—
+–
Beo(dhuigh) amach = corruigh amach; déan deifir; dean deabhadh; bí bruideamhail.
Ní mór dhuit beodhú amach fhairis sin, nó beidh tú deireannach; ní mór dhuit beodhchan amach etc.
TUILLEADH (2) ▼
Is mór a' t'iongnadh nach mbeo(dhóch)thá amach mar 'dhéanfadh fear, a's gan a bheith chomh roighin a's atá tú. Faoi dhó a bheidhinn ó'n bportach ó d'imthigh tú.
Cé’n chiall nach mbeodhuigheann ("nach mbeodhann" freisin) tú amach a's gan an oidhche a leigean ort fhéin?
+–
Beo(dhuigh) leat, nó beidh tú deireannach.
Bí a' beodhú leat anois. Tá sé thar am imtheacht.
TUILLEADH (2) ▼
Is fada go mbeidh tú ag ceann-scríbe, mara mbeodhuighe tú fhairis sin.
Dheamhan do leithide a chonnaic mé in mo shaoghal ariamh. Ní bheo(dhochth)á dá mbeadh a' taoille a' teacht ort.
+–
Tá sé a' beodhú 'un gaoithe, 'un báistighe, 'un sneachta etc. = tá sé a' tosuighe nó a' neartú ar a' ngaoith, ar a' sneachta etc.
Shílfeá gur a' brath air tosuighe beodhú (beodhchan) 'un báistighe atá sé aríst. 'bhfaca tú a leithide d'aimsir ariamh, ní ceasacht ar Dhia é!
TUILLEADH (6) ▼
Beodhócha sé 'un sneachta anois, agus is cuma sin linn. Beodhuighead sé leis, má thogruigheann sé.
Shílfeá gur mó an fonn a bhí air beodhú 'un sneachta aréir, a's níor chaith sé aon-cheo 'na dheidh sin, ach tá sneachta air, má's fada gearr go gcaithe sé é.
Dar mo choinsias tá sé a' beodhú 'un báistighe, a's gan aon-tsop de'n fhéar tóigthe agam. Beodhuigídh lib, go mbuaileamuid i mullach a chéile é.
Shílfeá go bhfuil sé a' beodhchan amach go diabhalta 'un gála.
Tá sé chomh maith dhuinn greadadh abhaile. Indomhnach, tá sé beodhuighthe amach 'un báistighe. Caithfe sé í, anois, déarfainn.
Ó fhada go dtí é, tá sé a' beodhú amach 'un sneachta faoi dheire.
Beodhuigh in iontrálacha eile (1)
→
déan 1
Beodhuigh suas. Tá tú ag déanamh uisce. Tá sé ag sáthadh isteach faoi do smut 'chuile phuínte, agus gan uch ná ach ná éagcaoine agad