Búrla
1.
cual cuimseardha; maingín nó bagáiste 'bith brúighte lioctha go maith ar a chéile.
+–
Bhí búrla eicínt faoi'n ascaill aige 'teacht.
Níl sa liathróid sin ach búrla ceirteachaí.
TUILLEADH (14) ▼
Tá'n bráithlín uiliog in a búrla faoi do chosa agad.
Níor thug a' táilliúr deanamh 'bith ar a' gcasóig seo. Tá sí fágtha in a búrlaí a's in a bachaill fré chéile aige.
Cé'n sórt búrla é sin ag imtheacht in do phóca agad.
Tá do léine uiliog ina búrla ar do dhruím.
Rinne sí aon-bhúrla amháin dhá raibh de shean-éadaighe aice, a's chroch sí léithe iad.
Tharraing sé aníos búrla nútaí (nótaí) a bhí lioctha ar a' chéile thíos in a phóca aige.
'S aige 'bhí an búrla nútaí idir sheicíní, a's pháipéir puint.
Tá a cuid gruaige uiliog casta in aon-bhúrla amháin aice ar mhullach a cínn.
Tá búrla eicínt thíos ar thóin a' chómhra, marab é a bheadh ann.
Rinne sé búrla dhá chóta mór, a's cheangail sé ar lámha an 'bhicycle' é.
B'fhéidir gur sa mbúirlín seo atá 'na naipcíní póca.
Shílfeá nach bhfíllfeadh (dtíllfeadh) an oiread gineadhachaí chor a' bith in a leithide sin de bhúirlín.
Bhí sé cruptha suas ina bhúirlín sa gcúinne, ach ní raibh a theanga ina comhnuidhe, mise imbannaí.
Níl a' gabhail le n' iothlainn ach aon-bhúirlín beag amháin de choicín féir — díol laoigh.
+–
Is diabhaltaidhe an búrla de bhean í = buta teann téagarthach suidhte (ní h-ionann seo a's na samplaí faoi (ii), arae an íntinn atá igceist ionnta(b) sin)
Tá sé in aon-bhúrla amháin agad, a's is ionann fad a's leithead dó.
TUILLEADH (1) ▼
Búirlín otruighthe de ghasúr é.
2.
duine bundúnach, olc; stuacachán; "droch-ghiota"; nó droch-éadáil de dhuine.
+–
Sin í an búrla bradach.
Nach hí an droch-bhúrla anois í, nach mbeannóchadh duit.
TUILLEADH (10) ▼
Sin í an búrla búndúnach, biadánach.
Níl focal de'n chainnt le baint as a' mbúrla sin anois.
Búrla maith í sin, má chuireann tú (ch)uice ná uaithe.
Tá pus ar a' mbúrla d'inghin sin ag S. B. liom, le seachtmhain, faoi nar innis mé dhi, go raibh mé le dhul (ch)uig a' bpátrún.
Dhá laghad araoid dhá gcuire tú ar a' mbúrla mór, is amhla 's fhearr duit fhéin — tá'n droch-(mh)úineadh a's an staiceamhlacht ann.
Búrla stuacach í sin, má chuirtear caidéis a' bith uirre.
Nach bhféadfá leigean de na búrlaí sin, a's gan pléidh 'bith 'bheith agad leo(b).
A bhúrla bhrada(igh), céard 'tá tú rádh?
Má fhágann a' búrla siúd scéala air, 'sé 'mbeidh uaithe seoladh a chuir faoi = má chloiseann a' búrla siúd an scéal, innseocha sí go fonnmhar do chuile dhuine é.
Fainic a' búrla sin thíos ort fhéin. Tiubhra sé faoi na fabhraí (foghar C. F. = furraí) dhuit é, má fhághann sé an deis ort.
Búrla in iontrálacha eile (2)
Thug sé búrla nútaí (nótaí) do'n Gh. "Roinn amach iad sin ar na fir sin" adeir sé, agus isteach leis féin 'sa teach. Fuair 'chaon duine aghainn dhá raibh ann punt an duine hé brí cé mhéad a d'fhan ag an G. in a dhiaidh sin. Bí siúráilte nach hé cuid an bheagáin é. An Té a chruthuigh Neamh agus Talamh níor fhága Sé É Féin ar deireadh, adeir siad
→
déan 1
Bhíodh sí sin an-fháilidhe roimhe seo, ach rinne sí "búrla" ó a d'eirigh siad suas ins an saoghal