Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
buanadas
seasamh, síoraíocht, caitheamh maith; a bheith buan nó buanach.
+
Tá an-bhuanadas sa móin, san éadach srl. sin.
Dheamhan mórán buanadais sa móin sin. Níl ann ach go bhfeice sí an tine nuair a bheas sí caite.
TUILLEADH (4) ▼
Ná bac le buanadas sa spadalach sin! Níor mhór dhuit do sheaneire dhi a chur síos chuile phointe, agus dhá gcuirtheá fhéin, ní bhainfeá aon tsásamh aisti
Níl aon bhuanadas i móin ar bith ach sa gclochmhóin. Deannach uileag í an fheoil chapaill agus an mhóin bhán sin.
Chuirfeadh an mhóin sin thar bharr do chéille thú ag iarraidh í a lasadh, ach tá dubh-bhuanadas inti ina dhiaidh sin. Má chuireann tú gabháil di síos ar maidin, déanfaidh sí go headarshuth gan stró ar bith.
Drochghual é sin. Níl a dhath buanadais ann. Is maith an dícheall do dhuine é a choinneáil caite ar an tine
+
Is beag an bhuanadas an t-éadach sin. Bliain go ham seo, fuair mé an chulaith sin agus tá sí ina círéabachaí cheana.
Shílfeá go mbeadh buanadas thairis sin ann. Ní le saoire é muis!
TUILLEADH (7) ▼
Mura bhfuil an buanadas san éadach, b'fhearr dhuit é a fhágáil i do dhiaidh agus gan a bheith do do mheath fhéin leis.
Níor chuir mé aon chulaith éadaigh suas ar mo chraiceann ariamh ba lú buanadas ná an chulaith sin. Thréig sí shul ó bhí sí mí agam, agus tá sí ina ribíní anois.
Ní fhaca mé aon mhála plúir ariamh ba lú buanadas, ná an mála sin, ach ní atann an plúr céanna chor ar bith agus thú dhá fhuint.
Más leat an buanadas a bheith san éadach, ní mór dhuit a dhul an price leis nó ní bhfaighidh tú aon éadach den rath.
Is beag an bhuanadas na bróga seo. Níl díon deor iontub cheana scáth an t-achar agam iad.
Tá mé sna ceirteachaí aríst, ainneoin nach bhfuil sé thar thrí ráithe ó cheannaigh mé an chulaith éadaigh seo. Ach beidh a shliocht uirthi: gheobhaidh mise éadach aríst a mbeidh buanadas agus teacht aniar ann.
Nach raibh a fhios ag do chroí istigh nach mbeadh aon bhuanadas sa gcineál sin éadaigh. Dúirt mé an lá ar cheannaigh tú é go raibh sé róscan(t)raithe agus nach ndéanfadh sé aon tseasamh.

buanadas in iontrálacha eile (4)

 
Beannacht Dé dhuit, cá bhfaigheadh an chinceach sin buanadas a bheith inti. Bhí sé chomh maith do dhuine brosna (gabháil) cloch a chur ar an tine léithe.
 
farc
Is breá an drisiúr é sin fós agus an aois atá aige. Dheamhan a bhfuil ag breathnú farctha dhe. Bhí buanadas san adhmad sin. Fadó a gheofá an ball ar fónamh
 
Dheasaigh mé an cró sin thiar le glaicín thuí choirce an bhliain cheana, ach ní raibh buanadas ar bith inti. Is fhearr an tuí sheagail go mór, ach gan ligean di críonadh sula mbaintear í. Tá sé in acar le in am a dhul ag deasú anois muis
 
díon 1
Cíb easca nó tuí sheagail: sin iad an díon. Maidir le tada eile níl an buanadas iontu. Nach diabhaltaí an t-aistir a bhíodh orainn fadó go G. na B. ag tarraingt cibé do N.: dhá tarraingt an t-achar sin lena (ár) ndroim. Is fada go ndéanfadh daoine anois é. Dheamhan é, dhá dtiteadh an teach in aon bhrúisc amháin ina mullach cheal dín