Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Bile buaic
"sa gceann sin leis"; go poll an chlaidhe; go snaidhm a' rópa; chomh fada in Éirinn a's is féidir a dhul.
+
Tá'n scéal go maith mara dteighe sé sa mbile buaic orraibh le rud a chuir as daoib = tá'n scéal go maith, mara dteighe sé chomh fada in Éirinn a's is féidir dó a dhul le rud a chuir as daoib.
Tiocfa sé sa mbile buaic oraibh anois, leis an áit sin a bhaint daoib = déanfa sé a sheacht míle dicheall anois, leis an áit sin a bhaint daoib.
TUILLEADH (11) ▼
Má tá faoi na Flaithbhearta(igh) 'thabhairt 'un cúirte, tiocfa sé sa mbile buaic orra(b) le na shása(mh) bhaint amach.
Ní raibh aon-tsása(amh) aige ann, go dteigheadh sé sa mbile buaic orm faoi'n méidín sin míllteanais, a rinne na beithidhigh air, a's tuille diabhail aige, má chuaidh leis.
Tá droch-íntinn aige siúd, a's tiocfa sé sa mbile buaic ort, má chuireann tú luach leithphighne as dó.
Ní raibh aon-mhaith aige ann, go dteigheadh sé sa mbile buaic ar na Loideánaigh, ach sin é 'raibh dhá bhárr aige.
Má chuireann tú aon-araoid orra(b) sin, tiocfa siad sa mbile buaic ort, dhá dteighead sé céad bliadhain.
Do cheann-fhine ní fhéadfadh a dhul sa mbile buaic ar a' dreám sin, tá siad chomh h-imeartha sin.
'Sé mo chomhairle dhuit, aire a thabhairt duit fhéin, ar a' gceann sin, nó tiocfa sé sa mbile buaic ort, de do sheacht míle buidheachas.
Is fada an lá é, ag iarraidh a dhul sa mbile buaic orainne, faoi gur chaith muid é sa dlighe sin fadó.
Nach fánach a' t-ughdar a bhí aca(b) le dhul sa mbile buaic ar a' díthreabhach bocht sin — scáth cupla caoirín a dhul thar claidhe.
Is maith nach mór dhuit a bheith 'san áirdeall air, anois, nó fiachfa (féachfa) sé le dhul sa mbile buaic ort.
Níor dhubhairt mé thar dhá fhocal leis, a's shílfeá gur mó an fonn atá air a dhul sa mbile buaic orm ó shoin.

Bile buaic in iontrálacha eile (2)

 
Is diabhaltaidhe atá sé ag dul in aghaidh a chosamhlacht muis, marab é an chaoi nach dteigheann sé sa mbile buaic leis fhéin. Chonnaic mise scurachaí, nach gcuirfeá sonntas a' bith ionnta(b) a' tabhairt gaoithe (ag árdú) do'n chloich sin, a's shílfeá nach bhfaigheadh forránach fir mar eisean craitheadh 'bith innte, ná dhá mbeadh sí faoi dhó an oiread meadhchain a's tá sí.
 
Ní bhfuighinn ionnam fhéin druim-dhiúltú a thabhairt do dhuine ar bith ar an gcaoi sin. Ba mhór an rud le déanamh é. B'fhearr liom duine a leigean tharm cho réidh agus a d'fhéadfainn é ná a dhul ins an mbile buaic leis mar sin. Déanadh 'chuile dhuine a rogha rud ach sin é mo bhealach-sa.