—
cadairne nó áirdín atá ar leath-deire capaill, duine etc.
+–
Ara a mhic ó, tháinic sí aníos, a's í gróigthe thiar ar chairín a' chapaill mar bheadh staic d'fhear ann.
Theigheadh mná ar cúlóig an uair sin (fadó) chomh maith le fir. Bhíodh pillín acab a chuiridís fútha(b) fhéin thiar ar chairthín an chapaill. Cé'n bhrigh go dtosuigheadh an choimhlinnt. An té 'cuirfidhe anuas an uair sin, d'fhéadfá-sa a rádh go mbeadh a shraith ar lár, ar chuma ar bith.
TUILLEADH (3) ▼
Má's leat a dhul ar cúlóig, ní f'learr dhuit mála 'fhaghail le cur fút fhéin ar chairthín a' chapaill. Tá'n capall sin chomh suaidhte sin, a's go dtiocfadh a goramhnaí thríot mar bheadh snáthadaí ann.
Má ghróigeann tú thú féin mar is ceart ar cairthín, a's gan a bheith do do shníomh fhéin, ní leagfaidhe thú dhá mbeadh an capall ag imtheacht ins na seala babhtaí. Níl sárú T. Ph. ann ar cúlóig.
Sé'n áit a raibh an folach (mála mór arbhair nó eile) aige thiar ar a cairthín, i leaba é bheith faoi na druím. 'mbeadh maith ar bith a bheith cainnt!
+–
Tá cairthín breagh rithte aige siúd l'aghaidh na bróige!
Is maith an dóigh ciceála é an cairthín atá aige!
TUILLEADH (4) ▼
An bhróig a theastóchadh uaidh — sa gcairthín!
Fágfa mise mairc sa gcairthín ort mara n-eirighe tú as (féach "mairc").
Tá buaic mhaith a's cairthín urradhanta aice, ach shílfeá nach bhfuil aon-tapa innte as na cosa (capall)
Tá'n cairthín ro-chocáilte aice, a's ní thaithnigheann sí liom (bean)
Cairthín in iontrálacha eile (1)
→
dúil
Má chuireann sí a dúil uair amháin ins an mbaile seo, ní fhéadfar a coinneál as. Ní fhaca mé aon-bhean aniar amach ariamh ó leagfadh sí a cairthín chor ar bith ar chathaoir istigh ins an tír, nach bhfanfadh sí ann.