Bunús
—
deis, bráigíll ar dhuine; rud ag duine; cuid a's maoin; críonnacht a's ciall (níl aon-chiall eile annseo).
a.
+–
Tá bunús maith aige = deis, a's cuid a's maoin.
Bhí an bunús ag a' dream sin ariamh.
TUILLEADH (15) ▼
Ní uireasbha (cheal) bunúis atá air.
'Tuige nach bhfaigheadh sé bean, a's a 'bhfuil de bhunús aige.
Is maith an aghaidh mná é, mar tá an bunús ann, ní h-ionann sin a's cuid mhaith de'n dream atá dhá bhfághail.
Is dhó is fusa bunús maith a bheith aige, mar 's aige atá a dheis.
Níl aon-bhunús a' rath aige, a's tiocfa sé righte leis, aon-bhean fhaghail 'sna bólaí seo.
Níl bunús ná forfhás air, fharrus aon-duine dhá bhfaca tú ariamh.
Bhí bunús maith aigéan' athair, ach chaith seisean go fánach é.
Ní phósfaidh sí sin, ach fear bunúis, mar beidh spré mhór le faghail aice.
Tá'n bhunús a' rith leis sin, 'chuile lá ariamh.
Má tá bunús fhéin aige, 'sé fhéin a shaothruigh go cruadh é.
Cá bhfaigheadh sé bunús a bheith aige, fear nach ndéanann buille maitheasa ó Luan go Satharn
Ní bheidh bunús ag duine a' breacadh a luirgne 'chois na teine
Beidh bunús maith aige siúd, nó's cruadh an cás é.
Dheamhan gaisce 'bith ar a' méid bunúis atá aca(b), má's sin é do scéal anois, ach tá neart floscaí a's gailimaisidheacht aca(b), má dhéanann sin dóib é.
Má dhéanann uathbhás a's antlás dó é, beidh bunús aige.
b.
+–
Tá bunús ann; tá bunús sa duine sin = duine críonna, tíoghbhusach cruadh, coinneálach.
Shíl mé go raibh bunús eicínt ionnad fharrus sin.
TUILLEADH (3) ▼
Má sin é anois a bhfuil de bhunús ann, th'éis a' moladh a chuala muid air!
Ceadh nach bhfuil de bhunús ann, ach mar sin?
Ní raibh aon-bhunús ariamh fhéin sa gceann céadna, ní áirmhighim é bheith air, anois = ní raibh aon-chríonnacht ariamh ann, ná aon-fhorás air, gan bacadh leis anois.