bile buaic
—
"sa gceann sin leis"; go poll an chlaí; go snaidhm an rópa; chomh fada in Éirinn agus is féidir a dhul.
+–
Tá an scéal go maith mura dté sé sa mbile buaic oraibh le rud a chur as daoibh — tá an scéal go maith mura dté sé chomh fada in Éirinn agus is féidir dó a dhul le rud a chur as daoibh
Tiocfaidh sé sa mbile buaic oraibh anois leis an áit sin a bhaint daoibh — déanfaidh sé a sheacht míle dícheall anois leis an áit sin a bhaint daoibh
TUILLEADH (11) ▼
Má tá faoi na Flaithbheartaigh a thabhairt chun cúirte, tiocfaidh sé sa mbile buaic orthub lena shásamh a bhaint amach
Ní raibh aon tsásamh aige ann go dtéadh sé sa mbile buaic orm faoin méidín sin millteanais a rinne na beithígh air, agus tuilleadh diabhail aige má chuaigh leis.
Tá drochintinn aige siúd, agus tiocfaidh sé sa mbile buaic ort má chuireann tú luach leithphínne as dó.
Ní raibh aon mhaith aige ann go dtéadh sé sa mbile buaic ar na Loideánaigh, ach sin é a raibh dhá bharr aige
Má chuireann tú aon araoid orthub sin, tiocfaidh siad sa mbile buaic ort, dhá dtéadh sé céad bliain.
Do cheann fhine ní fhéadfadh a dhul sa mbile buaic ar an dream sin, tá siad chomh himeartha sin.
'Sé mo chomhairle dhuit aire a thabhairt duit fhéin ar an gceann sin, nó tiocfaidh sé sa mbile buaic ort de do sheacht míle buíochas.
Is fada an lá é ag iarraidh a dhul sa mbile buaic orainne faoi gur chaith muid é sa dlí sin fadó.
Nach fánach an t-údar a bhí acub le dhul sa mbile buaic ar an díthreabhach bocht sin — scáth cupla caoirín a dhul thar claí.
Is maith nach mór dhuit a bheith san airdeall air anois, nó féachfaidh sé le dhul sa mbile buaic ort.
Níor dhúirt mé thar dhá fhocal leis agus shílfeá gur mó an fonn atá air a dhul sa mbile buaic orm ó shin.
bile buaic in iontrálacha eile (2)
Is diabhaltaí atá sé ag dul in aghaidh a chosúlacht muis, murab é an chaoi nach dtéann sé sa mbile buaic leis fhéin. Chonaic mise scorachaí nach gcuirfeá suntas ar bith iontub ag tabhairt gaoithe (ag ardú) don chloich sin, agus shílfeá nach bhfaigheadh forránach fir mar eisean croitheadh ar bith inti ná dhá mbeadh sí faoi dhó an oiread meáchain agus atá sí.
Ní bhfaighinn ionam fhéin droimdhiúltú a thabhairt do dhuine ar bith ar an gcaoi sin. Ba mhór an rud le déanamh é. B'fhearr liom duine a ligean tharam chomh réidh agus a d'fhéadfainn é ná a dhul sa mbile buaic leis mar sin. Déanadh chuile dhuine a rogha rud ach sin é mo bhealachsa