1.
a.
cainnt, taidhbhsiú, fiafruighil, fiosracht.
+–
Cé'n fáth ar fhiafruigh sé sin dhíom! Muise cá'r fhága tú an chaidéis! = fiosracht, fiafruighil.
Is gearr go mbí 'fhios aici siúd cé bhí ann, má ghníonn caidéis a's conórtas di é.
TUILLEADH (1) ▼
Thosuigh sí a' fiafruighe le neart caidéise cá bhfuair P. an cóta nuadh atá aige. Shílfeá inDomhnach gurb é an chaoi ar ghoid sé é.
b.
araoid, aighneas.
+–
Má chuireann T. S. aon-chaidéis oraíbh, fuagruighidh do na póilíos é = má chuireann sé aon araoid ná aon-aighneas oraibh, nó má ionnsuigheann sé sib, innsighidh do na póilíos é.
Níor cuireadh caidéis a' bith ormsa faoi sholus = níor cuireadh ceist a' bith orm faoi; níor tugadh sunntas a' bith dhom nach raibh solus agham.
TUILLEADH (9) ▼
Nach diabhaltaidhe mór a' smál atá oraibh a's caidéis a' bith a chuir uirre sin. Is maith atá 'fhios agaibh gurb shin í ubhall na h-aithne a's ní beo sib, 'na dheidh sin gan a bheith a' saghdadh fúithe.
Bhí an sagart óg ag imtheacht splanncuighthe, a' díbirt daoine de'n bhóthar, ach dheamhan caidéis a' bith a chuir sé orainne. D'aithin sé nach raibh aon-mhísc ionainn.
Is olc an éadáil é sin le aon-chaidéis a chuir air = le araoid ná aighneas a' bith a chuir air.
Chloisfeá daoine a' clamhsán, nach bhfuil cinneadh a' bith le na bhfuil 'sna bólaí sin. Well, tá mise a' gabhail a' bhealach sin, go h-acht a's go h-áithrid le cheithre bliadhna, a's dheamhan caidéis a cuireadh ariamh orm.
Dheamhan duine ná deoruidhe aca(b) a chuir aon-chaidéis orm ná dubhairt drúcht ná báisteach liom.
Is furasta dhó a bheith imthighthe as a chranna cumhachta le ámhuilleacht a's 'scaibhtéaracht'. Dhá dtagadh sé isteach th'éis duine a mharbhú dheamhan caidéis a chuirfeadh a' t-athair ná'n mháthair air. Sé'n chaoi 'bhfuil siad a' borradh leis.
Má chuireann aon-duine de'n ghrifisc sin aon-chaidéis ormsa, dar brigh an leabhair, ní bheidh aige ach maltraid. 'Chuile bhall aghamsa, ach duine de'n dream sin.
Chuirfeadh sé siúd caidéis ar a' sagart, nuair a bheadh taghd air.
Déan do bhealach a's ná cuir caidéis ar aon duine, a's ní chuirfe aon-duine aon-chaidéis ort. Níl buille 'bith is fhearr ná'n buille réidh
2.
+–
Tá'n caidéis go maith ann, ach gan 'bail ó Dhia 'bith' = dhéanfadh sé cainnt fút fhéin nó faoi do chuid, ach ní chuirfeadh sé aon-bhail ó Dhia ar a' té nó ar a' rud a mbeadh sé a' cainnt air.
Nach maith a chaithfeadh sé caidéis a fhaghail duit! = cainnt a dhéanamh fút nó sunntas a dhéanamh dhuit ar bhealach eicínt, nó thú a mholadh gan bail ó Dhia a chuir ort, nó a mhacsamhail.
TUILLEADH (9) ▼
Dheamhan duine dhá dtiocfa an bóthar nach bhfuighe an rúisc sin caidéis dhó. Ní thugann sí scíth a' bith dhá teanga.
Má's le duine caidéis a fhaghail do dhuine ná do bheithidheach, sé'n rud is lugha dhó 'bail ó Dhia' a chuir air.
Fuair sé caidéis do mo chulaith nuaidh. Dubhairt sé go raibh sí a' teacht dhom go maith.
Fuair sé caidéis do'n ghamhain, gan é 'bheannú. Bail ó Dhia uainne air!
Tá caidéis faighte ag a' gceann céadna do chuile rud, ach is beag a' luath aige bail ó Dhia a chuir ar rud a' bith.
Níor mhaith liom go bhfaigheadh an ceann céadna caidéis a' bith dhom fhéin ná do mo chuid. Deir siad go bhfuil droch-shúil aige.
Dar príosta dá bhfaghad sé aon-chaidéis d'aon cheo dhá mbeadh agamsa, ní fhágfadh sé ball na h-áite go gcuireadh sé 'bail ó Dhia air'.
Deir siad gurb é S. Bh. ba chionntach léithe sin. Fuair sé caidéis di, gan aon-'bhail ó Dhia', a chuir uirre. Badh é ráidhte 'chuile dhuine go raibh droch-shúil aige. Pé acu sin é, dheamhan deoir bhainne sláinte a d'ól sí ó'n lá a bhfuair sé caidéis di. Bhí a máthair a's a muinntir a' strócántacht le na fear, ag iarraidh air a dhul go dtí S. B. a's é 'thabhairt 'un láithreach, go gcuireadh sé 'bail ó Dhia fliuch' uirre.
Ní bheadh biorán puinntín agad, nach gcaithfeadh an bhean chéadna caidéis a fhaghail dó.
Féach freisin
Caidéis in iontrálacha eile (46)
→
faitíos
Baol air sin aon-chaidéis a chur ar mhuinntir Ní! Tá an faitíos mór air ó bhuail siad cheana é
Na tithe ósta sin thiar! Ara diabhal póilí ar bith a chuireas aon-chaidéis orra sin. Leigfidh siad isteach annsiúd cho follasach as comhair an tsaoil thú Dé Domhnaigh agus a leigfidís lá den tseachtain
→
ceal 1
Chaithfinn an chainnt cheanann chéadna leis a' sagart, dhá gcuireadh sé aon-chaidéis orm faoi, a's cead aige a rogha ceal a dhéanamh di, má thogair sé é. Dheamhan stánadh a bheadh agamsa ó'n sagart ach an oiread le duine 'bith eile.
→
ciste
Tháinic neach go dtí é trí oidhche imbéal a chéile, a's dubhairt sé leis go raibh ciste faoi chac mada sa bPáirc Eirbh, ach fear de mhuinntir Droighneáin a thabhairt leis, dhá thóruigheacht. Dheamhan caidéis a chuir mo shean-athair air, ní ba mhó. Tá'n ciste 'san áit chéadna fós.
Nímé an doithcheall nó coimhightheas a bhí aige romhainn, nuair nar chuir sé mórán caidéise orainn!
→
bealach
Is deacair dhom mo bhealach a dhéanamh a's a bhfuil dhá fhaghail de chaidéis dom = is doiligh dhom mo bheart a tharraint ná treabhadh liom, chor a' bith, a's a bhfuil de bhiadán a's de chainnt dhá dhéanamh fúm.
+
→
beo 1
'Sé is anglánta beo, má chuireann tú caidéis a' bith air.
TUILLEADH (1) ▼
Siúd é an droch-éadáil le caidéis a' bith a chuir air. Dheamhan iall bheo a d'fhágfad sé induine, dhá dtugadh sé faoi chor a' bith.
→
bornóg
Sin í an bhornóg dhaoitheamhail. Dá gcasadh sí céad uair sa ló dhom anuis, dheamhan caidéis a' bith a chuirfinn uirre.
→
aibí
Tá sé ro-abaidh le caidéis ar bith a chuir air = tá sé ro-thráthamhail, le cur (ch)uige ná uaidh.
→
bualadh
Ná fagh caidéis a' bith dhom anois, le faitchíos, nach mbeadh aon-bhualadh éisc orm (iascaire, le duine a chasas dó faoi bhealach, a's é 'dul ag iascach).
+
→
amuigh
Sé'n sagart an fear is measa amuigh, le aon-chaidéis a chuir air.
TUILLEADH (1) ▼
Thar aon-bhean amuigh, ná cuir aon-chaidéis coidhchin ar bhaintreabhach. Bíonn droch-eascainidhe aice. Is olc í eascainidhe baintreabhaighe.
Níor chuir sé caidéis a' bith air faoi, go ceann i bhfad, ach tháinic sé anuas air annsin d'aon-iarraidh, agus chuir sé faoi ndeara dhó, sé scóir a íoc, ar aon-láimh amháin.
D'fhiafruigh mé féin le fachnaoid dó (dhe) cé mhéad a bheadh ar an ngamhain. "Más de ghrádh magaidh a tháinig tú annseo", adeir sé, "b'fhearr dhuit t'aghaidh a thabhairt in áit eicínt eile, agus gan caidéis ar bith a chur ormsa ná ar mo ghamhain"
Leig sé a ucht isteach ar an gclaidhe, agus chuir sé caidéis ar an bhfear istigh (an fear a bhí sa ngort)
→
fuíoll
Bhí saol na bhfuigheall aige scathamh. Ní raibh aon-chaidéis ag dul air, nó go dtáinig an t-oighre óg. Ach ó a tháinig sé sin, níl saol fata i mbéal muice aige. Ní mhaireann rud ar bith ach tamall 'ar ndú'
→
dallán
Chonnaic mé fataí annseo bliain — fataí Achréidh a cheannuigh mé le h-aghaidh síl — tháinig mé gann i bhfataí síl an bhliain chéadna. Ar an bhFaithche Bhig a cheannuigh mé iad ó fhear as áit eicínt taobh anoir. Dheamhan a gcuimhnighim anois cé'n áit, ach d'aithneochainn an fear agus dheamhan gaisce a bhí air le gnaoidheamhlacht. Dheamhan thiomanta dallán dá raibh orra nach raibh cho mór le béal an bhuidéil sin. Chuir mé annseo thiar iad i ngarrdha na h-I. Bhí an-ghaisce agam asta. Togha fataí dair liom féin (dar). 'Sbáin mé do T. iad, agus mé dhá gcur. Ní mórán spleodair a bhí ag T. asta. Fuair sé caidéis do na dalláin — go raibh siad ro-mhór. Rinne siad thar cíonn idtús bliana. Bhí siad go h-árd as cionn talmhana, agus gan das déanta ag fata ar bith eile ag gabhail liom. Bhí go maith go dtí amach ins an mbliain. Bhuail an lobhadh bán iad as éadan. Ba mhór an carghaos a bheith ag breathnú orra. Dheamhan blas a bhí agam de bhláth bliana orra ach grifisc — tabhair grifisc air. Chaith mé ag na beithidhigh iad leisce a bheith ag breathnú orra. Sin é an chaoi a ndeachaidh dalláin mhóra an Achréidh damsa. Ná samhluigh fataí Achréidh liomsa ariamh ó shoin.
→
danra
Dithreabhach dan(d)ra í le cur amach ag obair. Chaithfeadh sí lá fada samhraidh annsin ag faire na splaince gan iarraidh buille maitheasa a dhéanamh. 'Sí atá coilgneach freisin má fhaghann duine ar bith aon-chaidéis dhá cuid díomhaointais
An té a bhfuil an deábhealach leis, is furasta aithinte é. Ní chuirfidh sé aon-chaidéis ort
→
deis
Nach aisteach an deis atá air. Ní mian leis duine ná deoruidhe a leigean isteach faoi chaolachaí an tighe. 'Chuile uair dhá dteigheann sé amach fáisceann sé glas ar an dorus. I bhfaitíos atá sé cheapfainn, go gcuirfí aon-chaidéis ar an mbean
Coirce a bhaint! Go mbaine an diabhal an teanga assan ar chuma ar bith, mara mór a bhaineas mo chuid coirce dhó le caidéis ar bith a fháil dó!
→
dia 1
Níor chuir sí aighneas ná caidéis ar aonduine ó a tháinig sí isteach ar an mbaile, ach mar a fheiceas tú anois í, dorcha dúnárasach mar sin. Dhá dteagadh sí gearr faoi rud ar bith, b'fhearr léithe a dhul trí mhíle ó bhaile ná a iarraidh ar na comharsanaí. Sin é an chaoi a mbíonn sé. Is iomdha duine ag Dia
→
diomdha
Mo dhiomdha do Develera ar chaoi ar bith, nachar bhain an poistín beag atá aige siúd dhó (de), thar agus é a bheith ag fánóireacht soir annsin cho leitheadach le cut siopa. Ní sheadh, ach 'sé atá mí-chéadtach féin le caidéis ar bith a chur air
Tá ceann beag ag N. agus ní dhéanann sé suaimneas ar bith ach ag diúgaireacht leis igcomhnuí. Dar brigh an leabhair chuirfeadh sé carghaos ort ag breathnú air. Dheamhan suim ar bith aice féin ann. Dubhairt mise léithe é a thabhairt siar go bhfeicfeadh an dochtúr é. "Dheamhan dochtúr muis" adeir sí "ná cuid de dhochtúir. Bíodh sé ag diúgaireacht leis annsin agus a chead sin aige. An uair a thogróchas sé stopadh stopfaidh sé. Níl cheal ar bith air. Daighean páiste ins an tír a fuair a aire sin; ach aon-mhaith amháin dom é." Dheamhan cás ar bith aice ann. 'Sí nach bhfuil an scruball innte. Shílfeá gurb é an chaoi a mbeadh sí guthamhail go bhfuigheadh aon-duine caidéis do'n pháiste, agus níl aon-duine dhá bhfeicfeadh é nach gcaithfeadh caidéis eicínt a fháil dó. Scrúdfadh a chuid diúgaireacht' na clocha glasa — scrúdfadh sin
→
dligh
Má bhí sé gan na fiacha a dhligheachtáil bhí an ceart aige gan a n-íoc, ach is mór an t-iongnadh liom go gcuirfeadh S. Bh. aon-chaidéis air fútha, marach go raibh. Is duine cneasta é S. Bh. agus a athair roimhe. Níor bhain ceachtar aca aon-phighinn cham amach ariamh. Bhí a shliocht orra: bhí gnaoi na ndaoine orra
Má fuair sé go dlisteanach é, mise i mbannaí gur beag an chaidéis a chuirfeas na póilíos air faoi. Ach mara bhfuair, gheobhaidh sé garbh é
→
dlúth 1
Bhí sé sin de dhlúth agus d'inneach ionnta go tóin. B'uathbhás é a sean-athair M. M. Fuair sé gamhainín le M. G., baintreach a bhí 'sa teach a bhfuil T. Ó. C. anois ann, fuair sé é istigh i ngarrdha fataí leis thuas imbárr an bhaile uair. Ba bheag a bhí foghluighthe ag an ngamhainín. D'fhága sé annsin é agus tháinic sé anuas go teach de mhaol a mhainge go bhfuair sé láighe agus píce agus téad. Chreidim gur rún a bhí aige a chrochadh leis an téid, dhá gcinneadh sé air leis an láighe agus leis an bpíce. Cé'n bhrigh ach chuaidh sé suas agus anuas thar teach na baintrighe gan caidéis ar bith a chur uirre. Ghiorruigh sé leis an ngamhainín ar aon-chor agus d'fheann sé é, agus d'arduigh sé leis anuas an craiceann. Ag teacht anuas thar teach na baintrighe dhó d'fhuagair sé uirre: "Gabh suas agus cuir do ghamhain" adeir sé. "Thug mise an craiceann liom in omós foghla".
→
dorn
Is furasta dhó rud a bheith aige féin. Nuair a bhí an saoghal ar forbhás agus gan aon-dlí ann, thapuigh sé sin é, agus rinne sé bun. Cé a bhí indon aon-chaidéis a chuir air. Nach aige féin a bhí an chomhairle ar fad. Ba é an cás é: an té ab fhearr dorna ba é ab fhearr corna de'n fheoil
→
dreancán
Thosuigh P. ag séideadh faoi, agus ba ghearr a dhearbhráthair mo chroidhe thú go raibh sé in a dhreancán. Ach níor cuireadh aon-chaidéis air in a dheidh sin
→
drogall
Th'éis gur mór dá fhonn a bhí orm caidéis a chur air, ní leigfeadh an drugall dhom in a dheidh sin labhairt leis
→
drúcht
Dheamhan drúcht ná báisteach adeir B. leis ach an oiread agus atá mise a rá leatsa anois, ná an oiread sin féin, mar is minic liomsa rud eicínt a rá as greann le duine. Dhá gcuireadh sé caidéis ar bith air, déarfainn go dtug sé tsiocair eicínt dhó, ach bhuail sé cuaifeach air gan fá gan ábhar
→
duine
Bheadh duine ag dul thart go deo agus ní chuirfeadh sé aon-chaidéis uirre, ach tiocfaidh duine eile annsin agus crochfaidh sé leis í
Ní chuireann J. dlúthas ar bith le fiacha, má ghníonn tú díolaidheacht an uair a bhéas sé agad. Ach is deacair do dhuine ar bith leigean leat mara gcaithidh tú rud eicínt aige corr-uair. Diabhal caidéis a chuirfeas sé choidhchin ort má choinnigheann tú bainte dhó (dhe) chor ar bith. Ach ní shásuigheann tada cuid de na daoine ach an uair a bhíos an t-áirleacan caithte aca i siopa, a dhul go dtí siopa eile agus an sos céadna a thógáil ann
→
díol 2
Ní raibh aon-sciolladóir ariamh annseo ionchurtha síos len a máthair sin. Sagart a bhí annseo thiar — séiplíneach — ní chuimhnighim cé'n t-ainm a bhí air — fuair sé caidéis di faoi fhanacht ó'n Aifreann. 'Ar ndú' dheamhan díol in Éirinn nar thug sí air. B'fhearr leis an sagart as a dheireadh sílim, nach gcuirfeadh sé chuice ná uaithe
→
dóigh 1
Ní maith an dóigh d'aonduine araoid a chur ar shagart. Bíonn sé in aithmhéala faoi dheireadh thiar thall. Dream iad sagairt nach bhfuil agad a bheith mór ná beag leo ach a gcuid a chaitheamh aca, agus gan thairis sin de chaidéis a chur orra. Breathnuigh ar bhean D.
→
dólámh
Tá sé ag déanamh cloinne as dóláimh. Chreidim gurb sheo é an cúigeadh duine aige anois. Nach maith an t-údar é sin! Agus dheamhan ceo caidéise atá sagairt ná dream ar bith eile a chur air. Ach tuige a gcuirfeadh! Caitheann sé lán laidhre aca …
→
dúil
Níor fhága sé aon-fhód ar phortaigh anuraidh nar ghoid sé. Facthas dom leis an tsúil a thug sé ar an gcruaich se'againne (cruach mhóna) agus an chaidéis a fuair [sé] di an lá cheana, go bhfuil sé ag cur dúil' innti imbliana.
→
dúnáras
Le neart dúnáruis nach n-innseochadh sé gur cailleadh an capall air. Shílfeá nar shamhaoine ar bith dhó a dhul ag ceilt rud mar sin. Is cuimhneach liom cheana an uair a bhí na "staggers" ar mhuca an bhaile go bhfuair mé caidéis eicínt dá chuid-seisean. "Níl cailleadh ar bith orra" adeir sé. An lá roimhe sin agus mé ag rómhar fataí ingarrdha M. L. a chonnaic mé é ag tabhairt siar ceann aca, agus dhá cur inGarrdha an Tighe. Ní raibh mé ach ag baint as go bhfeicfinn céard adéarfadh sé. Ach mo léan géar muise, siúd é nach leigfeadh tada leat. Ní mórán a fhéadfar a chású leis
Ní raibh sé sásta a dhul faoin a chuid féin de'n mhilleán. Ag iarraidh é a bhualadh thall ormsa ar fad a bhí sé. Shíl sé go bhfaigheadh sé mise in mo leibide, agus nach gcuirfí caidéis ar bith air féin
→
téigh ó
Ní fhéadfadh an méid sin féin a dhul uaithe. Chaithfeadh sí é a fheiceál. Nach mór a bhain sé di. Is fada fada a bheinnse ag dul isteach in a teach-sise go bhfaghainn aon-chaidéis d'aon-cheo dhá mbeadh ann. Ach sin é an chaoi a mbíonn cuid de na daoine