—
+–
Beoigh amach — corraigh amach; déan deifir; déan deabhadh; bí broidiúil
Ní mór dhuit beoú amach thairis sin nó beidh tú deireanach; ní mór dhuit beochan amach srl.
TUILLEADH (2) ▼
Is mór an t-ionadh nach mbeofá amach mar a dhéanfadh fear agus gan a bheith chomh righin agus atá tú. Faoi dhó a bheinn ón bportach ó d'imigh tú.
Cén chiall nach mbeoíonn (nach mbeonn freisin) tú amach agus gan an oíche a ligean ort fhéin?
+–
Beoigh leat nó beidh tú deireanach.
Bí ag beoú leat anois. Tá sé thar am imeacht.
TUILLEADH (2) ▼
Is fada go mbeidh tú ag ceann scríbe mura mbeoaí tú thairis sin.
Dheamhan do leithide a chonaic mé in mo shaol ariamh. Ní bheofá dá mbeadh an taoille ag teacht ort
+–
Tá sé ag beoú chun gaoithe, chun báistí, chun sneachta srl. — tá sé ag tosaí nó ag neartú ar an ngaoith, ar an sneachta srl.
Shílfeá gur ag brath ar tosaí ag beoú (beochan) chun báistí atá sé aríst. An bhfaca tú a leithide d'aimsir ariamh, ní ceasacht ar Dhia é!
TUILLEADH (6) ▼
Beofaidh sé chun sneachta anois agus is cuma sin linn. Beoíodh sé leis má thograíonn sé.
Shílfeá gur mó an fonn a bhí air beoú chun sneachta aréir agus níor chaith sé aon cheo ina dhiaidh sin, ach tá sneachta air, más fada gearr go gcaithe sé é.
Dar mo choinsias, tá sé ag beoú chun báistí, agus gan aon tsop den fhéar tógtha agam. Beoigí libh go mbuaile muid i mullach a chéile é.
Shílfeá go bhfuil sé ag beochan amach go diabhalta chun gála.
Tá sé chomh maith dhúinn greadadh abhaile. I nDomhnach, tá sé beoaithe amach chun báistí. Caithfidh sé í anois déarfainn.
Ó fhada go dtí é, tá sé ag beoú amach chun sneachta faoi dheireadh.
beoigh in iontrálacha eile (50+)
Ní ligfeadh aon duine beo an feithideach sin amach sa ngarraí agus gan a fhios aige nach é a chailleadh a dhéanfaí ar an iomaire
→
fiar
Ní chodlódh aon duine beo néal in éindí leis ar leaba. 'Sé an chaoi a síneann sé é féin ar fiar — trasna ó chois na leabthan go dtí an cúinne is faide uaithi sin ag a ceann
Faraor dóite deacrach nach mise a bhí ag éisteacht leis agus ní imeodh sé uaim chomh saor sin. An fiolladóir bradach a bhfuil an tír creachta aige, agus a dhá luach ar chuile mhíle ní istigh ina shiopa, agus déarfadh sé ina dhiaidh sin gurb é atá ag coinneáil leath na ndaoine beo! Nár ba gann measa a bheas sé!
→
fios
Tá sé in am fios a dhul (a chur) ar a hinín. Mura dté, agus go beo, ní bhéarfaidh sí beo uirthi
Is deacair dó freastal do chuile rud agus a bhfuil ag fortabháil air. Ní teallach atá sé a thógáil ach dhá theallach. Ar ndóigh ní bheadh clann na deirfíre beo chor ar bith dhá uireasa
Rinneadh flaisc agus fraiseach anseo thíos aréir. Níor sheas cheithre galúin fuisce achar ar bith. Bhí a shliocht orthu: ní raibh ginealach an bhéil bheo ann nach raibh dallta ar meisce
+
→
fág
Ní maith leat a bheith anseo roimhe. Fág seo go beo mar sin
TUILLEADH (4) ▼
Fág seo amach anseo go beo! Is righin thú
Fág seo amach anseo leat a chodaí asail! Go on! Fág seo adeirim! Go on will you! Fág seo go beo!
Murach gur thug sé dhom é, sin ní fhágfadh sé (beo) — murach gur thug sé dhom é, mharóinn é san áit sin (an áit a bhí i gceist)
Ar ndóigh ní dhéanfadh aon fhear beo an cleas a rinne sé ach é fhéin, ach cár fhága tú an tseafóid agus an leibideacht?
→
fáideog
Déan bráideog fhíógaí agus gabhfaidh muid ag coinnleoireacht. Tá na crígheannaí sin siar beo beathach le smólaigh agus lonta dubha
+
→
féar
Fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar — dea-ghealladh ach nach gcothóidh sé duine gan cur leis; geall rud do dhuine agus maireadh sé ar a rogha caoi uaidh sin amach; bíodh foighid agat agus ná fuasaoid d'easpa agus tiocfaidh gach rud ceart uair eicínt amach anseo
TUILLEADH (3) ▼
Tá tusa ar dhroim (ar mhuin) na muice, ach cén chaoi a mairfidh daoine eile. Fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar! M'anam gur deas é do chomhrá
Beidh an saol go maith fós ach foighid a bheith againn, adeir sé. Foighid! Fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar! Níl a fhios aige sin cá'il an bhróig ag luí ar aon duine eile, agus is ríchuma leis
Fiafraím díot, cén chaoi a ndéanfaidh muintir na háite seo an saol a ríochan, nó go ndéantar a bhfuil tusa a rá. Fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar, ab ea. Mar a chéile sibh ó sháil go rínn. Tá sibhse chomh dona le dream ar bith eile
→
cadhail
Shoraidh dhíot nár fhan mar a bhí tú agus gan a dhul i gcleithiúnas thú a bheith do do chaidhleadh le sneachta mar sin. Ar ndóigh, ní chorródh aon fheithideach beo amach a leithide d'oíche.
→
caidéis
Nach diabhaltaí mór an smál atá oraibh agus caidéis ar bith a chur uirthi sin. Is maith atá a fhios agaibh gurb in í úll na haithne agus ní beo sibh, ina dhiaidh sin gan a bheith ag saighdeadh fúithi.
Ba dhual dó a bheith caidéiseach. Ní raibh aon cheo sa tír i ngan fhios dá athair. Sin é an sórt duine a bhí ann; nach mbeadh sé beo gan chuile fhios a bheith aige.
+
Chuaigh fear thart anseo an bhliain cheana agus é gléasta mar a bheadh tincéara ann. Ar a chaomhúint a bhí sé i ngeall ar bhean bhocht eicínt a robáil agus a mharú thart síos. Dheamhan duine beo nach gcuirfeadh sé dalladh púicín air. Siar faoi Chonamara in áit eicínt a rugthas air as a dheireadh agus cuireadh príosúntacht lena ló air. Má cuireadh fhéin, ba mhaith an oidhe sin air, ná ar aon duine eile a dhéanfadh a leithide de chleas.
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan gnaithe agat tada a mbeidh aon chás agat ann a inseacht dó sin, arae níl caomhúint ar bith ann. D'inseodh sé an rud ba mheasa leat beo don té nach bhfaca sé ariamh.
Fuair tú amach muis, an té a mbeadh caomhúint ann. Nach bhfuil a fhios agat nach mbeadh sé sin beo gan a bheith ag cíble cainte.
Bíodh caomhúint ionat anois, agus na labhair le aon duine beo faoi sin, go bhfeice muid linn.
→
carcair
'Sé díol an diabhail aon cheart a bhaint den charcair sin. Tá sé beo drochmhúinte, agus ar bheagán spleáchais le chuile dhuine.
→
ceal 1
Mura bhfuil feamainn dearg aige, ní cheal a shaothraithe é, arae dheamhan lá beo nach gcaitheann sé stráisiún thíos ar bharr na corraí.
Ní fhéadfadh sé rud ar bith a cheartú duit — go fiú is an rud is fánaí beo — gan na goití sin. Goití ar fad é.
→
ceasúil
'Sé an tanálach bradach é. Tá sé chomh héisealach agus nach féidir a bhéilí a leagan chuige. Bíonn locht aige ar an bhfeoil go mbíonn sé rócheasúil, agus an t-arán go mbíonn an iomarca soda ann. B'fhearr dhuit beo i dtalamh ná ag freastal air.
Tá caint aige — cipiléireacht agus caint ar sraith. Dhéanfeadh sé ball séire d'aon duine beo a bheith ag éisteacht leis.
→
ciseach
Tá an áit ina chiseach ag an mbratainn ghasúr sin as Baile Átha Cliath. Dheamhan a fhios ag aon duine beo cén ábhailleacht atá iontub.
→
cleite
Ní minic cleite gnaíúil tarraingthe anuas ag an gceann céanna. Bheadh sé sin beo ag gráiscínteacht agus ag radaireacht mar sin.
Fainic do mhéir ar an sceanadóir de phortán sin. Ceadh nach bhfuil a fhios agat gurb in é an rud is coilgní beo. Má bhaineann sé ailp asat, comhairleoidh sin thú b'fhéidir.
+
Dhá gcastaí isteach sna coillte coimhthíocha sin thú, ba mhaith a bheifeá ar do mhaidí agus a theacht astub beo. Tá siad lomlán le beithígh éigcéille.
TUILLEADH (2) ▼
Ní feasach mé beirthe ná beo cén fáth atá aige a bheith chomh coimhthíoch leis an teach seo agus atá sé. Shílfeá nach araoid ná múisiam ar bith a chuir muid ariamh air, mura bhfuil i ndán is gurb é a bhealach é.
Dheamhan mac an éin bheo in do thír nach bhfuil ag casaoid (ar shlaghdán, nó tinneas) agus údar acub. Ach is suarach an t-ionadh sin agus an aimsir ag cothú chomh coimhthíoch agus atá sí.
Tá na breaclachaí sin siar beo le coiníní anois, agus gan blas coimhthís acub le aon duine. Airíonn siad nach bhfuil aon mhadadh de rath ar an mbaile.
Dhá mbeadh firéad againn, dheamhan coinicéar beo acub sin nach dtiocfadh sé inti, agus nach gcuirfeadh sé na coiníní astub amach agus deifir orthub.
→
coirigh
Ní choireoidh sé ar aon duine in mo láthairse, nó má choiríonn, cuirfidh mise ina thost é gan mórán achair. 'Sé an rud is luar liom beo duine a chloisteáil ag caitheamh agus ag cáineadh ar a chomharsa mar sin gan údar an bith.
Ní beag dhó chomh coitianta agus a bhíos sé ag ól. Dheamhan a fhios agam beirthe ná beo cén chaoi a seasann an t-airgead dhó chor ar bith.
+
→
comaoin
Má tá cion aige ar an tseanmháthair fhéin, is comaoin dó. Murach an oiliúint a thug sí sin dó, agus é ina pháiste, dheamhan an mbeadh beo inniu dhó. Chuaigh sé sách rite leis mar a bhí sé fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan firnéad an bhéil bheo istigh in do phobal nach bhfuil faoi chomaoin dó sin, i ngeall ar é a bheith ina dhochtúr beithíoch.
Bhí sé chomh maith dhuit a dhul agus é a dhéanamh i gcomhfhios le a bheith ag imeacht i ngan fhios mar sin, arae dheamhan mac an éin bheo sa tír nach bhfuil a fhios aige go bhfuil tú ar an gceird.
→
conán
Dheamhan duine beo a thiocfadh ag cur aon araoid ar an gconán sin, mura mbeadh an cat mara ar fad air — créatúr bocht nach mbíonn i dtroid ná i mbruíon, ná nach raibh ariamh.
+
Ón gcosúlacht atá ar an áit, ní shílfeadh aon duine beo go bhféadfaí sagart a dhéanamh as.
TUILLEADH (1) ▼
Bheadh a fhios ag aon duine beo gurb é a ghoid an coirce. Nach bhfuil a chosúlacht lena chois! Cé eile a mbeadh a fhios aige go raibh an mála sin amuigh sa scioból, agus gur inné roimhe sin a chuir mé ann é?
Má chothaíonn sé an ghlasaimsir seo i bhfad eile, dheamhan a fhios beo cén aimsir bhreá a thiocfas ina diaidh. Deir siad nach bhfuil rud ar bith is siúráilte na cothromacan síne na huaire.
Ní bheadh Tom Sh. cuntanósach i láthair sagairt ná easpaig. Dá mba é an té ba mheasa leat beo é, ligfeadh sé amach a chuid drochéisc ina láthair.
Má tá sé beo, tá féith ó Chéatach ann. Murach go bhfuil, ní bheadh aon ghair aige gaisce den tsórt sin a dhéanamh.
→
cíos
Ní chuimhníonn aon duine dhá bhfuil beo anois ar an gcíos cléire. Is beag le go gcuimhneodh a n-aithreachaí air, tada leis.