Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cairín
ainmfhocal, baininscneach
iolra: cairíní
cadairne nó airdín atá ar leath deiridh capaill, duine srl.
+
Ara a mhic ó, tháinig sí aníos agus í gróigthe thiar ar chairín an chapaill mar a bheadh staic d'fhear ann.
Théadh mná ar cúlóig an uair sin (fadó) chomh maith le fir. Bhíodh pillín acub a chuiridís fúthub fhéin thiar ar chairín an chapaill. Cén bhrí go dtosaíodh an choimhlint. An té a cuirfí anuas an uair sin, d'fhéadfása a rá go mbeadh a shraith ar lár ar chuma ar bith.
TUILLEADH (3) ▼
Más leat a dhul ar cúlóig, ní foláir dhuit mála a fháil le cur fút fhéin ar chairín an chapaill. Tá an capall sin chomh suaite sin agus go dtiocfadh a gorúnaí thríot mar a bheadh snáthadaí ann.
Má ghróigeann tú thú féin mar is ceart ar cairín, agus gan a bheith do do shníomh fhéin, ní leagfaí thú dhá mbeadh an capall ag imeacht sna seala babhtaí. Níl sárú T. Ph. ann ar cúlóig.
'Sé an áit a raibh an folach (mála mór arbhair nó eile) aige thiar ar a cairín, i leaba é bheith faoina droim. An mbeadh maith ar bith a bheith ag caint!
+
Tá cairín breá rite aige siúd le aghaidh na bróige!
Is maith an dóigh ciceála é an cairín atá aige!
TUILLEADH (4) ▼
An bhróig a theastódh uaidh — sa gcairín!
Fágfaidh mise mairc sa gcairín ort mura n-éirí tú as (fc. mairc)
Tá buaic mhaith agus cairín urrúnta aici, ach shílfeá nach bhfuil aon tapa inti as na cosa (capall)
Tá an cairín róchocáilte aici, agus ní thaitníonn sí liom (bean)

cairín in iontrálacha eile (5)

 
aer
Níl thairis sin de ghnaoi acub air, agus níl aon oíche san aer nach ann istigh atá sé gróigthe ar a chairín ina dhiaidh sin.
 
Níl gair láimh ar bith a leagan uirthi siar chun deiridh: siar ag an gcairín — capall
 
dreach
M'anam nach é dreach an choffee atá ar an mbruithlín sin. Sin fear anois dá gcuirtí fear i mbuidéal. Is cuma sa mí-ádh ach is maith atá a chuid ag dul dó agus bíodh sé ag fáil fuíoll na bhfuíoll féin. Breathnaigh ar na pluca atá air agus ar an gcairín tónach
 
Má bhuaileann an dúchán siúd a cairín anuas air, dheamhan cor ná car a fhágfas sí sa scólachán bocht go ceann míosa. Ar ndóigh ní gnaithe atá aige siúd dá macasamhail de bhean. Tá b'fhéidir!
 
dúil
Má chuireann sí a dúil uair amháin sa mbaile seo, ní fhéadfar a coinneáil as. Ní fhaca mé aon bhean aniar amach ariamh ó leagfadh sí a cairín chor ar bith ar chathaoir istigh sa tír, nach bhfanfadh sí ann