Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
burlaíocht
cáilíocht burla; bundúntacht, stuaic; olc is dúnáras.
+
Mura n-éirí tú as do chuid burlaíochta, beidh mé ag gabháil ort an fhad is gheobhas mé teas in do chraiceann.
Tá an bhurlaíocht aríst uirthi.
TUILLEADH (3) ▼
Nach maith a chaithfeas sí an bhurlaíocht a bheith ag spochadh léithe i gcónaí. — bíonn an stuaic, nó an bhundún ag gabháil di, nó inti i gcónaí. Tá an bhurlaíocht de bheith uirthi.
Ní thiocfaidh burlaíocht den tsórt sin chun tosaigh ná chun tairbhe dhi.
Bhí sé ar an mburlaíocht chéanna aríst inniu. Is ar éigean a labhair sé liom nuair a chuaigh mé go dtí é faoin obair.