Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Buaineadas
seasamh, síorruidheacht, caitheamh maith; a bheith buan, nó buannach.
+
Tá an-bhuaineadas sa móin, san éadach etc. sin.
Dheamhan mórán buaineadais sa móin sin. Níl ann, ach go bhfeice sí an teine, nuair a bheidheas sí caithte.
TUILLEADH (4) ▼
Ná bac le buaineadas sa spaidealach sin! Níor mhór dhuit do shean-oire dhi, a chuir síos 'chuile phuínnte, a's dhá gcuirtheá fhéin, ní bhainfeá aon-tsás(amh) aisti
Níl aon-bhuaineadas i móin a' bith ach sa gcloch-mhóin. Deannach uileag í an fheoil chapaill a's an mhóin bhán sin.
Chuirfeadh a' mhóin sin thar bharr do chéille thú ag iarraidh í 'lasadh, ach tá dubh-bhuaineadas innte, in a dheidh sin. Má chuireann tú gabhail di síos ar maidin, déanfa sí go h-eadarshuth gan stróbh a' bith.
Droch-ghual é sin. Níl a dhath buaineadais ann. Is maith an dicheall do dhuine é 'choinneál caithte ar a' teine.
+
Is beag a' bhuaineadas a' t-éadach sin. Bliadhain go h-am seo, fuair mé an chulaith sin, a's tá sí in a cithréabachaí cheana.
Shílfeá go mbeadh buaineadas thairis sin ann. Ní le saoire é muis!
TUILLEADH (7) ▼
Mara bhfuil a' buaineadas 'san éadach, b'fhearr dhuit é fhágáil do dhiaidh, a's gan a bheith de do mheath fhéin leis.
Níor chuir mé aon-chulaith éadaigh suas ar mo chraiceann ariamh, ba lugha buaineadas ná [an] chulaith sin. Thréig sí, shul ó bhí sí mí a(gh)am, a's tá sí in a ribíní anois.
Ní fhaca mé aon-mhála plúir ariamh, ba lugha buaineadas, ná'n mála sin, ach ní atann a' plúr céadna chor a' bith a's thú dhá fhuint.
Má's leat a' buaineadas a' bheith 'san éadach ní mór dhuit a dhul an 'price' leis, nó ní bhfuighe tú aon-éadach de'n rath.
Is beag a' bhuaineadas na bróga seo. Níl díon deor ionnta(b) cheana, scáth an t-achar agam iad.
Tá mé is na ceirteachaí aríst, aindeoin nach bhfuil sé thar thrí ráithe ó cheannuigh mé an chulaith éadaigh seo. Ach beidh a shliocht uirre: gheobha mise éadach aríst a mbeidh buaineadas, a's teacht aniar ann.
Nach rabh fhios ag do chroidhe istigh, nach mbeadh aon-bhuaineadas, sa gcineál sin éadaigh. Dubhairt mé an lá ar cheannuigh tú é, go raibh sé ro-scann(t)ruighthe, a's nach ndeanfadh sé aon-tseasamh.

Buaineadas in iontrálacha eile (4)

 
Beannacht Dé dhuit, cá bhfaigheadh an chinnceach sin buaineadas a bheith innte. Bhí sé chomh maith de dhuine brosna (gabhail) cloch a chuir ar a' teine léithe.
 
farc
Is breá an drisiúr é sin fós agus an aois atá aige. Dheamhan a bhfuil ag breathnú farcha dhe. Bhí buaineadas san adhmad sin. Fadó a gheobhthá an ball ar fónamh
 
Dheasaigh mé an cró sin thiar le glaicín thuí choirce an bhliain cheana, ach ní raibh buaineadas ar bith innte. Is fhearr an tuí sheagail go mór, ach gan leigean di críonadh sul a mbaintear í. Tá sé in acar le in am a dhul ag deasú anois muis
 
díon 1
Cíb easca nó tuighe sheagail: sin iad an díon. Maidir le tada eile níl an buaineadas ionnta. Nach diabhaltaí an t-aistir a bhíodh orainn fadó go G. na B. ag tarraint cibé do N.: dhá tarraint an t-achar sin le na (n-ar) ndruím. Is fada go ndéanfadh daoine anois é. Dheamhan é, dhá dtuiteadh an teach in aon-bhrúisc amháin in a mullach cheal dín