Breoidhte
—aidiacht ó'n mbriathar.
—
tinn; meath-thinn; tinn de bharr óil.
+–
'Teachtain ó'n gceol dom, a's mé breoidhte lag thuirseach ó'n oidhche'
Tá mé breoidhte go leor.
TUILLEADH (5) ▼
Airighim breoidhte indiu, pé'r bith céard atá orm
Níl sé breoidhte shílfeá (i.e. gasúr) a's in a dheidh sin, níl spleodar mór a' bith ann = shílfeá nach tinn atá sé, ach má's seadh nó nach h-eadh, níl croidhe ná misneach aige.
Feicthear (dh)om go bhfuil mé buille breoidhte indiu, marab é an slaghdán atá a' teannadh liom. InDomhnach dheamhan fhios agam nach hé
Is fada an lá meath-thinn é sin. Níl pian ná tinneas air, ach go bhfuil sé breoidhte in a dheidh sin.
Deir sé fhéin go bhfuil sé breoidhte, ach mise imbannaí gur beag a' bhreoiteacht a bheidheas air, má bhíonn aon-damhsa in aon-áit.
Féach freisin
→
dreoigh
Breoidhte in iontrálacha eile (10)
+
→
breoigh
Sin féar atá breoidhte (nó "breodhuighthe" amannta) 'bhfeiceann tú an phúir atá as.
TUILLEADH (6) ▼
Féar a' bith a théithea(nn)s, is beag a' mhaith é. Bíonn sé breoidhte 'na dhiaidh, a's ní mian le tada drannadh leis.
Tá'n coca chomh breoidhte, a's go bhfuil baladh as anois, ní breoidhte atá sé chreidim, ach dearg-lobhtha.
Fuair sé amladh (amlú) ar feadh seachtmhaine ar a' talamh a's bhí sé breac-lobhtha ina dhiaidh. Annsin nuair a tháinic na cupla lá breagh údaidh, thriomuigh sé, a's chuir sé i gcoca é, ach má tá fhéin, tá sé breoidhte as éadan.
Breodhuigheadh sé leis anois: dheamhan neart aghainne [air]. Tá muid sáruighthe dhá ghiollacht a's é 'cínnt orainn ina dheidh sin. D'eile cé'n chaoi a mbeadh sé ach breoidhte, a's an chaoi a bhí ar an aimsir.
Níl aon-sop féir tirm a' gabhail liom imbliadhna, nach bhfuil breoidhte, pé'r bith céard d'eirigh dhó fharrus bliadhain a' bith.
'Teachtain ó'n gceol dom, a's mé breoidhte, lag, tuirseach, ó'n oidhche; Seadh dhearc mé mo stóirín, ar mhóinín, lághach geanamhail 'na suidhe.; A gruadh mar an rósa, 'sí a bhreodh a's a mharbhuigh mo chroidhe; A's an té a bhlaisfeadh dhá póigín, 'sé is dóigh liom, bheadh fad ar a shaoghal' ("Céad slán do'n Abhainn Mhóir").
→
deatach
Tá an chruach choirce sin téighte. An bhfeiceann tú an deatach atá aisti. Coirce breoidhte a bhéas againn i mbliana
→
díogha
Diabhal a leithide d'fhéar — díogha críochnuighthe. Thosuigh sé ag téidheamh ar an dá luath agus a raibh sé coctha istigh ins an iothlainn agam. Ní leagfadh bó ná gamhain béal air: bhí sé breoidhte ar fad. Ná bac leis an bhféar a bhíos ar na h-iochtair láidre sin. Bíonn sé ro-stalcánta ag rud ar bith