Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cailimhineog
ainmfhocal, baininscneach
focal Achréidh
scamall gléghlas nó liath a chruthaíos sa samhradh ar linn, nó ar uachtar uisce ar bith a bhfuil cónaí air mórán achair. Cor téachtaithe nó barr moirtiúil a theacht ar uisce.
+
Bíonn dubhán alla cailimhineog ar an uisce uileag sa samhradh, nó ar uisce ar bith nach bhfuil ag rith ar chuma ar bith.
Níl an t-uisce atá sa bpoll sin thiar i gcruth ólta ag na beithígh. Tá sé faoi chailimhineog fré chéile.
TUILLEADH (9) ▼
Níl sa turlach sin anois ach linn mhúnlaigh. Tá cailimhineog air uilig.
Is deas an áit a rachfá i gcoinne uisce te — síos go dtí an tobar brocach sin atá faoi chailimhineoig as éadan.
Má sheasann an brothaíl seo i bhfad eile, is gearr nach mbeidh an t-uisce atá sna linntreachaí sin le n-ól ag na beithígh. Tá sé ag déanamh cailimhineoige cheana
Tá col glactha ag na beithígh leis an uisce sin ó tháinig an chailimhineog air.
Níl uisce ar bith saor anois, gan a bheagán nó a mhórán cailimhineoige a bheith air, cé is moite d'uisce an phump.
Nach mór an cam srón birín orm go gcaithfidh mé a dhul faoi dhó sa ló chuig an bpump ag iarraidh bairillí uisce, agus neart uisce ar mo chuid talúna fhéin ach nach leagfaidís (na beithígh) smut air i ngeall ar an gcailimhineoig. Ach is beag an locht a bheas acu air ar ball, nuair a theangmhós an tart tuilleadh leofa.
Má fhágtar uisce achar ar bith ina sheasamh ar an teasúch (teaspach) seo, déanann sé cailimhineog, agus bheadh carghas ort é a thabhairt le n-ól do thada.
Bhí an oiread tairt air agus gur scríob sé an chailimhineog de linn atá taobh istigh de chlaí ansin thiar ar thalamh J. Ph., agus d'ól sé suas a sháith dhi. Dheamhan a raibh sé d'fhoighid ann fanacht go bhfaigheadh sé deoch tigh Ch.
I ndar liom féin gurb é an t-uisce a d'ól sí (an bhó) ansin thiar a chuir an tonn taoscach sin uirthi. Bhí sé ina chailimhineoig ar fad. Níor mhór do dhuine a bheith san airdeall céard a bhfaighidís (a gheobhaidís) le n-ól ar an teasúch seo.