Bunastán (bunastáinín) (bonnastán)
—
piodarlann de ghasúr; staic d'fhear nó de bhean théagarthach, thalmhuidhe, shuidhte.
+–
Is cruadh, fáiscthe an bunastáinín de ghasúr é.
Níl ínnte ach bunastán beag, bídeach.
TUILLEADH (14) ▼
Bunastán beag é, ach mar sin fhéin, tá'n teacht aniar ann.
Ní thiocfa sé in aghaidh dúthchais: bunastán a bheidheas ann i gcomhnuidhe = ní bheidh ann ach staic bheag choidhchin, a's is dual dó bheith mar sin.
Sé'n bunastáinín teann é, le theacht isteach idteach.
Bunastáinín gan aoirde 'bith é, ach tá sé an-suidhte, a's thiocfadh dó, bheith, láidir.
Tá a dhíol aoirde innte. Céard atá ann fhéin, ach bunastán?
Bunastáinín íseal é an fear, ach scaoinn mhór árd í an bhean atá aige.
Má's bunastáinín fhéin é, 'sé atá cruadh miotalach.
Níl oiread na frighde de bhunastáinín ann, a's labhróchadh sé chomh teann le fathach 'na dheidh sin.
Indomhnach is bunastán beag, gleoite í. Mara bhfuil sí mór gránda, tá sí beag deas.
M'anam muise má's sin é, do scéal anois, gur choinnigh an bunastán sin an teach thrídh na chéile ar feadh na h-oidhche.
Díol cam air, an bunastáinín, nach gearr le dhul é = Scread mhaidne air, grioghóirín beag mar é, nach gearr a sheasfadh sé, dhá dtosuigheadh troid.
Dhá laghad é an bunastáinín sin anois, deirimse leat, nach raibh aon loiceadh aige ó thogha na mbuachaillí.
Dhá laghad de bhunastán é Seumas, níor fhága sé tada le reic ag Peadar = bunastán é Seumas, ach thug sé fuighleach le deanamh do Pheadar (sa troid); dhá laghad sa diabhal de bhunastán é Seumas, níor fhága sé tada in a chomhnuidhe i bPeadar
Tá ruibh uilc ar a' mbunastáinín sin, a's ní fhaca tú aon-duine ariamh in' oiread fhéin is cruaidhchte (cruaidhe) ná é. (breagh agus is breaghaichte, réidh agus is réidhchte, luath agus is luaithchte buidhchte agus is buidhchte, beo agus is beoichte etc. Aidiachta a chríochnuigheas inguth nó i bhfuaim guth fearacht liath, reidh etc, deantar a mbreis-chéim a's a sár-chéim inGaillimh ar dhá chaoi (a) chthe a chuir indiaidh na bun-chéime — fearacht na somplaí réamh-ráidhte nó (b) cha a chur in diaidh na bun-chéime — breagh agus is breaghcha; teo agus is teocha, réidh agus is réidhcha (c leathan); luath agus is luathcha, beo agus is beocha etc. Tá an dá bhealach nó'n dá leagan de'n bhun-chéim bun ar aon is na ceanntair chéadna, a's níor dhóigh leagan amháin ag an nGaedhilgeoir céadna anois, ná an leagan eile ar a' toirt aríst. In (a) caoluightear an ch i gcomhnuidhe ionann's breagh agus is breaghaichte, teo agus is teoichte. Ach cloistear teochta, breaghachta corr-uair. I (b) leathnuightear an c, réidh agus is réadhcha (réidheacha), cruaidh agus is cruadhcha, buidhe agus is buidheacha etc.)