cabaíl
—
an tréith a thugas do dhuine a bheith cabach nó béadánach.
+–
Gheobhaidh tú luach do chuid cabaíola má chloisimse aon cheo i do dhiaidh aríst
Is furasta a aithinte go dtug sí an chabaíl abhaile léithe. Dheamhan ceo amháin dá gcloisfidh sí nach mbeidh scilligthe amach aici ar an bpointe aríst.
TUILLEADH (2) ▼
Cár fhága tú an chabaíl! Dar ndóigh, dheamhan foscadh ar bith sa seafóidín sin
Dhá mbeadh sé chomh maith lena dtáinig ariamh, dheamhan gnaithe aige aon léargas a fháil ar na cúrsaí seo, arae ní ligfeadh an chabaíl dhó é a choinneáil aige fhéin.