Caidéiseach
—aidiacht as "caidéis".
—
araoideach, aighneasach, fiafruightheach, fiosrach.
+–
Nach caidéiseach a' mhaise dhuit é = nach aighneasach nó nach fiafruightheach (níl an chiall "achrann" nó "troid" leis an aidiacht, ní hé sin do'n ainm-fhocal é).
Is tú a bhí caidéiseach a dhul a' rádh rud a' bith léithe faoi na gúna nuadh. Is aistighe í sin, ná 'bhfaca tú ariamh.
TUILLEADH (7) ▼
Duine an-chaidéiseach é Seán sin.
Tá sí chomh caidéiseach a's gur beag nach dteastóchadh uaithe fios a fhaghail, céard d'ith tú le do bhricfasta ar maidin.
Ná bí chomh caidéiseach sin. Nach h-iomdha áit a' mbeidh duine ag dhul, a's nach maith leis é 'innseacht duitse.
Tá sí sin chomh caidéiseach, a's nach mbeadh rud istigh faoi chaolach do thighe nar mhaith léithe cainnt a dhéanamh dhe. B'fhearr liom go mór go bhfanadh sí amach uileag uainn.
Ba dhual dó a bheith caidéiseach. Ní raibh aon-cheo sa tír ingan-fhios dá athair. Sin é an sórt duine a bhí ann, nach mbeadh sé beo, gan 'chuile fhios a bheith aige.
Is iongantas é muis, mara raibh an méid sin tuairisce aice a's chomh caidéiseach a's tá sí.
Tá'n fear céadna ro-chaidéiseach ar fad. Cá'il a' rud nach bhfuighe sé cainnt dó?
Féach freisin
→
caidéis
Caidéiseach in iontrálacha eile (4)
→
don
Donas t'iaraí ort agus éist liom. Nach thú atá caidéiseach. Nach mór a bhaineas sé dhuit céard a bhí sí a dhéanamh annseo. Bhí sí ag déanamh a gnatha. Baineann chuile mhíle rud do chuid de na daoine i leabaidh dóib a bheith amuigh in éadan a gcuid oibre
→
dual 1
Is dual Bríd Mh. dó a bheith caidéiseach. Ní bheadh lá mairge ar Bhríd M. fiafruighe dhíot céard a bhí agad le do bhéilí