Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
caidéiseach
aidiacht as caidéis
araoideach, aighneasach, fiafraitheach, fiosrach.
+
Nach caidéiseach an mhaise dhuit é — nach aighneasach nó nach fiafraitheach. Níl an chiall achrann nó troid leis an aidiacht (fc. caidéiseach), ní hé sin don ainmfhocal é.
Is tú a bhí caidéiseach a dhul ag rá rud ar bith léithe faoina gúna nua. Is aistí í sin ná a bhfaca tú ariamh.
TUILLEADH (7) ▼
Duine an-chaidéiseach é Seán sin.
Tá sí chomh caidéiseach agus gur beag nach dteastódh uaithi fios a fháil céard a d'ith tú le do bhricfasta ar maidin.
Ná bí chomh caidéiseach sin. Nach iomaí áit a mbeidh duine ag dhul agus nach maith leis é a inseacht duitse.
Tá sí sin chomh caidéiseach agus nach mbeadh rud istigh faoi chaolach do thí nár mhaith léithe caint a dhéanamh dhe. B'fhearr liom go mór go bhfanadh sí amach uileag uainn.
Ba dhual dó a bheith caidéiseach. Ní raibh aon cheo sa tír i ngan fhios dá athair. Sin é an sórt duine a bhí ann; nach mbeadh sé beo gan chuile fhios a bheith aige.
Is iontas é muis, mura raibh an méid sin tuairisce aici agus chomh caidéiseach agus atá sí.
Tá an fear céanna róchaidéiseach ar fad. Cá'il an rud nach bhfaighidh sé caint dó?

Féach freisin

caidéiseach in iontrálacha eile (3)

 
fios
D'fhága mise ar bheagán fios é, théis go raibh sé an-chaidéiseach — níor inis mé tada dhó
 
don
Donas t'fhiafraí ort agus éist liom. Nach thú atá caidéiseach. Nach mór a bhaineas sé dhuit céard a bhí sí a dhéanamh anseo. Bhí sí ag déanamh a gnaithe. Baineann chuile mhíle rud do chuid de na daoine, i leaba dóibh a bheith amuigh in éadan a gcuid oibre
 
dual 1
Is dual Bríd Mh. dó a bheith caidéiseach. Ní bheadh lá mairge ar Bhríd M. fiafraí dhíot céard a bhí agat le do bhéilí