Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
buail ar
1.
a.
+
Ná buail níos mó air
Tá do dhíol buailte air (do sháith srl.)
TUILLEADH (7) ▼
Buailfidh mé tuí shrathair (shrathra) ort; buailfidh mé tuí na bpunann ort; buailfidh mé an dara hairt ort; buailfidh mé an-ghleadhradh, an-lascadh srl. ort; buailfidh mé broicneáil, droimeáil srl. ort
Bhuail sé dual na droinne air, ach dheamhan maith a bhí ann ina dhiaidh sin — chaithfeadh sé a bhealach fhéin a fháil.
Buaileadh an oiread air agus a buailfí ar dhual lín — sin é an chaoi a gcuirtear i gceist gur tugadh an-bhualadh do dhuine
Bhuail mé oiread air agus dhá mba dual lín é, agus chinn orm aon smacht a chur air théis sin.
Má chloisimse go gcainteoidh tú as do bhéal ar an méid sin aríst, buailfidh mé an oiread ort agus a bhuailfí ar dhual lín.
Rinneadh cac leicín de le ar buaileadh air; rinneadh leicíneach (brúitín, stolpán srl.) de le ar buaileadh air.
Buaileadh an oiread air sin ariamh agus a bhuailfí ar sheanléine, agus dheamhan an donaide é ina dhiaidh sin.
b.
+
'An té a bhíonns thuas óltar deoch air; An té a bhíonns thíos buailtear cois air' (seanfhocal)
Is amhlaidh a bhí sé ariamh: an té a bheadh thuas, d'ólfaí deoch air, agus an té a bheadh thíos bhuailfí cois air'
TUILLEADH (14) ▼
Is furasta cois a bhualadh ar dhaoine dona — is furasta créatúlacht nó éagóir a dhéanamh orthu
Deile céard a dhéanfaidís leis! Ar chuala tú ariamh é: an té a bhíonns thíos buailtear cois air.
Buailtear cois ar dhaoine bocht i gcónaí.
Nach éasca leis cois a bhualadh ar dhaoine — iad a chur faoina smacht fhéin nó éagóir a dhéanamh orthu
B'fhurasta do thiarnaí agus dhá gcoismhuintir cois a bhualadh ar na tionóntaí, agus ar na daoine bochta an tráth sin. Ach míle buíochas le Dia gur imigh an saol sin, agus nach bhfuil an duine bocht faoi chomaoin ag aon duine anois faoina chuid talúna.
Ba mheasa na gíománaigh agus an choismhuintir a bhí ag na tiarnaí móra sin ná iad fhéin. Bhí cois buailte acub ar an tionónta uair ar bith a d'fhéad siad é
Bhí siad (.i. na Sasanaigh) fada go leor ag bualadh coise ar mhuintir na tíre seo, ach dheamhan mórán spleáchais ag muintir na tíre seo leob anois. Míle buíochas le Dia go dtáinig sé sa saol!
Má abraíonn tú smid ar bith nach dtaitneoidh leis, dheamhan aige ach cois a bhualadh ort, agus céard a fhéadfas tú a dhéanamh.
Tá cois buailte ag an sagart céanna ar chuile dhuine a chuirfeas tada ina aghaidh agus is mór an t-ár é le aghaidh a bhéil a tharraingt ort.
Tá cois buailte aige ar a bhfuil sa teach agus muid reicthe sceanta aige chuile ré solais.
Daoine dona a thabharfadh cead dó cois a bhualadh orthub. Dhá mbeadh splanc ar bith fir i gceachtar agaibh, chuirfeadh sibh néal air le iarraidh.
Dar ndóigh, níl spioraid ar bith ionaibh má thugann sibh cead a chinn dó cois a bhualadh oraibh mar sin.
Is furasta dhó cois a bhualadh ar mhuintir na háite seo, mar tá airgead amuigh aige ar chuile ghinealach sa tír.
Ní raibh cois dhá bhualadh ar na daoine ariamh go dtí anois muis. Is gearr a bheas a sheasamh againn mura bhfuil ag Dia.
c.
+
Níor buaileadh deoir bháistí orm ó d'fhága mé an teach go dtáinig mé abhaile aríst — níor thit deoir bháistí orm; ní raibh sé ag báisteach ar an mbealach
Níor buaileadh aon deoir bháistí ar na fataí ó cuireadh i dtalamh iad gur baineadh aríst iad. Ba doiligh dóibh a bheith go maith ansin.
TUILLEADH (8) ▼
Má imíonn tú anois, rachaidh mise faoi dhuit nach mbuailfear oiread agus deoir bháistí ort go mbeidh tú ag ceann cúrsa. Má tá an duifean thiar fhéin, ní chaithfidh sé chomh tobann sin í.
Dúirt siad liom, ar a theacht abhaile dhom, go raibh sé ina dhórtadh anseo ó mhaidin, agus dheamhan deoir as aer a buaileadh ormsa.
Buaileadh báisteach ormsa ó d'fhága mé seo inniu.
Dhá ndéanthá mo chomhairlese, agus imeacht in am, dheamhan an deoir fhéin a bhuailfí ort. Ina leaba sin, tá tú báite go craiceann.
Théis ar buaileadh de bháistigh air ó rinneadh é (caisleán), dheamhan a dhath fhéin den mhoirtéal ar bogadh fós ann. Is diabhaltaí an bua a bhí ag na saoir fadó ag déanamh moirtéil.
Bhí báisteach dhá bualadh sa mbéal orm ó d'fhága mé Gaillimh go raibh mé leath bealaigh abhaile.
Níor buaileadh an deoir fhéin ar an bhféar sin ó baineadh é gur cuireadh in iothlainn é, agus is diachta dhó a bheith dreoite.
Ní dhéanfaidh an cur aon rath go mbuailtear múr báistí air.
+
Buail boslach ar an léine sin — nigh í; tabhair níochán di
Ar bhuail tú aon bhoslach ar t'éadan inniu?
TUILLEADH (3) ▼
Cuir na seanbhreacáin sin ar bogadh, agus b'fhéidir go mbeadh ionú agam amárach boslach uisce a bhualadh orthub.
Bhuail sé boslach ar a éadan, ar a ourla (urla) agus ar a mhalaí (gaiscíoch sna seanscéalta thar éis éirí dhó ar maidin)
Bhuail sí an t-uisce bruite idir an dá shúil orm — theilg sí; chaith sí
2.
+
Buail ar an asal — téirigh ag marcaíocht
Mura bhfuil tú in ann é a shiúl, séard atá agat a dhéanamh, bualadh ar an gcapall
TUILLEADH (10) ▼
Buailfidh muid orthub (ar na rothair) — rachaidh muid ag marcaíocht ar na rothair
Buail air (ar an rothar)
Tá sé chomh maith dhúinn bualadh ar na bicycles agus a dhul abhaile
Bhí mé ar hob bualadh ar an mbicycle go díreach san am ar ghluigh (ghlaoigh) sé orm aríst.
Bhuail sé uirthi (ar bhean) — caint gháirsiúil
Buail ort an cliabh seo agus tabhair abhaile é — cuir ar do dhroim é; ardaigh ort fhéin é
Bhí sé chomh maith do dhuine mála a bhualadh air fhéin, agus a dhul ag iarraidh a chodach, le a bheith i gcleithiúnas talúna anois.
Má tá an saol cinnte uirthi mar sin nach bhféadfaidh sí mála a bhualadh uirthi fhéin (.i. a dhul ag iarraidh a codach) agus má bhuaileann fhéin, is aici atá a dhroim — tá droim leathan láidir uirthi le aghaidh mála nó ualaigh.
Bhuail sé cruit fhataí aniar air fhéin agus dhíol sé tigh S. Dh. i ngan fhios iad (fc. cruit)
"I leaba an chruit a bhí air a bhaint di, séard a rinne na siógaí cruit eile a bhualadh air ina mullach" (as scéal an Chruitínigh — De Luain, Dé Máirt srl.)
3.
long nó bád buailte: dhá gcastaí long nó bád ar chara, ar chora, ar sceird, nó ar thanaíochan, nó áit ar bith nach mbeadh a dóthain uisce snámha aici, nó nach mbeadh sé in araíocht corraí as déarfaí go raibh sí buailte.
+
Tá soitheach mór buailte ar Charraig an Mhatail de bharr gála na hoíche aréir.
Buaileadh soitheach ar Charraig Bhéal Trá ansin thíos fadó agus chaith sí ráithe ann sular féadadh í a thabhairt as.
TUILLEADH (10) ▼
D'fhuadaigh an gála isteach ar thanaíochan í nó gur buaileadh í i mbéal na trá.
Is maith an t-ádh a bhí orthub nach ar an mBranra a buaileadh iad nó dheamhan as a thiocfaidís go héag.
Long luchtaithe le ór a buaileadh ar chladach na bhForbachaí fadó. Tarlaíodh an t-ór aisti go Garraí na hIliúir (?), agus tá an ciste faoi dhraíocht ansin ó shin.
Dhá mbuailtí an bád sin ar chladach dána, dhéanfaí mionúch de chuile mhíle ball ag gabháil léithe.
Ar thrá gainimh a buaileadh an loing, agus ní raibh aon ghair aici é a fhágáil, arae bhí an rabharta ag cúlú agus ní raibh a díol uisce snámha aici. Tharraing loing eile as í faoi dheireadh le graiféid mhóra
Níor airigh siad ariamh gur buaileadh an bád ar leic i mbéal an chuain. Nach iad a bhí neamhairdiúil anois nár thug faoi deara an leac agus seoladh glan uirthi.
Bhí muid ag seoladh le cloich agus é ag cinnt orainn í a thabhairt chun farraige, agus dheamhan a raibh a fhios cén pointe a mbeadh muid buailte.
Soitheach mór a buaileadh ar an gcladach ann agus dheamhan thiomanta ní ag gabháil léithe nár ardaigh muintir na mbailteachaí aisti. Tá a sliocht orthub: tá éadálachaí acub ó shin dhá barr.
Buaileadh soitheach faoi íochtar an bhaile aimsir stoirme, agus is beag nár chaill oigiséad fíona a bhí inti a raibh san áit. Bhí déanta le bás J. N. ach tháinig sé as ina dhiaidh sin. Ón lá sin go bhfuair sé bás níor bhlas sé d'aon deoir óil, ach cérbh ionadh sin: an té bhuailtear sa gceann bíonn faitíos air.
Dhá dtagadh gairfean nó gála breá a bhuailfeadh seansoitheach eicínt ar an gcladach, agus lucht biotáille inti le go bhféadfadh na daoine ceas a chur orthub fhéin leis in aisce!
4.
a.
+
Bhuail sé an maingín aniar ar a dhroim agus scuab leis.
Bhuail sí an máilín plúir thuas ar a gualainn agus thug sí dhá shiúil abhaile é — dhá mhíle dhéag bealaigh. Tabhair bean uirthi sin!
TUILLEADH (5) ▼
Bhuail sé cóta mór air fhéin, agus d'imigh leis.
Ní dhearna sí filleadh ná feacadh ach seál a bhuaileadh aniar ar a bráid agus bóthar abhaile a thabhairt di fhéin. Ón lá sin go dtí an lá seo, níor thaobhaigh sí an teach aige, ach sa mbaile abuil a hathair agus a máthair.
Buail suas ort fhéin an cóta seo agus is mór an teolaíocht duit é.
Bhí dhá chóta mór buailte thuas air le faitíos nach mbeadh a dhíol i gceann.
Is beag a aireos tú an buitín sin a bhualadh ar do dhroim agus é a thabhairt abhaile tharas a bheith ag tarraingt asail ina choinne aríst.
·
Bhuail mé orm mo bhalcaisí agus amach liom — chuir mé orm mo chuid éadaigh
b.
·
Buail súgán ar an gcoca.
c.
+
Bhuail sé ormsa é; bhuail sé thall ormsa é — leag sé ormsa é; chuir sé milleán an scéil ormsa
É fhéin ba ciontaí, ach bhuail sé thall ormsa é
TUILLEADH (12) ▼
Bhuail sé thall ar Sheán gurb é a ghoid é
Is tútach an fear é má tá i ndán is gur bhuail sé thall ar an díthreabhach bocht sin gurb é a rinne an millteanas, agus fios maith aige nach é
É a bhualadh thall ar dhuine eile ba mhian leat a dhéanamh anois! An leaba a thomhais tú dhuit féin, codail inti más breá leat
Ní raibh saoradh ná séanadh le fáil ag na póilíos uaidh ach é ag iarraidh é (.i. millteanas) a bhualadh thall ar mhuintir an bhaile.
'Sé bhíonns i mbun is i mbarr chuile ábhailleacht, ach más é agus gurb é, is beag den mhilleán a shroicheanns dó fhéin, arae buaileann sé thall ar dhuine eicínt eile i gcónaí é.
É fhéin a bhí ina thús-scéil leis agus ná féachadh sé leis an milleán a bhualadh thall ar aon duine eile.
Nach réidh leis é a chur dhe! É a bhualadh ar an té údan eile!
Shíl sé an bhréag a bhualadh ormsa nuair a bhíadh (bhíothas) dhá chur i dteannta fúithi — shíl sé an bhréag a d'inis sé fhéin a leagan ormsa nuair a bhíothas dhá cheisniú go géar fúithi.
Dheamhan an miste leis sin. Buailfidh sé an milleán ar dhuine eicínt eile agus saorfaidh sé é fhéin. Beidh an baile in árachaigh a chéile aige ar ball, agus sin é a bhuac.
Nach réidh a fuair sé an milleán a bhualadh ar dhuine eile!
Dar mo choinsias, má théann sé i gcleithiúnas an milleán a bhualadh ormsa, beidh rud ar a shon aige — an bithiúnach!
Nach maith uaidh an milleán a bhualadh ar dhaoine eile!
d.
+
Buaileadh air í — adéarfaí le duine a gcuirfí bean air nach mbeadh sé a iarraidh, nó nach mbeadh de réir a cáilíochta
Is air a buaileadh í ceart, ach tuilleadh ghéar den tubaiste aige, ba deacair a dhíol de bhean a thabhairt don cheann céanna.
TUILLEADH (17) ▼
Buaileadh air an straoilleoigín faoi dheireadh thiar, ainneoin ar eitigh sé de mhná ar fónamh.
Buaileadh air an óinseach, dhá chríonna dhá raibh sé
Má buaileadh air í anois, baineadh sé ceart di más breá leis é.
Ba himeartha an mac é, má b'fhíor dhó fhéin, agus breá gur buaileadh an agóid air ina dhiaidh sin
"Ní díol trua é choíchin go mbuailtear air an choigealach mná; a dhéanfas gual dubh naoi n-uaire dhá chroí ina lár" (An Draighneán Donn)
Ní raibh a sárú sin faoi rothaí na gréine má b'fhíor dhó fhéin, ach tá a fhios aige anois gur buaileadh air ceart í.
Glac comhairle ó dhuine doscúch agus ná tabhair cead d'aon duine bean a bhualadh ort mura dtaitní sí go maith leat fhéin.
Bhí sé ag guairdeall thart ar an aonach inniu ag iarraidh an scubaidín is iníon dó a bhualadh thall ar dhuine eicínt, ach ní mór dó cuid mhaith nótaí a chur ina haice sula nglaca aon duine í
Is maith a bheas sé ar a mhaidí nó buailfidh S. M. duine dhá chlann iníon air. Tá seisear acub ansiúd aige agus macnas orthub gan a bheith i gcrích.
Rinne siad ciseach dhe le ól ar feadh dhá lá agus bhuail siad an iníon air ar a chuid óil. Murach sin, dheamhan brat phósta a thiocfadh uirthi lena ló, ná a bhfaigheadh sí fear a hiarrta.
Fainic an mbuailfeadh cailleach E. an iníon thall ort. Tá sí ar a mine géire ag iarraidh duine bunúsach a dhéanamh amach di.
D'imir siad an cluiche claonach ceart go leor air. Murach gur imir, ní bhuailfidís an bhean air.
Shíl sé go raibh lán laidhre in áirid di de bharr na huachta, ach is beag a fuair sé léithe chor ar bith. Deirimse leatsa, murach le grá don ailp, nach mbuailfí air í, ach ní bhíonn duine dhá chríonna nach dtéann beart ina aghaidh amantaí.
Is cinniúint orthub é nó buailfidh siad an iníon air as deireadh na faidhleála.
Níl inti ach bás ar sliobarna. Is maith a chruthós sí, má sháraíonn sí gairfean na cuaiche! Dhá bheachtaithe dhá raibh sé, buaileadh air í ina dhiaidh sin.
Bíonn an-ghairm roimhe tigh N., ach níl néal ar bith orthu sin. Is fear tí agus urláir é, agus tá bean mhaith aráin agus snathaide le bualadh ag N. ar dhuine eicínt.
Chaithfeadh sé go raibh an-rachmall pósta air má lig sé dóibh an tsliseog sin a bhualadh air gan pínn gan bonn
e.
+
Bhuail sé cíos air — chuir sé cíos air; d'fháisc sé cíos air (mar a chuirfí cíos srl. ar dhuine nach raibh sé air cheana nó a raibh sé íoctha amach is amach aige)
Ainneoin go raibh an teach ceannaithe aige thar barr amach, shíl siad cíos a bhualadh air.
TUILLEADH (6) ▼
Buaileadh cíos ar mhuintir an bhaile seo thiar faoin bportach, agus is olc an ceart é freisin. Dheamhan leithphínn dó a d'íocfainn dá mba mé iad — cead acub iad a chur as má thogair siad.
Bhí an téarma le bheith thuas faoi cheann dá fhichead bliain. Tá an dhá fhichead bliain istigh i mbliana agus is mian leob cíos a bhualadh orainn aríst ar ais.
Buailfear cíos trom ar na tithe sin fós feicfidh tú.
Deir siad fhéin go bhfuil siad ag tabhairt cheithre scóir in aisce do dhuine ar bith a dhéanfas teach, ach buailfidh siad orthub aríst sa gcíos é, chuirfinn geall.
Nuair a bhí na Lochlannaigh anseo, in Éirinn, bhuail siad cíos agus cabhlach ar na hÉireannaigh, agus duine ar bith nach n-íocfadh an cíos, bhí an tsrón le baint dhe.
Ní dóichidí rud dhá ndéanfaidís ná cíos trom a bhualadh ar na daoine aríst. Ní bheidh siadsan gan a gcuid fhéin, pé ar bith cén súisín a íocfas é.
+
Bhain siad den chíos é, agus bhuail siad ar an tae agus ar an tobac ar ais aríst é. Níl ann i gcónaí ach láimh na dóighe agus láimh na tarrthála.
Is mór an éagóir é lascainí a thabhairt do dhuine agus é 'bhualadh thall aríst ar dhuine eile. Ach i nDomhnach, sin í an oirille atá siopadóirí na háite seo a dhéanamh.
TUILLEADH (3) ▼
An té atá in ann an seachadadh amach a dhéanamh sna siopaí seo, gheobha sé chuile shórt faoina luach, ach an créatúr bocht atá ag iarraidh airleacain, buailfear thall air sin é. Fear dhá bheathú agus fear dhá mharú, mar adeir an ceann eile.
Ná ceap go mbuailfidh tú airgead ar bith le cois orm. Is maith an rud do chuile dhuine a cheart féin a íoc.
Ní raibh an oiread gearraíochaí buailte ar an tír ariamh cheana ó bhí cíos tinteáin agus deachú ann agus atá ann anois.
·
Chuile shórt dhá bhualadh anuas sa gcruit ar an duine bocht — 'sé an duine bocht a chaithfeas chuile mhíle ní a íoc (cíos, gearraíochaí, sraitheannaí srl.)
5.
teangmháil.
a.
+
Bhuail sé bleid orm — chuir sé caint, aighneas, nó araoid orm
Is deas uaidh sin bleid a bhualadh ar dhuine má fhaigheann sé an té a thabharfas airde air — de ghrá iarratais nó de ghrá scéalta a bhuaileas sé bleid ar dhaoine
TUILLEADH (5) ▼
Bhuail sé bleid orm ag ceapadh go bhfaigheadh sé scéalta, ach dheamhan scéal ná cuid de scéal a d'inis mise dhó
Is bladrach uaithi sin bleid a bhualadh ar dhaoine, ach ní ar mhaith leob é.
'Sé an chéad duine é a bhuail bleid orm sa gcruinniú inniu.
Bhuail sé bleid chainte orm ar an dá luath agus a bhfaca sé mé, ach chum mise lán a bhoilg de bhréaga dhó.
Buailfidh sé sin bleid ort, uair ar bith a fheilfeas sé dhó fhéin, ach má bhíonn duine ar bith ar fónamh in éindí leis, ní ligfidh sé air fhéin go bhfeicfidh sé chor ar bith thú.
+
Bhuail sé forra cainte orm; bhuail sé cara chainte orm; bhuail sé bleid orm — chuir sé caint orm
Cé a bhuailfeadh cara chainte orm inniu thoir ar an aonach ach S. B.
TUILLEADH (10) ▼
Ní túisce a bhí mé istigh sa teach ná a bhí cara chainte buailte aige orm.
Nach maith a chaithfeadh sé a chleite fhéin a bhualadh isteach sa gcomhrá — rud eicínt a rá é fhéin
Bhuail sé a chleite fhéin isteach sa gcomhrá, ionann is dhá mba duine foghlamtha é fearacht an chuid eile — bhuail sé a ladar fhéin ann
Ní raibh an scéal ceart ariamh muise, go mbuailfidh tusa do ladar fhéin ann — millfidh do chuidse cainte, nó an rud a dhéanfas tusa, an scéal ar fad
Níor iarr duine ar bith ortsa do ladar fhéin a bhualadh ann
Nach maith a chaithfeadh sé a ladar a bhualadh ann, agus nár bhain sé dhó chor ar bith.
Déanaidís féin a rogha rud. Ná buail thusa do ladar ann chor ar bith
Ní raibh sé ina phraiseach ceart ariamh muise, go mbuaile tusa do mhéir ann — ní raibh an scéal ina chíor thuaifil ariamh, go dté tusa ag plé leis.
Ná buail thusa do ghob ann ar chuma ar bith — ná bíodh aon bhaint agatsa leis ar aon chor; ná cuir do ladar sa scéal chor ar bith.
Níorbh bheo thú go mbuailfeá do ghob ann, agus tuilleadh den tubaiste agat má chuaigh leat.
·
Bhuail sé coc achrainn orm — thosaigh sé ag baint achrainn asam
Bhuail sé achrann air chomh luath in Éirinn agus a chonaic sé é.
b.
·
Tuige a bpósfainnse an scóltán caite dóite, adéarfadh mná le fear nach dtaitneodh leob a bhuailfeadh cleamhnas orthub (M. Ph. Dh.)
Bhuail sé cleamhnas uirthi — d'iarr sé bean áirid
c.
+
Buailim ort, tigim leat ag imirt deis nó báire bheag, nó ag déanamh dhá chomlán le haghaidh cluiche, seasann an dá cheannphoirt amach ón slua agus deireann duine acu leis an duine eile: "buailim ort". Freagraíonn an ceann eile é: "tigim leat". Ansin deireann an chéad duine: "beidh Ned Phatch agam." Deireann an darna duine: "beidh Séamaisín Pháidín agam", agus dhá réir sin, go mbí an slua ídithe nó an dá chomlán lán. Tigim adeirtear i gcónaí sa gcluiche seo i chuile cheantar, ainneoin go bhfuil tagaim i leaba tigim i gcuid mhaith áiteachaí sa ngnáthchaint. Deirtear buailim ort, tigim leat freisin dhá n-imíodh fear agus bean le chéile agus gan aon tsúil leis, nó gan mórán aithne acu ar a chéile; nó dhá dtugadh beirt ar bith taitneamh dhá chéile ar bheagán eolais; nó dhá mbeadh bean ann a bheadh i ndiaidh fir agus é in ann í a mhealladh leis ar sheol na braiche.
Ní raibh san imeacht sin ach buailim ort, tigim leat, mar adeir an ceann eile.
TUILLEADH (5) ▼
Tá siad chomh mór le chéile anois le dhá ghadaí. Ar an dá luath agus ar chuir siad aithne ar a chéile, ní raibh ann ach buailim ort, tigim leat.
Is diabhaltaí aibéil a phós siad. Sin é an buailim ort, tigim leat ar chaoi ar bith.
Dheamhan a bhfuil call dó a rá léithe anois thar buailim ort agus beidh sí leis na sála aige ar sheol na braiche. Is cumasach an bhua a bhíos ag cuid de na daoine.
Níl ag an bputach seo thíos a rá leis ach buailim ort, agus mise i mbannaí go mbeidh an ceann atá anseo greadta leis in éindí leis le ábhailleacht ar bith a dhéanamh a mheabhrós sé dhó.
Sin é nach raibh i bhfad ag fáil mná sa gcruinniú. Dheamhan a ndearna sé ach siúl suas go dtí an chéad cheann a chas leis agus bleid a bhualadh uirthi agus í a ardú leis. Sin é ar chuma ar bith buailim ort agus tigim leat. Is fada go ndéanfadh fear na háite seo é in áit strainséara, ná a ligfeadh an faitíos dó a dhéanamh.
6.
gaireacht nó cóngar. buailte ar: an-ghar, an-chóngarach dhe; ina ghaobhar; i ndáil leis (buailte leo in áiteacha ar an Achréidh). Is beag leas a baintear as aon fhoirm eile den bhriathar sa gcéill seo, cé is moite de "buailte". Ach bíonn an chiall seo leis as éadan, go fiú is ag lucht an Bhéarla sa mbreacGhaeltacht — his house is beaten up on mine.).
+
Bhí sé buailte orm — bhí sé an-ghar dom nó le m'ais
Tá sé ina chónaí buailte orm. Is comharsanaí béal-dorais muid.
TUILLEADH (19) ▼
Nach bhfuil teach an phobail buailte air ansiúd?
Ainneoin go bhfuil an portach buailte ar an teach aige, ba gann gortach í a thine.
Níl sclábhaíocht ar bith sa mbaile siúd. Tá an mhóin agus an fheamainn buailte orthub.
Bhéarfainn lomlán an leabhair gurb é a bhí ann, arae bhí mé buailte air. Chaithfeadh sé gur bhain mearbhall eicínt dom mar sin fhéin.
Tá an teach ósta buailte air anois: coiscfidh sin aistear dhó chuile thráthnóna!
Bean a bhí buailte air fhéin ansiúd a phós sé.
Ainneoin an scoil a bheith buailte orthub, is túisce a bhíos chuile ghasúr sa tír istigh ná iad.
Is furasta dóibh sin a gcuid slí a chur dhá lámha. Nach bhfuil an margadh buailte orthub.
Tá sé buailte ar an mbaile mór.
Tá an dá theach buailte ar a chéile agus tá siad in árachaigh a chéile ina dhiaidh sin.
Bhí mé ionann is buailte air agus dheamhan a bhfaca sé mé ina dhiaidh sin.
Ní thaitneodh liom a bheith buailte ar an mbaile mór mar sin. B'fhearr liom i bhfad amach faoin tuaith.
Deir tú léithe a bhí buailte orm sa gcruinniú, ach dheamhan a cos a d'aithin dhíom théise sin. Is deacair a rá nach bhfuil sí sin caoch.
Tá a theach buailte ar an gcladach. Is beag nach bhféadfadh sé an bád a fheistiú ar an teallach.
Ní fhaca tú aon teach ariamh atá chomh buailte ar an mbóthar leis. Tá an bhinn ó dheas amach ar an mbóthar ar fad. Shílfeá go mba deacair dhóibh aon néal a chodladh ag fothramán san oíche.
Níor mhór dhom a bheith buailte ort anois le thú a chloisteáil, tá mé chomh bodhar sin le scaitheamh.
Tá a chloigeann buailte ar an mbóthar, tá sé chomh cromtha sin anois.
Tá a cheann buailte ar an talamh, tá sé chomh sníofa sin ag obair.
Tá a cheann buailte ar a chosa le obair.
7.
+
Buail ar a chéile é — féar; dhá mbeifeá ag déanamh coca móinfhéir, coca caorach nó coca iothlann agus é bheith ag tolgadh múir nó ráig bháistí, chaithfeá an coca, nó an féar, "a bhualadh ar a chéile", arae ní bheadh ionú agat déanamh ceart a thabhairt air.
Dhá n-éiríodh Dia liom an sláimín féir sin a bheith buailte ar a chéile agam roimh an mbáisteach, bheadh liom.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé ag coimhlint ag iarraidh an féar a bhualadh ar a chéile sula mbeireadh an braon air.
8.
casadh le.
+
Cár bhuail tú air? — cár casadh leat é
Is fadó an lá nár bhuail mé ar an bhfear céanna, agus dheamhan an fearr liom bualadh ach an oiread le scéal.
TUILLEADH (1) ▼
Mura mbuailtear orm (liom) ar an aonach amárach é, beidh fiannaíocht air shula fheicfeas mé aríst é

buail ar in iontrálacha eile (50+)

+
Bhí an t-an-fhaitíos air go mbuailfí é
TUILLEADH (7) ▼
Feicfidh tú fhéin nach gcuirfidh sé aon araoid ormsa. Tá an faitíos mór air ón uair údan ar bhuail mé dual na droinne air
Baol air sin aon chaidéis a chur ar mhuintir Nia! Tá an faitíos mór air ó bhuail siad cheana é
An té a bhuailtear sa gceann bíonn faitíos air (seanfhocal) — an rud a theangmhaigh leat cheana, ní mian leat a dhul ag plé leis aríst
Diabhal plé a bheas agamsa le scadáin le mo ló aríst. Féacha an bhail a chuir siad cheana orm … Beannacht Dé dhuit a dhuine sin. Chuir siad go doras an bháis mé. Scadáin lofa a d'ith mé. Agus níor ghlac mé éiseal ná a dhath leo agus mé dhá n-ithe. Ach ní íosfaidh mé aríst díobh le cúnamh Dé. An té a bhuailtear sa gceann bíonn faitíos air
M'anam nach ngabhfaidh mise ag imirt leat. Faigh cearrbhach eicínt eile anocht. Théis mo shé scilleacha a chailleadh aréir gan ionú ar bith! An té a bhuailtear sa gceann bíonn faitíos air a mhic ó!
Bí san airdeall ar an ngamhain faitíos (ar fhaitíos, le faitíos) go mbuailfeadh an ceann eile é
Ná fág an t-airgead sin ansin faitíos na heirimisce. Cá bhfios duit cé a bhuailfeadh isteach agus a chuirfeadh crúib air i ngan fhios duit. Ní fear cneasta é gach fear dhá dteagann ar do theallach!
 
Ní raibh earasbarr ar bith ag mo chuid mucsa ar do chuid-se, ach bhí muca tite nuair a dhíol tusa iad. Murach sin, bhuailfeá amach mé
 
Ag líonadh feadhnach móna ar an asal a bhí mé nuair a bhuail sé chugam aníos. 'Tá fire agus gríosach dhá dhéanamh ar mo chuid mónasa,' adeir sé. 'Dheamhan fód dhá fhágáil agam. Beidh a shliocht orthu muis. Gabhfaidh mise ag faire, agus an té a mbéarfaidh mé istigh air i mbéal na cruaiche, sin ní fhágfaidh sé'
 
Buaileann sé fearacht cloig ach ní hé an déanamh céanna atá air ina dhiaidh sin. Rud fada caol é
 
Buaileadh é ar buaileadh? Ní feasach dom é a mh'anam
 
fios
Buaileadh tuí shrathair air ag an mbainis. Bhí a fhios sin aige agus a dhul ann — ní fhéadfadh tada eile tarlachtáil; níor cheart dó a dhul ann
 
fliuch 2
Déarfainn féin gur fliche an carraigín seo inniu ná inné, agus shílfeá nár buaileadh aon deoir bháistí air idir dhá am
+
Bhí mise amuigh ansin thiar lá agus bhuail mé cuisle eistrí gan aireachtáil. Thug mé scríb fúthu agus thóg mé na céadta acu leis an líon. Bhí báid eile fúm is tarm agus gan a fhios acu a raibh siad ann chor ar bith. Dheamhan fios muise ná ag an bhfear fobhairne a bhí liom sa mbád sílim. Thiocfá ar chuisle mar sin scaití
TUILLEADH (1) ▼
Bhí mé uair ag fanacht le fear fobhairne a chuirfeadh an churach siar a chúnamh dhom, ach diabhal duine a bhí ag teacht. 'Buailfidh mé fhéin faoi,' adeirimse faoi dheireadh agus faoi dhó. 'Rinne mé cheana é gan fear fobhairne ar bith.' Ach m'anam má rinne nárbh é an lá sin é. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa agus mé leath cuain choinneoinn stuaim ar an bhfoighid, agus ní chorróinn as an áit a raibh mé. Bhí farraige ghártha ann agus an sruth i m'aghaidh
 
Dheamhan neach an aoin istigh ar an mbaile nach bhfuil foirgthe le fliú. Bhuail sé muid tá mí ó shin, ach m'anam go bhfuil muid ag fuasaoid aríst. Níl rud ar bith chomh haiféalach leis. Mura bhfuil ag Dia déanfaidh sé creach shul má stopfas sé.
 
Tá an talamh chomh spalptha i mbliana agus nach mbeidh féar ná fothair ann mura bhfuil ag Dia. Níor buaileadh aon deoir bháistí ar an talamh ó Lá Bealtaine
 
Ba cheart go mbeadh an pramsálach sin thuas ag P. go maith ag bualadh ailí. Ní cheal macnais air muis
 
Tá sé chomh giorraisc lena bhfaca tú ariamh. Chreidim dheamhan neart aige air. Bhí sé ag obair in éindí linne nó gur buaileadh síos é. An tinneas a rinne chomh friochanta é sílim (cantalach, mífhoighdeach). Tá sé as a shláinte
 
Tháinig an bullán mór sin aige isteach an bhearna chugam tráthnóna agus thosaigh sé ag bualadh na mbeathach orm. Dheamhan a leithide d'fhudairnéis a chonaic tú ó chuaigh tú in ord Mhuire agus a bhí ann. Shíl mé nach bhféadfainn a chur amach chor ar bith
+
Ní fhágfaidh mé fear ar an mbaile nach mbuailfidh mé — buailfidh mé as éadan iad
TUILLEADH (1) ▼
'Sé an meaisín buailte a d'fhága ar leathláimh é
 
fága
Ní bheadh aon ghnaithe ag aineolaí bualadh faoin bhfarraige inniu. Théis nach bhfuil aon ghála ann, tá bun aice; agus fágannaí diabhalta ann. Ní bheadh aon stró ar churachóir mhaith. Ach ar ndóigh ghabhfadh curachóir maith amach dhá scréachta dhá mbeadh sí
 
fág
Níor bhuail mise é. Nár fhága mé seo má leag mé láimh ná cois air
+
Bhuail P. M. an fháideoig siar sa bpus ar Ph. T. an maor. Tháinig P. T. air agus é ag tógáil bhradáin sa linn. Dheamhan blas den cheart nach raibh aige leis. Is mór a d'fheil dó a dhul ag bacadh leis.
TUILLEADH (2) ▼
Bhí sé taobh istigh den sconsa agus é ag cláradh na mná mar a bheadh cat ag cangailt fáideoige! Diabhal a leithide de dhíocas! Ba deacair é a bhearradh san am ar buaileadh an dairt air. Dhéanfadh sé gortú dhá mbeireadh sé ar aon duine
Tá mé faoi fháideogaí fuara ar fad an áit a raibh mé sínte sa gcoirce sin. Nach diabhlaí sin anois! An chruach a bhuail muid inné, ní raibh ceann dhíobh ag gabháil léithe
 
Briseadh fáinneoig an bhus ansin thiar an áit ar bhuail sé faoin gclaí — tugtar ar an tosach amach ar fad é ón ngualainn; go háirid an bonnet
 
Buail isteach ann go fánach mar dhóigh dhe gur soir chuig an S. atá tú ag dul, agus má fhaigheann tú deis ar bith tarraing anuas é
+
féar
Sin é an fear nach ligfidh don fhéar fás faoina chosa ag dul ina ghnaithe dhó. Mo léan géar! Ní bleid a bheas buailte aige ar chuile fhear ar an mbóthar
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon ghnaithe ag duine ar bith bualadh faoi theach a dhéanamh mura bhfuil riar eicínt airgid aige fhéin. Níl aon ghair aige air. Ní bheathaíonn an féar an phis. Bheadh duine go deas dhá gcaitheadh sé é a chaitheamh in aer, agus é leath-dhéanta aige. Ní mór do dhuine fios a bheith aige go bhfuil sé in ann cailleadh leis, go bhfuil sin
 
Chuir an dreoláinín beag sin ag T. Ph. coc achrainn ar Sh. L., ach má chuir agus gur chuir, thug S. L. na físeachaí agus na pínneachaí corra dhó. Bhí sé an-bhuailte ag dul abhaile. Nach sonnta an staicín anois é a dhul ag dréim le bullies!
 
calm
D'fhéachfadh an iomramh muid murach muid a bheith ar ghort an bhaile nuair a bhuail an calm muid.
 
Ní fhéadfainn caolóid ithreach a chur anois nach mbuaileann an tinneas droma sin mé. Má bhím cromtha achar an bith, ní fhéadaim mo dhroim a dhíriú chor ar bith ina dhiaidh.
 
carn
Ó bhuail an méid sin gearranála mé, bíonn mo phíobán carnaithe leath na gcuarta. Fuair mé buidéal ón dochtúr air ach dheamhan lá maitheasa a rinne sé dhom, ainneoin gur íoc mé mo leathghine bhuí air.
 
ceal 1
Dheamhan déanamh ar bith cheal óil aige, pé ar bith cén cat mara ná léan a bhuail é chor ar bith tharas aon duine.
 
ceas
Dhá mbeadh sé taobh le bheith ina cheas aige, ach ní raibh. Bhuail múisc é freisin nó gur chuir sé amach ar ith sé, aríst ar ais.
+
Bhuail néal chodlata sa gcarr é agus dheamhan duine ar bith a bhí ann leis an gcapall a chinnireacht, agus cead aici a theacht abhaile uaithi fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Shílfeá go raibh sé ag cinnt air an t-asal a chinnireacht ag teacht den phortach tráthnóna. Ach ní gan anró na hasail chéanna a chinnireacht, má bhuaileann aon rachmall iad.
 
Dheamhan táirm ar bith a bhuail é ag clabaireacht go dtáinig sé sin isteach.
 
clab
Mura stopa tú buailfidh mé siar ar an gclab thú!
+
cleite
Tá E. chomh láidir le tarbh. Chonaic mise é lá an t-am a raibh an motorbicycle aige. Buaileadh suas air é thoir ag tigh D. agus bhí sé dhá shá anoir chomh fada leis an teach seo. Ba mheata leis an sá, agus dheamhan ceo a rinne sé, ach é a ardú faoin ascaill, idir chorp chleite is sciathán, gur leag sé istigh ar an urlár anseo é!
TUILLEADH (1) ▼
Má chloisimse mórán eile sceaimhínteachta agat, béarfaidh mé ort idir chorp chleite is sciathán agus buailfidh mé do smut amuigh faoin tsráid.
 
cliar
D'airigh mé clochar ag teacht aníos i mbéal mo chléibh aréir agus bhuail cliar mé, agus dheamhan bréag nár shaothraigh mise an oíche. Bhí sé ina hóró lae shul ó thit mo dhá shúil ar a chéile.
 
Tá clifeartach de mhac mhór aige — bail ó Dhia agus ó Mhuire air! — agus bhuailfeadh sé a cheann thuas ar na fraitheachaí sin.
 
cobha
Buaileann an cobha cuid mhaith acub ar uair mhóir mar seo, ach ní bhíonn aon chlóic orthub leis mura mbeadh sé an-dona go díreach.
 
Diabhal bréag nár buaileadh air í — an coinicéar gan slacht gan dathúlacht.
 
coirt
Buail scráib ar an mbairille sin. D'fhan coirt air ón spray.
 
cora
Cé a casfaí liom i mbéal an tseoil ach S. B. Ó T. agus bhuail sé cara chainte orm.