Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
bunús
deis, brá gill ar dhuine; rud ag duine; cuid is maoin; críonnacht is ciall. Níl aon chiall eile anseo.
a.
+
Tá bunús maith aige — deis, agus cuid is maoin
Bhí an bunús ag an dream sin ariamh.
TUILLEADH (15) ▼
Ní uireasa (cheal) bunúis atá air.
Tuige nach bhfaigheadh sé bean agus a bhfuil de bhunús aige.
Is maith an oidhe mná é mar tá an bunús ann, ní hionann sin agus cuid mhaith den dream atá dhá bhfáil.
Is dhó is fusa bunús maith a bheith aige mar is aige atá a dheis.
Níl aon bhunús a rath aige agus tiocfaidh sé rite leis aon bhean fháil sna bólaí seo.
Níl bunús ná forás air, tharas aon duine dhá bhfaca tú ariamh.
Bhí bunús maith ag a athair, ach chaith seisean go fánach é.
Ní phósfaidh sí sin ach fear bunúis, mar beidh spré mhór le fáil aici.
Tá an bhunús ag rith leis sin chuile lá ariamh.
Má tá bunús fhéin aige, 'sé fhéin a shaothraigh go crua é.
Cá bhfaigheadh sé bunús a bheith aige, fear nach ndéanann buille maitheasa ó Luan go Satharn
Ní bheidh bunús ag duine ag breacadh a loirgne chois na tine
Beidh bunús maith aige siúd nó is crua an cás é.
Dheamhan gaisce ar bith ar an méid bunúis atá acub, más sin é do scéal anois, ach tá neart floscaí agus galamaisíocht acub má dhéanann sin dóibh é.
Má dhéanann uafás agus antlás dó é, beidh bunús aige.
b.
+
Tá bunús ann; tá bunús sa duine sin — duine críonna, tíobhasach crua, coinneálach
Shíl mé go raibh bunús eicínt ionat tharas sin.
TUILLEADH (3) ▼
Más in é anois a bhfuil de bhunús ann, théis an moladh a chuala muid air!
Ceadh nach bhfuil de bhunús ann ach mar sin?
Ní raibh aon bhunús ariamh fhéin sa gceann céanna, ní áirím é bheith air anois — ní raibh aon chríonnacht ariamh ann, ná aon fhorás air, gan bacadh leis anois