Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Cabghail
an tréith a thugas do dhuine a bheith cabach nó biadánach.
+
Gheobha tú luach do chuid cabghaile, má chloisimse aon-cheo 'do dhiaidh aríst.
Is furasta 'aithinte go dtug sí an chabghail abhaile léithe. Dheamhan ceo amháin dá gcloisfe sí, nach mbeidh scithleigthe amach aice ar a' bpuinnte aríst.
TUILLEADH (2) ▼
Cá'r fhága tú an chabhghail! Dar ndóigh, dheamhan fascadh a' bith sa 'seafóidín' sin
Dhá mbeadh sé chomh maith le na dtáinic ariamh, dheamhan gna(ithe) aige aon-léargas a fhaghail ar na cúrsaí seo, arae ní leigfeadh an chabghail dhó, é a choinneál aige fhéin.