Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cailm
ainmfhocal
an-choitianta in Iarthar Chonamara
clóic; stró; easonóir; mairg.
+
Dheamhan cailm fós air — níl aon stró fós air.
Deir an dochtúr nach bhfuil cailm ar bith air agus go srianfaidh sé thríd, ach dheamhan a fhios agam.
TUILLEADH (16) ▼
Tá cailm mhór air go deimhin — fear a d'ith ionann is punt feola inné!
Is beag an chailm a bheas air sin nuair a éagnós sé é, deirimse leat — má bhíonn mairg ar bith air, déanfaidh sé fuasaoid faoi.
Níl aon chailm anois ort. Beidh tú in ann an oíche a bharraíocht théis an mhuinisc sin a ithe.
Tá braon maith ar bord aige, ach má tá fhéin, dheamhan cailm air an bealach a dhéanamh abhaile.
Dhá mba feasach mé go mbeadh aon chailm air, ghabhfainn in éindí leis. Ach ní chomhairim go bhfaighidís iontub fhéin a dhul ag tabhairt áladh ar mhalrach mar é sin.
Ní raibh aon chailm orainne é a shrianadh abhaile théis an méid sin fhéin de raisín. Ach níor shú salúin i mbéal bulláin ag an bhfear thiar é. Chaith sé an bóthar anoir ar fad ag fuasaoid ocrais.
D'ól sé sé ghailleog as cosa i dtaca agus dheamhan a dhath cailm a chuir siad air — d'ól sé sé ghloine poitín go dlúth i ndiaidh a chéile agus níor chuir siad lá mairge air ina dhiaidh sin.
Is beag an chailm a chuir an bháisteach air, ainneoin go raibh sé ag rilleadh.
Théis a bhfuair sé de liúradh, dheamhan blas chailm a bhí air. Dheamhan a chos siúd nach ndéanfaidh aríst é, arae níl aon chomhairleachan ina chionn.
Tá a fhios ag an lá gur beag an chailm atá air agus an ruaig thinnis atá dhe aige. Ach reanglamán bradach righin é.
Deir sé fhéin go bhfuil sé ar neamhchodladh le seachtain, agus dar príosta má tá, is beag an chailm atá air ina dhiaidh.
Dhá mbeadh an oiread cailm air agus atá a ligean amach fhéin, i nDomhnach ní bheadh an oiread fíbín ag imeacht air agus atá.
Tá cailm mhór ort go deimhin — codaíocht is cluanaíocht agus neart díomhaointis! (duine a bhí ag fuasaoid tinnis agus nach raibh in acmhainn aon bhuille a dhéanamh, má b'fhíor dhó fhéin)
Ó throisc mé an fhad seo anois dhá uireasa, ní chuirfidh sé aon chailm orm troscadh scaitheamh eile. Ó chaith mé an choinneal, caithfidh mé an t-orlach.
Níl aon chailm ar chailíní i Meiriceá anois (1930)
Tá súil agam nach bhfuil clóic ná cailm ort.

cailm in iontrálacha eile (6)

+
calm
Muran ag preabadh atá an ghaoth is tús cailm é — tá sé ag dul ar chalm, mura i ndán is gur ag athrú a bheadh an ghaoth
TUILLEADH (2) ▼
Tá tú i ndeireadh cailm, déarfainn. Feicim an seol mór ag líonadh — tá an calm caite, arae feicim soinneán gaoithe ag teacht faoin seol mór
Is olc an rud lá cailm ar an bhfarraige. Dhá dhonacht an uair mhór, b'fhearr liom fhéin go fada í ná seal cailm.
 
An mbeadh a fhios agat faoi neamh nó néal, cén chóir a bhfuil siad in ann na haeroplanes sin a chinnireacht chor ar bith san aer. Shílfeá go mba deacair dóibh é lá gála go háirid, ach deir siad dheamhan cailm a bhíonns orthub ach an oiread le lá ar bith.
 
buail
Níl uair ar bith is measa soinneán ar an bhfarraige ná le linn cailm shamhraidh. Dhá mbuaileadh ceann de na cuaifeachaí sin bád ar aimsir mharbhánta, bhí a cnaipe déanta deirimse leat.
 
Is gearr go dté sé chun cailm aríst. Tá sé ag ligean faoi beagán cheana