Beochan (Beodhchan)
—ainm-fhocal
—
beagán; árdú; riar beag; siolla.
a.
+–
Tá beochan maith gaoithe [ann] = siolla maith gaoithe; riar maith gaoithe; é béal-gharbh.
Is deas a' beodhchan gaoithe atá ann, ó árd-trathnóna.
TUILLEADH (11) ▼
Má sheasann a' beodhchan seo linn, is gearr a bheidheas muid dhá shrianadh siar (bádóirí a raibh leide córach aca).
Is fhearr a' beodhchan sin fhéin, ná é 'bheith in a théigle ar fad.
Dheamhan mórán is fiú do'n fhéar an beodhchan gaoithe seo. Dá neartuigheadh sí, déarfainn rud eicínt.
D'árduigh an-bheodhchan gaoithe bordáil a' lae — gaoth fhuar freisin.
D’eirigh beochan deas gála, taca eadarshutha, ach leig sé faoi aríst gan mórán achair. Fhobair go ndearna na míoltógaí géara cior-thuaithbhill dhíom trathnóna.
Tá beodhchan breagh gaoithe ag eirghe shílfeá. Dhá dtagadh farradh teann anois, 'sé a chuirfeadh rath ar a' móin.
Bhí beodhchan deas gaoithe anoir ann indiu.
Dheamhan a raibh ann ach beodhchan beag, i dtosach, ach neartuigh sí, go raibh sé in a ghála, a's in a gheal-stoirm as a dheire. Tá mé 'ceapadh go mb'éigean do'n bhádóir a chuaidh siar taca am dinnéir rith cladaigh a thabhairt dó fhéin. Ní dhéanfad sé choidhchin é in éadan na stoirme siúd.
Is fuar a' beodhchan gaoithe atá ann anocht.
Má bhíonn sé taobh le beodhchan, beidh an scéal go maith, ach tá faitchíos orm go n-eireocha sé in a stoirm théinte. Ní hé mhalrait de chosamhlacht atá air.
Is gearr go laga(idh) an beodhchan gála seo aríst.
b.
Beodhchan teine: teine réasúnta; teine a bheadh a' cnádadh léithe; teine a bheadh a' tosuighe a’ deargadh.
+–
Tá beodhchan deas teine thíos.
Is maith an beodhchan teine atá agaibh, bail ó Dhia oraibh.
TUILLEADH (5) ▼
Cuir síos beodhchan beag teine.
Ní raibh ann ach beodhchan beag teine ar a theacht isteach dhom, ach tá gliúrach (gleorach) mhaith thíos anois.
Má shéideann tú an beodhchan beag sin fhéin, déanfa sí teine mhaith fós, feicfe tú fhéin air.
Ní bhíonn aca(b) ach beodhchan beag de theine igcomhnuidhe.
Má dheargann a' beodhchan beag sin fhéin, ceart, beidh teine mhaith ann ar ball."
Beochan in iontrálacha eile (3)
→
dallán
Tá na dalláin ag cur amach ar na crainnte. Má's í an t-aidhbheirseoir de dhris féin [í] tá sí ag beochan suas. An bhfeiceann tú annsin í, ag cairthiughadh amach i lár an bhealaigh orm
+
→
droim
Sin beochan gaoithe a tháinic de dhruim seaca. Chonnaic mé cluiche de na géabha fiádháine ag dul ó dheas anocht, agus tá an spéir an-lasta. Ní bheadh lá iongantais orm dhá gcaitheadh sé stráicín shneachta féin. Tháinig an-fhuacht ann ó thús oíche
TUILLEADH (1) ▼
Bhí oíche shíorraidhe bháistighe ann agus an aimsir an-mharbhthánta. Bhuail mé féin síos an bóithrín ar maidin. D'eirigh beochan beag gaoithe. Fuair mé féin an baladh. "Sin gaoth atá ag eirghe de dhruim dubhachain" arsa mé féin le M. Ch. a casadh liom ag an gC. "Ní féidir go mbeadh sé in a dhubhachan cho luath seo ins an mbliain" adeir M. Soir leis an mbeirt againn de mhaol a' (ar) mainge inGarrdha Árd T. Mh. Bhreathnuigh muid ar an mbarrainn. Bhí siad cho glas leis an eidheann, ach bhí na dasachaí thíos fútha rodtha as éadan, agus leagfadh an baladh bréan a bhí uatha thú