—
a.
duine nó beitheadhach a bheadh in a sheasamh in a staic; na staidhce; duine in a sheasamh a's gan é a' déanamh tada.
+–
Cuir isteach a' t-asal sin, a's ná bíodh sé 'na chaidhfte amuigh.
Tá tú in do sheasamh in do chaidhfte annsin i gcomhnuidhe.
TUILLEADH (8) ▼
Measann sibh má fhanann sib in 'ur gcaidhftí annsin go faoithin, go bhfanócha an bus libh. Is beag a' baoghal air a mhaisce.
Cuir crudh in a thosach, a's déan smeach eicínt oibre, nó'n leat fanacht annsin do chaidhfte, mar d'fhan tú indé.
Tá caidhfte de laogh annsin thiar, a's dheamhan smut a leagfadh sé ar a chuid beatha. Nuair a thairg mé dhó é, 'séard a rinne sé é fhéin a chrupadh isteach i lúibinn a' chlaidhe.
Tá sé 'na chaidhfte thíos ag binn Sh. G. ó mhaidin gan a dhul anonn ná anall as. Is leis an áit údaidh go trathnóna é, mara mbagruighe duine eicínt air a dhul abhaile.
Tarraingeocha sí an carr falamh maith go leor, ach chomh luath a's chuirfeas tú ualach a' bith uirre, seasfa sí suas annsin na caidhfte, a's Goll Mac Móirne, ní bhainfeadh feannc aiste, go dtogruighe sí fhéin é (capall).
Is bean mhaith snáthaide a's abhrais í M. F. Ní seasfa suas in a caidhfte i lár a' tighe a dhéanfas sí, a' breathnú uaithe, ní hé sin a's daoine eile é!
Nach diabhaltaidhe an éadáil do dhuine an oidhche a chaitheamh in a chaidhfte thoir annsin thoir ar choirnéil dhá phréachadh féin. Shílfeá go mba mhó an tsamhaoine do dhuine fanacht istigh 'san áit a mbeadh teine 'gus teas aige, ná bheith ar a' gceird sin.
Ar a' dá luath a's ar fhuagair mé air, sheas sé suas in a chaidhfte, a's níor fhan smid aige. Bhí sé 'gabhail na h-uaire móire air, déarfainn, ach inDomhnach ba bheag sin aghamsa.
b.
caidhfte mná: "bean nach mbeadh aon-bhunús tighe innte, a's meas mór aice uirre fhéin" (T. B.).
·
Tá caidhfte mná aige, nach n-iarrfadh aon-bhuille maitheasa a dheanamh dhá lá a saoghail, a's faghadh sí duine a choinneochadh comhrádh léithe.