beochan
—ainmfhocal
—
beagán; ardú; riar beag; siolla.
a.
+–
Tá beochan maith gaoithe ann — siolla maith gaoithe; riar maith gaoithe; é béalgharbh
Is deas an beochan gaoithe atá ann ó ardtráthnóna.
TUILLEADH (11) ▼
Má sheasann an beochan seo linn, is gearr a bheas muid dhá shrianadh siar (bádóirí a raibh leide córach acu)
Is fhearr an beochan sin fhéin ná é a bheith ina théigle ar fad.
Dheamhan mórán is fiú don fhéar an beochan gaoithe seo. Dá neartaíodh sí, déarfainn rud eicínt.
D'ardaigh an-bheochan gaoithe bordáil an lae — gaoth fhuar freisin.
D'éirigh beochan deas gála taca eadarshutha, ach lig sé faoi aríst gan mórán achair. Fhóbair go ndearna na míoltógaí géara cíor thuaifil dhíom tráthnóna.
Tá beochan breá gaoithe ag éirí shílfeá. Dhá dtagadh farra teann anois, 'sé a chuirfeadh rath ar an móin.
Bhí beochan deas gaoithe anoir ann inniu.
Dheamhan a raibh ann ach beochan beag i dtosach, ach neartaigh sí go raibh sé ina ghála, agus ina ghealstoirm as a dheireadh. Tá mé ag ceapadh go mb'éigean don bhádóir a chuaigh siar taca am dinnéir rith cladaigh a thabhairt dó fhéin. Ní dhéanfadh sé choíchin é in éadan na stoirme siúd.
Is fuar an beochan gaoithe atá ann anocht.
Má bhíonn sé taobh le beochan, beidh an scéal go maith, ach tá faitíos orm go n-éireoidh sé ina stoirm thinte. Ní hé mhalrait de chosúlacht atá air.
Is gearr go lagfaidh an beochan gála seo aríst.
b.
beochan tine: tine réasúnta; tine a bheadh ag cnádadh léithe; tine a bheadh ag tosaí ag deargadh.
+–
Tá beochan deas tine thíos.
Is maith an beochan tine atá agaibh, bail ó Dhia oraibh.
TUILLEADH (5) ▼
Cuir síos beochan beag tine.
Ní raibh ann ach beochan beag tine ar a theacht isteach dhom, ach tá gliúrach mhaith thíos anois.
Má shéideann tú an beochan beag sin fhéin, déanfaidh sí tine mhaith fós, feicfidh tú fhéin air
Ní bhíonn acub ach beochan beag de thine i gcónaí.
Má dheargann an beochan beag sin fhéin ceart, beidh tine mhaith ann ar ball.
beochan in iontrálacha eile (8)
+
→
beoigh
Ní mór dhuit beoú amach thairis sin nó beidh tú deireanach; ní mór dhuit beochan amach srl.
TUILLEADH (1) ▼
Shílfeá go bhfuil sé ag beochan amach go diabhalta chun gála.
→
dallán
Tá na dalláin ag cur amach ar na crainnte. Más í an t-áibhirseoir de dhris féin í, tá sí ag beochan suas. An bhfeiceann tú ansin í, ag caithriú amach i lár an bhealaigh orm
→
deannóid
Ní raibh deannóid ghaoithe ann ach é ina théigle críochnaithe. Shíl mé nach srianfadh muid anoir go deo é. Ach ó chas muid an Ceann d'éirigh beochan beag agus níor airigh muid abhaile é
+
→
droim
Sin beochan gaoithe a tháinig de dhroim seaca. Chonaic mé cluiche de na géabha fiáine ag dul ó dheas anocht agus tá an spéir an-lasta. Ní bheadh lá iontais orm dhá gcaitheadh sé stráicín shneachta féin. Tháinig an-fhuacht ann ó thús oíche
TUILLEADH (1) ▼
Bhí oíche shíoraí bháistí ann agus an aimsir an-mharbhánta. Bhuail mé féin síos an bóithrín ar maidin. D'éirigh beochan beag gaoithe. Fuair mé féin an boladh. 'Sin gaoth atá ag éirí de dhroim dúchain,' arsa mé féin le M. Ch. a casadh liom ag an gC. 'Ní féidir go mbeadh sé ina dhúchan chomh luath seo sa mbliain,' adeir M. Soir leis an mbeirt againn de mhaoil a (ár) mainge i nGarraí Ard T. Mh. Bhreathnaigh muid ar an mbarainn. Bhí siad chomh glas leis an eidheann, ach bhí na dasachaí thíos fúthu rodta as éadan agus leagfadh an boladh bréan a bhí uathu thú
→
déirce
Clogs … sin é a bhfuair mé. Níl tada eile istigh ar shlata na Gaillimhe; ná níl a fhios cén uair a bheas. Tá cantáil ar na clogs féin ann: fir Achréidh ag sceanadh a chéile dhá gceannacht. Ba mhó déirce liom tada a fháil théis m'aistir agus m'anró. Tá leathar féin ar a ghainneacht ann. Ba bheag nár chinn sé orm ábhar péire tosaigh a fháil do C. Má mhaireann an cogadh seo i bhfad eile beidh na daoine i ndroch-arán. Deir siad muise go bhfuil na Germans ag beochan suas aríst