Búrlaigheacht
—
cáilidheacht búrla; bundúntacht, stuaic; olc a's dúnárus.
+–
Mara n-eirighe tú as do chuid búrlaigheachta, beidh mé 'gabhail ort an fhad's gheobhas mé teas in do chraiceann.
Tá'n bhúrlaigheacht aríst uirre.
TUILLEADH (3) ▼
Nach maith a chaithfeas sí an bhúrlaigheacht a bheith 'spochadh léithe i gcomhnuidhe. = bíonn an stuaic, nó'n bhundún a' gabhail di, nó innte i gcomhnuidhe. Tá'n bhúrlaigheacht de bheith uirre.
Ní thiocfa búrlaigheacht de'n tsórt sin 'un tosa(igh) ná 'un tairbhe dhi.
Bhí sé ar a' mbúrlaigheacht chéadna aríst indiu. Is ar éigin a labhair sé liom, nuair a chuaidh mé go dtí é, faoi'n obair.