Buta, Buitín
1.
staic de mháilín a's é ionann's lán. Máilín a's sé nó seacht de chlocha meadhchain ann.
+–
Tá cupla buta coirce agham, le cur ar a' margadh ambáireach.
Níor cheannuigh mé ach buitín beag síolta.
TUILLEADH (11) ▼
Goideadh buitín síl chruithneachta uaidh, a bhí amuigh aige sa scioból.
Tá buta giniúchaí (ginídheachaí, gineadhachaí) aige sin idtaisce in áit eicínt.
Bhí lán buta de leath-chorónachaí caithte ar a' mbord ann.
Bhí cion buta maith coirce dóirtighthe ar an urlár.
Fuair sé bun-bhuta maith fataí isteach uaidh = thug sé buta maith go leor, fataí in aisce dhó.
'Sé raibh agam de bharr na cruaiche na cupla buitín sin annsin.
Ní raibh tairbhe 'bith ar an eorna mhóir imbliadhna. 'Sé 'raibh agham dá barr cupla buitín.
Caithfe tú cupla buta fataí 'thabhairt isteach chugam go ngearra mé glaicín shíolta.
Ní buta bhí ann ach rampaire mór míllteach de mhála.
Go bhfoire Dia ort, mara bhfuil tú indon an buitín sin 'árdú air fós?
Fuair sé 'sháith go bínn le deanamh a's an buta 'iomchur go teach.
2.
duine talmhuidhe suidhte; staic de fhear nó de bhean theann righte, bun-íseal.
+–
Is spreabhasach an buta de dhuine é.
Sin í fhéin an buitín bundúnach = staicín stuacach í
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé in aon-bhuta amháin agad, a's shílfeá gur h-ionann fad a's leithead dó.
Is bunáiteach a' buta fir é (féach bunáiteach)
Buta talmhuidhe é. Chinnfeadh ort a leagan, dá mbeitheá choidhchin leis.
Tá sé in a bhuta ruighte theann, a's snuadh a chodach go maith air.
Mara bhfuil sé suas 's anuas ann, tá sé siar 's aniar ann. Buta suidhte é.
Buta in iontrálacha eile (5)
Nach diabhlaí an dearmad a bhain díom anois, agus go raibh mé anoir ag B. na Tr. shul a chuimnigh mé ar an mbuta
→
díogha
Cheannuigh sé buta síol coirce indiu agus ní de'n díogha é ach oiread = is coirce maith é; 'sé togha an choirce é
Ins an áit a gcomhnuighimse tá cnathanna ag dul fúm agus tharm. Tá an áit faoi choll agus faoi chreigeanna agus faoi rasáin ar fad. D'fhéadfainn buta a chur chugad uair ar bith má tá aon-tsaint agad annta
→
téigh
Rachaidh an coirce síl sin stróic mhaith ar a bhfuil d'ithir againn imbliana. Dhá bhféadthá buta eile a fháil in áit eicínt, bheadh riar do cháis agad