Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Bunamhail (bunúsach)
Tá "bunamhail" a's "bunúsach" annseo ach is minicí "bunúsach" sa gcainnt ná "bunamhail". Tá "bunamhail" an-choitchiannta siar faoi Chonamara.
duine bunúsach nó duine bunamhail = duine 'bhfuil bráigill air, nó cuid is maoin aige; duine tioghbhusach, barrainneach; duine críonna, baileach, a bhfuil forás air, a's dul 'un cinn ann. (Níl aon-chiall eile le "bunúsach" 'sna bólaí seo, cé's moite de'n chéill réamhráidhte).
+
Deir siad gur duine bunúsach é M. Sh.
Tá sé an-bhunúsach ó phós sé.
TUILLEADH (16) ▼
Feacha sin anois! Nach bunamhail a' gearr-bhodach é!
Cailín beag, bunúsach, seifteamhail í, a's is maith an aghaidh uirre fear maith.
Chaith sé an dreabhlás in aer. Níl aon-fhear sa bpobal, is bunúsaighe ná é, anois.
Tá sé bunúsach, baileach a's go maith dhó fhéin.
Ní chasfaidhe aon-chailín beag in do shiubhal lae ort, is bunúsaighe ná í. Is aoibhinn do'n té 'gheobhfas í!
Bhí an t-athair bunúsach, ach 'sé mo mheas, go bhfuil an chlann ag (d)ul in aghaidh dúthchais.
Má tá sé bunúsach fhéin, is dó is fusa, mar 's aige atá 'dheis.
Nach bunamhail a' duine é! Cé shílfeadh dhó é!
Níl ól ná caith(eamh) tobac ann. Fear bunúsach, tíoghbhusach é, a's tiartháluidhe maith.
Má's leat a bheith bunúsach, eirigh as an ól.
Cuirfe sí siúd faoi ndeara dhó, 'bheith bunúsach feasta, a's eirighe as a' réicighil
Ba mhaith bunúsach a' bhean í, mór-sheisear inghean a chuir i gcrích, a's spré a thabhairt do 'chuile dhuine aca(b).
Cá bhfágfad sí é? Ba dual di 'bheith bunúsach, má chuaidh sí le na máthair.
Is maith an rud dó bean bhunúsach 'fhaghail, a's gan a bheith tnúthán le spré mhóir.
Is beag a' baoghal air, a bheith chomh bunúsach leis a' dearbhráthair.
Tá S. bunúsach, a's tá 'shliocht air: tá airgead a's deis aige.

Féach freisin