bunastán, bunastáinín, bonnastán
—
piodarlán de ghasúr; staic d'fhear nó de bhean théagarthach, thalmhaí, shuite.
+–
Is crua fáiscthe an bunastáinín de ghasúr é.
Níl inti ach bunastán beag bídeach.
TUILLEADH (14) ▼
Bunastán beag é, ach mar sin fhéin, tá an teacht aniar ann.
Ní thiocfaidh sé in aghaidh dúchais: bunastán a bheas ann i gcónaí — ní bheidh ann ach staic bheag choíchin agus is dual dó bheith mar sin.
'Sé an bunastáinín teann é le theacht isteach i dteach.
Bunastáinín gan airde ar bith é, ach tá sé an-suite agus thiocfadh dó bheith láidir.
Tá a dhíol airde inti. Céard atá ann fhéin ach bunastán?
Bunastáinín íseal é an fear ach scaoinn mhór ard í an bhean atá aige.
Más bunastáinín fhéin é, 'sé atá crua miotalach.
Níl oiread na fríde de bhunastáinín ann, agus labhródh sé chomh teann le fathach ina dhiaidh sin.
I nDomhnach is bunastán beag gleoite í. Mura bhfuil sí mór gránna, tá sí beag deas.
M'anam muise más sin é do scéal anois, gur choinnigh an bunastán sin an teach thrí na chéile ar feadh na hoíche.
Díol cam air, an bunastáinín, nach gearr le dhul é — Scread mhaidne air, grióirín beag mar é, nach gearr a sheasfadh sé dhá dtosaíodh troid.
Dhá laghad é an bunastáinín sin anois, deirimse leat nach raibh aon loiceadh aige ó thogha na mbuachaillí.
Dhá laghad de bhunastán é Séamas, níor fhága sé tada le reic ag Peadar — bunastán é Séamas, ach thug sé fuílleach le déanamh do Pheadar (sa troid); dhá laghad sa diabhal de bhunastán é Séamas, níor fhága sé tada ina chónaí i bPeadar
Tá ruibh oilc ar an mbunastáinín sin, agus ní fhaca tú aon duine ariamh ina oiread fhéin is cruachte (crua) ná é. (breá agus is breáichte, réidh agus is réichte, luath agus is luaichte, buíchte agus is buíchte, beo agus is beoichte srl.: aidiachtaí a chríochnaíos i nguth nó i bhfuaim guth fearacht liath, réidh srl., déantar a mbreischéim agus a sárchéim i nGaillimh ar dhá chaoi (a) chte a chur i ndiaidh na bunchéime — fearacht na samplaí réamhráite nó (b) cha a chur i ndiaidh na bunchéime — breá agus is breácha; teo agus is teocha, réidh agus is réacha; luath agus is luacha, beo agus is beocha srl. Tá an dá bhealach nó an dá leagan den bhunchéim bonn ar aon sna ceantair chéanna, agus níor dhóigh leagan amháin ag an nGaeilgeoir céanna anois, ná an leagan eile ar an toirt aríst. In (a) caolaítear an ch i gcónaí ionann is breá agus is breáichte, teo agus is teoichte. Ach cloistear teochta, breáchta corruair. I (b) leathnaítear an c: réidh agus is réacha (réidheacha), crua agus is cruacha, buí agus is buíocha srl.)