beo
—aidiacht, dobhriathar
1.
gan a bheith marbh; splanc nó dé na beatha a bheith ionat; a bheith ar an saol seo, nó ar shlí na bréige.
a.
+–
Tá sé beo fós.
Níl ann ach go bhfuil mé beo.
TUILLEADH (8) ▼
An bhfuil tú beo chor ar bith théis na hoíche?
Is mór an saothraí thú agus a bheith beo chor ar bith théis a ndeachaigh tú thríd!
Ní cás do dhuine é fhad is a bheas sé beo chor ar bith.
Níl beo anois den mhuirín ach iníon amháin.
Bhí an díleá ar na créatúir. 'Sé a bhfuil beo ar an bhfeadhain anois acub, mac amháin.
Má tá sé beo fós, mairfidh sé choíchin.
Is diabhlaí an saol atá sé a fháil má tá sé beo fós.
'Sé atá beo, agus beo go maith — 'sé atá, agus seanbheo.
+–
Níl mé ach beo ar éigean — díbheo
Dheamhan ann ach go bhfuil mé beo ar éigean théis an ruaig sin.
TUILLEADH (3) ▼
T.: Cén chaoi a bhfuil tú? S.: Beo ar éigean, leisce bás a fháil (níl ann ach modh focail. Ní móide go mbeadh clóic ar bith ar an té adéarfadh é)
Beo ar éigean leisce bás a fháil, a mhic ó. Is maith an mhaise dhuit fhéin é, bail ó Dhia ort.
Beo ar éigean, agus ní mórán leis.
+–
Go dtuga Dia do na daoine a bheith beo! (nuair a thráchtfaí ar an Nollaig, ar fhéile ar bith, nó ar rud suntasach ar bith a bheadh chugat)
Go dtuga Dia dhúinn a bheith beo inár saol agus inár sláinte lena fheiceáil.
TUILLEADH (4) ▼
Go dtuga Dia dhúinn a bheith beo is abuil a chéile aríst oíche chinn bhliana! (beannacht adéarfadh duine i gcomhluadar oíche chinn féile)
Go dtuga Dia dhúinn a bheith beo an t-am seo aríst!
Go mbeire muid beo ar an am seo aríst! (beannacht ar nuaíocht eicínt a fheiceáil .i. uan óg i dtús bliana, bia nua, nó mar ghuí)
A Dhia dhá tharrtháil! Go mbeire muid beo ar an am seo aríst! (Rud a chuirfeadh iontas ort, nó nuaíocht)
+–
Beidh sprémhóin ann, an té a bheas beo aríst — beidh sprémhóin ag an té a bheas beo, an t-am seo aríst (an t-am seo an chéad bhliain eile)
Cá bhfios duit go mbeifeá beo aríst ach súil le Dia.
TUILLEADH (3) ▼
'Rachaidh mé faoi don té a bheas beo aríst; go bhfaighidh 'Rebelmen' luach a sláinte (Raiftearaí — Na Buachaillí Bána)
Beidh pósaíochaí ann, an té a mhairfeas beo aríst, má tá an oiread sin Poncán ag teacht.
An té a bheas beo aríst, beidh neart oibre le fáil aige má tá i ndán is go bhfuil an dug sin le déanamh.
+–
Is aoibhinn don té a bheas beo i ndiaidh an chogaidh adeir siad
Naoi lá a sheasfas an cogadh adeir an tairngreacht. Ní mór do chuile dhuine trí mhaingín min choirce a thabhairt leis agus a dhul síos in uamhain thalúna go mbeidh sé thart. Ach is aoibhinn don té a bheas beo. Beidh saol na bhfuíoll aige.
TUILLEADH (2) ▼
'Tiocfaidh loing an óir; tiocfaidh an tóir ina diaidh; Tiocfaidh cogadh an dá Ghall go hÉirinn, agus is aoibhinn don té; a bheas beo ina dhiaidh' (Rann tairngreachta)
Má thagann cogadh, ní bheidh aon duine beo ina dhiaidh ach grásta Dé.
+–
Chomhuain is a bheas tú beo aríst, ná déan a leithide sin.
Ní fheicfidh tú mise dhá thaobhachtáil chomhuain is a bheas mé beo aríst.
TUILLEADH (2) ▼
Chomhuain is a bheas tú beo aríst, ná leag méirín fhliuch air sin má tá do leas ar Dhia.
Múinfidh sin thú aríst gan aon araoid a chur air sin chomhuain is a bheas tú beo aríst.
+–
An dá lá is a bheas mise beo aríst, ní bheidh mo phlé leis; an dá lá is beo mise aríst, ní bheidh mo phlé leis.
An dá lá is beo thú aríst, ná cuir chuige ná uaidh.
TUILLEADH (4) ▼
Múinfidh sin thú gan drúcht ná báisteach a rá le aon duine den dream sin an dá lá is beo thú aríst.
Tá mo chomhairleachan faighte agam anois, agus ní in aisce é ach an oiread. An dá lá is beo mise aríst, ní bhlaisfidh mé d'aon deoir óil.
An dá lá is a bheas mise beo aríst, dheamhan isteach in aon teach ósta a ghabhfas mé
Ón lá sin go dtí an lá atá inniu ann, níor labhair mise focal aranta le S. ná ní labhróidh an dá lá is beo mé.
+–
Chomh cinnte (nó chomh siúráilte) agus atá tú beo, sé a bhí ann.
Chomh siúráilte agus atá mé beo, sin é a dhéanfas sé. Dheamhan a mhalrait.
TUILLEADH (3) ▼
Chomh siúráilte agus atá beo dhó, sin é an áit a raibh sé ag gabháil.
Chomh cinnte agus atá mé beo, ag iarraidh mná a bhí sé ag gabháil.
Chomh cinnte agus atá sé beo, 'sé a casadh do Mháire mar sin.
+–
Dheamhan a bhfuil beo dhó, nó 'sé a bhí ann —'sé a bhí ann go cinnte.
Dheamhan a bhfuil beo dhíot, nó is tú a rinne é. D’aithneoinn ar do dhá shúil é. Agus thú ag iarraidh é a leagan ar dhaoine eile ansin!
TUILLEADH (10) ▼
Dheamhan a bhfuil beo de Learaí nó sin é anoir é.
Dheamhan a bhfuil beo de Phádraic nó tiocfaidh sé ann — tiocfaidh sé ann go cinnte
Dheamhan a bhfuil beo den sagart nó sin é aníos é — sin é aníos an sagart go cinnte
Dheamhan a bhfuil beo de T. Mh. nó 'sé a d'inis dóibh é
Chonaic mé an strainséara ag gabháil soir ann aréir, agus dheamhan a bhfuil beo dhó, nó sin é a bhí ann.
Dheamhan a bhfuil beo de Nóra, nó 'sí a chur suas le bean Sh. Mh. N an méid sin a rá. Tá cúl a cainte go maith leis an gceann sin.
Dheamhan a bhfuil beo dhó mar sin, nó 'sé a d'airigh mé ag rúpáil ar fud na sráide deireanach aréir.
Dheamhan a bhfuil beo de 'Phateen', nó imeoidh sé fhéin anois chomh maith le duine.
Dheamhan a bhfuil beo dhíot, nó is tú a chum do Mh. Bh. go raibh M. A. ag gabháil ag pósadh. Dúirt sé liomsa gur cuireadh pearúl air gan caintiú air.
Dheamhan a bhfuil beo dhíot, nó is tú a ghoid mo chuid tobac.
+–
A bhfuil beo ar thalamh an domhain agus ní chuirfeadh chuig an scoil é.
A bhfuil beo agus ní bhainfeadh ceart di — ní bhainfeadh sin.
TUILLEADH (2) ▼
Dheamhan a bhfuil beo a chuirfeadh aon chomhairle air nuair a chaithfeas sé ina cheann rud ar bith a dhéanamh.
Dhá mbeadh a bhfuil beo istigh, sé an rud céanna a dhéanfadh sé.
+–
B'fhearr liom beo i dtalamh ná ag plé leat — d'fhuilingeoinn rud ar bith ach gan aon bhaint a bheith agam leat
B'fhearr do dhuine beo i dtalamh ná ag éisteacht leis an abhlóir sin ó mhaidin go faoithin.
TUILLEADH (7) ▼
B'fhearr dhó go mór beo i dtalamh ná ar an gceird atá air. An mbeadh a fhios ag aon duine beo cén chaoi a maireann sé chor ar bith.
Dar liom fhéin go mb'fhearr do dhuine beo i dtalamh ná a bheith ag iarraidh a bheith ag coinneáil chocaireachta leis an gcailleach is máthair dó.
B'fhearr liom beo i dtalamh ná ag breathnú air. Scrúdfadh sé na clocha glasa — scrúdfadh sin.
B'fhearr liom beo i dtalamh ná ag breathnú ar do leithide ag obair. Chuirfeá múisc ar ghadhar.
B'fhearr dhó beo i dtalamh nó a bheith ag iarraidh a bheith baint ceart den raibiléara mná atá aige.
Cheapfainn fhéin ar aon chor go mb'fhearr do dhuine beo i dtalamh ná a bheith ag dul trí mhíle ag déanamh bóthair ar an aimsir seo.
B'fhearr liom beo i dtalamh, nó ag gabháilt de chlocha ar mo chuid ceirteachaí, ná a bheith sa gcruth a bhfuil Séamus — reicthe ag paca ban.
+–
Ní beo é gan a bheith ag déanamh rud eicínt as bealach; ní bheadh sé beo gan a bheith ag déanamh contráilteachta eicínt (Is iondúla an chéad leagan — "ní beo é")
Ní beo thú gan a bheith ag corraí agus do do lúbadh fhéin
TUILLEADH (11) ▼
Ní beo é gan a bheith imithe, agus nuair a bhíonn sé imithe, dheamhan an beo é gan a bheith sa mbaile aríst, agus dheamhan a fhios agam fhéin cén scéal é! Bíonn cuid de na daoine an-luathintinneach.
Tá mé ag ceapadh nár bheo thú mura mbeifeá ag coiriúint ar dhuine eicínt.
Ní beo é gan a dhul ag cuartaíocht go hacht is go háirid.
Ní beo an ceann céanna mura bhfaighe sé cead bóithreoireachta, agus is olc a théanns sé dhó go minic — is olc sin
Is cosúil nach beo thú mura ligtear an déanamh púicín thú. Well, caithfidh tú déanamh dhá uireasa anocht ar aon chor.
Níor bheo é go dtéadh sé a charraíocht liom, agus nuair a chuaigh muid a charraíocht, ba gearr go ndearna mé cleas an tradhaill leis. Ní bheidh an oiread fonn air aríst déarfainn.
Níor bheo é Seán go dtéadh sé ag ól, agus is beag a bhí ólta aige san am a raibh sé ar meisce. Sílim gur beag an acmhainn atá ar aon ól aige — gur beag sin.
Ní beo é an diabhlánach céanna mura mbeidh sé ag déanamh millteanais eicínt, hé brí cén smál atá air tharas duine ar bith dhá aois ar an mbaile.
Níor bheo na gearrchailí go bhfaighidís cead a dhul chuig an gcéilí, ach sílim dhá mhéad fonn a bhí orthub a dhul ann, go raibh a dhá oiread fonn orthub a theacht as. Chuala mé nach damhsa a bhí ann ach achrann.
Ní beo thú gan a bheith ag spochadh leis an ainle bhradach sin, agus fios agat cén bealach atá leis.
Níorbh bheo thú ariamh fhéin mura mbeadh duine eicínt agat le dóigh mhagaidh a dhéanamh dhe.
+–
Ní fearr dhó beo.
Dheamhan an fearr dhó beo an duine bocht agus a fheabhas agus a bhí sé ag saothrú an tsaoil.
TUILLEADH (3) ▼
Ní fearr beo an ceann céanna. B'olc é, go ndéana Dia grásta air!
Ní fearr dhó beo má bhí sé chomh dona sin.
Má mharaítear fhéin muid, cé fearr do na daoine beo.
+–
Más beo mé, tiocfad (freagra ar dhuine a d'fhiafródh díot an dtiocfá in áit eicínt)
Más beo mé, beidh mé ann.
TUILLEADH (1) ▼
Impím ar an Domhnach muran beo mé ach mí; seal fada a bheith ag gabháil leat ar thórainn Bhéal Átha an Rí.
+–
Dhá fhaideacht (nó dhá fhada) beo mise, ní fhaca mé a leithide de chleas dhá dhéanamh ag aon duine.
Is fada beo mé, ach ní fhaca mé a leithide d'aimsir ariamh agus atá ann le sé seachtainí.
TUILLEADH (1) ▼
Is maith an scaitheamh beo mise ach ní fhaca mé fós ariamh grabairín chomh mímhúinte leis.
+–
Beo ní bheidh tú in mo dhiaidh.
Beo ní fhágfaidh mé thú, má ionsaím thú.
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan do chos a fhágfas mé beo má fheicim ar an ábhailleacht sin aríst thú.
Mura lige tú de do chuid gáirsiúlachta ní fhágfaidh mé a dhath dhíot beo (ní fhágfaidh mé aon cheo beo dhíot srl.).
Beidh saol maith ann fós, an té a mhairfeas beo (a bheas beo) lena fheiceáil.
+–
Ó tháinig mé beo as an ngábh sin, tá Dia in m'fhabhar.
Níor tháinig beo as an mbriseadh (cath, cogadh) ach duine nó beirt.
TUILLEADH (5) ▼
'Sé a dtáinig beo, é fhéin.
Ní bhíonn cath ar bith nach dtagann duine eicínt beo as.
Bhí an tseamair Mhuire aige agus a theacht beo as.
Ó tháinig mise beo ón oíche aréir, dheamhan mo chos ná mo chnáimh a thaobhós an áit sin aríst le mo shaol.
Níl ann ach go dtáinig muid beo.
·
Is deas an chaint atá ort, agus gan fhios agat an n-éireofá beo ar maidin, ach toil Dé.
Ní bhíonn a fhios ag aon duine ag dul ag luí dhó san oíche an n-éireoidh sé beo ar maidin, ach toil Dé.
+–
Mura ndéana tú deifir, ní bhéarfaidh tú beo air — beidh sé caillte romhat
Dhá mhéad deifir dhá ndearna an mac, níor rug sé beo uirthi ina dhiaidh sin
TUILLEADH (5) ▼
D'imigh sí de ghorta gharta go sábhála Dia sinn! An té a bheadh thíos ag an gC. Mh. ní bhéarfadh sé beo uirthi, ní áirím a mhalrait — bás tobann.
Ar éigean is ar árach a rug mé beo air.
Téirigh faoi dhéint an tsagairt agus is maith an deifir a dhéanfas tú má bheireann sé beo air.
Más leat breith beo air, níl nóiméad moille le déanamh agat. Tá sé ar a chailleadh ó mhaidin inniu.
Nach gearr an chairde a thug an bás dó agus nach rug mé beo air!
+–
Slán beo leis an seansaol — céad slán don tseansaol!
S. Ph. a bhí in mo bhail, slán beo leis! (Bhí sé imithe go Meiriceá nó as baile anois).
TUILLEADH (2) ▼
"Slán leat a stóirín! Slán beo leat go bhfille mé aríst" (líne as An Abhainn Mhór)
Slán beo leob ar fad! Tá chuile mhíle duine acub i Meiriceá anois!
+–
'Fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar' (seanfhocal) — má bhíonn tú in ann an ganntanas nó an t-ocras a bharraíocht idir an dá linn, beidh greadadh beatha le fáil agat fós. (Ag cur comhlíonadh an dea-ghealladh ar an méir is faide i gcónaí)
Tá an chaint sin ceart go leor — fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar — ach ar chuala tusa ariamh go bhfaigheann na ba bás 'fhad is a bhíonns an féar ag fás.
TUILLEADH (4) ▼
Sin é an leathrann atá acub sin i gcónaí, go mbeidh saol maith ann an chéad bhliain eile. Tá siad a fhearacht ag an bhfear fadó adeireadh: fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar.
Chuala muid na geallúntais sin cheana uaibh: fan beo a chapaill is gheobhaidh tú féar. Is fada an fanacht ag an gcapall é i nDomhnach.
Cuirfidh siad sin chuile shórt ar an méir is faide, agus dheamhan ar mhiste leob dhá bhfaigheadh créatúir bhochta bás, chomhuain is bheidís ag fanacht leis an gcabhair. Fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar, dar ndóigh.
Is fada an capall ag fanacht beo, agus tá sí chomh fada ón bhféar anois agus a bhí sí an chéad uair ar gealladh dhi é.
b.
+–
Leagha na bhFiann ní dhéanfadh beo aríst é; ní dhéanfadh dochtúirí na hairí beo aríst é.
Má chailltear tú aon uair amháin, leagha na bhFiann ní dhéanfadh beo aríst thú.
TUILLEADH (7) ▼
Cén mhaith dhi a cuid airgid anois. Ní dhéanfaidh sé beo aríst í.
Tá dochtúirí dhá coinneáil beo leis an fhad seo.
'Siad buidéil an dochtúra a choinnigh beo í.
An leabhar Eoin a thug an sagart dó a choinnigh beo é.
Chaith sí a saol ag plé le luibheannaí agus dhá dtabhairt do dhaoine eile. Feiceamuist coinníodh siad beo í fhéin anois.
'Sé an dole atá dhá choinneáil beo. Dheamhan slí ná fáltas eile aige
Céard a choinneodh beo muid (céard a choinneodh beatha linn), murach na cupla punt sin a tháinig as Meiriceá?
2.
druidte; le punt a chéile; breac ballach le …
+–
Tá an áit beo leob — druidte; breac ballach; iad le punt a chéile ann; iad thar a chéile ann; iad an-tréan ann.
Tá na breaclachaí sin siar beo le coiníní.
TUILLEADH (14) ▼
Tá an seomra seo beo le luchain.
An bhfaca tú aon áit ariamh atá beo le francaigh mar é?
Bhí an seomra beo le ciarógaí.
Siúd í an leaba a bhí beo le dreancaidí.
Tá na crígheannaí sin suas beo ar fad le broic le gairid anuas. Is iontas é agus a laghad acub agus a bhíodh ann roimhe seo.
Tá na giorriachaí an-taithithe anois i mbarr an bhaile. Is gearr go mbeidh an áit beo leob. Airíonn siad nach bhfuil aon chú agamsa nó gheobhaidís garbh é.
Má mhaireann dóibh, is gearr go mbeidh an teach beo le luchain bheaga. Is mór an babhta orainn gan aon chat a bheith againn. Deirimse leatsa gur maith ann na cait ina dhiaidh sin, ainneoin go mbíonn casaoid orthub amantaí.
Is diabhaltaí an lear gasúir as Baile Átha Cliath atá siar ansin. Níl aon áit dá dtiocfaidh tú nach bhfuil beo leob, agus iad chomh hábhailleach mioscaiseach lena bhfaca tú ariamh.
Bhí na criathraigh sin suas beo le póilíos le cupla lá, ach dhá fheabhas dhár shaothraigh siad é, chinn orthub aon deoir phoitín a fháil ina dhiaidh sin.
D'fheicfeá na garrantaí beo le philibíní an tráth seo bhliain i gcónaí.
Tá an cladach beo le mná rialta inniu ar snámh ann. Shíl mé nach raibh an oiread siúd acub uileag in Éirinn.
Éirigh as sin a dhiabhail! Tá an cnocán beo le seangáin
Tá an tuí seo beo le cruimhe. Airím ag snámh orm péin iad.
Bhí mo chuid éadaí agus mo chraiceann beo le sceartáin de bharr a bheith in mo luí sna raithneachaí. Tharraing mé ceann mór as mo cheathrú le strócántacht mhór.
3.
sciobtha, aigeanta, éasca ar do chois, in t'imeacht, in t'iompar; storrúil, spreabhsach; mear; ar an bpointe; broidiúil; bíogúil; scafánta; súnásach; teas an aithinne a bheith ionat.
+–
Teara uait go beo abhaile — go sciobtha deifreach
Imigh leat go beo agus glaoigh aníos air.
TUILLEADH (11) ▼
Déan deifir go beo agus ná caith an lá leis.
Amach leat ar an bportach go beo, agus ná lig an oíche ort fhéin.
Siar leat go beo agus fuagair air a theacht aniar.
Corraigh leat go beo nó ní bheidh tú sa mbaile ó ló.
Éirigh go beo nó ní bhéarfaidh tú ar an aifreann.
Mura n-imí tú go beo, beidh sé thar am ort ag an mbus.
Fág seo go beo nó báfar go craiceann muid.
Fág mo bhealach go beo. An síleann tú nach bhfuil tada ar m'aire ach an oiread leat féin?
Ith do bhéilí go beo agus bí amuigh.
Mura bhfeistí tú amach thú fhéin go beo, ní bheidh aon ghair agam fuireacht leat.
Déan deifir go beo más leat a bheith in am.
+–
Tá sé beo ar a chois — sciobtha, éasca
Bí beo ar do chois thairis sin.
TUILLEADH (13) ▼
Tá sé an-bheo ar a chois.
Tá sé beo ar a choisméig.
Bí beo.
Shílfeá go mbeifeá beo thairis sin. Ní fhaca mé aon righneadóir ariamh go dtí thú
Breá nach bhféadfá a bheith beo leis an rud a bheifeá a dhéanamh agus gan a bheith ag fáil bháis os a chionn?
Siúd é atá beo in éadan a ghnaithe.
Breá nach mbeifeá beo thairis sin?
Duine beo é.
Is maith beo uaidh imeacht! — is deifreach a imíonns sé.
Is breá beo uaidh siúl.
Is maith beo uait do ghnaithe a dhéanamh.
Ba mhaith beo í ar fud an tí.
'Sé atá beo ag damhsa.
+–
Tá súile beo aige — súile friochanta ; ní súile marbha atá aige; leagan súl a bheadh luaineach nó grinn
Níl a shúile siúd marbh. 'Siad atá beo!
TUILLEADH (4) ▼
An bhfaca tú na súile beaga beo atá aige.
Is maith beo an tsúil atá aici.
Is aige atá na súile beo friochanta.
Is beag a bheas in aon áit i ngan fhios dó siúd. Tá dhá shúilín bheaga bheo aige.
+–
Tá siad beo fós — dream a bheadh ag dul ar gcúl, nó ag ligean fúthu i bhfeirg, in achrann srl., nó ag claochmú ina neart ach nach mbeadh claochmaithe amach is amach.
Dar príosta, tá sé beo fós. Is fadó an lá nár chuala mé aon ucht uaidh anois.
TUILLEADH (5) ▼
Tá muintir Sh. Mh. beo fós. Shíl mé go raibh siad ligthe fúthub ar fad go dtí sin.
Is maith é C., tá sé beo fós muis, má tharraing sé achrann aríst.
Is fadó cheana nár chuala mé ucht ná acht ná éagaoineadh ón dream sin go dtí sin, ach is cosúil i nDomhnach go bhfuil siad beo i gcónaí
Is maith é S. agus a bheith beo chor ar bith, théis an bhail a cuireadh air.
Tá sí beo fós — coinneal nach mbeadh ídithe ar fad
+–
Níl aon aithinne beo sa tine — tá sí uilig as
Má tá aithinnear bith beo inti, b'fhéidir go ndeargfadh sí fós, ach í a shéideadh agus réidh an achair a thabhairt di.
TUILLEADH (6) ▼
Tá aithinne bheag bhídeach beo istigh ina lár, ach níl sí ach beo ar éigean.
Má tá aon dé chor ar bith beo inti, deargfaidh an choinneal agus an siúcra í.
Ní raibh aon aithinne beo sa gcoigilt ar maidin, arae níor chuir sibh aon chuma choigilte uirthi aréir ach na fóide a chaitheamh ar a rogha caoi.
An bhfuil fód ar bith beo inti?
Séid an fód beo sin, agus b'fhéidir dhi lasadh.
Dhá mbeadh caorán ar bith beo sa tine, b'fhéidir gur gearr an mhoill a bheadh uirthi, ach sílim dheamhan é.
4.
cuirtear beo go minic roimh aidiacht eile, le céill an aidiachta eile sin a neartú: "Beo beithíoch", "beo scafánta", "beo bíogúil" srl.. (Sonraigh an t-idirdhealú atá idir "beo beathach", agus "fuar beithíoch").
+–
Tá sé beo beithíoch fós — níl baol ar bith air a bheith caillte; tá sé seanbheo fós.
'Sé atá, agus beo beithíoch.
TUILLEADH (15) ▼
Tá sí beo beithíoch fós, ainneoin go bhfuil an céad sáraithe aici.
Dheamhan a dhath mairge uirthi. 'Sí atá beo beithíoch fós.
Is maith an mhaise dhó é, a bheith beo beithíoch fós agus an aois atá aige.
M'anam go bhfuil T. Mh. beo beithíoch fós, más sin é do scéal.
Tá sé beo beithíoch fós, ainneoin gur comhaois é fhéin agus Páidín s'againne, go ndéana Dia grásta air.
Dhá mbeadh sé dhá chéad, tá sé beo beithíoch
Cén chaint sin ort? Nach bhfuil Beartla beo beithíoch fós?
Níor mhaith dhuit an bás a shamhailt leis siúd — fear atá beo beithíoch fós.
Dheamhan cuimhne ar bith báis ag Seán. 'Sé atá beo beithíoch, agus chomh maith agus a chonaic tú ariamh é.
Ainneoin gur chuir sé triúr ban, tá sé féin beo beithíoch fós.
Mura mbí na gliomaigh beo beithíoch agus thú ag dul dhá mbruith, níl aon mhaith iontub.
'Sé an fáth a gcuirtear na gliomaigh sa bpota taisce, i riocht is go mbeidís beo beithíoch nuair a thiocfaí dhá ndíol.
Deir siad gur cuireadh beo beithíoch i gcónra í sin. Bhíodh na céadéaga nó rud eicínt mar sin uirthi agus shíl siad go raibh sí séalaithe.
Frítheadh páiste caite sa gcladach ann, i mbosca, an bhliain cheana agus bhí sé beo beithíoch. Mhair sé freisin sílim.
Rugadh an páiste beo beithíoch, ach níor mhair sé ach cupla uair. Cailleadh an mháthair ar an bpointe.
+–
Íosfaidh mé beo beithíoch thú.
Is beag nár ith sí beo beithíoch mé faoi imeacht.
TUILLEADH (4) ▼
Mura n-éirí tú as do chuid ealaíne, íosfaidh mé beo beithíoch thú.
Rug an fathach air agus shíl sé é ithe beo beithíoch.
Tá amhais amach sna réigiúin choimhthíocha sin agus d'íosfaidís beo beithíoch thú dhá bhfaighidís aon ligean ort.
Ní bhfaigheadh sé sásamh ar bith thú a bhualadh. B'fhearr leis thú a ithe beo beithíoch.
+–
Cuirfidh mé beo beithíoch síos sa talamh thú mura lige tú dhom.
Tá mé thíos sa talamh beo beithíoch aici, ag troid agus ag sciolladóireacht orm — ní beo mo bheo aici ach éag
TUILLEADH (5) ▼
Is bocht dom a bheith thíos sa talamh fhéin beo beithíoch agaibh, agus an cheird atá oraibh maidin is tráthnóna — ní iontas ar bith go bhfuil mé ionann is maraithe agaibh agus an cheird atá oraibh maidin is tráthnóna (samhailéireacht, sciolladóireacht srl.)
Is beag an dochar dhom a bheith beo beithíoch thíos sa talamh agaibh agus an chaoi a bhfuil sibh i m'éadan.
Chuirfeadh sibh beo beithíoch síos sa talamh mé dhá bhféadadh sibh. Is fada libh fanacht go gcuirfidh Dia fios orm.
Nach mé atá thíos sa talamh beo beithíoch agat!
Chuirfeadh sé beo beithíoch i dtalamh duine dhá gcaitheadh sé i bhfad in éineacht leis.
+–
Tarraingeoidh mé ó chéile beo beithíoch thú.
Tá mé sceanta beo beithíoch aige ag iarraidh airgid orm, agus gan aon phínn agam le tabhairt dó.
TUILLEADH (1) ▼
Mura n-éirí tú as do chuid gnaithí, m'anam ná raibh ag an diabhal, go stiallfaidh mé ó chéile beo beithíoch thú.
+–
'Sé atá beo bíogúil — airdeallach; aireach; sciobtha; ní imíonn tada i ngan fhios dó; níl aon chloíteacht ná aon mhearbhall fós air
Tá sí chomh beo bíogúil le coinín sa gclúid.
TUILLEADH (11) ▼
Ar an dá luath agus ar dhúirt mé fhéin an méid sin, d'éirigh sí aniar beo bíogúil sa leaba chugam, agus chuir sí na súile thríom.
Is beag an chlóic atá fós uirthi, ach beo bíogúil.
Duine beo bíogúil é. Ní ag titim ina chodladh a bhíonns sé fearacht tuillidh.
Beainín bheo bhíogúil í, mura bhfuil an téagar fhéin inti.
Is beag a chorrós ar fud an tí i ngan fhios dó. 'Sé atá beo bíogúil, 'sé sin.
B'fhiú ór duitse dhá mbeifeá chomh beo chomh bíogúil leis an ngasúr sin thíos ag S. D.
Putach meabhrach é. 'Sé atá beo bíogúil ag an scoil.
Is ait a chruthós sibh tada a thabhairt libh i ngan fhios di siúd. Tá sé beo bíogúil agus bíonn súil aici i chuile áit ar fud an tí.
Ní mór dhuit a bheith beo bíogúil thairis sin. Lig tú an cat ar an drisiúr nó gur dhóirt sé an bainne.
Is deacair imeartas air siúd! Tá sé beo bíogúil — tá sé sin!
Ní ag fáil bháis chor ar bith atá sí sin, ní hé t'fhearacht fhéin é. Cailín beo bíogúil í sin, deirimse leat.
+–
Tá sé beo broidiúil — an-bhroidiúil, nó an-sciobtha, nó an-díocasach i gcionn a chuid oibre
Duine beo broidiúil é. Níl a fhios agam nach é an iomarca uafáis a bhíonns air ag obair amantaí.
TUILLEADH (9) ▼
Sin é an buachaill atá beo broidiúil lena chuid oibre. Tá an fómhar craptha cheana aige.
Sílim go gcaithfidh tú a bheith beo broidiúil thairis sin muran leat an oíche a ligean ort fhéin.
Duine ar bith a bheas ag obair ina thimpeall siúd, ní mór dhó a bheith beo broidiúil, deirimse leat.
Chaith mé an tráthnóna ag obair go beo broidiúil, agus má chaitheas fhéin, is beag dhá bhuíochas a bhí orm.
Bí beo broidiúil anois agus b'fhéidir go mbeifeá ar ais ó ló.
Gearrchaile beo broidiúil í, agus an-bhean tí.
Diabhal bréag nach beo broidiúil a d'imigh sé théis an méid sin.
Nach bhféadfá a bheith beo broidiúil mar atá chuile scorach ar an mbaile agus gan a bheith ar an righneadóireacht sin.
Hé brí cén bhean a thiocfas isteach ansiúd, sí a chaithfeas a bheith beo broidiúil le freastal a dhéanamh ar chuile shórt. Tá an-lear oibre ann, ag réiteach muc agus beithíoch.
+–
Tá sé beo sciobtha, beo tapa, beo éasca, beo scafánta, beo mear, beo lúfar, beo meanmnach, beo fíriúil, beo fuinniúil, srl. (baintear leas astu seo go rímhinic)
Bí beo sciobtha anois.
TUILLEADH (35) ▼
Tá sé beo sciobtha ar a chois.
Duine beo sciobtha é.
'Sé atá beo sciobtha, théis an aois atá aige.
Capall beo sciobtha í.
Is beo sciobtha uaithi (capall srl.) imeacht.
Is beo sciobtha a tháinig tú.
Is beo sciobtha an mhaise dhó fós é, ainneoin go bhfuil sé seacht mbliana ag fáil an phinsean.
Deirimse leat, má fhaighimse ligean air gur beo sciobtha a imeos sé
Imigh leat anois go beo tapa agus ná lig an deireanas ort fhéin.
Mura nglana tú go beo tapa, cuirfidh mise deifir ag imeacht ort.
Lasc leat anois go beo tapa i gcoinne tobac dhom.
Is beo tapa uaidh criathrach a ghearradh.
Mura lige tú cead mo chinn domsa go beo tapa, beidh raic ann.
Nuair a chuala sé an méid sin lig sé leis fhéin go beo tapa, deirimse leat.
Spréigh amach anois é go beo tapa, agus ná caith an lá leis an gcaolóidín sin.
Breá nach n-íosfá do bhéilí go beo tapa, mar a dhéanfadh fear, agus gan a bheith ag blaismínteacht dhi mar sin.
Fear beo tapa ar a chois é.
M'anam muise mura gcuire tú i bhfocal anois go beo tapa í, go mbeidh tú réidh léithe. Chuala mé go raibh sí ídithe aige go dtí mála amháin.
Roinn amach cártaí go beo tapa agus ná caitheadh muid an oíche anseo.
Chuaigh sé abhaile go beo tapa théis an méid sin. Ba mhaith an oidhe air an gob a fuair sé. Ní hé a mhalrait a thuill sé dhó fhéin.
Is áibhéil an ghairmneach mná í, agus más ea fhéin, tá sí beo tapa ar a cois.
Tá sé beo éasca.
Is beo éasca uaidh a theacht ina bhéilí, ach níl sé chomh beo sin ag dul chun a chuid oibre.
Is beo éasca uaidh tarraingt 'na tí ósta tráthnóna.
Tá sé beo scafánta.
Is beo scolbánta uaidh bóthar a ghearradh.
Ní bheidh tusa chomh beo scafánta leis go deo ar chuma ar bith. Is fada uait é.
Fear beo scolbánta a bhí ann nuair a bhí sé óg.
Diabhal bean in do thír chomh beo chomh scolbánta léithe fós. Chonaic mé ag dul thar chlaí ansin thiar í an lá faoi dheireadh, agus dar mo choinsias, ba mhaith an dícheall dhom a dhul thairis más agam atá an óige.
Tá sé beo meanmnach (fc. meanmnach)
Duine beo fíriúil é (fc. fíriúil)
'Sé atá beo fuinniúil, slán a bheas sé.
Siúil uait anois go beo mear nó beidh siad siúd ag dul le cuthach.
Tá siad beo croíiúil.
Beo bocht (fc. bocht).
+–
Tá sé beo drochmhúinte — bhíogfadh sé agat chun drochmhúineadh go héasca.
D'éirigh sé suas beo drochmhúinte agus rún aige a raibh sa teach a chaitheamh amach.
TUILLEADH (11) ▼
Sin é an stalcáinín atá beo drochmhúinte.
Mura raibh sé sin beo drochmhúinte, castar leis é!
Duinín beo drochmhúinte é M. Sh. G., ach is beag a bhíonns de bharr a chuid drochmhúineadh aige go minic.
Shílfeá le bheith ag caint mar sin léithe nach leáfadh an t-im ina béal, ach déarfadh an dream a bhfuil eolas acub uirthi gurb í atá beo drochmhúinte.
Amach leis ar an tsráid go beo drochmhúinte, agus shílfeá gur mó an fonn a bhí air tosaí ag cur a chraicinn di amuigh.
Dheamhan duine a chonaic tú ariamh in do shaol chomh beo drochmhúinte leis sin má fhaigheann sé aon údar.
Ní raibh aon duine dhá dhream nach beo drochmhúinte a bhí, agus ní dheachaigh seisean in aghaidh dúchais ach an oiread le duine.
M'anamsa muise gurb eo í an áit deiridh ag duine beo drochmhúinte mar é. Is gearr a d'éistfí anseo leis nó go ndaití (ndathaítí) an smut aige.
Duine sásta é shílfeá nó go mbaintí as é, ach i nDomhnach nuair a bhainfí, tá sé beo drochmhúinte.
Is olc an éadáil do dhuine ar bith atá beo drochmhúinte é a chasadh isteach ar an mbaile sin, áit a bhfuil seala amhas cheana.
Dar mo choinsias duit, is beo drochmhúinte adúirt sé liom mo bhéal a dhúnadh agus éirí as an ngráiscínteacht!
+–
Chuaigh sé abhaile go beo deifreach.
Corraigh leat anois go beo deifreach agus ná bí ag moilleadóireacht ansin tíos (níos) faide.
TUILLEADH (14) ▼
Mura dté tú siar a chodladh go beo deifreach, roinnfidh mise an tslat leat.
Bí beo deifreach leis anois.
Is beo deifreach uaidh é fhéin a ghléas.
Mura i ndán is go n-imí tú anois go beo deifreach, imeoidh tú ar ball agus thú in aiféala.
Fág seo go beo deifreach go dté muid abhaile.
B'fhearr dhuit thú fhéin a réiteach go beo deifreach más leat a dhul 'na scoile inniu.
Cuir an teach faoi réir go beo deifreach anois nó beidh na strainséaraí isteach orainn.
D'éagóir (d’éagcóir Dé?) dhuit nach dtéann amach in do gharraí go beo deifreach as sin, ach is cosúil gur beag an fonn maitheasa atá ort.
Téirigh síos faoi dhéint na mbeithíoch go beo deifreach. Fainic an ndéanfaidh aon mhoill faoi bhealach anois nó beidh sé ina oíche ort.
Caith siar an méid sin go beo deifreach go mbeidh muid ag baint coisméige as.
Deasaigh an rothar sin go beo deifreach nó beidh sé thar am orainn.
Siúil uait go beo deifreach anois, muran leat an oíche a chaitheamh anseo.
Ara a fhleascaigh, beir air go beo deifreach nó beidh sé imithe uait.
Amach leat anseo go beo bruite in éadan do ghnaithe (is ionann go beo bruite agus go beo deifreach)
·
Is beo te uaidh rud a dhéanamh — sciobtha, nó faoi fheirg
Is beo te a d'éirigh sé suas ag dul do mo bhualadh — beo drochmhúinte
+–
Tá sé beo slán — ina shláinte, gan aon mhairg ná aon chlóic air
'Sé atá beo slán fós.
TUILLEADH (2) ▼
I nDomhnach níl tada air: tá sé beo slán.
Ní fiú dhó a rá gur éirigh tada dhó: tá sé beo slán.
5.
a.
duine beo: duine ar marthain; aon duine.
+–
Níl duine ar bith beo chomh holc leis — níl aon duine faoin saol chomh holc leis; sé an duine is oilce faoin mbogha bán é
Níl duine bith beo chomh cabach leis.
TUILLEADH (33) ▼
Ní fhaca mé aon duine beo atá chomh gortach leis faoin rud a bhíonns aige
Níl fear ar bith beo a dhéanfadh a leithide sin de chleas nár mhaith an oidhe air é a chrochadh.
Níl aon bhean beo is béalráití ná í.
Ní raibh aon mhac beo ab fhearr dhá athair agus dhá mháthair ná é.
Níl aon chailín beo is luar liom ná í — níl sin — 'sí an cailín is luar liom beo í
Níl aon bhó beo is fhearr ag tál bhainne ná í.
'Sé an duine is fhearr beo é don chomharsa.
'Tairg bia do dhuine bheo agus mura n-ithe sé é, ligfeadh sé dhó' (seanfhocal)
Dheamhan neart agamsa ort mura n-ithe tú é. Ar chuala tú ariamh é: 'tairg bia do dhuine bheo agus mura n-ithe sé é, ligeadh sé dhó'
'Sé an fear is fiúntaí beo é.
'Sí an ropaire is drochmhúinte beo í.
'Sé an sagart is láí beo é.
'Sé an duine is soilíosaí beo é don té a mbeidh aon bheann aige air.
'Sí an gearrchaile is barainní beo í i gceann tí.
Deirimse duine crua leat, ach siúd é is cruachte beo.
'Sé is anglánta beo má chuireann tú caidéis ar bith air.
'Sé an fear is stuama beo é, ainneoin nár chuir sé a théarma isteach ariamh le ceird.
An bhfuil créatúr ar bith beo chomh taghdach leis?
Níl aon chréatúr beo is mó a mbeadh trua agat dó anois leis. Dheamhan fata ná meacan aige le n-ithe ná le cur i dtalamh.
Níl créatúr ar bith beo is fhearr atá ag saothrú an tsaoil leis — an duine bocht.
Níl aon díthreabhach beo, is mó díol trua ná é anois.
An bhfuil díthreabhach ar bith beo is mo faitís ná í. Ní mheasaim go bhfuil.
Níl aon anglóir beo go dtí é.
Má tá abhlóir ar bith beo is measa ná é, is trua don áit a bhfuil sé ann.
Níl gadaí beo inchurtha síos leis. Ghoidfeadh sé an ubh ón gcarr agus an chorr ina diaidh.
Níl aon sclaibéara beo is measa ná é.
Níl aon duine beo den dream céanna nach mar a chéile atá — níl duine ar bith.
Dheamhan póilí beo sa mbeairic nach raibh thuas ann ag tóraíocht, ach má bhí fhéin, níor éirigh tada leob.
Dheamhan gasúr beo ar an mbaile nach ann a bhí.
Dheamhan thiomanta bó beo a díoladh ar an aonach.
Níl aon chearc beo is mó a rug uibheachaí ná í sin.
Dheamhan lao beo is fhearr a fuair cinnireacht ná an lao sin, agus más ea fhéin, is beag a smais atá air.
Chuile fhear beo agus a bhean fhéin aige. Níl go dona ann ach an té atá gan corrán, mar adeir an fear fadó. — chuile fhear ariamh acub srl
b.
+–
Tagann sé anseo chuile lá beo.
Níl aon lá beo nach mbíonn sé ag an scoil.
TUILLEADH (14) ▼
Sin í a cheird anois, chuile mhaidin beo.
Chuile oíche beo is ann a bhíonns sé ar cuairt.
Sin í a cheird — ag imirt chártaí — chuile oíche beo.
Níl aon tseachtain beo nach bhfaighim litir uaithi — níl aon tseachtain san aer nach bhfaighim litir uaithi.
Is ann siar atá a tharraingt, chuile Dhomhnach beo.
Níl aon bhliain beo nach gcuireann sí chúig phunt chuige as Meiriceá. Nach í atá go maith dó ina dhiaidh sin?
Dheamhan ráithe beo nach dtarraingeann sé a dheich bpunt pinsean, agus má tharraingeann fhéin, is olc an rath a chuireanns sé air.
Níl aon tráthnóna beo nach téann sé ag ól a phionta. Amantaí téann sé chuig an teach ósta dhá cheann de ló.
Dheamhan maidin beo nach n-éiríonn sé ag an sé a chlog — samhradh is geimhreadh.
Níl aon uair beo ab fhearr liom fataí ná ag dul a chodladh dhom.
Chuile uair beo dhár labhair mé leis faoi, ba é an freagra céanna a fuair mé.
Níl aon tseachtain beo nach gcaitheann sé coróin ar fags (toitíní) — níl aon tseachtain dá n-éiríonn air srl
Dheamhan lá beo nach in é an leathrann atá aige.
Ní bhíodh bliain beo roimhe seo nach mbíodh ceapach oinniún curtha againn, ach tá an dream óg ag éirí astub ar fad. An iomarca leisce is dóigh!
+–
Dheamhan áit beo nár thóraigh mé agus chinn orm é fháil ina dhiaidh sin.
Níl sé le fáil in aon áit beo.
TUILLEADH (6) ▼
Chuaigh sé i chuile áit beo agus ní raibh tuairisc le fáil aige in aon áit.
Tóraigh chuile áit beo agus b'fhéidir dhuit é a fháil as a dheireadh.
Má tá aon áit eile beo mar an áit seo, is iontas é. Ní chomhairim go bhfuil.
Meas tú an bhfuil aon áit beo nár shiúil sé?
Má tá aon deoir le fáil in áit ar bith beo, gheobhaidh sé siúd é, nó ní cheal a shaothraithe é ar chuma ar bith.
An bhfuil áit ar bith beo is duibhe ná an áit seo.
+–
Chaith sé chuile phínn beo dhá raibh aige. Tháinig sé abhaile agus gan an oiread aige agus a dhéanfadh torann ar leic.
Dheamhan pínn beo, ná cuid de phínn, ag gabháil liom anois.
TUILLEADH (12) ▼
Thug mé chuile phínn beo dhá raibh agam dó. Bhí mé ag ceapadh go mba mhó an scéal é ná mé fhéin.
Bhí chuile phínn beo dhá raibh aige tugtha uaidh aige. Cailleadh é agus gan luach a bhéilí aige.
An bhfaca tú aon teach beo is mó fraighfhliuchais ná é!
Níl aon teach beo ba ghnaíúla le dhul isteach ann leis an teach sin tamall.
Ní fhanóidh siad in aon gharraí beo ar an mbaile, nó an mbeadh a fhios agat cén smál atá orthu chor ar bith?
Dheamhan teach beo istigh ar an mbaile nár shiúil sé, ach ba é an cás céanna dhó é.
Níl aon tine beo is teocha na tine mhóna má bhíonn móin cheart ann, ach maidir leis an spadalach atá suas ansin, ní fiú anró ar bith a fháil uaithi.
Dheamhan éadach beo is buaine ná an ceanneasna, agus ina dhiaidh sin fhéin, nach beag an mheas atá anois air?
Níl aon bhróig beo is lú a dhéananns caitheamh ná an cineál sin, agus is mór an tóir atá ag daoine ina dhiaidh sin orthub.
Tá chuile leabhar beo dá bhfuil aige stróicthe.
Níl cearc beo ag gabháil liom — níl cearc ariamh agam
Níl cathaoir beo sa teach nach bhfuil briste (is féidir é chuir le ainmfhocal ar bith mar seo)
·
Dheamhan caoi beo is fhearr lena dhéanamh ná mar sin.
Níl caoi beo is fhearr duit ná é a ghlacadh go réidh: má théann tú chun drochmhúineadh leis, ní bhainfidh tú ceart ar bith dhe.
6.
a.
+–
Ní fhágfaidh mé iall bheo ionat — maróidh mé amach is amach thú; giorróidh mé leat; déanfaidh mé aon lá amháin díot; déanfaidh mé do chreach
Mura lige tú de do chuid gnaithí, ní fhágfaidh mé iall bheo ionat. Sin é an chaoi a mbeidh sé agat.
TUILLEADH (14) ▼
Má tharraingeann tú ort é siúd, dheamhan iall bheo a fhágfas sé ionat.
Siúd é an drochéadáil le caidéis ar bith a chur air. Dheamhan iall bheo a d'fhágfadh sé i nduine dhá dtugadh sé faoi chor ar bith.
Bhí sé ag gabháilt air nó nár fhága sé aon iall bheo ann.
Siúd é nach bhfágfadh aon iall bheo ionat dhá mbeadh an taghd cheart air. Is measa é na úll na haithne.
Bhí rún aige gan aon iall bheo a fhágáil i Seáinín murach an chaoi ar éirigh le M. T. G. é a tharrtháil air.
Fhóbair ar fhága an máistir iall ar bith beo inné ann, agus mura bhfágadh fhéin, ní dhéanfadh sé leath an chirt leis. Peaitín ábhailleach é sin!
Ní fhágfaidh mé iall beo dhíot mura ndéana tú comhairle t'athar agus do mháthar.
Faraor ar fhága sé iall ar bith beo ionat, mura beag a theastaigh uait a dhul isteach ina chrann spíonáin.
Níl aon iall bheo ionam leis an ocras — tá mé i gcruth an bháis leis an ocras
Is gearr nach mbeidh iall bheo ionam le neart ocrais.
Dheamhan iall bheo ionam ag an slaghdán. Tá mé tugtha ceart aige
Buaileadh an oiread air agus nár fágadh aon iall bheo ann. Shíl chuile dhuine nach dtiocfadh sé as, agus breá go dtáinig ina dhiaidh sin.
'Má fheicim amuigh aríst choíchin thú an tráth seo d'oíche,' adeir an t-athair léithe, 'ní fhágfaidh mé iall bheo ionat'. Brúisc cheart é siúd.
Má fhaigheann an máistir amach orainn é, ní fhágfaidh sé iall bheo ionainn. Ach ní bhfaighidh, mura n-insí aon duine de na gasúir bheaga dhó é.
b.
an fód beo: fód an-fhada síos sa talamh: an fód fiáin; fód nár corraíodh cheana; fód nach mbeadh spíonta de bharr cuir.
+–
Cuir aníos an fód beo.
Chuaigh sé go fód beo leis an gclaise.
TUILLEADH (8) ▼
Is maith é an fód beo sin. Tá tabhairt ann.
Ná bac leis an bhfód beo a dhuine! Chuaigh sé go talamh íochtair.
Cuir isteach an fód beo i lar an bhoird.
Is leasú ann fhéin é an fód beo sin, má théann tú sách fada síos leis.
Is beag an mhaith é an fód beo fhéin sna taltaí tanaithe seo. Bíonn sé spíonta chomh maith leis an uachtar.
'Sé an fód beo a chuireanns tú aníos agus thú ag lánú: tá a shliocht air: an bhfeiceann tú an barr a chuireanns sé ar an talamh in imeacht achar gearr.
Cuirfidh an fód beo sin anois a sheaneire dasachaí (gasachaí) orthub. Sin é an buachaill acub.
Dhá dtéiteá sách domhain leis an bhfód beo, mise i mbannaí, nach mórán láin a d'iarrfaidís, ach níor chuir tú isteach an chlaise sách maith chor ar bith.
c.
airgead beo: cineál lachta ar dhath agus ar chruth an airgid, ach go sciorradh sé ó do mhéarachaí; (quicksilver).
d.
gaineamh beo: gaineamh téalta; gaineamh meathgharbh a bhíos ar cholbhachaí tránna, nó i meathdhúirlingeacha. Théaltódh sé nó sciorrfadh sé ó do chosa nó thríd do chrúba.
+–
Tá gaineamh beo anseo.
Bhí sé chomh maith dhuit ladhar gainimh bheo a bheith agat leis sin. Ní féidir aon ghreim a choinneáil air.
TUILLEADH (11) ▼
Tá go leor gainimh beo sa duirling sin thíos.
Dhá mbeadh cupla mála gaineamh bheo caite ar an tsráid sin, ba mhór an slacht agus an ghlaineacht uirthi é
Tá sé fánach agat a dhul dhá thóraíocht sa ngaineamh beo sin anois nuair nár choinnigh tú greim air agus é agat.
Bhí an gaineamh beo atá ansiúd ag sciorradh ó mo chosa.
Chinnfeadh ort an gaineamh beo sin a tharlú leat ar bhealach ar bith ach le máilín. Ar an gcaoi sin fhéin, is deacair é a líonadh sa máilín fhéin.
Dhéanfadh an gaineamh beo sin moirtéal maith dá dtógtaí san áit cheart é.
Ní fheicfeá gráinne ar bith gaineamh beo sna tránnaí sin siar anois, agus feictear dhom go raibh sé ann fadó mura bhfuil mé ag dul amú.
Chuaigh gaineamh beo faoina shúil an lá faoi dheireadh agus iad ag déanamh spraoi ar an trá, agus shílfeá go bhfuil sí dúnta aige ó shin. Is olc an éadáil é an gaineamh beo sin le dhul faoi shúil duine. Tá sé crua géar.
Seachain, Dia aithnítear, an gcuirfeá an gaineamh beo sin faoi shúil an chinn eile! Ná bí dhá chaitheamh chor ar bith leis.
Chomh luath agus a tháinig siad isteach ó shnámh, tháinig siad aníos i mbun na duirlinge agus thosaigh dhá n-únfairt fhéin sa ngaineamh beo. Dheamhan snáth a bhí orthub ach an oiread leis an oíche a (ar) rugadh iad.
Tá an gaineamh beo te bruite inniu.
e.
éasc beo: drithlíní a d'aireofá anois agus aríst ag preabadh nó ag giolcáil idir fheoil is leathar ionat. Is iomaí ball dhíot a mbeadh sé.
+–
Tá éasc beo ionam.
Airím éasc beo ag giolcáil in mo cheathrú.
TUILLEADH (12) ▼
Meas tú cén fáth an t-éasc beo seo a bheith ag léimneach i mo chois?
Ní éasc beo é sin chor ar bith ach pianta fáis.
Deir siad dhá sáití biorán ionat san áit a mbeadh an t-éasc beo go dtiocfadh do chuid fola as éadan. Ní thiocfadh sí mura mbeadh an t-éasc beo ann faoi láthair.
Airím drithlíní eicínt i mo chorróig, muran éasc beo a bheadh ann, ach feictear dhom nach ea.
Is aisteach an rud é an t-éasc beo sin fhéin. Ar airigh tú ionat fhéin ariamh é?
Bhí mé craptha suas mar sin ar feadh na hoíche, ach nuair a fuair mé faill iontú ar an taobh eile, d'airigh mé éasc beo ag teacht aníos thrí mo chorróig agus shíl mé go dtiocfadh sé amach thríd mo chraiceann, bhí an oiread sin léimní aige.
Níl dochar ar bith ansin a leainbhín. Éasc beo é sin. Bíonn sé ar chuile dhuine beo uair eicínt.
Éasc beo! Chaithfeadh sé gur ionatsa atá an t-éasc beo ar fad agus nach bhfuil tada dhe in aon duine eile.
Cén mhaith dhuit a bheith dhá scríobadh. Ní dhíbreoidh sin an t-éasc beo.
Is diabhaltaí an tóir atá ag an éasc beo ortsa tharas aon duine. Níl de leathrann agat ó mhaidin go faoithin ach éasc beo. Ó tharla nach bhfuil aon dochar ann, tuige a mbíonn tú ag bodhrú na ndaoine ag caint air! Nach thú an seanpháiste againn!
Níor chodail mé néal ar feadh na hoíche aréir. Bhí éasc beo liom ar feadh na hoíche, ainneoin go sílfeá nach gcoinneodh sin duine ó chodladh
Seachain Dia aithnítear! Deir siad dá gcuirtheá biorán thríd an áit a mbeadh an t-éasc beo ionat nach bhfanfadh deoir fhola ionat nach dtiocfadh.
f.
feoil bheo: beithígh, muca, caoirigh, nó aon chineál eallaigh (agus iad ag éirí leat)
+–
Go méadaí Dia feoil bheo agus daoine slána againn (agaibh srl.) — beannacht nó guí adeirtear thar éis feola a ithe i dteach comharsan, nó dhá mbeifí ag caint ar eallach, nó ar bhris a d'éireodh do dhuine eile i dtaobh eallaigh. Ach le béilí feola a altú é go háirid
Go méadaí Dia feoil bheo agus daoine slána againn, agus nár fheice Dia feoil anachain againn.
TUILLEADH (7) ▼
Is fadó an lá cheana nár ith mé béilí feola chomh deas sin. Go méadaí Dia feoil bheo agus daoine slána agaibh, agus ag chuile dhuine eile.
Ba mhaith iad chuile lá ariamh faoina gcuid feola. Go méadaí Dia feoil bheo agus daoine slána acub, agus ag chuile chréatúr eile.
Is fhearr do dhuine í a mharú (muc) dhá dheoin fhéin, ná cathachtáil í a mharú (le tinneas). Go méadaí Dia feoil bheo, agus daoine slána againn.
Ó tharla í bheith de bhiseach orainn, mharaigh muid caora do Mhártan (in ómós na Féile Mártan) i mbliana. 'Sé an ceart é má bhíonn do chuid ag éirí leat. Go méadaí Dia feoil bheo agus daoine slána againn fhéin, agus ag chuile dhuine eile.
Ní heo í an fheoil ab fhearr linn dá mbeadh neart air. Ach céard atá le rá againn, ach go méadaí Dia feoil bheo agus daoine slána againn, agus go bhfága Dia a chuid fhéin ag chuile chréatúr (B'éigean an mhuc a bhíothas a ithe a mharú, arae facthas go raibh tinneas na muc ag teacht uirthi)
Níor mharaigh sé muc ná mart ná caora ariamh nach roinnfeadh sé le chuile dhuine ar an mbaile í. Bhí sé an-chóir ar an mbealach in. Róchóir, go minic b'fhéidir, arae is iondúil go mbíodh sé fhéin ar deireadh. Go méadaí Dia feoil bheo agus daoine slána aige, arae is maith an oidhe sin air
Má mharaigh muid muc do Mhártan fhéin, tabharfaidh Dia muc eile dhúinn ina leaba le cúnamh dé. Go méadaí Dia feoil bheo agus daoine slána againn.
g.
béal beo: béal nach mbeadh ina chónaí; béal nach mbeadh marbh; béal a mbeadh ruibh na cainte air; béal nach mbeadh ina thost. Ginealach an bhéil bheo; mac an bhéil bheo; mac an aoin bheo; mac na sceiche; Críostaí an bhéil bheo; firnéad an bhéil bheo; firnéad an aoin bheo. Faoi Chonamara siar is mó a baintear leas as ginealach an bhéil bheo. Tá an chuid eile coitianta ar fud Chonamara fré chéile.
+–
Ní raibh ginealach an bhéil bheo ann — ní raibh duine ná deoraí ann; ní raibh mac na sceiche ann; ní raibh aon duine ann. Measaim gur sceithe nó sceithí an litriú ceart air seo agus nach bhfuil baint ar bith aige le sceach. Mac na sceithí = duine a sceithfeadh nó a d'inseodh rún, nó a mbeadh caint aige, nó é beo, le rud a inseacht. Tá sé ag luí le réasún. Cuir i gcoimeas é le ginealach an bhéil bheo, Críostaí an bhéil bheo srl.
Dheamhan ginealach an bhéil bheo a bhí ann cé is moite dhom fhéin
TUILLEADH (13) ▼
Ní raibh ginealach an bhéil bheo agam le blas a dhéanamh dhom.
Dhá mbeadh duine ar bith ann, ach dheamhan ginealach an bhéil bheo a bhí ann le dhul in éindí liom.
Ná hinis é sin anois do ghinealach an bhéil bheo; fainic an labhrófá le ginealach an bhéil bheo ar an méid sin.
Dheamhan ginealach an bhéil bheo anois aige le fad méire a dhéanamh dhó, ach de réir mar gheobhas sé fear ar a lá páí.
Ní raibh an oiread uaignis ariamh orm, arae dheamhan ginealach an bhéil bheo a bhí ar a mbóthar, agus shílfeá nár cheart dó a bheith an-deireanach.
Dheamhan ginealach an bhéil bheo as D. L. a bhí ann, agus b'annamh leob nach ag seasamh ar a chéile a bheidís in áit den tsórt sin.
Chaith mé seachtain ar an luí chuige (heig an fhuaim) istigh san ospidéal, agus dheamhan ginealach an bhéil bheo (ón mbaile) a thaobhaigh mé ar an bhfad sin — bhí mé seachtain in mo luí tinn ann agus níor tháinig deoraí ón mbaile do m'fhéachaint an t-achar sin
Dheamhan ginealach an bhéil bheo istigh ar an mbaile a bheannódh dó, ná a thaobhódh é anois. Tá chuile dhuine gráinithe air anois agus ní hionadh dhóibh.
Ní bhfaigheadh sé ginealach an bhéil bheo anois le comhluadar a thabhairt dó. Tá a fhios ag chuile dhuine cé hé fhéin.
Ar an dá luath agus ar bhain an bheirt amach chun achrainn, bánaíodh an teach. Ginealach an bhéil beo fhéin níor fhan istigh, cé is moite den chúpla acub fhéin.
Is furasta dhó sin a bheith ag caint agus nach bhfuil ginealach an bhéil bheo le beathú aige ach é fhéin.
Bhí mé in anchaoi chríochnaithe agus gan ginealach an bhéil bheo fhoisceacht fáir ná freagra dhom.
Ní raibh ginealach an bhéil beo ag an scoil inniu cé is moite den mháistir agus den mháistreás. Dheamhan a raibh sé inrásta ag aon ghasúr a theacht ar aon chor lena raibh de shneachta ann.
+–
Ní thiocfadh Críostaí an bhéil bheo amach anocht. Ní oíche ineolta í.
Níor casadh Críostaí an bhéil bheo liom i mbóthar ná i mbealach go dtáinig mé abhaile aríst.
TUILLEADH (18) ▼
Ní bhfaigheadh Críostaí an bhéil bheo ina chlaonta a leithide de chleas a dhéanamh ar dhílleachta bhocht lag, ach níl scrupall ar bith ina chroí siúd.
Ní raibh Críostaí an bhéil bheo ar an tórramh ach iad fhéin fhéin.
Dheamhan Críostaí an bhéil bheo ag dul isteach ná amach ina shiopa anois. Sin é an gléas air!
Ní bhfuair sé Críostaí an bhéil bheo le dhul in éineacht leis. B'éigean dó fhéin bóthar a bhualadh!
Dheamhan Críostaí an bhéil bheo a bhí ar phortaigh inniu cé is moite dhúinn fhéin, le féar a bhí chuile dhuine inniu is cosúil.
Ní fhágfaidh mé Críostaí an bhéil bheo agaibh beo mura n-éirí sibh as bhur gcuid míoladóireacht.
Dheamhan Críostaí an bhéil bheo acub nár thug sé an tsráid amach dhó. Bánaíodh an teach d'aon iarraidh.
Dheamhan Críostaí an bhéil bheo a chonaic mé le dhá lá. Bhí mé ag obair ansiúd i ngan fhios den tsaol.
A thiarna nach uaigneach an áit a bhfuil sé, amuigh ar an oileán sin, agus gan Críostaí an bhéil bheo a fheiceáil ó bhliain go bliain.
Tá sé ina chónaí i dteach maoir isteach faoin sliabh agus dheamhan Críostaí an bhéil bheo a fheiceanns sé ó sheachtmhain go seachtain.
"Amuigh ar shliabh uaigneach, ag buachailleacht beithíoch a bhíodh Buachaill Bó Shliabh Luachra. Dheamhan is móide Críostaí an bhéil bheo a d'fheiceadh sé ó bhliain go bliain. Ansin lá amháin, chonaic sé seala ag dul thairis … srl." (Buachaill Bó Shliabh Luachra)
Is bocht an rud do dhuine a shaol a chaitheamh mar sin agus gan Críostaí an bhéil bheo a fheiceáil ó mhaidin go faoithin ná ó oíche go maidin.
Ní théann Críostaí an bhéil bheo amach sna bólaí siúd mura dtéadh lucht caorach go díreach, agus tá mé ag ceapadh gur annamh a théanns siad sin fhéin chomh domhain sin faoi shliabh.
Ní fheicfeá Críostaí an bhéil bheo ar an tsráid ann Dia Domhnaigh. Dheamhan corraí amach ar bith a dhéananns siad ar an Domhnach. Sin cuid dhá gcreideamh chomh maith le chuile shórt eile.
I nDomhnach bhí an áit bánaithe romhainn. Ní raibh an oiread agus Críostaí an bhéil bheo ann.
Ar a dhul isteach sa séipéal dhom inniu, ní raibh Críostaí an bhéil bheo istigh romham, agus maidineachaí eile, bheadh sé lán. An drochmhaidin a rinne é is dóigh.
Dhá mbeadh Críostaí an bhéil bheo fhéin ann, ach ní raibh!
Ní raibh Críostaí an bhéil bheo acub nach mar a chéile a bhí.
+–
Níl firnéad an bhéil bheo istigh romhat.
Dheamhan firnéad an bhéil bheo ó Chois Fharraige a chuaigh soir inniu, agus b'annamh leob.
TUILLEADH (8) ▼
Má chloisimse go dtiocfaidh firnéad an bhéil bheo agaibh a chúnamh dhó, gheobhaidh sibh garbh é, feicfidh sibh fhéin air.
Níor fhan firnéad an bhéil bheo acub liom. B'éigean dom a theacht abhaile asam fhéin, trí mhíle bealaigh. Ach beidh a shliocht orthub: déanfaidh mise an cleas céanna leob uair eicínt eile.
Má fheicimse go dtaobhóidh firnéad an bhéil bheo agaibh an teach sin aríst, níl aon ghnaithe aige a theacht abhaile. Fanadh sé ann más breá leis é.
Níl firnéad an bhéil bheo agaibh nach mar a chéile atá. Dheamhan ceachtar agaibh le baint as margadh, hé brí cé leis a ndeachaigh sibh chor ar bith.
Dheamhan firnéad an bhéil bheo acub a fuair obair ar an mbóthar, agus tá beirt agus triúr as an teach as an mbaile seo thoir ag obair ann. Neart fabhair a mhic ó! Is maith é an fabhar!
Níl firnéad an bhéil bheo díobh le baint as margadh. Aon mhuintir amháin iad muintir Ard Raithin, mar adeireadh P. Mh. fadó agus é ag sciolladóireacht ar na cliamhaineachaí.
Ní raibh firnéad an bhéil bheo acub, ó dhuine liath go leanbh, nach raibh amuigh in mo dhiaidh. Deir tú gurb ait a chruthaigh mé agus na haobha a thabhairt uathub chor ar bith.
Dheamhan firnéad an bhéil bheo sa mbaile anois nach bhfuil le gliomadóireacht. Is cosúil go bhfuil iarmhais mhóra le baint aisti murach an sclábhaíocht atá léithe.
+–
Níor labhair mac an bhéil bheo acub. Shílfeá gur faitíos a bhí orthub labhairt.
Dheamhan mac an bhéil bheo ar an mbaile nach bhfuil bacach nó caoch nó éalang eicínt air. 'Sé an baile is barrúla beo é — 'sé sin.
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan mac an bhéil bheo istigh ar an mbaile sin a fuair aon fhoghlaim ariamh. Bhí an scoil rófhada uathub — ceithre mhíle bealaigh.
Dheamhan mac an bhéil bheo acub a labhródh, nó cuid de labhairt a dhéanfaidís.
Ní feasach mé go ndeachaigh mac an bhéil bheo as an tamhnaigh chéanna ariamh go Meiriceá. B'fhearr leob fanacht sa mbaile ag mucaireacht leob.
beo in iontrálacha eile (50+)
Ní ligfeadh aon duine beo an feithideach sin amach sa ngarraí agus gan a fhios aige nach é a chailleadh a dhéanfaí ar an iomaire
→
fiar
Ní chodlódh aon duine beo néal in éindí leis ar leaba. 'Sé an chaoi a síneann sé é féin ar fiar — trasna ó chois na leabthan go dtí an cúinne is faide uaithi sin ag a ceann
Faraor dóite deacrach nach mise a bhí ag éisteacht leis agus ní imeodh sé uaim chomh saor sin. An fiolladóir bradach a bhfuil an tír creachta aige, agus a dhá luach ar chuile mhíle ní istigh ina shiopa, agus déarfadh sé ina dhiaidh sin gurb é atá ag coinneáil leath na ndaoine beo! Nár ba gann measa a bheas sé!
→
fios
Tá sé in am fios a dhul (a chur) ar a hinín. Mura dté, agus go beo, ní bhéarfaidh sí beo uirthi
Is deacair dó freastal do chuile rud agus a bhfuil ag fortabháil air. Ní teallach atá sé a thógáil ach dhá theallach. Ar ndóigh ní bheadh clann na deirfíre beo chor ar bith dhá uireasa
Rinneadh flaisc agus fraiseach anseo thíos aréir. Níor sheas cheithre galúin fuisce achar ar bith. Bhí a shliocht orthu: ní raibh ginealach an bhéil bheo ann nach raibh dallta ar meisce
+
→
fág
Ní maith leat a bheith anseo roimhe. Fág seo go beo mar sin
TUILLEADH (4) ▼
Fág seo amach anseo go beo! Is righin thú
Fág seo amach anseo leat a chodaí asail! Go on! Fág seo adeirim! Go on will you! Fág seo go beo!
Murach gur thug sé dhom é, sin ní fhágfadh sé (beo) — murach gur thug sé dhom é, mharóinn é san áit sin (an áit a bhí i gceist)
Ar ndóigh ní dhéanfadh aon fhear beo an cleas a rinne sé ach é fhéin, ach cár fhága tú an tseafóid agus an leibideacht?
→
fáideog
Déan bráideog fhíógaí agus gabhfaidh muid ag coinnleoireacht. Tá na crígheannaí sin siar beo beathach le smólaigh agus lonta dubha
+
→
féar
Fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar — dea-ghealladh ach nach gcothóidh sé duine gan cur leis; geall rud do dhuine agus maireadh sé ar a rogha caoi uaidh sin amach; bíodh foighid agat agus ná fuasaoid d'easpa agus tiocfaidh gach rud ceart uair eicínt amach anseo
TUILLEADH (3) ▼
Tá tusa ar dhroim (ar mhuin) na muice, ach cén chaoi a mairfidh daoine eile. Fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar! M'anam gur deas é do chomhrá
Beidh an saol go maith fós ach foighid a bheith againn, adeir sé. Foighid! Fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar! Níl a fhios aige sin cá'il an bhróig ag luí ar aon duine eile, agus is ríchuma leis
Fiafraím díot, cén chaoi a ndéanfaidh muintir na háite seo an saol a ríochan, nó go ndéantar a bhfuil tusa a rá. Fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar, ab ea. Mar a chéile sibh ó sháil go rínn. Tá sibhse chomh dona le dream ar bith eile
→
cadhail
Shoraidh dhíot nár fhan mar a bhí tú agus gan a dhul i gcleithiúnas thú a bheith do do chaidhleadh le sneachta mar sin. Ar ndóigh, ní chorródh aon fheithideach beo amach a leithide d'oíche.
→
caidéis
Nach diabhaltaí mór an smál atá oraibh agus caidéis ar bith a chur uirthi sin. Is maith atá a fhios agaibh gurb in í úll na haithne agus ní beo sibh, ina dhiaidh sin gan a bheith ag saighdeadh fúithi.
Ba dhual dó a bheith caidéiseach. Ní raibh aon cheo sa tír i ngan fhios dá athair. Sin é an sórt duine a bhí ann; nach mbeadh sé beo gan chuile fhios a bheith aige.
+
Chuaigh fear thart anseo an bhliain cheana agus é gléasta mar a bheadh tincéara ann. Ar a chaomhúint a bhí sé i ngeall ar bhean bhocht eicínt a robáil agus a mharú thart síos. Dheamhan duine beo nach gcuirfeadh sé dalladh púicín air. Siar faoi Chonamara in áit eicínt a rugthas air as a dheireadh agus cuireadh príosúntacht lena ló air. Má cuireadh fhéin, ba mhaith an oidhe sin air, ná ar aon duine eile a dhéanfadh a leithide de chleas.
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan gnaithe agat tada a mbeidh aon chás agat ann a inseacht dó sin, arae níl caomhúint ar bith ann. D'inseodh sé an rud ba mheasa leat beo don té nach bhfaca sé ariamh.
Fuair tú amach muis, an té a mbeadh caomhúint ann. Nach bhfuil a fhios agat nach mbeadh sé sin beo gan a bheith ag cíble cainte.
Bíodh caomhúint ionat anois, agus na labhair le aon duine beo faoi sin, go bhfeice muid linn.
→
carcair
'Sé díol an diabhail aon cheart a bhaint den charcair sin. Tá sé beo drochmhúinte, agus ar bheagán spleáchais le chuile dhuine.
→
ceal 1
Mura bhfuil feamainn dearg aige, ní cheal a shaothraithe é, arae dheamhan lá beo nach gcaitheann sé stráisiún thíos ar bharr na corraí.
Ní fhéadfadh sé rud ar bith a cheartú duit — go fiú is an rud is fánaí beo — gan na goití sin. Goití ar fad é.
→
ceasúil
'Sé an tanálach bradach é. Tá sé chomh héisealach agus nach féidir a bhéilí a leagan chuige. Bíonn locht aige ar an bhfeoil go mbíonn sé rócheasúil, agus an t-arán go mbíonn an iomarca soda ann. B'fhearr dhuit beo i dtalamh ná ag freastal air.
Tá caint aige — cipiléireacht agus caint ar sraith. Dhéanfeadh sé ball séire d'aon duine beo a bheith ag éisteacht leis.
→
ciseach
Tá an áit ina chiseach ag an mbratainn ghasúr sin as Baile Átha Cliath. Dheamhan a fhios ag aon duine beo cén ábhailleacht atá iontub.
→
cleite
Ní minic cleite gnaíúil tarraingthe anuas ag an gceann céanna. Bheadh sé sin beo ag gráiscínteacht agus ag radaireacht mar sin.
Fainic do mhéir ar an sceanadóir de phortán sin. Ceadh nach bhfuil a fhios agat gurb in é an rud is coilgní beo. Má bhaineann sé ailp asat, comhairleoidh sin thú b'fhéidir.
+
Dhá gcastaí isteach sna coillte coimhthíocha sin thú, ba mhaith a bheifeá ar do mhaidí agus a theacht astub beo. Tá siad lomlán le beithígh éigcéille.
TUILLEADH (2) ▼
Ní feasach mé beirthe ná beo cén fáth atá aige a bheith chomh coimhthíoch leis an teach seo agus atá sé. Shílfeá nach araoid ná múisiam ar bith a chuir muid ariamh air, mura bhfuil i ndán is gurb é a bhealach é.
Dheamhan mac an éin bheo in do thír nach bhfuil ag casaoid (ar shlaghdán, nó tinneas) agus údar acub. Ach is suarach an t-ionadh sin agus an aimsir ag cothú chomh coimhthíoch agus atá sí.
Tá na breaclachaí sin siar beo le coiníní anois, agus gan blas coimhthís acub le aon duine. Airíonn siad nach bhfuil aon mhadadh de rath ar an mbaile.
Dhá mbeadh firéad againn, dheamhan coinicéar beo acub sin nach dtiocfadh sé inti, agus nach gcuirfeadh sé na coiníní astub amach agus deifir orthub.
→
coirigh
Ní choireoidh sé ar aon duine in mo láthairse, nó má choiríonn, cuirfidh mise ina thost é gan mórán achair. 'Sé an rud is luar liom beo duine a chloisteáil ag caitheamh agus ag cáineadh ar a chomharsa mar sin gan údar an bith.
Ní beag dhó chomh coitianta agus a bhíos sé ag ól. Dheamhan a fhios agam beirthe ná beo cén chaoi a seasann an t-airgead dhó chor ar bith.
+
→
comaoin
Má tá cion aige ar an tseanmháthair fhéin, is comaoin dó. Murach an oiliúint a thug sí sin dó, agus é ina pháiste, dheamhan an mbeadh beo inniu dhó. Chuaigh sé sách rite leis mar a bhí sé fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan firnéad an bhéil bheo istigh in do phobal nach bhfuil faoi chomaoin dó sin, i ngeall ar é a bheith ina dhochtúr beithíoch.
Bhí sé chomh maith dhuit a dhul agus é a dhéanamh i gcomhfhios le a bheith ag imeacht i ngan fhios mar sin, arae dheamhan mac an éin bheo sa tír nach bhfuil a fhios aige go bhfuil tú ar an gceird.
→
conán
Dheamhan duine beo a thiocfadh ag cur aon araoid ar an gconán sin, mura mbeadh an cat mara ar fad air — créatúr bocht nach mbíonn i dtroid ná i mbruíon, ná nach raibh ariamh.
+
Ón gcosúlacht atá ar an áit, ní shílfeadh aon duine beo go bhféadfaí sagart a dhéanamh as.
TUILLEADH (1) ▼
Bheadh a fhios ag aon duine beo gurb é a ghoid an coirce. Nach bhfuil a chosúlacht lena chois! Cé eile a mbeadh a fhios aige go raibh an mála sin amuigh sa scioból, agus gur inné roimhe sin a chuir mé ann é?
Má chothaíonn sé an ghlasaimsir seo i bhfad eile, dheamhan a fhios beo cén aimsir bhreá a thiocfas ina diaidh. Deir siad nach bhfuil rud ar bith is siúráilte na cothromacan síne na huaire.
Ní bheadh Tom Sh. cuntanósach i láthair sagairt ná easpaig. Dá mba é an té ba mheasa leat beo é, ligfeadh sé amach a chuid drochéisc ina láthair.
Má tá sé beo, tá féith ó Chéatach ann. Murach go bhfuil, ní bheadh aon ghair aige gaisce den tsórt sin a dhéanamh.
→
cíos
Ní chuimhníonn aon duine dhá bhfuil beo anois ar an gcíos cléire. Is beag le go gcuimhneodh a n-aithreachaí air, tada leis.