bunán
1.
feadóg loinge nó gluaisteáin.
+–
Chuala mé bunán an tsoithigh aréir.
Séideann na soithigh sin na bunáin le ceo.
TUILLEADH (4) ▼
Níor chuala mé bunán an mhótair chor ar bith.
Ba ghearr (gheall) le bunán é ag glaoch agus ag gárthaíl.
Fhóbair go ndeachaigh an motor in mo mhullach mar níor airigh mé chor ar bith é an áit nár shéid sé an bunán.
Ní fhéadfá néal a chodladh ann, adeir sé, ag bunáin na soitheach
2.
cineál creagáin nó corns.
+–
Tá bunáin ar mo chosa — bunannaí creagán, nó creagáin chrua
Ar bhoinn mo chos atá na bunáin agus níl coisméig siúil agam dhá mbarr.
TUILLEADH (6) ▼
Tá mé thart ag bunán atá faoi íochtar m'ordóige — tá mé in anchaoi aige
D'fhéadfá na creagáin a ghearradh amach ach ní maith go mbeadh a fhios agat céard ab fhearr dhuit a dhéanamh le na bunáin bhradacha sin.
Tá na bunáin sin do mo chrá aríst.
Is olc an earra iad na bunáin sin ar chosa duine.
Tá cora bhunáin faoi mhéarachaí mo chos agus tá mé i mo chiseach acub — tá plá nó bulc de na bunáin faoi mhéarachaí mo chos agus tá mé thart nó craplaithe dhá mbarr
Tá a dhá chois foirgthe le bunáin — brata le bunáin, nó tá bunáin orthub as éadan
3.
duine teann déanta, beo-drochmhúinte go minic.
+–
Fan amach ón mbunán sin thíos, ar mhaithe leat fhéin.
Sin é fhéin, an bunán drochmhúinte.
TUILLEADH (2) ▼
Lig dhom fhéineacht a bhunáin bhradaigh.
Ná cuir araoid ar bith ar an mbunán sin mar tá sé faoi dhó chomh láidir leat
4.
éanachaí — "an bunán buí", "an bunán léana".
5.
brionglán crua atá ar phlanda cosúil leis an airgead luachra. Tá sé folamh istigh ann: tugtar fífeannaí orthu freisin: déanann gasúir feadógaí dhíobh.
+–
Tá go leor bunáin thríd an bhféar sin.
Féar láidir atá ann agus é faoi bhunáin fré chéile.
TUILLEADH (1) ▼
Fhóbair go ndearna mé dhá leith de lann na speile inniu le ceann de na bunáin mhóra sin.
bunán in iontrálacha eile (2)
→
frídeoir
Diabhal an féidir go bpósfadh sí an frídeoir sin. A leithide de bhunán (bhuinneán) de bhean bhreá. Ar ndóigh thabharfadh sí léithe ina naprún é. Chuir sé ortha an dul amú ceart di, chuir sin