal dhár dhubhairt sé, ach cnámh chrínnte na fírinne ach d'aithneochadh aon-duine beo uirre, go raibh luighe na bréige uirre.