bunúsach, bunúil
—
duine bunúsach nó duine bunúil: duine a bhfuil brá gill air nó cuid is maoin aige; duine tíobhasach barainneach; duine críonna baileach a bhfuil forás air agus dul chun cinn ann. Níl aon chiall eile le "bunúsach" sna bólaí seo, cé is moite den chéill réamhráite.
+–
Deir siad gur duine bunúsach é M. Sh.
Tá sé an-bhunúsach ó phós sé.
TUILLEADH (16) ▼
Féacha sin anois! Nach bunúil an gearrbhodach é!
Cailín beag bunúsach seiftiúil í agus is maith an oidhe uirthi fear maith.
Chaith sé an drabhlás in aer. Níl aon fhear sa bpobal is bunúsaí ná é anois.
Tá sé bunúsach baileach agus go maith dhó fhéin.
Ní chasfaí aon chailín beag in do shiúl lae ort is bunúsaí ná í. Is aoibhinn don té a gheobhas í!
Bhí an t-athair bunúsach, ach 'sé mo mheas go bhfuil an chlann ag dul in aghaidh dúchais.
Má tá sé bunúsach fhéin, is dó is fusa mar is aige atá a dheis.
Nach bunúil an duine é! Cé a shílfeadh dhó é!
Níl ól ná caitheamh tobac ann. Fear bunúsach tíobhasach é agus tiarálaí maith.
Más leat a bheith bunúsach, éirigh as an ól.
Cuirfidh sí siúd faoi ndeara dhó a bheith bunúsach feasta agus éirí as an réicíl
Ba mhaith bunúsach an bhean í mórsheisear iníon a chur i gcrích agus spré a thabhairt do chuile dhuine acub.
Cá bhfágfadh sí é? Ba dual di a bheith bunúsach má chuaigh sí lena máthair.
Is maith an rud dó bean bhunúsach a fháil agus gan a bheith ag tnúthán le spré mhóir.
Is beag an baol air a bheith chomh bunúsach leis an deartháir.
Tá S. bunúsach agus tá a shliocht air: tá airgead agus deis aige.
Féach freisin
→
bunúil
bunúsach in iontrálacha eile (1)
→
buail ar
Fainic an mbuailfeadh cailleach E. an iníon thall ort. Tá sí ar a mine géire ag iarraidh duine bunúsach a dhéanamh amach di.