burla
1.
cual cuimseartha; maingín nó bagáiste ar bith brúite lioctha go maith ar a chéile.
+–
Bhí burla eicínt faoina ascaill aige ag teacht.
Níl sa liathróid sin ach burla ceirteachaí.
TUILLEADH (14) ▼
Tá an braillín uileag ina burla faoi do chosa agat.
Níor thug an táilliúr déanamh ar bith ar an gcasóig seo. Tá sí fágtha ina burlaí agus ina bachaill fré chéile aige.
Cén sórt burla é sin ag imeacht in do phóca agat.
Tá do léine uileag ina burla ar do dhroim.
Rinne sí aon bhurla amháin dhá raibh de sheanéadaí aici agus chroch sí léithe iad.
Tharraing sé aníos burla nótaí a bhí lioctha ar a chéile thíos ina phóca aige.
Is aige a bhí an burla nótaí idir sheicíní agus pháipéir puint.
Tá a cuid gruaige uileag casta in aon bhurla amháin aici ar mhullach a cinn.
Tá burla eicínt thíos ar thóin an chomhra murab é a bheadh ann.
Rinne sé burla dhá chóta mór agus cheangail sé ar lámha an bhicycle é.
B'fhéidir gur sa mbúirlín seo atá ina naipcíní póca.
Shílfeá nach bhfillfeadh (dtoillfeadh) an oiread giniúchaí chor ar bith ina leithide sin de bhúirlín.
Bhí sé craptha suas ina bhúirlín sa gcúinne ach ní raibh a theanga ina cónaí, mise i mbannaí.
Níl ag gabháil lena iothlainn ach aon bhúirlín beag amháin de choicín féir — díol lao.
+–
Is diabhaltaí an burla de bhean í — buta teann téagarthach suite. Ní hionann seo agus na samplaí faoi chiall a 2, arae an intinn atá i gceist iontub sin
Tá sé in aon bhurla amháin agat agus is ionann fad agus leithead dó.
TUILLEADH (1) ▼
Búirlín otraithe de ghasúr é.
2.
duine bundúnach, olc; stuacachán; drochghiota; nó drochéadáil de dhuine.
+–
Sin í an burla bradach.
Nach í an drochbhurla anois í nach mbeannódh duit.
TUILLEADH (10) ▼
Sin í an burla bundúnach béadánach.
Níl focal den chaint le baint as an mburla sin anois.
Burla maith í sin má chuireann tú chuici ná uaithi.
Tá pus ar an mburla d'inín sin ag S. B. liom le seachtain faoi nár inis mé dhi go raibh mé le dhul chuig an bpátrún.
Dhá laghad araoid dhá gcuire tú ar an mburla mór, is amhlaidh is fhearr duit fhéin — tá an drochmhúineadh agus an staiciúlacht ann.
Burla stuacach í sin má chuirtear caidéis ar bith uirthi.
Nach bhféadfá ligean de na burlaí sin, agus gan plé ar bith a bheith agat leob.
A bhurla bhradaigh, céard atá tú a rá?
Má fhágann an burla siúd scéala air, 'sé a mbeidh uaithi seoladh a chur faoi — má chloiseann an burla siúd an scéal, inseoidh sí go fonnmhar do chuile dhuine é.
Fainic an burla sin thíos ort fhéin. Tabharfaidh sé faoi na fabhraí (foghar, Cois Fharraige: foraí) dhuit é, má fhaigheann sé an deis ort.
burla in iontrálacha eile (3)
Thug sé burla nótaí don Gh. 'Roinn amach iad sin ar na fir sin,' adeir sé, agus isteach leis féin sa teach. Fuair chaon duine againn dhá raibh ann punt an duine, hé brí cé mhéad a d'fhan ag an G. ina dhiaidh sin. Bí siúráilte nach é cuid an bheagáin é. An té a chruthaigh neamh agus talamh, níor fhága sé é féin ar deireadh, adeir siad
→
dúnáras
Is beag an dúnáras a bheas air deirimse leat ag leagan a bhurla nótaí isteach thíos sa mbainc. 'Sé an cainteoir é ansin. Agus mura bhfuil teanga bhlasta Bhéarla aige castar leis é. Bhí mé ag éisteacht leis lá a raibh mé ag íoc cíosa ann. Is fada go raibh a fhios agam gurb é a bhí ann chor ar bith. Uair annamh a chloisfeá a ghlór anseo