Biadhú
—ainm-fhocal amanntaí a's briathar amanntaí eile.
—
cuid a' bheagáin; beagán nó riar beag; sriabhán; brádán nó ceobrán.
a.
+–
Tá sé a' biadhú sneachta = ruainníní beaga imbéal na gaoithe.
Tá sé a' biadhú báistighe = braon imbéal na gaoithe; brádán beag.
TUILLEADH (8) ▼
Tá sé a' biadhú as = tá braon as aige; tá sé a' caitheamh ceobráin nó brádáin nó sriabháin bhig.
Tá biadhú beag sneachta ar a' talamh indiu = braitín bheag.
Is deas a' biadhú sneachta atá caithte aige (ach ní abróchthá a mhacsamhail le sioc ná le báistigh)
Má mhaireann dhó a' biadhú sneachta mar seo, beidh scráib maith caithte aige ar maidin.
Bhí an oidhche chéadna dubh-fhuar. Déarfá go raibh sé a' biadhú sneachta imbéal na gaoithe.
Ní raibh sé in a bhrádán amach a's amach ach go raibh sé a' biadhú báistighe.
Caithfe sé dórtadh báistighe anocht. Tá sé a' biadhú as anois. B'fhurast aithinte go raibh an aimsear a' tarraint le cupla lá.
A dhiabhail, a' biadhú sneachta atá sé. Buaileadh calóg chorpanta sa tsúil orm. Teanam nó ní dhéanfamuid abhaile anocht é.
b.
+–
B'fhéidir, ó thárla nach bhfuil sé a' neartú, go n-eireochadh sé as a' mbiadhú seo aríst. Ach eirigheadh nó na h-eirigheadh, tá a shean-eire sneachta air.
Ní thaithnigheann a' biadhú sneachta seo liom — thob ann a's thob as aige. Dhá gcaithead sé tuairt bhreagh in éindigh dhe, bhainfeadh sé an fhuaraidheacht as an aimsir.
TUILLEADH (2) ▼
Chaith sé biadhú beag sneachta i dtús oidhche, a's shioc sé thar cíonn annsin. Ba gheall le gloine an bóthar ar maidin. Ní shiubhailfeadh na cuit (cait) é, bhí sé chomh sleamhain sin.
Bhainfeadh duine ceart de'n tsioc. Má bhíonn an uair fuar fhéin, bíonn sí breagh folláin, ach ní thaithnigheann an biadhú sneachta seo liom chor a' bith. Préachfa sé na daoine, má mhaireann dó.
Biadhú in iontrálacha eile (4)
Shíl mé go raibh sé in a chlaochmú trathnóna, ach dar príosta, tá sé ag biadhú as aríst. Ní deireadh dhó fós (sneachta)
→
droim
Tháinig siota bheag gaimheamhail isteach thrí shiuntaí an doruis annsin aréir, agus dubhairt mé ar an bpuínte le M. Bh. a bhí annseo ar an teallach go mbadh siota é a bhí ag eirghe de dhruim sneachta. Mo léan géar b'fhíor dhom. An uair a chuir mé amach mo chloigeann ar maidin bhí sé ag biadhú leis
→
dual 2
Tuilleadh diabhail ag an tír anois mara bhfuil dual na druinne de shneachta faighte aice. Agus ní tús ná deireadh fós dó. Tá sé ag biadhú as aríst. Níl aon-éan ann ar chaoi ar bith!
→
dólámh
Má sheasann an sneachta seo cupla lá eile, nó an biadhú seo féin, ní bheidh éan 'sa gcomhaireamh ceann. Tá sé dhá gcriogadh dóláimh. Tháinic cheithre cinn de dhruideachaí isteach ar an urlár indiu, agus ní raibh ann ach go raibh siad istigh nuair a cailleadh iad