Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
buta, buitín
1.
staic de mháilín agus é ionann is lán. Máilín agus sé nó seacht de chlocha meáchain ann.
+
Tá cupla buta coirce agam le cur ar an margadh amárach.
Níor cheannaigh mé ach buitín beag síolta.
TUILLEADH (11) ▼
Goideadh buitín síl chruithneachta uaidh a bhí amuigh aige sa scioból.
Tá buta giniúchaí (giníochaí) aige sin i dtaisce in áit eicínt.
Bhí lán buta de leathchorónachaí caite ar an mbord ann.
Bhí cion buta maith coirce dóirtithe ar an urlár.
Fuair sé bunbhuta maith fataí isteach uaidh — thug sé buta maith go leor fataí in aisce dhó.
'Sé a raibh agam de bharr na cruaiche, na cupla buitín sin ansin.
Ní raibh tairbhe ar bith ar an eorna mhóir i mbliana. ‘Sé a raibh agam dá barr, cupla buitín.
Caithfidh tú cupla buta fataí a thabhairt isteach chugam go ngearra mé glaicín shíolta.
Ní buta a bhí ann ach rampaire mór millteach de mhála.
Go bhfóire Dia ort mura bhfuil tú in ann an buitín sin a ardú air fós?
Fuair sé a sháith go binn le déanamh agus an buta a iompar go teach.
2.
duine talmhaí suite; staic de fhear nó de bhean theann rite buníseal.
+
Is spreabhsach an buta de dhuine é.
Sin í fhéin an buitín bundúnach — staicín stuacach í
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé in aon bhuta amháin agat agus shílfeá gur hionann fad is leithead dó.
Is bunáiteach an buta fir é (fc. bunáiteach)
Buta talmhaí é. Chinnfeadh ort a leagan, dá mbeifeá choíchin leis.
Tá sé ina bhuta rite theann agus snua a chodach go maith air.
Mura bhfuil sé suas is anuas ann, tá sé siar is aniar ann. Buta suite é.

buta in iontrálacha eile (5)

 
airde 1
Bhí an scioból ina bhéal in airde ar maidin agus an buta coirce scuabtha.
 
dearmad 1
Nach diabhlaí an dearmad a bhain díom anois, agus go raibh mé anoir ag B. na Tr. shula chuimhnigh mé ar an mbuta
 
Cheannaigh sé buta síol coirce inniu agus ní den díogha é ach oiread — is coirce maith é; 'sé togha an choirce é
 
San áit a gcónaímse tá cnónna ag dul fúm is tharam. Tá an áit faoi choll agus faoi chreigeanna agus faoi rosáin ar fad. D'fhéadfainn buta a chur chugat uair ar bith má tá aon tsaint agat iontu
 
téigh
Rachaidh an coirce síl sin stróic mhaith ar a bhfuil d'ithir againn i mbliana. Dhá bhféadthá buta eile a fháil in áit eicínt, bheadh riar do cháis agat