Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
caidéis
ainmfhocal, baininscneach
ginideach: caidéise
1.
a.
caint, taibhsiú, fiafraíl, fiosracht.
+
Cén fáth ar fhiafraigh sé sin dhíom! Muise cár fhága tú an chaidéis! — fiosracht, fiafraíl
Is gearr go mbí a fhios aici siúd cé bhí ann má ghníonn caidéis is cunórtas di é.
TUILLEADH (1) ▼
Thosaigh sí ag fiafraí le neart caidéise cá bhfuair P. an cóta nua atá aige. Shílfeá i nDomhnach, gurb é an chaoi ar ghoid sé é.
b.
araoid, aighneas.
+
Má chuireann T. S. aon chaidéis oraibh, fuagraidh do na póilíos é — má chuireann sé aon araoid ná aon aighneas oraibh, nó má ionsaíonn sé sibh, insidh do na póilíos é.
Níor cuireadh caidéis ar bith ormsa faoi sholas — níor cuireadh ceist ar bith orm faoi; níor tugadh suntas ar bith dhom nach raibh solas agam.
TUILLEADH (9) ▼
Nach diabhaltaí mór an smál atá oraibh agus caidéis ar bith a chur uirthi sin. Is maith atá a fhios agaibh gurb in í úll na haithne agus ní beo sibh, ina dhiaidh sin gan a bheith ag saighdeadh fúithi.
Bhí an sagart óg ag imeacht splancaithe ag díbirt daoine den bhóthar, ach dheamhan caidéis ar bith a chuir sé orainne. D'aithin sé nach raibh aon mhísc ionainn.
Is olc an éadáil é sin le aon chaidéis a chur air — le araoid ná aighneas ar bith a chur air.
Chloisfeá daoine ag clamhsán nach bhfuil cinneadh ar bith lena bhfuil sna bólaí sin. Well, tá mise ag gabháil an bhealach sin, go hacht is go háirid, le cheithre bliana agus dheamhan caidéis a cuireadh ariamh orm.
Dheamhan duine ná deoraí acub a chuir aon chaidéis orm ná a dúirt drúcht ná báisteach liom.
Is furasta dhó a bheith imithe as a chranna cumhachta le ábhailleacht agus scabhaitéireacht. Dhá dtagadh sé isteach théis duine a mharú, dheamhan caidéis a chuirfeadh an t-athair ná an mháthair air. 'Sé an chaoi a bhfuil siad ag borradh leis.
Má chuireann aon duine den ghrifisc sin aon chaidéis ormsa, dar brí an leabhair, ní bheidh aige ach malrait. Chuile bhall agamsa ach duine den dream sin.
Chuirfeadh sé siúd caidéis ar an sagart nuair a bheadh taghd air.
Déan do bhealach agus ná cuir caidéis ar aon duine, agus ní chuirfidh aon duine aon chaidéis ort. Níl buille ar bith is fhearr ná an buille réidh
2.
+
Tá an caidéis go maith ann, ach gan bail ó Dhia ar bith — dhéanfadh sé caint fút fhéin nó faoi do chuid, ach ní chuirfeadh sé aon bhail ó Dhia ar an té nó ar an rud a mbeadh sé ag caint air.
Nach maith a chaithfeadh sé caidéis a fháil duit! — caint a dhéanamh fút nó suntas a dhéanamh dhuit ar bhealach eicínt, nó thú a mholadh gan bail ó Dhia a chur ort, nó a mhacasamhail.
TUILLEADH (9) ▼
Dheamhan duine dhá dtiocfaidh an bóthar nach bhfaighidh an rúisc sin caidéis dhó. Ní thugann sí scíth ar bith dhá teanga.
Más le duine caidéis a fháil do dhuine ná do bheithíoch, 'sé an rud is lú dhó bail ó Dhia a chur air.
Fuair sé caidéis do mo chulaith nua. Dúirt sé go raibh sí ag teacht dhom go maith.
Fuair sé caidéis don ghamhain, gan é a bheannú. Bail ó Dhia uainne air!
Tá caidéis faighte ag an gceann céanna do chuile rud, ach is beag an lua aige bail ó Dhia a chur ar rud ar bith.
Níor mhaith liom go bhfaigheadh an ceann céanna caidéis ar bith dhom fhéin ná do mo chuid. Deir siad go bhfuil drochshúil aige.
Dar príosta dá bhfaigheadh sé aon chaidéis d'aon cheo dhá mbeadh agamsa, ní fhágfadh sé ball na háite go gcuireadh sé bail ó Dhia air.
Deir siad gurb é S. Bh. ba chiontach léithe sin. Fuair sé caidéis di gan aon bhail ó Dhia a chur uirthi. Ba é ráite chuile dhuine go raibh drochshúil aige. Pé acu sin é, dheamhan deoir bhainne sláinte a d'ól sí ón lá a bhfuair sé caidéis di. Bhí a máthair agus a muintir ag strócántacht lena fear, ag iarraidh air a dhul go dtí S. B. agus é a thabhairt chun láithreach go gcuireadh sé bail ó Dhia fliuch uirthi.
Ní bheadh biorán puintín agat nach gcaithfeadh an bhean chéanna caidéis a fháil dó.

Féach freisin

caidéis in iontrálacha eile (46)

 
Baol air sin aon chaidéis a chur ar mhuintir Nia! Tá an faitíos mór air ó bhuail siad cheana é
 
Na tithe ósta sin thiar! Ara diabhal póilí ar bith a chuireas aon chaidéis orthu sin. Ligfidh siad isteach ansiúd chomh follasach os comhair an tsaoil thú Dé Domhnaigh agus a ligfidís lá den tseachtain
 
ceal 1
Chaithfinn an chaint cheannann chéanna leis an sagart dhá gcuireadh sé aon chaidéis orm faoi agus cead aige a rogha ceal a dhéanamh di má thogair sé é. Dheamhan stánadh a bheadh agamsa ón sagart ach an oiread le duine ar bith eile.
 
ciste
Tháinig neach go dtí é trí oíche i mbéal a chéile agus dúirt sé leis go raibh ciste faoi chac mada sa bPáirc Eirbh, ach fear de mhuintir Droighneáin a thabhairt leis dhá thóraíocht. Dheamhan caidéis a chuir mo sheanathair air ní ba mhó. Tá an ciste san áit chéanna fós.
 
Ní mé an doicheall nó coimhthíos a bhí aige romhainn nuair nár chuir sé mórán caidéise orainn!
 
Is deacair dhom mo bhealach a dhéanamh agus a bhfuil dhá fháil de chaidéis dom — is doiligh dhom mo bheart a tharraingt ná treabhadh liom chor ar bith agus a bhfuil de bhéadán agus de chaint dhá dhéanamh fúm.
 
beart
B'fhearr duit do bheart a dhéanamh, agus gan bacadh le caidéis a chur ar aon duine eile.
+
beo 1
'Sé is anglánta beo má chuireann tú caidéis ar bith air.
TUILLEADH (1) ▼
Siúd é an drochéadáil le caidéis ar bith a chur air. Dheamhan iall bheo a d'fhágfadh sé i nduine dhá dtugadh sé faoi chor ar bith.
 
Sin í an bhornóg dhaoithiúil. Dá gcasadh sí céad uair sa ló dhom anois, dheamhan caidéis ar bith a chuirfinn uirthi.
 
aibí
Tá sé ró-abaidh le caidéis ar bith a chur air — tá sé róthráthúil le cur chuige ná uaidh.
 
Ná faigh caidéis ar bith dhom anois, le faitíos nach mbeadh aon bhualadh éisc orm (iascaire, le duine a chasas dó faoi bhealach agus é ag dul ag iascach)
 
burla
Burla stuacach í sin má chuirtear caidéis ar bith uirthi.
 
amhras
Tháinig sé in amhras orm go mb'fhéidir go gcuirfí aon chaidéis orm fhéin faoi.
+
amuigh
'Sé an sagart an fear is measa amuigh le aon chaidéis a chur air.
TUILLEADH (1) ▼
Thar aon bhean amuigh, ná cuir aon chaidéis choíchin ar bhaintreach. Bíonn drocheascainí aici. Is olc í eascainí baintrí.
 
anam
Ní chuirfidh an créatúr sin caidéis ar aon duine. Ní mó ná go bhfuil an t-anam caite leis.
 
Níor chuir sé caidéis ar bith air faoi go ceann i bhfad, ach tháinig sé anuas air ansin d'aon iarraidh agus chuir sé faoi ndeara dhó sé scóir a íoc ar aon láimh amháin.
 
D'fhiafraigh mé féin le fachnaoid dó (dhe) cé mhéad a bheadh ar an ngamhain. 'Más de ghrá magaidh a tháinig tú anseo,' adeir sé, 'b'fhearr dhuit t'aghaidh a thabhairt in áit eicínt eile agus gan caidéis ar bith a chur ormsa ná ar mo ghamhain'
 
Lig sé a ucht isteach ar an gclaí agus chuir sé caidéis ar an bhfear istigh (an fear a bhí sa ngort)
 
Bhí saol na bhfuíoll aige scaitheamh. Ní raibh aon chaidéis ag dul air nó go dtáinig an t-oidhre óg. Ach ó tháinig sé sin, níl saol fata i mbéal muice aige. Ní mhaireann rud ar bith ach tamall ar ndóigh
 
Chonaic mé fataí anseo bliain — fataí Achréidh a cheannaigh mé le haghaidh síl — tháinig mé gann i bhfataí síl an bhliain chéanna. Ar an bhFaiche Bhig a cheannaigh mé iad ó fhear as áit eicínt taobh anoir. Dheamhan a gcuimhním anois cén áit, ach d'aithneoinn an fear agus dheamhan gaisce a bhí air le gnaíúlacht. Dheamhan thiomanta dallán dá raibh orthu nach raibh chomh mór le béal an bhuidéil sin. Chuir mé anseo thiar iad i ngarraí na hI. Bhí an-ghaisce agam astu. Togha fataí dar liom féin. 'speáin mé do T. iad agus mé dhá gcur. Ní mórán spleodair a bhí ag T. astu. Fuair sé caidéis do na dalláin — go raibh siad rómhór. Rinne siad thar cionn i dtús bliana. Bhí siad go hard os cionn talúna, agus gan das déanta ag fata ar bith eile ag gabháil liom. Bhí go maith go dtí amach sa mbliain. Bhuail an lobhadh bán iad as éadan. Ba mhór an carghas a bheith ag breathnú orthu. Dheamhan blas a bhí agam de bhláth bliana orthu ach grifisc — tabhair grifisc air. Chaith mé ag na beithígh iad leisce a bheith ag breathnú orthu. Sin é an chaoi a ndeachaigh dalláin mhóra an Achréidh domsa. Ná samhlaigh fataí Achréidh liomsa ariamh ó shin
 
danra
Díthreabhach danra í le cur amach ag obair. Chaithfeadh sí lá fada samhraidh ansin ag faire na splaince gan iarraidh buille maitheasa a dhéanamh. 'Sí atá coilgneach freisin má fhaigheann duine ar bith aon chaidéis dhá cuid díomhaointis
 
An té a bhfuil an dea-bhealach leis, is furasta a aithinte é. Ní chuirfidh sé aon chaidéis ort
 
deis
Nach aisteach an deis atá air. Ní mian leis duine ná deoraí a ligean isteach faoi chaolachaí an tí. Chuile uair dhá dtéann sé amach, fáisceann sé glas ar an doras. I bhfaitíos atá sé cheapfainn, go gcuirfí aon chaidéis ar an mbean
 
diabhal 2
Coirce a bhaint! Go mbaine an diabhal an teanga as-san ar chuma ar bith, mura mór a bhaineas mo chuid coirce dhó le caidéis ar bith a fháil dó!
 
dia 1
Níor chuir sí aighneas ná caidéis ar aon duine ó tháinig sí isteach ar an mbaile, ach mar a fheiceas tú anois í, dorcha dúnárasach mar sin. Dhá dteagadh sí gearr faoi rud ar bith, b'fhearr léithe a dhul trí mhíle ó bhaile ná a iarraidh ar na comharsanaí. Sin é an chaoi a mbíonn sé. Is iomaí duine ag Dia
 
Mo dhiomdha do de Valera ar chaoi ar bith nár bhain an poistín beag atá aige siúd dhó (de), thar is é a bheith ag fánóireacht soir ansin chomh leitheadach le cat siopa. Ní hea, ach 'sé atá míchéatach féin le caidéis ar bith a chur air
 
Tá ceann beag ag N. agus ní dhéanann sé suaimhneas ar bith ach ag diúgaireacht leis i gcónaí. Dar brí an leabhair, chuirfeadh sé carghas ort ag breathnú air. Dheamhan suim ar bith aici féin ann. Dúirt mise léithe é a thabhairt siar go bhfeicfeadh an dochtúr é. 'Dheamhan dochtúr muis,' adeir sí, 'ná cuid de dhochtúir. Bíodh sé ag diúgaireacht leis ansin agus a chead sin aige. Nuair a thogrós sé stopadh, stopfaidh sé. Níl cheal ar bith air. Daighean páiste sa tír a fuair a aire sin; ach aon mhaith amháin dom é.' Dheamhan cás ar bith aici ann. 'Sí nach bhfuil an scrupall inti. Shílfeá gurb é an chaoi a mbeadh sí gothúil go bhfaigheadh aon duine caidéis don pháiste, agus níl aon duine dhá bhfeicfeadh é nach gcaithfeadh caidéis eicínt a fháil dó. Scrúdfadh a chuid diúgaireachta na clocha glasa — scrúdfadh sin
 
dligh
Má bhí sé gan na fiacha a dhlíochtáil, bhí an ceart aige gan a n-íoc, ach is mór an t-ionadh liom go gcuirfeadh S. Bh. aon chaidéis air fúthu, murach go raibh. Is duine cneasta é S. Bh. agus a athair roimhe. Níor bhain ceachtar acu aon phínn cham amach ariamh. Bhí a shliocht orthu: bhí gnaoi na ndaoine orthu
 
Má fuair sé go dlisteanach é, mise i mbannaí gur beag an chaidéis a chuirfeas na póilíos air faoi. Ach mura bhfuair, gheobhaidh sé garbh é
 
dlúth 1
Bhí sé sin de dhlúth agus d'inneach iontu go tóin. B'uafás é a seanathair M. M. Fuair sé gamhainín le M. G., baintreach a bhí sa teach a bhfuil T. Ó C. anois ann, fuair sé é istigh i ngarraí fataí leis thuas i mbarr an bhaile uair. Ba bheag a bhí foghlaithe ag an ngamhainín. D'fhága sé ansin é agus tháinig sé anuas go teach de mhaoil a mhainge go bhfuair sé láí agus píce agus téad. Chreidim gur rún a bhí aige a chrochadh leis an téid, dhá gcinneadh sé air leis an láí agus leis an bpíce. Cén bhrí ach chuaigh sé suas agus anuas thar teach na baintrí gan caidéis ar bith a chur uirthi. Ghiorraigh sé leis an ngamhainín ar aon chor agus d'fheann sé é, agus d'ardaigh sé leis anuas an craiceann. Ag teacht anuas thar teach na baintrí dhó, d'fhuagair sé uirthi: 'Gabh suas agus cuir do ghamhain,' adeir sé. 'Thug mise an craiceann liom in ómós foghla'
 
dorn
Is furasta dhó rud a bheith aige féin. Nuair a bhí an saol ar forbhás agus gan aon dlí ann, thapaigh sé sin é, agus rinne sé bun. Cé a bhí in ann aon chaidéis a chur air. Nach aige féin a bhí an chomhairle ar fad. Ba é an cás é: an té ab fhearr dorna, ba é ab fhearr corna den fheoil
 
Thosaigh P. ag séideadh faoi agus ba ghearr a dheartháir mo chroí thú go raibh sé ina dhreancán. Ach níor cuireadh aon chaidéis air ina dhiaidh sin
 
Théis gur mór dá fhonn a bhí orm caidéis a chur air, ní ligfeadh an drogall dhom ina dhiaidh sin labhairt leis
 
druid 3
Ó chuaigh an méid sin caidéise air, dheamhan an druid a d'fhan aige uaidh sin amach
 
Dheamhan drúcht ná báisteach adeir B. leis ach an oiread is atá mise a rá leatsa anois, ná an oiread sin féin, mar is minic liomsa rud eicínt a rá as greann le duine. Dhá gcuireadh sé caidéis ar bith air, déarfainn go dtug sé tsiocair eicínt dhó, ach bhuail sé cuaifeach air gan fáth gan ábhar
 
duine
Bheadh duine ag dul thart go deo agus ní chuirfeadh sé aon chaidéis uirthi, ach tiocfaidh duine eile ansin agus crochfaidh sé leis í
 
Ní chuireann J. dlús ar bith le fiacha, má ghníonn tú díolaíocht nuair a bheas sé agat. Ach is deacair do dhuine ar bith ligean leat mura gcaithe tú rud eicínt aige corruair. Diabhal caidéis a chuirfeas sé choíchin ort má choinníonn tú bainte dhó (dhe) chor ar bith. Ach ní shásaíonn tada cuid de na daoine ach nuair a bhíos an t-airleacan caite acu i siopa, a dhul go dtí siopa eile agus an sos céanna a thógáil ann
 
díol 2
Ní raibh aon sciolladóir ariamh anseo inchurtha síos lena máthair sin. Sagart a bhí anseo thiar — séiplíneach — ní chuimhním cén t-ainm a bhí air — fuair sé caidéis di faoi fhanacht ón aifreann. Ar ndóigh dheamhan díol in Éirinn nár thug sí air. B'fhearr leis an sagart as a dheireadh sílim nach gcuirfeadh sé chuici ná uaithi
 
dóigh 1
Ní maith an dóigh d'aon duine araoid a chur ar shagart. Bíonn sé in aiféala faoi dheireadh thiar thall. Dream iad sagairt nach bhfuil agat a bheith mór ná beag leo ach a gcuid a chaitheamh acu, agus gan thairis sin de chaidéis a chur orthu. Breathnaigh ar bhean D.
 
Tá sé ag déanamh clainne as dóláimh. Chreidim gurb eo é an cúigiú duine aige anois. Nach maith an t-údar é sin! Agus dheamhan ceo caidéise atá sagairt ná dream ar bith eile a chur air. Ach tuige a gcuirfeadh! Caitheann sé lán laidhre acu …
 
dúil
Níor fhága sé aon fhód ar phortaigh anuraidh nár ghoid sé. Facthas dom leis an tsúil a thug sé ar an gcruaich s'againne (cruach mhóna) agus an chaidéis a fuair sé di an lá cheana, go bhfuil sé ag cur dúile inti i mbliana
 
Le neart dúnárais nach n-inseodh sé gur cailleadh an capall air. Shílfeá nár shomhaoine ar bith dhó a dhul ag ceilt rud mar sin. Is cuimhneach liom cheana nuair a bhí na staggers ar mhuca an bhaile go bhfuair mé caidéis eicínt dá chuid seisean. 'Níl cailleadh ar bith orthu,' adeir sé. An lá roimhe sin agus mé ag rómhar fataí i ngarraí M. L. a chonaic mé é ag tabhairt siar ceann acu, agus dhá cur i nGarraí an Tí. Ní raibh mé ach ag baint as go bhfeicfinn céard adéarfadh sé. Ach mo léan géar muise, siúd é nach ligfeadh tada leat. Ní mórán a fhéadfar a chásamh leis
 
Ní raibh sé sásta a dhul faoina chuid féin den mhilleán. Ag iarraidh é a bhualadh thall ormsa ar fad a bhí sé. Shíl sé go bhfaigheadh sé mise in mo leibide agus nach gcuirfí caidéis ar bith air féin
 
Ní fhéadfadh an méid sin féin a dhul uaithi. Chaithfeadh sí é a fheiceáil. Nach mór a bhain sé di. Is fada fada a bheinnse ag dul isteach ina teach sise go bhfaighinn aon chaidéis d'aon cheo dhá mbeadh ann. Ach sin é an chaoi a mbíonn cuid de na daoine