biathú
—ainmfhocal amantaí agus briathar amantaí eile
—
cuid an bheagáin; beagán nó riar beag; sriabhán; brádán nó ceobrán.
a.
+–
Tá sé ag biathú sneachta — ruainníní beaga i mbéal na gaoithe
Tá sé ag biathú báistí — braon i mbéal na gaoithe; brádán beag.
TUILLEADH (8) ▼
Tá sé ag biathú as — tá braon as aige; tá sé ag caitheamh ceobráin nó brádáin nó sriabháin bhig
Tá biathú beag sneachta ar an talamh inniu — braitín bheag
Is deas an biathú sneachta atá caite aige (ach ní abrófá a mhacasamhail le sioc ná le báistigh)
Má mhaireann dhó ag biathú sneachta mar seo, beidh scráib maith caite aige ar maidin.
Bhí an oíche chéanna dubhfhuar. Déarfá go raibh sé ag biathú sneachta i mbéal na gaoithe.
Ní raibh sé ina bhrádán amach is amach ach go raibh sé ag biathú báistí.
Caithfidh sé dórtadh báistí anocht. Tá sé ag biathú as anois. B'fhurasta a aithinte go raibh an aimsir ag tarraingt le cupla lá.
A dhiabhail, ag biathú sneachta atá sé. Buaileadh calóg chorpanta sa tsúil orm. Téanam nó ní dhéanfaidh muid abhaile anocht é.
b.
+–
B'fhéidir, ó tharla nach bhfuil sé ag neartú, go n-éireodh sé as an mbiathú seo aríst. Ach éiríodh nó ná héiríodh, tá a sheaneire sneachta air.
Ní thaitníonn an biathú sneachta seo liom — hob ann agus hob as aige. Dhá gcaitheadh sé tuairt bhreá in éindí dhe, bhainfeadh sé an fhuaraíocht as an aimsir.
TUILLEADH (2) ▼
Chaith sé biathú beag sneachta i dtús oíche, agus shioc sé thar cionn ansin. Ba gheall le gloine an bóthar ar maidin. Ní shiúlfadh na cait é, bhí sé chomh sleamhain sin
Bhainfeadh duine ceart den tsioc. Má bhíonn an uair fuar fhéin bíonn sí breá folláin, ach ní thaitníonn an biathú sneachta seo liom chor ar bith. Préachfaidh sé na daoine, má mhaireann dó.
biathú in iontrálacha eile (4)
Shíl mé go raibh sé ina chlaochmú tráthnóna, ach dar príosta, tá sé ag biathú as aríst. Ní deireadh dhó fós (sneachta)
→
droim
Tháinig siota bheag goimhiúil isteach thrí shiúntaí an dorais ansin aréir agus dúirt mé ar an bpointe le M. Bh. a bhí anseo ar an teallach go mba siota é a bhí ag éirí de dhroim sneachta. Mo léan géar b'fhíor dhom. Nuair a chuir mé amach mo chloigeann ar maidin bhí sé ag biathú leis
→
dual 2
Tuilleadh diabhail ag an tír anois mura bhfuil dual na droinne de shneachta faighte aici. Agus ní tús ná deireadh fós dó. Tá sé ag biathú as aríst. Níl aon éan ann ar chaoi ar bith!
→
dólámh
Má sheasann an sneachta seo cupla lá eile, nó an biathú seo féin, ní bheidh éan sa gcomhaireamh ceann. Tá sé dhá gcniogadh dóláimh. Tháinig cheithre cinn de dhruideachaí isteach ar an urlár inniu, agus ní raibh ann ach go raibh siad istigh nuair a cailleadh iad