Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
caidhfte
ainmfhocal, firinscneach
iolra: caidhftí
a.
duine nó beathach a bheadh ina sheasamh ina staic; ina staidhce; duine ina sheasamh agus gan é ag déanamh tada.
+
Cuir isteach an t-asal sin agus ná bíodh sé ina chaidhfte amuigh.
Tá tú in do sheasamh in do chaidhfte ansin i gcónaí.
TUILLEADH (8) ▼
Measann sibh má fhanann sibh in bhur gcaidhftí ansin go faoithin go bhfanóidh an bus libh. Is beag an baol air a mhaisce.
Cuir crú ina thosach agus déan smeach eicínt oibre, nó an leat fanacht ansin i do chaidhfte mar a d'fhan tú inné.
Tá caidhfte de lao ansin thiar agus dheamhan smut a leagfadh sé ar a chuid beatha. Nuair a thairg mé dhó é, séard a rinne sé é fhéin a chrapadh isteach i lúbainn an chlaí.
Tá sé ina chaidhfte thíos ag binn Sh. G. ó mhaidin gan a dhul anonn ná anall as. Is leis an áit údaí go tráthnóna é mura mbagraí duine eicínt air a dhul abhaile.
Tarraingeoidh sí an carr folamh maith go leor, ach chomh luath agus chuirfeas tú ualach ar bith uirthi, seasfaidh sí suas ansin ina caidhfte agus Goll Mac Móirne ní bhainfeadh feanc aisti, go dtograí sí fhéin é (capall).
Is bean mhaith snáthaide agus abhrais í M. F. Ní seasfaidh suas ina caidhfte i lár an tí a dhéanfas sí ag breathnú uaithi, ní hé sin agus daoine eile é!
Nach diabhaltaí an éadáil do dhuine an oíche a chaitheamh ina chaidhfte thoir ansin thoir ar choirnéil dhá phréachadh féin. Shílfeá go mba mhó an tsomhaoine do dhuine fanacht istigh san áit a mbeadh tine agus teas aige ná bheith ar an gceird sin.
Ar an dá luath agus ar fhuagair mé air, sheas sé suas ina chaidhfte agus níor fhan smid aige. Bhí sé ag gabháil na huaire móire air, déarfainn, ach i nDomhnach, ba bheag sin agamsa.
b.
caidhfte mná: "bean nach mbeadh aon bhunús tí inti, agus meas mór aici uirthi fhéin" (T. B.).
·
Tá caidhfte mná aige, nach n-iarrfadh aon bhuille maitheasa a dhéanamh dhá lá a saoil, agus faigheadh sí duine a choinneodh comhrá léithe.