Bunán
1.
feadóg luinge, nó gluaisteáin.
+–
Chuala mé bunán a' tsoithigh aréir.
Séideann na soithigh sin na bunáin, le ceo.
TUILLEADH (4) ▼
Níor chuala mé bunán a' mhotoir chor a' bith.
Ba ghearr (gheall) le bunán é 'glaodhach a's a' gárthaighil.
Fhobair go ndeacha an 'motor' in mo mhullach, mar níor airigh mé chor a' bith é, 'n-áit nar shéid sé an bunán.
Ní fhéadfá néal a chodladh ann, adeir sé, ag bunáin na soitheach.
2.
cineál creagáin nó "corns".
+–
Tá bunáin ar mo chosa = bunannaí creagán, nó creagáin chruadha
Ar bhuínn mo chos atá na bunáin, a's níl coisméig siubhail agam dhá mbárr.
TUILLEADH (6) ▼
Tá mé thart ag bunán atá faoi íochtar m'ordóige = tá mé in an-chaoi aige.
D'fhéadfá na creagáin a ghearradh amach, ach ní maith go mbeadh fhios agad, céard ab fhearr dhuit a dhéanamh le na bunáin bhradacha sin.
Tá na bunáin sin do mo chrádhadh aríst.
Is olc an earradh iad na bunáin sin ar chosa duine.
Tá carra bhunáin faoi mhéarachaí mo chos, a's tá mé 'mo chiseach aca(b) = tá pláigh nó bulc de na bunáin faoi mhéarachaí mo chos, a's tá mé thart nó creaiplighthe dhá mbarr.
Tá a dhá chois foiricighthe le bunáin = brathta le bunáin, nó tá bunáin orra(b) as éadan.
3.
duine teann déanta, beo-droch-mhúinte go minic.
+–
Fan amach ó'n mbunán sin thíos, ar mhaith leat fhéin.
Sin é fhéin, an bunán droch(mh)úinte.
TUILLEADH (2) ▼
Leig (dh)om fhéineacht a bhunáin bhrada(igh).
Ná cuir araoid a' bith ar a' mbunán sin, mar, tá sé faoi dhó chomh láidir leat
4.
éanachaí — "an bunán buidhe", an bunán léana".
5.
brionglán cruaidh atá ar phlannda cosamhail leis an airgead luachra. Tá sé falamh istigh ann: tugtar "fifeannaí" orra freisin: déanann gasúir feadógaí dhíobh.
+–
Tá go leor bunáin thríd a' bhféar sin.
Féar láidir atá ann a's é faoi bhunáin fré chéile.
TUILLEADH (1) ▼
Fhobair go ndearna mé dhá leith de lann na speile indiu, le ceann de na bunáin mhóra sin.