Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

cruit (33)

 
Bhíodh sé ag glaomaireacht agus ag gearradh fáinní soir anseo ag iarraidh achrainn, ach fuair sé lán a chruite dhó (dhe) faoi dheireadh
 
cleite
Níl cleite ar a cruit nach bhfuil tite dhi le seachtain (cearc)
 
Gearrógaí dubha na Nollag, coraice dhubh na bliana, laethantaí na riabhaí, gairfean na gcuach, agus gaoth rua na Féile Sin Seáin — sin iad a chuireanns cruit ar an seaneallach. 'Siad, agus ar an duine fhéin go minic.
 
beo 2
'Sí an capall is contráilte í dhár fhéach gabha ariamh le crú a chur uirthi. Ní thagann táirm ar bith uirthi go dtéann sé ar thiomáilt (thiomáint) na dtairní. An lá faoi dheireadh a raibh cothrom cruite ag gabháil uirthi, chuir sé dhá thairne sa mbeo inti agus b'éigean dó a dtarraingt aríst ar ais.
 
Ghoid sé a sheaneire de chruit fhataí! Ghoid go deimhin! Dheamhan ceo le cion boscaeid a ghoid sé ar fad, ach is mó i gceist an méid sin acub ná dhá ngoideadh sé poll ar dhuine eile.
 
Bhí sé ag broimseálacht agus ag iarraidh achrainn i muinín a chruite i gcaitheamh na hoíche.
+
Bhuail sé cruit fhataí aniar air fhéin agus dhíol sé tigh S. Dh. i ngan fhios iad (fc. cruit)
TUILLEADH (2) ▼
"I leaba an chruit a bhí air a bhaint di, séard a rinne na siógaí cruit eile a bhualadh air ina mullach" (as scéal an Chruitínigh — De Luain, Dé Máirt srl.)
Chuile shórt dhá bhualadh anuas sa gcruit ar an duine bocht — 'sé an duine bocht a chaithfeas chuile mhíle ní a íoc (cíos, gearraíochaí, sraitheannaí srl.)
 
buail
Bhuail lán mo chruite de náire mé nuair ba léir dhom céard a bhí déanta agam.
+
amach
Tá cruit amach ar an gcruaich choirce.
TUILLEADH (1) ▼
Tá cruit amach uirthi as a barr (cruach choirce) agus ólfaidh sí an t-uisce ar fad.
 
Tá cruit air ag an antlás — tá a dhroim cromtha (crúmta adeirtear i gConamara) ag uafás oibre
 
Céard a bhéarfadh dó imeacht as d'aon iarraidh mar sin murach go bhfuil lán a chruite den eitinn air — cén t-údar go dtanódh sé ar an toirt boise murach an eitinn a bheith air, agus í air go maith
 
imní
Bhí lán a cruite d'imní uirthi gurb é a mharú ar an mbóthar a déanfaí
 
fasair
Nuair a bhíodh fasair den choirce scothbhuailte i gcónaí aige, diabhal blas a níodh sé ach cuid de a cháitheadh agus é a chur i máilín i ngan fhios. Soir chuile oíche ansin agus "cruit" choirce air le aghaidh óil
 
D'fháisc an drochlá siúd a fuair mé ar an bportach lán mo chruite de shlaghdán orm
 
de
Tá lán mo chruite d'fhaitíos orm
 
Is gearr isteach sa mbliain nua — dheamhan a fhios agam nach gearr isteach sa ngealach nua — a thiocfas an ghiocachín sin. An bhfeiceann tú an chruit atá ag teacht uirthi, agus tá snua an bháis ina ceannaghaidh
 
Diabhal mé cupla bliain ó shin go gcuireadh an dream sin a bhíodh ag léamh na nuaíochtaí (páipéir) lán a gcruite d'fhaitíos ar na daoine. Bhí chuile shórt ar a ghainne agus ar a dhaoirse. Ní bheadh tada le fáil faoi cheann bliana. Dá seasadh an cogadh dhá bhliain, bheadh gorta ann, agus daoine ag fáil bháis. Ach tá sé ar srúill (siúl) cheithre bliana anois agus dheamhan duine a fuair bás le amhgar míle buíochas le Dia. Is minic an doicheall mór ar bheagán fearthainn ann freisin
 
Lig de do chuid dornála ar an doras sin. Tá rud ar a (ár) n-aire s'againne thar is a bheith ag cur doras nua isteach ansin. Má tá fonn dornála ort, téirigh soir go dtí M. Mh. Sin é an buachaill a thabharfas lán do chruite dhuit
 
Deir siad nach bhfuil ceannús ceann ar bith ar an gclann atá aige sin le drabhlás. Ardaíonn siad leo na beithígh den talamh thiar, agus díolann siad i ngan fhios dá n-athair iad. 'Sé a fhearacht sin acu é le cruiteanna fataí, le coirce, agus le chaon tsórt dá mbíonn ann
 
Bheadh lán mo chruite de dhrogall ormsa a dhul isteach ag an sagart
+
droim
Tá cruit amach uirthi as a droim. Is gearr go dtite brúisc di agus caithfidh sibh a leagan ar fad ansin
TUILLEADH (1) ▼
Tá cruit uileag ar dhroim an bhóthair agus é gleannach isteach leis an móinín bán. Tá sé chomh bealaithe leis an mí-ádh freisin. Is éasca le duine treascairt a bhaint as ann
 
dubh 3
D'fhan siad thuas ansin go raibh an cheapach dubhaithe acu ainneoin go raibh siad dhá gcaidhleadh le sneachta. Dheamhan duine ar na mbaile nach raibh na bonnaíochaí le splainc aige, agus iadsan i muinín a gcroí agus a gcruite ag deargadh talúna
 
Tá sí i muinín a croí agus a cruite ag iarraidh déanamh suas leis an bpóilí rua atá ansin thiar, agus gan é sin ach ag baint a ghaisneas aisti, agus ag magadh fúithi ina dhiaidh sin. Tá óinseoigíní ar an saol fós!
 
díle 1
Rug an díle mhór a bhí an lá cheana ann ar an mbóthar air agus ní raibh aon snáth thuas ar a chraiceann nach sílfeá gurb as béal soithigh a tarraingeadh é. Bhí lán a chruite de shlaghdán lá arna mhárach air, agus tá sé ag coinneáil na leabthan ó shin. Mura gcaithe sé seal ina leannán anois ag an bhfear bocht, tá an t-ádh air
 
dóigh 1
Diabhal bréag nach maith an dóigh é an goróir de lao sin. Breathnaigh ar an gcruit atá air. Tabharfaidh an Márta rud le déanamh dó ─ lao a bheadh ina dhrochúdar, nach mbeadh aon dea-ghealladh faoi, ná aon tsúil lena éirí
 
"Each caol dubh agus a haghaidh sa sruth agus dúshlán feara Éireann a dhul i gcois dhá leith ar a cruit" (Tomhais: eascann)
 
Bhí dul orm, agus bhí a fhios agam go maith go raibh. Ní raibh a fhios agam ó neamh go néal céard ab fhearr dom a dhéanamh. Dhá bhfaigheadh sé ar an talamh mé, ní fhágfadh sé aon chnáimh in mo chorp gan leonadh. Dheamhan easna dhíom nach ndeachaigh i muinín mo chroí agus mo chruite, ag iarraidh mé féin a bhaint as greim. Agus bhaineas. Seo liom siar i ndiaidh mo chúil. Thug mé cor. Chuaigh seisean tharam amach de rite reathach. Níor liom féin ab fhaillí é. Tarraingím mo sheanchic air — isteach ansin ar an gceathrú …
 
Is deas a shíl sí anois a dhul fúmsa, ach bhí a shliocht uirthi. Dhall mise í. Tá cruit bhréaga ag imeacht anois aici
 
téigh
Chuaigh sé ag obair i muinín a chroí agus a chruite