Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
buail ar
1.
a.
+
Ná buail níos mó air.
Tá do dhíol buailte air (do sháith etc).
TUILLEADH (7) ▼
Buailfe mé tuighe shrathair (shrathra) ort; buailfe [mé] tuigheadh na bPunann ort; buailfe mé an dara thairt (tara thairt?) ort; buailfe mé an-ghleáradh, an-lascadh etc. ort; buailfe mé bruicneáil, druimeáil etc ort
Bhuail sé dual na druinne air, ach dheamhan maith a bhí ann in a dheidh sin — chaithfeadh sé a bhealach fhéin a fhaghail.
Buaileadh an oiread air a's buailfidhe ar dhual lín = sin é an chaoi a gcuirtear i gceist gur tugadh an-bhualadh do dhuine.
Bhuail mé oiread air, a's dhá mbadh dual lín é, a's chinn orm aon-smacht a chuir air th'éis sin.
Má chloisimse go gcainnteocha tú as do bhéal ar a' méid sin aríst, buailfe mé an oiread ort a's bhuailfí ar dhual lín.
Rinneadh cac leicín de le'r buaileadh air; rinneadh leicíneach (brúightín, stolpán etc) de le'r buaileadh air.
Buaileadh an oiread ar sin ariamh, a's bhuailfí ar shean-léine, a's dheamhan a[n] donaide é in a dheidh sin.
b.
+
'An té 'bhíonns thuas óltar deoch air; An té 'bhíonns thíos buailtear cois air' (sean-fhocal)
Is amhla a bhí sé ariamh: 'an té' bheadh thuas, d'ólfaidhe deoch air, a's an té a bheadh thíos bhuailfidhe cois air'.
TUILLEADH (14) ▼
Is furasta cois a bhualadh ar dhaoine dona = is furasta créatúlacht nó éagcóir a dhéanamh orra.
D'eile céard a dhéanfaidís leis! Ar chuala tú ariamh é 'an té a bhíonns thíos buailtear cois air.
Buailtear cois ar dhaoine bocht i gcomhnuidhe.
Nach éasca leis cois a bhualadh ar dhaoine = iad a chuir faoi na smacht fhéin, nó éagcóir a dhéanamh orra.
B'fhurasta do thighearnaí a's dhá gcois-mhuínntir cois a bhualadh ar na tunóntaí, a's ar na daoine bocht', an tráth sin. Ach míle buidheachas le Dia gur imthigh an saoghal sin, a's nach bhfuil an duine bocht faoi chumaoin ag aonduine anois faoi na chuid talmhana.
Ba mheasa na gíománaigh a's an chois mhuinntir a bhí ag na tighearnaí móra sin, ná iad fhéin. Bhí cois buailte acab ar a' tunónta uair a' bith a d'fhéad siad é.
Bhí siad (i.e. na Sasanaigh) fada go leor a' bualadh coise ar mhuinntir na tíre seo, ach dheamhan mórán spleadhchais ag muinntir na tíre seo leo(b) anois. Míle buidheachas le dia go dtáinic sé sa saoghal!
Má abruigheann tú smid a' bith nach dtaithneocha leis, dheamhan aige ach cois a bhualadh ort, a's céard fhéadfas tú 'dhéanamh.
Tá cois buailte ag a' sagart céadna ar 'chuile dhuine, a chuirfeas tada in 'aghaidh, agus is mór a' t-ár é le aghaidh a bhéil a tharraingt ort.
Tá cois buailte aige ar a' bhfuil sa teach, a's muid reicthe sceannta aige 'chuile ré soluis.
Daoine dona a thiubhradh cead dó cois a bhualadh orrab. Dhá mbeadh splannc a' bith fir i gceachtar agaibh, chuirfeadh sib néal air, le iarraidh.
Dar ndoigh, níl spioraid a' bith ionnaibh, má thugann sib cead a chinn dó, cois a bhualadh orraibh mar sin.
Is furasta dhó cois a bhualadh ar mhuinntir na h-áite seo, mar tá airgead amuigh aige ar 'chuile gheinealach sa tír.
Ní raibh cois dhá bhualadh ar na daoine ariamh, go dtí anois muis. Is gearr a bheidheas a sheasamh againn mara bhfuil ag Dia.
c.
+
Níor buaileadh deoir bháistighe orm ó d'fhága mé an teach, go dtáinic mé abhaile aríst = níor thuit deoir bháistighe orm; ní raibh sé a' báisteach ar a' mbealach.
Níor buaileadh aon-deoir bháistighe ar na fataí ó cuireadh idtalamh iad, gur baineadh aríst iad. Ba doiligh dóib a bheith go maith annsin.
TUILLEADH (8) ▼
Má imthigheann tú anois, racha mise faoi dhuit, nach mbuailfidhear oiread a's deoir bháistighe ort, go mbeidh tú ag ceann-cúrsa. Má tá an duibhthean thiar fhéin, ní chaithfe sé chomh tobann sin í.
Dubhairt siad liom, ar a theacht abhaile dhom, go raibh sé ina dhórtadh annseo ó mhaidin, a's dheamhan deoir as aer a buaileadh ormsa.
Buaileadh báisteach ormsa ó d'fhága mé seo indiu.
Dhá ndéanthá mo chomhairle-sa, a's imtheacht in am, dheamhan a' deoir fhéin a bhuailfidhe ort. In a leaba sin, tá tú báithte go craiceann.
Th'éis ar buaileadh de bháisti(gh) air, ó rinneadh é (caisleán), dheamhan a dhath fhéin de'n mhoirtéal ar bogadh fós ann. Is diabhaltaidhe an buadh a bhí ag na saoir fadó, a' déanamh moirtéil.
Bhí báisteach dhá bualadh sa mbéal orm, ó d'fhága mé Gaillimh, go raibh mé leath-bealaigh abhaile.
Níor buaileadh an deor fhéin ar a' bhféar sin, ó baineadh é, gur cuireadh in iothlainn é, a's is diadhachta dhó a bheith dreoighte.
Ní dhéanfa an cur aon-rath, go mbuailtear múr báistighe air.
+
Buail baslach ar a' léine sin = nigh í; tabhair nigheachán di.
Ar bhuail tú aon-bhaslach ar t'éadan indiu?
TUILLEADH (3) ▼
Cuir na sean-bhriocáin sin ar bogadh, a's b'fhéidir go mbeadh ionbhadh agam ambáireach baslach uisce a bhualadh orra(b).
Bhuail sé baslach ar éadan, ar ourla (urla) a's ar a mhailghí (gaiscidheach 'sna sean-scéalta tharéis eirghe dhó ar maidin)
Bhuail sí an t-uisce bruithte idir a' dá shúil orm = thlig sí; chaith sí.
2.
+
Buail ar an asal = teirigh a' marcuigheacht.
Mara bhfuil tú indon é a shiubhal, 'séard atá agad a dhéanamh bualadh ar a' gcapall
TUILLEADH (10) ▼
Buailfe muid orrab (ar na rothair) = rachamuid a' marcuigheacht ar na róthair.
Buail air (ar a' rothar).
Tá sé chomh maith dhúinn bualadh ar na 'bicycles', 'as a dhul abhaile.
Bhí mé ar thob bualadh ar a' 'mbicycle' go díreach, 'san am ar ghludh (ghlaoidh) sé orm aríst.
Bhuail sé uirre (ar bhean) (cainnt gháirseamhail).
Buail ort a' cliabh seo a's tabhair abhaile é = cuir ar do dhruim, é; árduigh ort fhéin é.
Bhí sé chomh maith do dhuine mála a bhualadh air fhéin, a's a dhul ag iarraidh a chodach, le 'bheith i gcleitheamhnas talmhana anois.
Má tá an saoghal cínnte uirre mar sin, nach bhféadfa sí mála a bhualadh uirre fhéin (i.e. a dhul ag iarraidh a codach) a's má bhuaileann fhéin, is aice atá a dhruim = tá druim leathan láidir uirre l'aghaidh mála nó ualaigh.
Bhuail sé cruit fhataí aniar air fhéin, a's dhíol sé tigh S. Dh. ingan-fhios iad (féach "cruit").
I leaba an chruit a bhí air a bhaint di, 'séard a rinne na sidheogaí cruit eile a bhualadh air in a mullach (as scéal an Chruitínigh — "De Luain, Dé Máirt" etc).
3.
Long nó bád buailte = dhá gcastaí long nó bád ar charraigh, ar churraigh, ar sceird, nó ar thanuidheachan, nó áit ar bith nach mbeadh a dóthain uisce snámha aice, nó nach mbeadh sé in araidheacht corruighe as déarfaidhe go raibh sí buailte.
+
Tá soitheach mór buailte ar Charraig a' Mhatail, de bharr gála na h-oidhche aréir.
Buaileadh soitheach ar Charraig Bhéal Trágha annsin thíos fadó, a's chaith sí ráithe ann, sul ar féadadh í a thabhairt as.
TUILLEADH (10) ▼
D'fhuadaigh an gála isteach ar thanuidheachan í, nó gur buaileadh í, imbéal na trágha.
Is maith an t-ádh a bhí orra(b) nach ar a' mBrann(t)ra a buaileadh iad, nó dheamhan as a thiocfaidís go h-éag.
Long luchtaighthe le ór a buaileadh ar chladach na bhForbachaí fadó. Tárluigheadh a' t-ór aiste go Garrdha na h-Iliúir (?), a's tá'n ciste faoi dhraoidheacht annsin ó shoin.
Dhá mbuailtí an bád sin ar chladach dána, dhéanfaidhe mionúthach de chuile mhíle ball a' gabhail léithe.
Ar thráigh gainimh a buaileadh a' luing, a's ní raibh aon-ghoir aice é 'fhágáil, arae bhí an rabharta a' cúlú, a's ní raibh a díol uisce snámha aice. Tharraing luing eile as í, faoi dheire, le griféid mhóra.
Níor airigh siad ariamh gur buaileadh an bád ar leic imbéal a' chuain. Nach h-iad a bhí neamh-áirdeamhail anois, nar thug faoi deara an leac, a's seoladh glan uirre.
Bhíomuid a' seoladh le cloich, a's é 'cínnt orainn í a thabhairt 'un fairrge, a's dheamhan a' rabh fhios, cé'n puinnte a mbeadh muid buailte.
Soitheach mór a buaileadh ar an gcladach ann, a's dheamhan thiomanta nídh a' gabhail léithe, nar árduigh muinntear na mbailteachaí aisti. Tá a sliocht orra(b): tá éadalachaí aca(b) ó shoin dhá barr.
Buaileadh soitheach faoi íochtar an bhaile, aimsir stoirme, a's is beag nar chaill oigiséad fíona a bhí innte, a raibh 'san áit. Bhí déanta le bás J. N. ach tháinic sé as 'na dheidh sin. Ó'n lá sin, go bhfuair sé bás níor bhlas sé d'aon-deoir óil, ach cérbh iongnadh sin: 'an té bhuailtear sa gceann bíonn faitchíos air'.
Dhá dtagadh gairbhshion nó gála breagh a bhuailfeadh sean-soitheach eicínt ar a' gcladach, a's lucht biotáille innte, le go bhféadfadh na daoine ceas a chuir orra(b) fhéin leis in aisce!
4.
a.
+
Bhuail sé an maingín aniar ar a dhruim, a's scuab leis.
Bhuail sí an máilín plúir thuas ar a gualainn, a's thug sí dhá shiubhail abhaile é — dhá mhíle dhéag bealaigh. Tabhair bean uirre sin!
TUILLEADH (5) ▼
Bhuail sé cóta mór air fhéin, a's d'imthigh leis.
Ní dhearna sí filleadh ná feacadh ach seál a bhuaileadh aniar ar a brághaid, a's bóthar abhaile a thabhairt di fhéin. Ó'n lá sin go dtí an lá seo, níor thaobhuigh sí an teach aige, ach sa mbaile abuil a h-athair a's a máthair.
Buail suas ort fhéin an cóta seo, agus is mór a' teoluidheacht duit é.
Bhí dhá chóta mór buailte thuas air, le faitchíos nach mbeadh a dhíol i gceann.
Is beag 'aireochas tú an buitín sin a bhualadh ar do dhruim, a's é 'thabhairt abhaile fharrus a bheith a' tarraingt asail in a choinne aríst.
·
Bhuail mé orm mo bhalcaisí, a's amach liom = chuir mé orm mo chuid éadaigh.
b.
·
Buail súgán ar a' gcoca.
c.
+
Bhuail sé ormsa é; bhuail sé thall ormsa é = leag sé ormsa é; chuir sé milleán a' scéil ormsa.
É fhéin ba cionntaighe, ach bhuail sé thall ormsa é.
TUILLEADH (12) ▼
Bhuail sé thall ar Sheán, gurb é, a ghoid é.
Is tútach a' fear é, má tá indán's gur bhuail sé thall ar a' dithreabhach bocht sin, gurb é a rinne an míllteanas, a's fios maith aige nach hé.
É 'bhualadh thall ar dhuine eile ba mhian leat a dhéanamh anois! 'An leaba a thomhais tú dhuit féin, codail innte', má's breagh leat.
Ní raibh saoradh ná séanadh le faghail ag na póilíos uaidh, ach é ag iarraidh é (i.e. millteanas) 'bhualadh thall ar mhuinntir a' bhaile.
'Sé bhío(nn)s imbun 's i mbarr 'chuile ámhuilleacht, ach má sé a's gurb é, is beag de'n mhilleán a shroichea(nn)s dó fhéin, arae buaileann sé thall ar dhuine eicínt eile i gcomhnuidhe é.
É fhéin a bhí in a thús-scéil leis, a's ná féachadh sé leis a' milleán a bhualadh thall ar aon-duine eile.
Nach réidh leis é a chuir dhe! É a bhualadh ar a' té údan eile!
Shíl sé, an bhréag a bhualadh ormsa, nuair a bhíodhadh (bhíothas) dhá chur idteannta fúithe = shíl sé an bhréag a d'innis sé fhéin a leagan ormsa, nuair a bhíothas dhá cheisniú go géar fúithe.
Dheamhan a' miste leis sin. Buailfe sé an milleán ar dhuine eicínt eile, a's saorfa sé é fhéin. Beidh an baile in árrachaí a chéile aige ar ball, a's sin é a bhuac.
Nach réidh a fuair sé an milleán a bhualadh ar dhuine eile!
Dar mo choinsias, má theigheann sé i gcleitheamhnas an milleán a bhualadh ormsa, beidh rud ar a shon aige — an bitheamhnach!
Nach maith uaidh an milleán a bhualadh ar dhaoine eile!
d.
+
Buaileadh air í adéarfaí le duine a gcuirfí bean air, nach mbeadh sé a iarraidh, nó nach mbeadh de réir a cáilidheachta.
Is air a buaileadh í, ceart, ach tuille ghéar de'n tubaiste aige, ba deacair a dhíol de bhean a thabhairt do'n cheann céadna.
TUILLEADH (17) ▼
Buaileadh air, a' straoilleoigín faoi dheire thiar, aindeoin ar eitigh sé de mhná ar foghnamh.
Buaileadh air, an óinseach, dhá chríonna dhá raibh sé.
Má buaileadh air í anois, baineadh sé ceart di, má's breagh leis é.
Ba h-imeartha an mac é, má b'fhíor dhó fhéin, a's breagh gur buaileadh an agóid air in a dheidh sin
'Ní díol truaighe é 'choidhchin go mbuailtear air, a' chuigeallach mná; a dhéanfas gual dubh naoi n-uaire dhá chroidhe in a lár' ("An Droighneán Donn").
Ní raibh a sárú sin faoi rothaí na gréine má b'fhíor dhó fhéin, ach tá fhios aige anois, gur buaileadh air ceart í.
Glac comhairle ó dhuine doscudhach, a's ná tabhair cead d'aonduine bean a bhualadh ort, mara dtaithnighe sí go maith leat fhéin.
Bhí sé 'guairdeall thart ar an aonach indiu, ag iarraidh an scubaidín is inghean dó a bhualadh thall ar dhuine eicínt, ach ní mór dó, cuid mhaith nótaí a chuir in a h-aice, sul a nglaca aonduine í.
Is maith a bheidheas sé ar a mhaidí, nó buailfe S. M. duine dhá chlann inghean air. Tá seisear aca(b) annsiúd aige, a's macnas orra(b) gan a bheith i gcrích.
Rinne siad ciseach dhe le ól ar feadh dhá lá, a's bhuail siad an inghean air, ar a chuid óil. Marach sin, dheamhan brat phósta a thiocfadh uirre le na ló, ná a bhfuigheadh sí fear a h-iarrta.
Fainic a' mbuailfeadh cailleach E. an inghean thall ort. Tá sí ar a mine-géire ag iarraidh duine bunúsach a dheanamh amach di.
D'imir siad a' cluithche claonach ceart go leor air. Marach gur imir ní bhuailfidís an bhean air.
Shíl sé go raibh lán laidhre in áithrid di, de bharr na h-udhachta, ach is beag a fuair sé léithe chor a' bith. Deirimse leatsa, marach le grádh do'n ailp, nach mbuailfí air í, ach 'ní bhíonn duine dhá chríonna nach dteigheann beart in 'aghaidh' amanntaí.
Is cinneamhaint orra(b) é, nó buailfe siad an inghean air, as deire na faidhleála.
Níl innte ach 'bás ar sliobarna'. Is maith a chruthóchas sí, má sháruigheann sí 'gairbhshion na cuaiche'! Dhá bheachtuighthe dhá raibh sé buaileadh air í 'na dheidh sin.
Bíonn an-ghairm roimhe tigh N., ach níl néal a' bith orra sin. Is fear tighe a's arláir é, a's tá bean mhaith aráin a's snathaide le bualadh ag N. ar dhuine eicínt.
Chaithfeadh sé go raibh an-rachmall pósta air, má leig sé dóib an tsliseog sin a bhualadh air, gan pighinn gan bonn.
e.
+
Bhuail sé cíos air = chuir sé cíos air; d'fháisc sé cíos air (mar chuirfí cíos etc. ar dhuine nach raibh sé air cheana, nó 'raibh sé íoctha amach a's amach aige).
Aindeoin go raibh an teach ceannuighthe aige thar barr-amach, shíl siad cíos a bhualadh air.
TUILLEADH (6) ▼
Buaileadh cíos ar mhuinntir a' bhaile seo thiar, faoi'n bportach, a's is olc a' ceart é freisin. Dheamhan leithphighinn dó a d'íocfainn dá mbadh mé iad — cead aca(b) iad a chuir as, má thogair siad.
Bhí an téarma le bheith thuas, faoi cheann dá fhichead bliadhain. Tá'n dhá fhichead bliadhain istigh imbliadhna, a's is mian leo(b) cíos a bhualadh orainn aríst ar ais.
Buailfear cíos trom ar na tighthe sin fós, feicfe tú.
Deir siad fhéin go bhfuil siad a' tabhairt cheithre scóir in aisce, do dhuine 'bith a dhéanfas teach, ach buailfe siad orra(b) aríst sa gcíos é, chuirfinn geall.
Nuair a bhí na Lochlannaigh annseo, in Éirinn, bhuail siad cíos a's camhlach ar na h-Éireannaigh, a's duine ar bith, nach n-íocfadh an cíos, bhí an tsrón le baint dhe.
Ní dóichidighe rud dhá ndeanfaidís, ná cíos trom a bhualadh ar na daoine aríst. Ní bheidh siadsan gan a gcuid fhéin, pé'r bí cé'n súisín 'íocfas é.
+
Bhain siad de'n chíos é, a's bhuail siad ar a' tae, a's ar a' tobac ar ais aríst é. Níl ann i gcomhnuidhe ach láimh na dógha a's láimh na tárrthála.
Is mór an éagcóir é lascainidhe a thabhairt do dhuine, a's é 'bhualadh thall aríst ar dhuine eile. Ach indomhnach sin í an oirille atá siopadóirí na h-áite seo a dhéanamh.
TUILLEADH (3) ▼
An té atá indon an seachadadh-amach a dhéanamh 'sna siopaí seo, gheobhfa sé 'chuile shórt faoi na luach, ach a' créatúr bocht atá ag iarraidh áirleacain, buailfear thall air sin é. 'Fear dhá bheathú, a's fear dhá mharbhú' mar adeir a' ceann eile.
Ná ceap go mbuailfe tú airgead a' bith le cois orm. Is maith an rud do chuile dhuine a cheart féin a íoc.
Ní raibh an oiread gearraidheachaí buailte ar a' tír ariamh cheana ó bhí cíos teinteáin a's deachmhaidh ann, a's tá ann anois.
·
'Chuile shórt dhá bhualadh anuas sa gcruit ar a' duine bocht = sé'n duine bocht a chaithfeas 'chuile mhíle nídh a íoc (cíos, gearraidheachaí, sreathannaí etc).
5.
teangmháil.
a.
+
Bhuail sé bleid orm = chuir sé cainnt, aighneas, nó araoid orm.
Is deas uaidh sin bleid a bhualadh ar dhuine, má fhaghann sé an té a thiubhras áirde air = de ghrádh iarratais nó de ghrádh scéalta a bhuaileas sé bleid ar dhaoine.
TUILLEADH (5) ▼
Bhuail sé bleid orm, a' ceapadh go bhfaigheadh sé scéalta, ach dheamhan scéal ná cuid de scéal a d'innis mise dhó.
Is bladarach uaithe sin bleid a bhualadh ar dhaoine, ach ní ar mhaith leo(b) é.
Sé'n chéad duine é, a bhuail bleid orm sa gcruinniú indiu.
Bhuail sé bleid chainnte orm, ar a' dá luath a's a bhfaca sé mé, ach chum mise lán a bhuilg de bhréaga dhó.
Buailfe sé sin bleid ort, uair a' bith, a fheilfeas sé dhó fhéin, ach má bhíonn duine 'bith ar foghnamh in éindigh leis, ní leigfe sé air fhéin go bhfeicfe sé chor a' bith thú.
+
Bhuail sé forradh cainnte orm; bhuail sé carra chainnte orm; bhuail sé bleid orm = chuir sé cainnt orm.
Cé bhuailfeadh carra chainnte orm indiu thoir ar an aonach ach S. B.
TUILLEADH (10) ▼
Ní túisce a bhí mé istigh sa teach ná bhí carra chainnte buailte aige orm.
Nach maith a chaithfeadh sé a chleite fhéin a bhualadh isteach sa gcomhrádh = rud eicínt a rádh é fhéin.
Bhuail sé a chleite fhéin isteach sa gcomhrádh, ionnann's dhá mbadh duine foghlumta é, fearacht a' chuid eile = bhuail sé a ladar fhéin ann.
Ní raibh an scéal ceart ariamh muise, go mbuailfe tusa do ladar fhéin ann = millfe do chuidse cainnte, nó'n rud a dhéanfas tusa, an scéal ar fad.
Níor iarr duine 'bith ortsa do ladar fhéin a bhualadh ann
Nach maith a chaithfeadh sé a ladar a bhualadh ann, a's nar bhain sé dhó chor a' bith.
Déanaidís féin a rogha rud. Ná buail thusa do ladar ann, chor a' bith.
Ní raibh sé in a phraiseach ceart ariamh muise, go mbuaile tusa do mhéir ann = ní raibh an scéal in a chior-thuaithbhill ariamh, go dteighe tusa a' pléidheadh leis.
Ná buail thusa do ghob ann, ar chuma ar bith = ná bíodh aon-bhaint agadsa leis, ar aon-chor; ná cuir do ladar sa scéal chor a' bith.
Níorbh bheo thú go mbuailfeá do ghob ann, a's tuille de'n tubaiste agad, má chuaidh leat.
·
Bhuail sé coc achrainn orm = thosuigh sé a' baint achrainn asam.
Bhuail sé achrann air, chomh luath in Éirinn a's 'chonnaic sé é.
b.
·
Tuige a bpósfainnse an scóltán, caithte, dóighte, adéarfadh mná le fear nach dtaithneochadh leo(b), a bhuailfeadh cleamhnas orra(b) (M. Ph. Dh.)
Bhuail sé cleamhnas uirre = d'iarr sé bean áithrid
c.
+
Buailim ort, tigim leat = ag imirt deis nó báire bheag, nó a' déanamh dhá chomlán le h-aghaidh cluithche, seasann a' dá cheannphuirt amach ó'n sluagh, a's deireann duine aca leis an duine eile: "buailim ort". Freagruigheann a' ceann eile é: "tigim leat". Annsin deireann a' chéad duine: "beidh Ned Phatch agam." Deireann a' darna duine: "beidh Seumaisín Pháidín agam", a's dhá réir sin, go mbí an sluagh ídighthe nó'n dá chomlán lán. "Tigim" adeirtear i gcomhnuidhe sa gcluithche seo is chuile cheanntar, aindeoin go bhfuil "tagaim" i leaba "tigim" i gcuid mhaith áiteachaí sa ngnáth-chainnt. Deirtear "buailim ort, tigim leat" freisin, dhá "n-imthigheadh" fear a's bean le chéile a's gan aon-tsúil leis, nó gan mórán aithne acu ar a chéile; nó dhá dtugadh beirt a' bith taithneamh dhá chéile ar bheagán eoluis; nó dhá mbeadh bean ann a bheadh indiaidh fir, a's é indon í a mhealladh leis ar sheol na braiche."
Ní raibh 'san imtheacht sin, ach 'buailim ort, tigim leat' mar adeir a' ceann eile.
TUILLEADH (5) ▼
Tá siad chomh mór le chéile anois le dhá ghaduidhe. Ar a' dá luath a's ar chuir siad aithne ar a chéile, ní raibh ann ach 'buailim ort, tigim leat'.
Is diabhaltaidhe aibéil a phós siad. Sin é an 'bualim ort, tigim leat' ar chaoi ar bith.
Dheamhan a bhfuil call dó a rádh léithe anois, thar 'buailim ort', a's beidh sí leis na sála aige, ar sheol na braiche. Is cumasach a' bhuadh a bhíos ag cuid de na daoine.
Níl ag a' bputach seo thíos a rádh leis, ach 'buailim ort', a's mise imbannaí, go mbeidh an ceann atá annseo, greadtha leis in éindigh leis, le ámhuilleacht a' bith a dhéanamh, a mheabhróchas sé dhó.
Sin é nach raibh i bhfad a' faghail mná sa gcruinniú. Dheamhan a' ndearna sé ach siubhal suas go dtí an chéad cheann a chas leis, a's bleid a bhualadh uirre, a's í a árdú leis. Sin é ar chuma ar bith 'bualim ort, a's tigim leat'. Is fada go ndéanfadh fear na h-áite seo é in áit strainséara, ná a leigfeadh an faitchíos dó 'dhéanamh.
6.
goireacht nó comhgar. buailte ar = an-ghar, an-chomhgarach dhe; in a ghaobhar; indáil leis ("buailte leo in áiteacha ar an Achréidh) (Is beag leas a baintear as aon-fhuirm eile de'n bhriathar sa gcéill seo, cé's moite de "buailte". Ach bíonn an chiall seo leis as éadan, go fiú's ag lucht an Bhéarla, sa mbreac-Ghaedhealtacht — "his house is beaten up on mine.")
+
Bhí sé buailte orm = bhí sé an-ghar dom, nó lem' ais.
Tá sé in a chomhnuidhe buailte orm. Is comharsanaí béal-doruis muid.
TUILLEADH (19) ▼
Nach bhfuil teach a' phobail buailte air annsiúd?
Aindeoin go bhfuil a' portach buailte ar a' teach aige, ba gann gortach í a theine.
Níl sclábhuidheacht a' bith sa mbaile siúd. Tá'n mhóin a's an fheamuinn buailte orra(b).
Bhéarfainn lom-lán a' leabhair gurb é a bhí ann, arae, bhí mé buailte air. Chaithfeadh sé gur bhain mearbhall eicínt dom mar sin fhéin.
Tá'n teach ósta buailte air anois: coiscfe sin aistear dhó 'chuile thrathnóna!
Bean a bhí buailte air fhéin annsiúd, a phós sé.
Aindeoin an scoil a bheith buailte orra(b), is túisce a bhíos chuile ghasúr sa tír istigh ná iad.
Is furasta dóib sin a gcuid slighe a chuir dhá lámha. Nach bhfuil a' margadh buailte orra(b).
Tá sé buailte ar a' mbaile mór.
Tá'n dá theach buailte ar a chéile, a's tá siad in árrachaí 'chéile 'na dheidh sin.
Bhí mé ionann's buailte air, a's dheamhan a bhfaca sé mé in a dhiaidh sin.
Ní thaithneochadh liom a bheith buailte ar a' mbaile mór mar sin. B'fhearr liom i bhfad amach faoi'n tuaith.
Deir tú léithe a bhí buailte orm sa gcruinniú, ach dheamhan a cos a d'aithin dhíom, th'éise sin. Is deacair a rádh nach bhfuil sí sin caoch.
Tá a theach buailte ar a' gcladach. Is beag nach bhféadfadh sé an bád a fheistiú ar a' teallach.
Ní fhaca tú aon-teach ariamh, atá chomh buailte ar a' mbóthar leis. Tá'n bhínn ó dheas amach ar a' mbóthar ar fad. Shílfeá go mbadh deacair dhóib aon-néal a chodladh ag fothramán 'san oidhche.
Níor mhór dhom a bheith buailte ort anois, le thú a chloisteáil, tá mé chomh bodhar sin, le scath(amh).
Tá a chloigeann buailte ar a' mbóthar, tá sé chomh cromta sin anois.
Tá a cheann buailte ar a' talamh, tá sé chomh sníomhtha sin ag obair.
Tá a cheann buailte ar a chosa le obair.
7.
+
Buail ar a chéile é = féar (dhá mbeitheá a' déanamh coca móinfhéir, coca caorach nó coca iothlann, a's é bheith 'tolgadh múir, nó ráig bháistighe, chaithfeá "an coca, nó'n féar a bhualadh ar a chéile", arae ní bheadh ionbhadh agad, déanamh ceart a thabhairt air.)
Dhá n-eirigheadh Dia liom, an slaimín féir sin a bheith buailte, ar a chéile agam, roimh an mbáisteach, bheadh liom.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé a' coimhlinnt ag iarraidh an féar a bhualadh ar a chéile, sul a mbeireadh an braon air.
8.
casadh le.
+
Cá'r bhuail tú air? = cá'r casadh leat é.
Is fadó an lá nar bhuail mé ar a' bhfear céadna, a's dheamhan a' fearr liom bualadh, ach an oiread le scéal.
TUILLEADH (1) ▼
Mara mbuailtear orm (liom) ar an aonach ambáireach é, beidh fiannuigheacht air shul dhá fheicfeas mé aríst é.

buail ar in iontrálacha eile (50+)

+
Bhí an t-an-fhaitíos air go mbuailfí é
TUILLEADH (7) ▼
Feicfidh tú fhéin nach gcuirfidh sé aon-araoid ormsa. Tá an faitíos mór air, ón uair údan ar bhuail mé dual na druinne air
Baol air sin aon-chaidéis a chur ar mhuinntir Ní! Tá an faitíos mór air ó bhuail siad cheana é
An té a bhuailtear san gceann bíonn faitíos air (sean-fhocal) = an rud a theangmhaigh leat cheana, ní mian leat a dhul ag pléidh leis aríst
Diabhal pléidh a bhéas agamsa le scadáin le mo ló aríst. Feacha an bhail a chuir siad cheana orm … Beannacht Dé dhuit a dhuine sin. Chuir siad go doras an bháis mé. Scadáin lofa a d'ith mé. Agus níor ghlac mé éiseall ná a dhath leo agus mé dhá n-ithe. Ach ní íosfaidh mé aríst díobh le cúnamh Dé. An té a bhuailtear san gceann bíonn faitíos air
M'anam nach ngabhfaidh mise ag imirt leat. Fagh cearrúch eicínt eile anocht. Th'éis mo shé scilleacha a chailleadh aréir gan ionú ar bith! An té a bhuailtear san gceann bíonn faitíos air a mhic ó!
Bí san áirdeall ar an ngamhain faitíos (ar fhaitíos, le faitíos) go mbuailfeadh an ceann eile é
Ná fág an t-airgead sin annsin faitíos na heirimisce. Cá bhfios duit cé a bhuailfeadh isteach agus a chuirfeadh crúib air ingan fhios duit. Ní fear cneasta é gach fear dhá dteagann ar do theallach!
 
Ní raibh earasbár ar bith ag mo chuid muc-sa ar do chuid-se, ach bhí muca tuite nuair a dhíol tusa iad. Marach sin, bhuailfeá amach mé
 
Ag líonadh feánach móna ar an asal a bhí mé nuair a bhuail sé chugam aníos. "Tá 'fire' agus gríosach dhá dhéanamh ar mo chuid móna-sa", adeir sé. "Dheamhan fód dhá fhágáil agam. Beidh a shliocht orra muis. Gabhfaidh mise ag faire, agus an té a mbéarfaidh mé istigh air i mbéal na cruaiche, sin ní fhágfaidh sé".
 
Buaileann sé fearacht cloig ach ní hé an déanamh céanna atá air in a dheidh sin. Rud fada caol é
 
Buaileadh é, ar buaileadh? Ní feasach dom é a mh'anam
 
fios
Buaileadh tuí shrathair air ag an mbainis. Bhí a fhios sin aige agus a dhul ann = ní fhéadfadh tada eile tarlachtáil; níor cheart dó a dhul ann
 
fliuch 2
Déarfainn féin gur fliche an carraigín seo inniu ná inné, agus shílfeá nar buaileadh aon-deóir bháistí air idir dhá am
+
Bhí mise amuigh annsin thiar lá agus bhuail mé cuisle eistrí gan aireachtáil. Thug mé scríb fútha agus thóig mé na céata aca leis an líon. Bhí báid eile fúm agus tarm agus gan a fhios aca a raibh siad ann chor ar bith. Dheamhan fios muise ná ag an bhfear fobhairne a bhí liom san mbád sílim. Thiocfá ar chuisle mar sin scaití
TUILLEADH (1) ▼
Bhí mé uair ag fanacht le fear fobhairne a chuirfeadh an churach siar a chúnamh dhom, ach diabhal duine a bhí ag teacht. "Buailfidh mé fhéin faoi", adeirimse faoi dheireadh agus faoi dhó. "Rinne mé cheana é gan fear fobhairne ar bith". Ach m'anam má rinne narbh é an lá sin é. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa agus mé leath cuain choinneóinn stuaim ar an bhfoighid, agus ní chorróinn as an áit a raibh mé. Bhí farraige ghárha ann agus an sruth i m'aghaidh
 
Dheamhan neach an aoin istigh ar an mbaile nach bhfuil foirghe le fliú. Bhuail sé muid tá mí ó shoin, ach m'anam go bhfuil muid ag fuasaoid aríst. Níl rud ar bith cho haiféalach leis. Mara bhfuil ag Dia déanfaidh sé creach shul má stopfas sé.
 
Tá an talamh cho spalpha i mbliana agus nach mbeidh féar ná fóthar ann mara bhfuil ag Dia. Níor buaileadh aon-deóir bháistí ar an talamh ó Lá Bealtaine
 
Ba cheart go mbeadh an pramsálach sin thuas ag P. go maith ag bualadh "ailí". Ní cheal macnais air muis
 
Tá sé cho giorraisc len a bhfaca tú ariamh. Chreidim dheamhan neart aige air. Bhí sé ag obair in éindigh linne, nó gur buaileadh síos é. An tinneas a rinne cho freochanta é sílim (cantalach, mí-fhoighdeach). Tá sé as a shlainte
 
Thainig an bullán mór sin aige isteach an bhearna chugam trathnóna agus thoisigh sé ag bualadh na mbeitheach orm. Dheamhan a leithide d'fhudarnéis a chonnaic tú ó chuaigh tú in ord Mhuire agus a bhí ionn. Shíl mé nach bhféadfainn a chur amach chor ar bith
+
Ní fhágfaidh mé fear ar an mbaile nach mbuailfidh mé = buailfidh mé as éadan iad
TUILLEADH (1) ▼
Sé an meaisín buailte a d'fhága ar leath-láimh é
 
fága
Ní bheadh aon-ghnatha ag aineólaí bualadh faoin bhfarraige inniu. Théis nach bhfuil aon-ghála ann, tá bun aice; agus fágannaí diabhalta ann. Ní bheadh aon-stró ar churachóir mhaith. Ach 'ar ndó' ghabhfadh curachóir maith amach dhá scréachta dhá mbeadh sí
 
fág
Níor bhuail mise é. Nar fhága mé seo má leag mé láimh ná cois air
+
Bhuail P. M. an fháideóig siar san bpus ar Ph. T. an maor. Tháinig P. T. air agus é ag tógáil bhradáin san linn. Dheamhan blas den cheart nach raibh aige leis. Is mór a d'fheil dó a dhul ag bacadh leis.
TUILLEADH (2) ▼
Bhí sé taobh istigh den sconnsa agus é ag cláradh na mná mar a bheadh cut ag cangailt fáideóige! Diabhal a leithide de dhíocas! Ba deacair é a bhearradh san am ar buaileadh an dairt air. Dhéanfadh sé gortú dhá mbeireadh sé ar aonduine
Tá mé faoi fháideógaí fuara ar fad, in áit a raibh mé sínte san gcoirce sin. Nach diabhlaí sin anois! An chruach a bhuail muid inné, ní raibh ceann dhíobh ag gabhail léithe
 
Briseadh fáinneóig an bhus annsin thiar in áit ar bhuail sé faoin gclaidhe = tugtar ar an tosach amach ar fad é ón ngualainn; go háirid an "bonnet"
 
Buail isteach ann go fánach mar dhoigh dhe gur soir chuig an S. atá tú ag dul, agus má fhaghann tú deis ar bith tarraing anuas é
+
féar
Sin é an fear nach leigfidh don fhéar fás faoin a chosa ag dul in a ghnatha dhó. Mo léan géar! Ní bleid a bhéas buailte aige ar chuile fhear ar an mbóthar
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon-ghnatha ag duine ar bith bualadh faoi theach a dhéanamh, mara bhfuil riar eicínt airgid aige fhéin. Níl aon-ghoir aige air. Ní bheathuíonn an féar an phis. Bheadh duine go deas dhá gcaitheadh sé é a chaitheamh in aer, agus é leath-dhéanta aige. Ní mór do dhuine fios a bheith aige go bhfuil sé indon cailleadh leis, go bhfuil sin
 
Chuir an dreolláinín beag sin ag T. Ph. coc achrainn ar Sh. L., ach má chuir agus gur chuir, thug S. L. na físeachaí agus na pínneachaí corra dhó. Bhí sé an-bhuailte ag dul abhaile. Nach sonnda an staicín anois é, a dhul ag dréim le "bullies"!
 
calm
D'fhéachfadh an iomramh muid, marach muid a bheith ar ghort a' bhaile 'nuair a bhuail an calm muid.
 
carn
Ó bhuail an méid sin ghiorranála mé, bíonn mo phíobán cárnuighthe leath na gcuarta. Fuair mé buidéal ó'n dochtúr air, ach dheamhan lá maitheasa a rinne sé dhom, aindeoin gur íoc mé mo leath-ghine bhuidhe air.
 
ceal 1
Dheamhan déanamh 'bith 'cheal óil aige, pé'r bith cé'n catmara ná léan a bhuail é chor ar bith fharras aonduine.
 
ceas
Dhá mbeadh sé taobh le bheith 'na cheas aige, ach ní raibh. Bhuail múisc é freisin, nó gur chuir sé amach ar ith sé, aríst ar ais.
+
Bhuail néal chodlata sa gcarr é, a's dheamhan duine ar bith a bhí ann leis a' gcapall a chinnireacht, a's cead aice a thoidheacht abhaile uaithe fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Shílfeá go raibh sé 'cínnt air an t-asal a chinnireacht a' teacht de'n phortach trathnóna. Ach ní gan anró na h-asail chéadna a chinnireacht, má bhuaileann aon-rachmall iad.
 
cleite
Tá E. chomh láidir le tarbh. Chonnaic mise é lá an t-am a raibh an 'motor-bicycle' aige. Buaileadh suas air é thoir ag tigh D. a's bhí sé dhá sháthadh anoir chomh fada leis a' teach seo. Ba mheathta leis an sáthadh, a's dheamhan ceo a rinne sé, ach é 'árdú faoi'n ascaill, idir chorp, chleite a's sciathán, gur leag sé istigh ar an urlár annseo é!
 
cliar
D'airigh mé clochar a' teacht aníos imbéal mo chléibh aréir, a's bhuail cliar mé, a's dheamhan bréag nar shaothruigh mise an oidhche. Bhí sé 'na hóró lae, shul ó thuit mo dhá shúil ar a chéile.
 
Tá clifeartach de mhac mhór aige — bail ó Dhia a's ó Mhuire air! — a's bhuailfeadh sé a cheann thuas ar na fraghthachaí sin.
 
cobha
Buaileann an cabh cuid mhaith aca(b) ar uair mhóir mar seo, ach ní bhíonn aon-chlóic orra(b) leis, mara mbeadh sé an-dona go díreach.
 
Diabhal bréag nar buaileadh air í — an coinicéar gan slacht gan dathamhlacht.
 
coirt
Buail scráib ar a' mbairille sin. D'fhan cairt air ó'n 'spray'.
+
cora
Cé 'casfaidhe liom i mbéal a' tseoil, ach S. B. Ó. T. a's bhuail sé carra chainnte orm.
TUILLEADH (4) ▼
Má bhuaileann sé sin carra chainnte orainn, ar gceann fine ní chuirfe dhínn é, go mbeidh an lá caithte.
Ní bheadh aon-mhaith aige ann, go mbuailfeadh sé carra chainnte ar fhear an Achréidh ach sílim nach an-bhuidheach a bhí sé dhó fhéin, 'san am a raibh fear an Achréidh réidh leis.
Dheamhan tada le mo sheasamh ann a bhí mé, nuair a buaileadh bosóg ar a' slinneán orm, a's cé 'chuirfeadh carra chainnte orm ach S. S.
Tá sí sin bladarach, spleádhach, a's carra chainnte buailte aice ar chuile dhuine.