Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Cailm
ainm-fhocal
an-choitcheannta in Iarthar Chonamara
clóic; stró; easonóir; mairg.
+
Dheamhan cailm fós air = níl aon-stróbh fós air.
Deir an dochtúr nach bhfuil cailm a' bith air, a's go srianfa sé thríd, ach dheamhan fhios agham.
TUILLEADH (16) ▼
Tá cailm mhór air go deimhin — fear a d'ith ionann's punt feola indé!
Is beag a' chailm a bheidheas air sin, nuair a éagnóchas sé é, deirimse leat = má bhíonn mairg a' bith air, déanfa sé fuasaoid faoi.
Níl aon-chailm anois ort. Beidh tú indon an oidhche a mharuidheacht th'éis an mhuinisc sin a ithe.
Tá braon maith ar bord aige, ach má tá fhéin, dheamhan cailm air, an bealach a dhéanamh abhaile.
Dhá mbadh feasach mé go mbeadh aon-chailm air, ghabhfainn in éindigh leis. Ach ní chomhairim go bhfaighidís ionnta(b) fhéin, a dhul a' tabhairt áladh ar mhalrach mar é sin.
Ní raibh aon-chailm orainne é 'shrianadh abhaile th'éis a' méid sin fhéin de roisín. Ach níor shúgh salmhain imbéal buláin ag a' bhfear thiar é. Chaith sé an bóthar anoir ar fad a' fuasaoid ocrais.
D'ól sé sé ghailleog as cosa idtaca, a's dheamhan a dhath cailm a chuir siad air = d'ól sé sé ghloine poitín go dlúth indiaidh a chéile a's níor chuir siad lá mairge air 'na dheidh sin.
Is beag an chailm a chuir an bháisteach air, aindeoin go raibh sé a' roilleadh.
Th'éis a bhfuair sé de liúradh dheamhan blas chailm a bhí air. Dheamhan a chos siúd nach ndéanfa aríst é, arae níl aon-chomhairleachan in a chíonn.
Tá fhios ag a' lá gur beag a' chailm atá air, a's an ruaig thinnis atá dhe aige. Ach reanglamán bradach roighin é.
Deir sé fhéin go bhfuil sé ar neamh-chodladh le seachtmhain, a's dar príosta má tá is beag a' chailm atá air, in a dhiaidh.
Dhá mbeadh an oiread cailm air, a's atá a leigean amach fhéin, inDomhnach ní bheadh an oiread fíbín ag imtheacht air, a's tá.
Tá cailm mhór ort go deimhin — coduigheacht a's cluanuigheacht a's neart díomhaontais! (duine a bhí a' fuasaoid tinnis, a's nach [raibh] in acmhuinn aon-bhuille a dheanamh, má b'fhíor dhó fhéin).
Ó throisc mé an fhad seo anois dhá uireasbha, ní chuirfe sé aon-chailm orm troisceadh scathamh eile. 'Ó chaith mé an choinneal, caithfe mé an t-orlach'.
Níl aon-chailm ar chailíní in Ameriocá anois (1930).
Tá súil agham nach bhfuil clóic ná cailm ort.

Cailm in iontrálacha eile (6)

+
calm
Maran a' preabadh atá an ghaoth is tús cailm é = tá sé ag dul ar chalm, mar 'indán's gur ag athrú a bheadh an ghaoth.
TUILLEADH (2) ▼
Tá tú indeire cailm, déarfainn. Feicim an seol mór a' líonadh = tá'n calm caithte, arae feicim sinneán gaoithe a' teacht faoi'n seol mór.
Is olc a' rud lá cailm ar a' bhfairrge. Dhá dhonacht an uair mhór, b'fhearr liom fhéin go fada í, ná seal cailm.
 
'Mbeadh fhios aghad faoi neamh nó néal, cé'n chóir a bhfuil siad indon na 'h-aeroplanes' sin a chinnireacht chor a' bith san aer. Shílfeá go mbadh deacair dóib é lá gála go h-áithrid, ach deir siad dheamhan cailm a bhío(nn)s orra(b) ach an oiread le lá ar bith.
 
buail
Níl uair a' bith is measa sinneán ar a' bhfairrge, ná le linn cailm' shamhraidh. Dhá mbuaileadh ceann de na cuaibhtheachaí sin bád ar aimsir mharbhthánta, bhí a cnaipe déanta deirimse leat.
 
Is gearr go dteighidh sé 'un cailm aríst. Tá sé ag leigean faoi beagán cheana