Cailemhineog (cail-mhionnóg?)
—ainm-fhocal baininscneach
—focal Achréidh
—
scamall glé-ghlas nó liath a chruthuigheas sa samhradh ar linn, nó ar uachtar uisce ar bith a bhfuil comhnuidhe air mórán achair. Cor téachtuighthe nó barr moirteamhail a' thoidheacht ar uisce.
+–
Bíonn dubhán alla caile mhineog ar an uisce, uileag sa samhradh, nó ar uisce ar bith nach bhfuil a' rith, ar chuma'r bith.
Níl a' t-uisce atá sa bpoll sin thiar i gcruth ólta ag na beithidhigh. Tá sé faoi chaile mhineog fré chéile.
TUILLEADH (9) ▼
Níl sa turloch sin anois ach linn mhúnlaigh. Tá caile mhineog air uilig.
Is deas an áit a rachthá i gcoinne uisce té — síos go dtí an tobar brocach sin, atá faoi chaile mhineoig as éadan.
Má sheasann an broththaighil seo i bhfad eile, is gearr nach mbeidh an t-uisce atá 'sna linntreachaí sin le'n ól ag na beithidhigh. Tá sé a' déanamh caile-mhineoige cheana.
Tá col glactha ag na beithidhigh leis an uisce sin, ó tháinic an chailemhineog air.
Níl uisce a' bith saor anois, gan a bheagán 'mhórán cailemhineoig' a bheith air, cé's moite d'uisce an 'phump'.
Nach mór an cam srón birín orm go gcaithfe mé a dhul faoi dhó sa ló chuig an 'bpump', ag iarraidh bairillí uisce, a's neart uisce ar mo chuid talmhana fhéin, ach nach leagfaidís (na beithidhigh) smut air ingeall ar a' gcaile mhineoig. Ach is beag a' locht a bheidheas acu air, ar ball, nuair a theang(mh)óchas an tart tuille leobhtha.
Má fhágtar uisce achar a' bith in a sheasamh ar an teasúch (teasbach) seo, deanann sé caile mhineog, a's bheadh carghaos ort é 'thabhairt len ól do thada.
Bhí an oiread tairt air, a's gur scríob sé an chaile mhineog de linn atá tae(bh) istigh de chlaidhe annsin thiar ar thalamh J. Ph., a's d'ól sé suas a sháith dhi. Dheamhan a raibh sé d'fhoighid [ann] fanacht go bhfaghadh sé deoch tigh Ch.
Indar liom féin gurb é an t-uisce a d'ól sí (an bhó) annsin thiar a chuir an tonn-taoscach sin uirre. Bhí sé 'na chailemhineoig ar fad. Níor mhór do dhuine a bheith 'san áirdeall, céard a bhfaighidís (a gheobhaidís) len' ól ar an teasúch seo.